An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Idirdhealú agus Gníomhaíochtaí Gaolmhara) Ar Aghaidh (CUID IV Údarás Comhionannais)

8 2000

AN tACHT UM STÁDAS COMHIONANN, 2000

CUID III

Forfheidhmiú

Mínithe.

20. —Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “gearánach” duine dá dtagraítear in alt 21 (1);

déanfar “oifigeach idirghabhála comhionannais” agus “oifigeach comhionannais” a fhorléiriú de réir Chuid VII den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 ;

ciallaíonn “freagróir” duine a líomhnaíonn gearánach ina leith i gcás faoi alt 21 (1) gur ghabh sé nó sí d'iompar toirmiscthe.

Sásamh i leith iompair thoirmiscthe.

21. —(1) Aon duine a éilíonn go raibh iompar toirmiscthe dírithe ina choinne nó ina coinne, féadfaidh sé nó sí, faoi réir an ailt seo, sásamh a lorg tríd an gcás a tharchur chuig an Stiúrthóir.

(2) Sula lorgóidh an gearánach sásamh faoin alt seo—

(a) déanfaidh sé nó sí, laistigh de 2 mhí tar éis an dáta a líomhnaítear gur tharla an t-iompar toirmiscthe, nó, más rud é go líomhnaítear gur tharla níos mó ná teagmhas amháin d'iompar toirmiscthe, laistigh de 2 mhí tar éis an teagmhais dheireanaigh den sórt sin, fógra a thabhairt don fhreagróir i scríbhinn—

(i) i dtaobh chineál na líomhna,

(ii) i dtaobh é a bheith ar intinn ag an ngearánach, mura bhfuil sé nó sí sásta le freagra an fhreagróra ar an líomhain, sásamh a lorg tríd an gcás a tharchur chuig an Stiúrthóir,

agus

(b) féadfaidh sé nó sí san fhógra sin, d'fhonn cuidiú leis an ngearánach le linn dó nó di a chinneadh an dtarchuirfidh sé nó sí an cás chuig an Stiúrthóir, ceisteanna i scríbhinn a chur ar an bhfreagróir d'fhonn faisnéis ábhartha a fháil agus féadfaidh an freagróir, más mian leis an bhfreagróir, aon cheisteanna den sórt sin a fhreagairt.

(3) Más rud é, ar iarratas ón ngearánach, gur deimhin leis an Stiúrthóir—

(a) nárbh fhéidir, de bharr imthosca eisceachtúla, leis an ngearánach fógra a thabhairt don fhreagróir de réir fho-alt (2), agus

(b) go bhfuil sé cóir agus cothromasach, ag féachaint do chineál an iompair líomhnaithe agus d'aon imthosca iomchuí eile, gur chóir an tréimhse chun dhéanamh amhlaidh a shíneadh thar an tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear san fho-alt sin,

féadfaidh an Stiúrthóir a ordú, i ndáil leis an gcás sin, go mbeidh éifeacht le fo-alt (2) amhail is dá ndéanfaí tagairt do cibé tréimhse nach faide ná 4 mhí a bheidh sonraithe san ordachán a chur in ionad na tagartha do 2 mhí ansin; agus i gcás go dtabharfar ordachán den sórt sin, beidh éifeacht leis an gCuid seo dá réir sin.

(4) Ní dhéanfaidh an Stiúrthóir cás a imscrúdú mura deimhin leis nó léi gur fhreagair an freagróir an fógra nó go bhfuil mí amháin ar a laghad caite tar éis é a chur chuig an bhfreagróir.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an fhoirm atá le húsáid ag gearánach agus ag freagróir chun críocha fho-alt (2) a fhorordú.

(6) Faoi réir fho-alt (7), ní fhéadfar éileamh ar shásamh maidir le hiompar toirmiscthe a tharchur faoin alt seo i ndiaidh dheireadh na tréimhse 6 mhí ón dáta ar tharla nó, de réir mar a bheidh, ón dáta is déanaí ar tharla an t-iompar toirmiscthe lena mbaineann an cás.

(7) Más rud é, ar iarratas arna dhéanamh ag an ngearánach, gur deimhin leis an Stiúrthóir nárbh fhéidir, de dheasca imthosca eisceachtúla, cás an ghearánaigh a tharchur laistigh den teorainn ama a shonraítear i bhfo-alt (6)

(a) féadfaidh an Stiúrthóir a ordú, i ndáil leis an gcás sin, go mbeidh éifeacht le fo-alt (6) amhail is dá ndéanfaí tagairt do cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a bheidh sonraithe san ordachán a chur in ionad na tagartha do thréimhse 6 mhí, agus

(b) i gcás go dtabharfar ordachán den sórt sin, beidh éifeacht leis an gCuid seo dá réir sin.

(8) Is faisnéis ábhartha faisnéis chun críocha an ailt seo más é atá inti—

(a) faisnéis maidir leis na cúiseanna atá ag an bhfreagróir le haon ghníomh iomchuí a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh agus maidir le haon chleachtais nó nósanna imeachta atá ábhartha maidir le haon ghníomh den sórt sin,

(b) faisnéis, seachas faisnéis faoi rún, maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le daoine eile atá, i ndáil leis an bhfreagróir, sa chás céanna leis an ngearánach nó i gcás dá shamhail, nó

(c) faisnéis eile nach faisnéis faoi rún agus a bhfuil sé réasúnach, in imthosca an cháis atá i gceist, go n-éileodh an gearánach í.

(9) I bhfo-alt (8) ciallaíonn “faisnéis faoi rún” aon fhaisnéis a bhaineann le pearsa aonair áirithe, ar féidir í a aithint mar fhaisnéis a bhaineann leis an bpearsa aonair sin agus nach n-aontaíonn an phearsa aonair sin lena nochtadh.

(10) Ní dochar an t-alt seo d'fhorálacha eile an Achta seo a bhaineann le faisnéis a fháil.

Éilimh a dhíbhe.

22. —Féadfaidh an Stiúrthóir éileamh a dhíbhe ag céim ar bith san imscrúdú má tá sé nó sí den tuairim gur de mheon mímhacánta a rinneadh an t-éileamh nó gur éileamh suaibhreosach nó cráiteach atá ann nó go mbaineann sé le ní fánach.

Nithe áirithe a tharchur chuig an Stiúrthóir.

23. —(1) I gás gur dealraitheach don Údarás—

(a) maidir le hiompar toirmiscthe—

(i) go bhfuil sé á dhíriú i gcoitinne i gcoinne daoine, nó

(ii) go raibh sé á dhíriú i gcoinne duine nach ndearna éileamh faoi alt 21 (1) i leith an iompair thoirmiscthe agus nach bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go ndéanfaidh an duine amhlaidh,

(b) go bhfuil alt 12 (1)19, nó rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 18, sáraithe nó á sárú ag duine,

féadfaidh an tÚdarás an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir.

(2) I gcás go ndéanfar ní a tharchur chuig an Stiúrthóir faoi fho-alt (1), déileálfar leis sa tslí chéanna agus go feadh an mhéid chéanna amhail is—

(a) dá mba éileamh arna tharchur chuig an Stiúrthóir faoi alt 21 (1) a bhí ann,

(b) dá mba é an tÚdarás an gearánach agus dá mba é an duine a líomhnaítear gur ghabh sé nó sí don iompar toirmiscthe nó go ndearna sé nó sí an sárú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), de réir mar a bheidh, an freagróir, agus

(c) i gcás go bhfuil sárú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) i gceist leis an ní, dá mba iompar toirmiscthe an sárú.

(3) Más rud é, ar iarratas chun na hArd-Chúirte nó na Cúirte Cuarda, go sásaíonn an tUdarás an Chúirt go bhfuil cinneadh déanta ag an Stiúrthóir, de bhun alt 25 (4)

(a) gur ghabh duine d'iompar toirmiscthe, nó

(b) gur sháraigh duine alt 12 (1)19, nó rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 18,

agus gur dóigh go dtarlóidh an t-iompar toirmiscthe arís nó go ndéanfaidh an duine sárú breise, féadfaidh an Chúirt urghaire nó cibé faoiseamh eile a mheasfaidh an Chúirt is gá a dheonú chun an tarlú nó an sárú breise sin a chosc.

Idirghabháil.

24. —(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é, tráth ar bith tar éis cás a bheith tarchurtha chuig an Stiúrthóir faoi alt 21 , gur dealraitheach don Stiúrthóir gur cás é a d'fhéadfaí a réiteach trí idirghabháil, déanfaidh an Stiúrthóir an cás a tharchur chuig oifigeach idirghabhála comhionannais le haghaidh idirghabhála.

(2) Más rud é go gcuireann an gearánach nó an freagróir in aghaidh déileáil le cás trí idirghabháil, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú ach déileálfaidh sé nó sí leis an gcás faoi alt 25 .

(3) Is go príobháideach a sheolfar idirghabháil.

(4) I gcás go ndéanfar cás arna tharchur faoi alt 21 a réiteach trí idirghabháil—

(a) ullmhóidh an t-oifigeach idirghabhála comhionannais lena mbaineann taifead i scríbhinn de théarmaí na socraíochta,

(b) síneoidh an gearánach agus an freagróir an taifead i scríbhinn de théarmaí na socraíochta,

(c) déanfaidh an t-oifigeach idirghabhála comhionannais cóip den taifead i scríbhinn, arna shíniú amhlaidh, a chur chuig an ngearánach agus chuig an bhfreagróir, agus

(d) coimeádfaidh an Stiúrthóir cóip den taifead i scríbhinn.

(5) Más rud é, tar éis cás a bheith tarchurtha chuig oifigeach idirghabhála comhionannais, gur dealraitheach don oifigeach idirghabhála comhionannais nach féidir an cás a réiteach trí idirghabháil, déanfaidh an t-oifigeach sin fógra á rá sin a eisiúint chuig an ngearánach agus chuig an bhfreagróir.

(6) Más rud é—

(a) gur eisíodh fógra faoi fho-alt (5) i leith cáis,

(b) laistigh de 28 lá ó eisiúint an fhógra sin, go ndéanfaidh an gearánach iarratas chuig an Stiúrthóir go n-athchromfaí ar éisteacht an cháis, agus

(c) go mbeidh cóip den fhógra sin ag gabháil leis an iarratas faoi mhír (b),

déileálfaidh an Stiúrthóir leis an gcás de réir alt 25 .

Imscrúdú ag an Stiúrthóir.

25. —(1) Más rud é, maidir le cás a bheidh tarchurtha chuig an Stiúrthóir faoi alt 21

(a) nach cás é a ndéileálfar leis trí idirghabháil faoi alt 24 , nó

(b) gur cás é a ndéileálfar leis faoin alt seo de bhua alt 24 (6),

déanfaidh an Stiúrthóir an cás a imscrúdú agus éisteacht a thabhairt do gach duine ar dealraitheach don Stiúrthóir leas a bheith acu ann agus gur mian leo éisteacht a fháil.

(2) Is go príobháideach a sheolfar imscrúdú faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire na nithe seo a leanas a shonrú le rialacháin—

(a) nósanna imeachta a leanfaidh an Stiúrthóir le linn imscrúduithe (nó imscrúdú d'aon tuairisc) a sheoladh faoin alt seo, agus

(b) teorainneacha ama is infheidhme maidir le himscrúduithe den sórt sin, lena n-áirítear nósanna imeachta chun na teorainneacha sin a fhadú in imthosca áirithe,

ach, sula ndéanfaidh sé nó sí aon rialacháin den sórt sin, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Stiúrthóir agus leis an Údarás.

(4) Ar imscrúdú faoin alt seo a thabhairt chun críche, tabharfaidh an Stiúrthóir breith ar an gcás agus, má tá an bhreith i bhfabhar an ghearánaigh, déanfar foráil inti do shásamh de réir alt 27 .

Tátail as mainneachtain faisnéis, etc., a sholáthar.

26. —Más rud é, i gcúrsa imscrúdaithe faoi alt 25 , gur dealraitheach don Stiúrthóir—

(a) nár fhreagair an freagróir fógra faoi alt 21 (2)(a) nó aon cheist a chuir an gearánach faoi alt 21 (2)(b),

(b) go raibh an fhaisnéis a sholáthair an freagróir, mar fhreagra ar an bhfógra nó ar aon cheist den sórt sin, bréagach nó míthreorach, nó

(c) maidir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh mar fhreagra ar aon cheist den sórt sin, nárbh fhaisnéis í de shórt a chuideodh leis an ngearánach cinneadh a dhéanamh an dtarchuirfeadh sé nó sí an cás chuig an Stiúrthóir,

féadfaidh an Stiúrthóir cibé tátail, más ann, a mheasfaidh sé nó sí is cuí a bhaint as an mainneachtain freagra a thabhairt nó, de réir mar a bheidh, faisnéis mar a luaitear i mír (b)(c) a sholáthar.

Sásamh is inordaithe.

27. —(1) Faoi réir an ailt seo, is iad na cineálacha sásaimh ar féidir foráil a dhéanamh dóibh le breith ón Stiúrthóir faoi alt 25 ceachtar díobh seo a leanas, nó iad araon, de réir mar is cuí sna himthosca:

(a) ordú le haghaidh cúitimh in éifeachtaí an idirdhealaithe; nó

(b) ordú go ndéanfaidh duine nó daoine a shonrófar san ordú bearta a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Is é an méid uasta a fhéadfaidh an Stiúrthóir a ordú mar chúiteamh faoi fho-alt (1)(a) an méid uasta a d'fhéadfadh Cúirt Dúiche a dhámhachtain i gcásanna sibhialta i gconradh.

Achomharc in aghaidh bhreith an Stiúrthóra.

28. —(1) Tráth nach déanaí ná 42 lá ó dháta aon bhreithe ón Stiúrthóir faoi alt 25 , féadfaidh an gearánach nó an freagróir a bhfuil baint aige nó aici leis an éileamh achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh na breithe le fógra i scríbhinn ina sonrófar forais an achomhairc.

(2) Ina cinneadh ar an achomharc, féadfaidh an Chúirt Chuarda foráil a dhéanamh d'aon sásamh a bhféadfaí foráil a dhéanamh dó leis an mbreith a ndearnadh achomharc ina haghaidh (ach rogha na Cúirte Cuarda a chur in ionad rogha an Stiúrthóra).

(3) Níl aon ábhar achomhairc eile ann, seachas achomharc chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

Foirm breithe agus na hábhair a bheidh inti.

29. —(1) Is i scríbhinn a bheidh gach breith ón Stiúrthóir faoin gCuid seo agus—

(a) más cuí leis an Stiúrthóir, nó

(b) má iarrann aon cheann de na páirtithe amhlaidh,

beidh ráiteas sa bhreith maidir leis na cúiseanna ar tháinig an Stiúrthóir ar an mbreith.

(2) Féadfaidh an Stiúrthóir, trí fhógra i scríbhinn chuig an ngearánach agus chuig an bhfreagróir, ceartú a dhéanamh ar aon dearmad (lena n-áirítear rud atá fágtha ar lár) ar dearmad focal nó dearmad foirmiúil é i mbreith faoin gCuid seo.

(3) Mura ndéanfar aon duine a bhí páirteach in imscrúdú a shainaithint i gceart sa bhreith a thig as an imscrúdú, measfar go dtagann ceartú na hearráide sin faoi réim fho-alt (2).

Breith a sholáthar agus a fhoilsiú.

30. —(1) Tabharfar cóip de gach breith ón Stiúrthóir faoin gCuid seo don ghearánach agus don fhreagróir agus déanfar gach breith den sórt sin a fhoilsiú agus cuirfear cóip di ar fáil lena hiniúchadh in oifig an Stiúrthóra.

(2) Aon tagairt san alt seo do bhreith folaíonn sí tagairt d'aon ráiteas maidir le cúiseanna a bheidh sa bhreith de réir mar a luaitear in alt 29 (1).

(3) Beidh an t-ábhar a bheidh in aon doiciméad a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil de bhua an ailt seo faoi phribhléid iomlán.

Breitheanna agus socraíochtaí idirghabhála a fhorfheidhmiú.

31. —(1) Má mhainníonn duine atá faoi cheangal ag téarmaí breithe ón Stiúrthóir faoin gCuid seo na téarmaí sin a chomhlíonadh, ansin, ar iarratas faoin alt seo, déanfaidh an Chúirt Chuarda, faoi réir alt 32 , ordú a dhéanamh á ordú don duine dá ndéantar difear an bhreith a chur i gcrích de réir théarmaí na breithe.

(2) Má mhainníonn duine is páirtí i socraíocht lena mbaineann alt 24 éifeacht a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, do théarmaí na socraíochta, ansin, ar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt Chuarda ordú a dhéanamh á ordú don duine sin na téarmaí sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid de na téarmaí sin lena mbaineann an t-iarratas, a chur i gcrích; ach ní ordóidh an Chúirt Chuarda, de bhua an fho-ailt seo, d'aon duine aon suim a íoc nó aon ní eile a dhéanamh nach bhféadfaí foráil a dhéanamh dó (dá mbeifí tar éis déileáil leis an ní ar shlí seachas trí idirghabháil) ar mhodh sásaimh faoi alt 27 .

(3) Ní fhéadfar iarratas a dhéanamh faoin alt seo laistigh de 42 lá ó dháta na breithe nó ó dháta an taifid i scríbhinn den tsocraíocht, de réir mar a bheidh.

(4) Maidir le hiarratas faoin alt seo—

(a) féadfaidh an gearánach é a dhéanamh, nó

(b) más rud é nach é an tÚdarás an gearánach agus go measann sé nach dócha go gcuirfí an bhreith nó an tsocraíocht i ngníomh mura mbeadh lámh aige féin ann, féadfaidh an tÚdarás é a dhéanamh le toiliú an ghearánaigh.

(5) Ar iarratas faoin alt seo, feidhmeoidh an Chúirt Chuarda a feidhmeanna faoi fho-alt (1)(2) ar í a bheith deimhin de—

(a) gurb ann don bhreith nó don tsocraíocht agus i dtaobh théarmaí an chéanna, agus

(b) gur mhainnigh an duine dá ndéantar difear na téarmaí sin a chomhlíonadh.

(6) Gan dochar do chumhacht na Cúirte Cuarda ordú a dhéanamh le haghaidh costas i bhfabhar an ghearánaigh nó an duine dá ndéantar difear, i gcás go ndéanfaidh an tÚdarás iarratas de bhua fho-alt (4), féadfaidh an Chúirt Chuarda costais an Údaráis a dhámhachtain.

Cumhachtaí breise na Cúirte Cuarda ar fhorfheidhmiú.

32. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Chuarda ordú faoi alt 31 (1), féadfaidh sí, más rud é sna himthosca go léir go measfaidh sí gur cuí déanamh amhlaidh, an t-ordachán breise dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a áireamh san ordú.

(2) I gcás ina mbaineann an t-ordú faoi alt 31 (1) le breith lena gceanglaítear cúiteamh a íoc le haon duine, féadfaidh an t-ordú a ordú don fhreagróir lena mbaineann ús a íoc ar an gcúiteamh de réir an ráta dá dtagraítear in alt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1981 , i leith na tréimhse go léir nó aon chuid den tréimhse dar críoch dáta an ordaithe agus dar tosach—

(a) 42 lá tar éis dháta na breithe, nó

(b) más déanaí ná sin é, an dáta ar ar ceanglaíodh an cúiteamh a íoc faoin mbreith.

Cumhachtaí dul isteach in áitreabh, faisnéis a fháil, etc.

33. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach ainmnithe” an Stiúrthóir, oifigeach comhionannais nó duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Stiúrthóir;

ciallaíonn “faisnéis ábhartha” faisnéis a bhfuil forais réasúnacha ag oifigeach ainmnithe chun a chreidiúint gur faisnéis iomchuí í chun na críche atá leagtha amach i bhfo-alt (2).

(2) Chun a chumasú faisnéis a fháil a theastóidh ón Stiúrthóir chun a chumasú dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú faoin gCuid seo, féadfaidh oifigeach ainmnithe aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) gach tráth réasúnach, dul isteach go síochánta in áitreabh;

(b) a cheangal ar aon duine aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin, agus a bhfuil forais réasúnacha ag an oifigeach ainmnithe chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis ábhartha iontu, a thabhairt ar aird don oifigeach ainmnithe agus cibé faisnéis agus rochtain a thabhairt don oifigeach ainmnithe a theastóidh le réasún ón oifigeach ainmnithe i ndáil lena bhfuil in aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile den sórt sin;

(c) aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile den sórt sin a iniúchadh agus a chóipeáil nó sleachta a thógáil astu;

(d) aon obair atá ar siúl ag aon áitreabh a iniúchadh.

(3) Ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (2) a fheidhmiú i leith teaghaise ná i leith aon duine, taifid, leabhair, doiciméid ná ní eile i dteaghais mura rud é go ndéanfaidh an tAire (nó oifigeach don Aire a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire) a dheimhniú i scríbhinn go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis sa teaghais atá ábhartha maidir le himscrúdú cáis, nó le breithniú achomhairc, faoin gCuid seo.

(4) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach ainmnithe, go bhfuil cúis réasúnach amhrais ann go bhfuil aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile ina bhfuil faisnéis ábhartha le fáil ag aon áitreabh, féadfaidh an breitheamh barántas cuardaigh a eisiúint faoin alt seo.

(5) Maidir le barántas cuardaigh arna eisiúint faoin alt seo beidh sé sainráite ann go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, d'oifigeach ainmnithe sonraithe, agus cibé daoine eile a mheasfaidh an t-oifigeach ainmnithe sonraithe is gá ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh—

(a) dul isteach san áitreabh a bheidh ainmnithe sa bharántas, le forneart más gá,

(b) an t-áitreabh sin a chuardach, agus

(c) aon chumhacht den sórt a thuairiscítear i bhfo-alt (2) (b)(c) a fheidhmiú i ndáil le daoine agus le taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile a gheofar ag an áitreabh.

Ceanglas faisnéis a chur ar fáil.

34. —(1) Chun a chumasú don Stiúrthóir a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú faoin gCuid seo, féadfaidh an Stiúrthóir—

(a) a cheangal ar aon duine ag a bhfuil, i dtuairim an Stiúrthóra, aon fhaisnéis atá ábhartha maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, nó a bhfuil an céanna faoi chumhacht nó rialú aige nó aici, an fhaisnéis sin a thabhairt don Stiúrthóir, agus

(b) a cheangal, más cuí, ar aon duine den sórt sin freastal os comhair an Stiúrthóra chun na críche sin,

agus comhlíonfaidh an duine an ceanglas dá réir sin.

(2) Féadfar, i gceanglas faoi fho-alt (1), am agus áit a shonrú ag a bhfuil faisnéis le tabhairt nó ag a bhfuil duine le freastal agus más rud é nach mbeidh am nó áit den sórt sin sonraithe sa cheanglas, déanfaidh an duine ar a mbeidh an ceanglas dírithe é a chomhlíonadh a luaithe is indéanta le réasún.

(3) Maidir le duine a gceanglófar air nó uirthi freastal os comhair an Stiúrthóra faoi fho-alt (1) (b)

(a) freagróidh sé nó sí go hiomlán agus go fírinneach aon cheist a chuirfidh an Stiúrthóir air nó uirthi (seachas ceist a dtiocfadh dá freagra an duine a ionchoiriú), agus

(b) má iarrann an Stiúrthóir air nó uirthi amhlaidh, síneoidh sé nó sí dearbhú maidir le fírinne a fhreagraí nó a freagraí ar aon cheist den sórt sin.

Mainneachtain doiciméid, faisnéis, etc., a sholáthar.

35. —(1) Más dealraitheach don Stiúrthóir nó d'oifigeach comhionannais gur mhainnigh aon duine—

(a) ceanglas faoi alt 33 (2)(b), nó

(b) ceanglas faoi alt 34 (1),

a chomhlíonadh, ansin, de réir mar is gá sa chás, féadfaidh an Stiúrthóir nó an t-oifigeach comhionannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda ar ordú faoin alt seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3) más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an gCúirt Chuarda gur mhainnigh an duine lena mbaineann an ceanglas atá i gceist a chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt Chuarda ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine sin an ceanglas a chomhlíonadh.

(3) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gurb é tuairim na Cúirte Cuarda go n-airbheartaíonn an ceanglas atá i gceist a cheangal ar an duine lena mbaineann—

(a) aon taifead, leabhar, doiciméad nó ní eile a thabhairt ar aird, nó

(b) aon fhaisnéis a thabhairt,

a bhfuil an duine sin i dteideal pribhléid ghairmiúil dlí a éileamh ina leith, déanfaidh an Chúirt Chuarda an ceanglas a chur ar ceal.

Forálacha forlíontacha maidir le faisnéis.

36. —(1) Más rud é, i gcúrsa nó chun críocha aon imscrúdaithe, idirghabhála nó éisteachta faoin gCuid seo, nó aon fhiosrúcháin faoi Chuid V den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 , go nochtfaidh aon duine faisnéis don Údarás, don Stiúrthóir nó d'aon duine eile atá i dteideal í a fháil, ní thiocfaidh as an nochtadh go mbeidh aon dliteanas ann (i gconradh, i dtort nó ar shlí eile) ar thaobh an duine a bheidh á dhéanamh.

(2) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a thabharfar don Údarás, don Stiúrthóir nó d'aon duine eile, nó a gheobhaidh siad ar shlí eile, de bhua ailt 33 go 35, nó thairis sin i gcúrsa nó chun críocha aon imscrúdaithe, idirghabhála, éisteachta nó fiosrúcháin a dúradh, a fhoilsiú ná a nochtadh ar shlí eile ach amháin—

(a) chun críocha imscrúdaithe, idirghabhála, éisteachta nó fiosrúcháin den sórt sin,

(b) ar ordú na hArd-Chúirte nó na Cúirte Cuarda,

(c) le toiliú an duine a thabharfaidh an fhaisnéis agus aon duine eile lena mbainfidh an fhaisnéis,

(d) i mbreith ón Stiúrthóir a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil faoi alt 30 agus a bhfuil nochtadh na faisnéise ábhartha maidir leis, nó

(e) chun críocha iarratais faoi alt 35 .

(3) San alt seo, folaíonn “faisnéis” aon taifead, leabhar, doiciméad nó ní eile ina bhfuil an fhaisnéis.

(4) Aon duine a nochtfaidh faisnéis de shárú ar fho-alt (2), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

An Stiúrthóir, etc., a chosc.

37. —(1) Aon duine—

(a) a chuirfidh cosc nó bac ar an Stiúrthóir nó oifigeach comhionannais i bhfeidhmiú cumhachtaí faoin gCuid seo, nó

(b) a mhainneoidh ceanglas de chuid an Stiúrthóra nó oifigigh comhionannais arna thabhairt faoin gCuid seo a chomhlíonadh,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon tagairt i bhfo-alt (1) d'oifigeach comhionannais folaíonn sí tagairt do dhuine a bheidh údaraithe mar a thuairiscítear sa mhíniú ar “oifigeach ainmnithe” in alt 33 (1).

Cásanna nach leantar ar aghaidh leo a dhíbhe.

38. —(1) Más rud é go dtarchuirfear cás chuig an Stiúrthóir agus, aon tráth tar éis deireadh bliana amháin ó dháta an tarchurtha, gur dealraitheach don Stiúrthóir nár lean an gearánach ar aghaidh, nó gur scoir sé nó sí de leanúint ar aghaidh, leis an tarchur, féadfaidh an Stiúrthóir an tarchur a dhíbhe.

(2) A luaithe is indéanta tar éis tarchur a dhíbhe, tabharfaidh an Stiúrthóir fógra i scríbhinn faoin díbhe sin don ghearánach agus don fhreagróir.

(3) Más rud é go ndéanfar tarchur a dhíbhe faoin alt seo, ní fhéadfar aon imeachtaí eile a thionscnamh i ndáil leis an tarchur sin, ach ní choisceann aon ní san alt seo ar aon duine tarchur eile a dhéanamh i ndáil leis an ní céanna (faoi réir aon teorann ama is infheidhme).