|
|||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 24 de 2000 | ||
[EN] |
ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ (LEASÚ), 2000 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 24 de 2000 | ||||||||
ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ (LEASÚ), 2000 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ALT 29 D'ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. [8 Iúil, 2000] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 29 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978. |
1. —Leasaítear alt 29 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): |
[EN] | “(2) Féadfaidh an Chomhairle tréimhse a bheidh cinnte faoi fho-alt (1) den alt seo a fhadú go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí breise a chinnfidh an Chomhairle ar choinníoll nach faide ná seacht mbliana comhiomlán na dtréimhsí sin.”. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú), 2000 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1978 go 2000, a ghairm d'Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1978 agus 1993, agus den Acht seo le chéile. |