25 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2000


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil, 1991.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nUdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926

1926, Uimh. 39

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1991

1991, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1994

1994, Uimh. 8

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2000


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1925 GO 2000. [8 Iúil, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil, 1991.

1. —Leasaítear an tAcht Rialtais Áitiúil, 1991, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 47—

“Seilbh oifige bainisteora a fhadú.

47A.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine a shealbhaíonn oifig bainisteora (dá ngairtear ‘bainisteoir’ san alt seo), agus a bhfuil a thréimhse nó a tréimhse oifige (dá ngairtear an ‘tréimhse seilbhe’ san alt seo) faoi rialú ag ordú faoi alt 47.

(2) D'ainneoin aon achtacháin eile nó aon ionstraime arna déanamh faoi, agus faoi réir agus de réir an ailt seo agus rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, déanfar tréimhse seilbhe bainisteora a fhadú más rud é, maidir le fógra (dá ngairtear an ‘fógra forordaithe’ san alt seo)—

(a) go dtabharfaidh an bainisteoir an fógra sin do Chathaoirleach an údaráis áitiúil lena mbaineann (ar Cathaoirleach é nó í chun críocha Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1994), agus

(b) go mbeidh an fógra sin san fhoirm a fhorordófar le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus féadfar socrú a dhéanamh leis na rialacháin sin maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) an fhoirm ina mbeidh an fógra forordaithe;

(b) an tréimhse (dá ngairtear an ‘tréimhse fógra’ san alt seo) a dtabharfar fógra forordaithe laistigh di;

(c) faoi réir fho-alt (7), an tréimhse lena bhfadófar an tréimhse seilbhe;

(d) na hoifigí bainisteora nach bhfuil feidhm ag fo-alt (4) maidir leo;

(e) feidhm tréimhsí éagsúla, chun críocha mhíreanna (b) agus (c), maidir le haicmí sonraithe bainisteora;

(f) cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha is dealraitheach don Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha na rialachán sin.

(4) Faoi réir fho-alt (3)(d)—

(a) ní dhéanfaidh bainisteoir lena mbaineann an t-alt seo iarratas ar cheapachán chuig aon oifig bainisteora le linn na tréimhse dar tosach an dáta a dtabharfaidh an bainisteoir fógra forordaithe agus dar críoch dáta atá 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse seilbhe arna fadú leis an alt seo (dá ngairtear an ‘tréimhse eisiata’ san fho-alt seo), agus

(b) d'ainneoin alt 6 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , ní dhéanfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla bainisteoir a mbeidh fógra forordaithe tugtha aige nó aici a mheas lena roghnú le haghaidh aon oifige bainisteora le linn na tréimhse eisiata.

(5)   (a) Beidh tréimhse fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b) go hiomlán laistigh den tréimhse seilbhe.

(b) Aon fhógra forordaithe chun críocha an ailt seo a thabharfar lasmuigh den tréimhse fógra beidh sé neamhbhailí.

(6) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní a athróidh—

(a) an teorainn aoise a bheidh sonraithe san Ordú Rialtais Áitiúil, 1957 (Tórainn Aoise Oifigeach), 1957 (I.R. Uimh. 140 de 1957), mar atá feidhm aici maidir le bainisteoir,

(b) seilbh oifige aon bhainisteora nach bhfuil feidhm ag ordú faoi alt 47 maidir leis nó léi, nó

(c) seilbh oifige aon bhainisteora nach dtabharfaidh fógra forordaithe faoin alt seo.

(7) Ní faide ná 10 mbliana tréimhse seilbhe arna fadú de réir an ailt seo.

(8) D'ainneoin aon ghníomhartha a bheidh déanta cheana féin ag na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla i ndáil le hoifig bainisteora a líonadh de bhua alt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994, i gcás ina mbeidh tréimhse seilbhe bainisteora arna fadú de réir an ailt seo, is é an tréimhse seilbhe fhadaithe sin an tréimhse seilbhe chun críocha an ailt sin 50 agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.

(9) Ar fhógra forordaithe a fháil déanfaidh Cathaoirleach an údaráis áitiúil lena mbaineann (de réir bhrí fho-alt (2)(a))—

(a) é sin a chur in iúl do chomhaltaí an údaráis áitiúil ag an gcéad chruinniú eile den údarás áitiúil sin, agus

(b) cóip de a chur chuig an Aire agus chuig na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 2000 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 2000”, an tAcht seo.

(3) Déanfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 2000, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.