An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) Ar Aghaidh (Caibidil 3 ÍMAT: Cumarsáidí Leictreonacha agus Teileafóin )

5 2005

TODO

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

2. Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2005 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “€20,400” a chur in ionad “€19,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2002) i bhfo-alt (3), agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla (arna chur isteach amhlaidh) a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID 1

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €29,400

20 faoin gcéad

An ráta caighdeánach

An fuílleach

42 faoin gcéad

An t-ardráta

CUID 2

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €33,400

20 faoin gcéad

An ráta caighdeánach

An fuílleach

42 faoin gcéad

An t-ardráta

CUID 3

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €38,400

20 faoin gcéad

An ráta caighdeánach

An fuílleach

42 faoin gcéad

An t-ardráta

”.

Creidmheasanna cánach pearsanta.

3. (1) I gcás go mbeidh teideal ag pearsa aonair faoi fhoráil den Phríomh-Acht atá luaite i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo chun laghdú a fháil ar an gcáin ioncaim a bheidh le muirearú ar an bpearsa aonair, seachas de réir fhorálacha alt 16(2) den Phríomh-Acht, don bhliain mheasúnachta 2005 nó d’aon bhliain mheasúnachta dá héis agus, murach an t-alt seo, gur mhéid arbh é an méid is lú díobh seo a leanas méid an laghdaithe—

(a) an méid atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin, agus

(b) an méid a laghdaíonn an dliteanas sin go nialas,

is é méid an laghdaithe de réir mhír (a) méid an chreidmheasa cánach a shonraítear i gcolún (3) den Tábla.

AN TÁBLA

An Fhoráil Reachtúil

Creidmheas cánach láithreach (bliain iomlán)

Creidmheas cánach don bhliain 2005 agus do bhlianta dá héis

(1)

(2)

(3)

Alt 461

(bunchreidmheas cánach pearsanta)

(duine pósta)

€3,040

€3,160

(baintreach ar sa bhliain mheasúnachta a d’éag a chéile nó a céile)

€3,040

€3,160

(duine singil)

€1,520

€1,580

Alt 461A

(creidmheas cánach breise do bhaintreacha áirithe)

€300

€400

Alt 462

(creidmheas cánach teaghlaigh aontuismitheora)

€1,520

€1,580

Alt 463

(creidmheas cánach tuismitheora is baintreach)

(1ú bliain)

€2,600

€2,800

(2ú bliain)

€2,100

€2,300

(3ú bliain)

€1,600

€1,800

(4ú bliain)

€1,100

€1,300

(5ú bliain)

€600

€800

Alt 465

(creidmheas cánach linbh éagumasaithe)

€500

€1,000

Alt 468

(creidmheas cánach daill)

(duine dall)

€800

€1,000

(an dá chéile dall)

€1,600

€2,000

Alt 472

(creidmheas cánach fostaí)

€1,040

€1,270

(2) Beidh éifeacht le halt 3 (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2004) den Acht Airgeadais 2002 faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh feidhm ag Sceideal (1) chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Díolúine aoise.

4. Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2005 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 188 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí “€33,000” a chur in ionad “€31,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004) agus trí “€16,500” a chur in ionad “€15,500” (arna chur isteach amhlaidh).

Leasú ar alt 126 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh) den Phríomh-Acht.

5. Leasaítear alt 126 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2003) d’fho-alt (8):

“(b) D’ainneoin fho-alt (3) agus an Ordaithe um an Acht Airgeadais 1992 (Tosach Feidhme Alt 15) (Sochar Dífhostaíochta agus Sochar Pá-Choibhneasa) 1994 (I.R. Uimh. 19 de 1994), ní bheidh feidhm ag fo-alt (3)(b) i ndáil le sochar dífhostaíochta a íocadh nó is iníoctha, sa tréimhse dar tosach an 6 Aibreán 1997 agus dar críoch an 31 Nollaig 2006, le duine atá fostaithe i bhfostaíocht ghearr-ama.”.

Leasú ar alt 473 (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Phríomh-Acht.

6. Leasaítear alt 473 den Phríomh-Acht maidir leis an mbliain mheasúnachta 2005 agus le blianta measúnachta dá héis, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “teorainn shonraithe” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2001) i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

(a) i gcás na ndaoine seo a leanas—

(i) duine pósta a mheasúnaítear i leith cánach de réir alt 1017, nó

(ii) baintreach,

€3,000; ach má bhí an phearsa aonair 55 bliana d’aois nó os a chionn aon tráth le linn na bliana measúnachta, ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’ €6,000, agus

(b) in aon chás eile, €1,500; ach má bhí an phearsa aonair 55 bliana d’aois nó os a chionn aon tráth le linn na bliana measúnachta, ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’ €3,000;”.

Leasú ar alt 116 (léiriú (Caibidil 3)) den Phríomh-Acht.

7. Leasaítear alt 116 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) tar éis an mhínithe ar “fostaíocht”:

“folaíonn ‘áitreabh’ tailte;”.

Leasú ar alt 118 (sochair chomhchineáil: foráil mhuirearúcháin ghinearálta) den Phríomh-Acht.

8. Leasaítear alt 118 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5A):

“(5A) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le caiteachas a thabhóidh an comhlacht corpraithe ag soláthar pas taistil bus, iarnróid nó farantóireachta míosúil nó bliantúil do stiúrthóir nó d’fhostaí nó i dtaca leis an soláthar sin ar pas é arna eisiúint ag soláthróir iompair ceadaithe amháin nó níos mó nó thar a cheann nó thar a gceann.

(b) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘soláthróir iompair ceadaithe’—

(a) Córas Iompair Éireann nó aon fhochuideachta dá chuid,

(b) sealbhóir ceadúnais paisinéirí arna dheonú faoi alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre 1932,

(c) duine a sholáthraíonn seirbhís iompair paisinéirí faoi chomhshocraíocht a rinneadh le Córas Iompair Éireann de réir alt 13(1) den Acht Iompair 1950.

(d) an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród nó aon fhochuideachta dá cuid,

(e) duine a rinne comhshocraíocht leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, de réir alt 43(6) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 chun iarnród a oibriú, nó

(f) duine a sholáthraíonn seirbhís farantóireachta laistigh den Stát, ag oibriú soithigh ag a bhfuil

(i) deimhniú reatha bailí um shábháilteacht loinge paisinéirí,

(ii) ceadúnas reatha bailí báid paisinéirí, nó

(iii) deimhniú reatha bailí um shábháilteacht árthaigh ardluais,

arna eisiúint ag an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha;

folaíonn ‘pas iarnróid’ pas arna eisiúint ag iarnród atá ainmnithe mar iarnród éadrom nó mar mheitreo in ordú iarnróid arna dhéanamh faoi alt 43 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001.”.

Iasachtaí tosaíochta.

9. Leasaítear alt 122 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “fostaí”:

“ciallaíonn ‘fostaí’, i ndáil le fostóir, pearsa aonair atá ar fostú ag an bhfostóir i bhfostaíocht—

(a) lena mbaineann Caibidil 3 den Chuid seo, nó

(b) a bhfuil na brabúis nó na gnóchain uaithi inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D,

lena n-áirítear, i gcás inar comhlacht corpraithe an fostóir, stiúrthóir (de réir bhrí na Caibidle sin) de chuid an chomhlachta chorpraithe;”,

agus

(ii) sa mhíniú ar “iasacht tosaíochta” trí “ciallaíonn ‘iasacht tosaíochta’, i ndáil le pearsa aonair, iasacht, ar ina leith nach bhfuil aon ús iníoctha nó atá ús iníoctha de réir ráta tosaíochta arna íoc go díreach nó go neamhdhíreach leis an bpearsa aonair” a chur in ionad “ciallaíonn ‘iasacht tosaíochta’ iasacht, ar ina leith nach bhfuil aon ús iníoctha nó atá ús iníoctha de réir ráta tosaíochta arna íoc go díreach nó go neamhdhíreach le pearsa aonair”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más rud é, ar feadh bliana iomláine measúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta, go bhfuil iasacht tosaíochta gan íoc, i ndáil le pearsa aonair, déileálfar leis an bpearsa aonair, faoi réir fho-alt (4), chun críocha alt 112 nó chun críocha muirir i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D, amhail is dá mba rud é go raibh suim faighte aige nó aici, sa bhliain mheasúnachta sin, mar pheircis de chuid na hoifige nó na fostaíochta leis an bhfostóir a thug an iasacht, ar suim í atá comhionann—

(a) i gcás nach bhfuil aon ús iníoctha ar an iasacht tosaíochta nó ar na hiasachtaí tosaíochta, le méid an úis a bheadh iníoctha an bhliain sin dá mbeadh ús iníoctha ar an iasacht nó ar na hiasachtaí de réir an ráta shonraithe, nó

(b) i gcás ina n-íoctar ús, nó ina bhfuil ús iníoctha de réir ráta tosaíochta nó rátaí tosaíochta, leis an difríocht idir an méid comhiomlán úis a íocadh nó ab iníoctha an bhliain sin agus an méid úis a bheadh iníoctha an bhliain sin, dá mba rud é go raibh ús iníoctha ar an iasacht nó ar na hiasachtaí de réir an ráta shonraithe,

agus déanfar an phearsa aonair nó, i gcás pearsan aonair ar banchéile í a bhfuil a fearchéile inmhuirearaithe i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 1017, déanfar céile na pearsan aonair, a mhuirearú i leith cánach dá réir sin.”.

Costais agus caiteachais i leith sócmhainní agus seirbhísí slándála pearsanta.

10. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 118:

“118A.— (1) San alt seo—

folaíonn “sócmhainn” trealamh nó déanmhas, ach ní fholaíonn sé aon mhodh iompair ná teaghais ná fearann atá comhghabhálach le teaghais;

ní fholaíonn “seirbhís” teaghais ná fearann atá comhghabhálach le teaghais.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás go mbeidh mórbhaol inchreidte ann do shlándáil fhisiciúil phearsanta stiúrthóra nó fostaí, a eascróidh go hiomlán nó go formhór mar gheall ar oifig nó fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas a thabhóidh an comhlacht corpraithe, nó a thabhóidh stiúrthóir nó fostaí, agus a dhéanfaidh an comhlacht corpraithe a aisíoc leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí—

(a) i ndáil le—

(i) soláthar nó úsáid sócmhainne nó seirbhíse, nó

(ii) caiteachais a bhaineann le sócmhainn nó seirbhís,

chun slándáil phearsanta a fheabhsú a sholáthrófar le haghaidh an stiúrthóra nó an fhostaí nó a úsáidfidh sé nó sí chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol dá shlándáil fhisiciúil phearsanta nó dá slándáil fhisiciúil phearsanta, agus

(b) leis an aonchuspóir aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin.

(4) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7), i gcás go mbeidh feidhm ag an alt seo, ní bheidh feidhm ag alt 118(1) maidir le haon chaiteachas a mbeidh feidhm ag an alt seo maidir leis.

(5) Má bheartaíonn an comhlacht corpraithe nachn-úsáidfear an tsócmhainn ach amháin chun slándáil fhisiciúil phearsanta a fheabhsú, ní thabharfar aird ar aon úsáid a ghabhann leis an gcríoch sin.

(6) I gcás go mbeartaíonn an comhlacht corpraithe nachn-úsáidfear an tsócmhainn ach go páirteach chun slándáil fhisiciúil phearsanta a fheabhsú, ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) ach amháin maidir leis an gcuid sin den chaiteachas a thabhófar i ndáil leis an tsócmhainn agus a bheidh inchurtha i leith na húsáide beartaithe chun na críche sin.

(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) ach amháin maidir le caiteachas a thabhófar i ndáil le seirbhís dá dtagraítear i bhfo-alt (3) i gcás gurb é a bheidh sa sochar a fhaigheann an stiúrthóir nó an fostaí dá bharr feabhas go hiomlán nó go páirteach ar a shlándáil nó a slándáil fhisiciúil phearsanta.

(8) Le linn a chinneadh cibé acu a bheidh nó nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainn nó seirbhís, ní ábhar é an fíoras —

(a) go bhfuil an tsócmhainn éirithe daingnithe le talamh (cibé acu is teaghais nó ní eile an talamh) ná

(b) go bhfuil an stiúrthóir nó an fostaí i dteideal nó éirithe chun bheith i dteideal—

(i) na maoine sa tsócmhainn, nó

(ii) más daingneán an tsócmhainn, aon eastáit nó leasa sa talamh lena mbaineann,

(c) gur feabhas í an tsócmhainn nó an tseirbhís ar shlándáil fhisiciúil phearsanta comhalta de theaghlach an stiúrthóra nó an fhostaí, mar aon le slándáil fhisiciúil phearsanta an stiúrthóra nó an fhostaí,

a eisiann an caiteachas a thabhóidh an comhlacht corpraithe ó theacht faoi réim fho-alt (4).”.

Íocaíochtaí cúraim altrama etc.

11. Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 1 de Chuid 7 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 192A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004):

“192B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘cúramóir’ pearsa aonair is tuismitheoir altrama nó is gaol nó ba thuismitheoir altrama nó ba ghaol le pearsa aonair nó a bhfuil pearsa aonair faoina chúram nó faoina cúram thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

tá le ‘tuismitheoir altrama’ an bhrí a shanntar dó sna Rialacháin um Chúram Leanaí (Leanaí a Shuíomh i gCúram Altrama) 1995 (I.R. Uimh. 260 de 1995);

tá le ‘gaol’ an bhrí a shanntar dó sna Rialacháin um Chúram Leanaí (Leanaí a Shuíomh le Gaolta) 1995 (I.R. Uimh. 261 de 1995).

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le híocaíochtaí—

(a) a dhéanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le cúramóir de réir na nithe seo a leanas—

(i) airteagal 14 de na Rialacháin um Chúram Leanaí (Leanaí a Shuíomh i gCúram Altrama) 1995, nó

(ii) airteagal 14 de na Rialacháin um Chúram Leanaí (Leanaí a Shuíomh le Gaolta) 1995,

(b) a dhéanfar de rogha Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le cúramóir i leith pearsan aonair—

(i) a bhí faoi chúram cúramóra go dtí gur shlánaigh sé nó sí 18 mbliana d’aois,

(ii) ar ina leith a íocadh íocaíocht dá dtagraítear i mír (a) go dtí gur shlánaigh an phearsa aonair 18 mbliana d’aois,

(iii) a leanann de bheith ina chónaí nó ina cónaí le cúramóir ó shlánaigh sé nó sí 18 mbliana d’aois, agus

(iv) nach bhfuil 21 bhliain d’aois slánaithe aige nó aici nó, más rud é go bhfuil an aois sin slánaithe ag an duine, atá faoi mhíchumas nó atá ag fáil teagasc lánaimseartha in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais agus gur thosaigh an míchumas nó an teagasc sin sula raibh 21 bhliain d’aois slánaithe ag an duine,

(c) a dhéanfar de réir dhlí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha agus a fhreagraíonn do na híocaíochtaí dá dtagraítear i mír (a) nó (b).

(3) Beidh íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ní chuirfear i gcuntas iad le linn ioncam iomlán a ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”.

Fostaithe Stáit: liúntais seirbhíse coigríche.

12. Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 1 de Chuid 7 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 196:

“196A.— (1) Más rud é go ndeimhníonn an tAire Airgeadais, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, nó le cibé Aire den Rialtas is cuí leis an Aire Airgeadais sna himthosca, aon liúntas d’oifigeach don Stát nó aon díolaíochtaí de chuid oifigigh don Stát a bheith ina cúiteamh nó ina gcúiteamh i leith na gcostas breise a bhaineann leis an riachtanas cónaí lasmuigh den Stát chun a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, déanfar neamhshuim den liúntas sin, nó de na díolaíochtaí sin, mar ioncam chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(2) San alt seo—

ciallaíonn ‘díolaíochtaí’ díolaíochtaí lena mbaineann alt 985A;

ciallaíonn ‘oifigeach don Stát’—

(a) státseirbhíseach de réir bhrí “stát-sheirbhíseach” in alt 1(1) d’acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956,

(b) comhalta den Gharda Síochána, nó

(c) comhalta de na Buan-Óglaigh.

(3) Measfar feidhm a bheith ag an alt seo amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.”.

Creidmheas i leith cánach arna hasbhaint ó dhíolaíochtaí stiúrthóirí áirithe.

13. Leasaítear Caibidil 4 de Chuid 42 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 2005 agus le blianta measúnachta dá héis, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 997:

“997A.— (1) (a) San alt seo—

tá le ‘rialú’ an bhrí chéanna atá leis in alt 432;

ciallaíonn ‘gnáth-scairchaipiteal’, i ndáil le cuideachta, scairchaipiteal eisithe uile na cuideachta (cibé ainm a thugtar air).

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) beidh leas ábhartha ag duine i gcuideachta más rud é go mbeidh an duine as féin nó i dteannta aon duine bainteach amháin nó níos mó, nó más rud é go mbeidh aon duine a bheidh bainteach leis an duine i dteannta nó d’éagmais aon duine bhaintigh eile den sórt sin, ina úinéir tairbhiúil nó ina húinéir tairbhiúil ar bhreis agus 15 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta, nó ábalta, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile, nó ar aon bhealach neamhdhíreach eile, an céanna a rialú, agus

(ii) déanfar an cheist i dtaobh duine a bheith bainteach le duine eile a chinneadh de réir alt 10.

(2) Maidir le cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta” ina dhiaidh seo san alt seo) baineann an t-alt seo le duine a bhfuil leas ábhartha aige nó aici sa chuideachta.

(3) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó na rialachán a dhéanfar faoin gCaibidil seo, ní thabharfar aon chreidmheas i leith cánach arna hasbhaint ó na díolaíochtaí a d’íoc an chuideachta le duine lena mbaineann an t-alt seo in aon mheasúnacht a chuirfear ar an duine ná in aon ráiteas dliteanais a chuirfear chuig an duine faoi Rialachán 37 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 (I.R. Uimh. 559 de 2001) mura bhfuil fianaise dhoiciméadach ann chun a thaispeáint gur íoc an chuideachta an cháin a asbhaineadh leis an Ard-Bhailitheoir de réir fhorálacha na rialachán sin.

(4) I gcás go n-íocann an chuideachta cáin leis an Ard-Bhailitheoir, is cáin arna hasbhaint ó dhíolaíochtaí a d’íoc an chuideachta, déileálfar leis an gcáin íoctha mar cháin arna hasbhaint ó dhíolaíochtaí a bheidh íoctha le daoine nach daoine lena mbaineann an t-alt seo i dtosaíocht ar cháin arna hasbhaint ó dhaoine lena mbaineann an t-alt seo.

(5) Más rud é, de réir fho-alt (4), go mbeifear chun déileáil le cáin a íocfaidh an chuideachta leis an Ard-Bhailitheoir mar cháin arna hasbhaint ó dhíolaíochtaí a d’íoc an chuideachta le daoine lena mbaineann an t-alt seo, déileálfar leis an gcáin lena mbeifear le déileáil léi amhlaidh, más ann do níos mó ná duine amháin den sórt sin, mar cháin arna hasbhaint ó na díolaíochtaí a d’íoc an chuideachta le gach duine acu sin sa chomhréir chéanna is atá idir na díolaíochtaí a íocadh leis an duine agus méid comhiomlán na ndíolaíochtaí a d’íoc an chuideachta le gach duine den sórt sin.”.

Leasú ar alt 950 (léiriú (Cuid 41)) den Phríomh-Acht.

14. Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2005 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 950 den Phríomh-Acht, sa mhíniú ar “duine inmhuirearaithe” i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) nach bhfuil de bhunadh nó de bhunaidh ioncaim aige nó aici don tréimhse inmhuirearaithe ach bunadh nó bunaidh ar díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil 4 de Chuid 42 atá san ioncam uaidh nó uathu, ach chun na críche seo, maidir le duine a mbeidh bunadh nó bunaidh ioncaim eile aige nó aici i dteannta an bhunaidh nó na mbunadh ioncaim sin, measfar maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe gur duine é nó í nach bhfuil de bhunadh nó de bhunaidh ioncaim aige nó aici don tréimhse inmhuirearaithe ach bunadh nó bunaidh ar díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil 4 de Chuid 42 atá san ioncam uaidh nó uathu más rud é go ndéanfar an t-ioncam ón mbunadh nó ó na bunaidh eile sin a chur i gcuntas le linn méid a chreidmheasanna nó a creidmheasanna cánach agus a scoithphointe don ráta caighdeánach a chinneadh don tréimhse inmhuirearaithe is infheidhme i leith na ndíolaíochtaí sin, agus, chun a chinneadh ar cheart an t-ioncam sin a chur i gcuntas amhlaidh, féadfaidh aird a bheith ag na Coimisinéirí Ioncaim ar mhéid ioncaim an duine don tréimhse inmhuirearaithe sin nó d’aon tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ón mbunadh nó ó na bunaidh eile sin roimh asbhaintí, caillteanais, liúntais agus faoisimh eile,".

Leasú ar Chaibidil 1 (íocaíochtaí i leith seirbhísí gairmiúla ag daoine áirithe) de Chuid 18 den Phríomh-Acht agus ar Sceideal 13 a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

15. (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 18 den Phríomh-Acht in alt 520(1) sa mhíniú ar “íocaíocht iomchuí”—

(a) i mír (ii) trí “den alt sin,” a chur in ionad “den alt sin, agus”

(b) i mír (iii) trí “i leith íocaíochta iomchuí, agus” a chur in ionad “i leith íocaíochta iomchuí;”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii):

“(iv) íocaíocht ag duine cuntasach amháin—

(I) le duine cuntasach eile is duine a mbeidh a ioncam nó a hioncam díolmhaithe ó cháin chorparáide nó a dtabharfar neamhaird ar a ioncam nó ar a hioncam chun críocha na nAchtanna Cánach, nó

(II) le comhlacht ar deonaíodh díolúine ó cháin dó chun críocha alt 207;”.

(2) Leasaítear Sceideal 13 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí “13. Seirbhís Ceapachán Poiblí.” a chur in ionad mhír 13,

(b) trí “35. Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath cuideachta phoiblí theoranta.” a chur in ionad mhír 35,

(c) trí mhír 87 a scriosadh,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 143 (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2004):

“144. Bord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála.

145. An Coimisiún Meabhair-Shláinte.

146. An Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime.

147. An Coimisiún um Vótáil Leictreonach.

148. Bord Leigheasra na hÉireann.

149. An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais.

150. Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla.

151. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

152. An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.

153. An Coimisiún um Rialáil Tacsaithe.”.

(3) (a) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh le héifeacht amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith.

(b) Measfar gur tháinig mír (a) d’fho-alt (2) i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 19 Deireadh Fómhair 2004.

(c) Measfar gur tháinig mír (b) d’fho-alt (2) i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 1 Deireadh Fómhair 2004.

(d) Measfar gur tháinig mír (c) d’fho-alt (2) i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

(e) Tiocfaidh mír (d) d’fho-alt (2) i ngníomh an 1 Bealtaine 2005.

Leasú ar alt 128 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus fostaithe dá ndeonaítear cearta chun scaireanna nó sócmhainní eile a fháil) den Phríomh-Acht.

16. (1) Leasaítear alt 128 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2) trí “agus beidh sé nó sí inmhuirearaithe amhlaidh d’ainneoin nach raibh cónaí air nó uirthi sa Stát an dáta a fuarthas an ceart” a chur isteach i ndiaidh “de réir an ailt seo”.

(2) (a) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le ceart (de réir bhrí alt 128 den Phríomh-Acht) a gheofar ar theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis.

(b) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Srian le hasbhaintí i leith ranníocaí sochair fostaithe.

17. Leasaítear Caibidil 6 de Chuid 4 den Phríomh-Acht, le héifeacht ón 3 Feabhra 2005, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 81:

“81A.— (1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘scéim sochair tionóisce’ scéim sochair fostaithe nach bhféadfar sochair a sholáthar fúithi ach amháin mar gheall ar mhíthreoir, nó bás, duine ar thionóisc ba chúis leis nó léi agus a tharla le linn sheirbhís an duine mar fhostaí de chuid an fhostóra;

tá le ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 321;

ciallaíonn ‘scéim sochair fostaithe’ iontaobhas, scéim nó socrú eile chun sochair do dhaoine is fostaithe de chuid fostóra;

ní fholaíonn ‘caiteachais cháilitheacha’, i ndáil le tríú páirtí agus scéim sochair fostaithe, caiteachais nach lamhálfaí, dá mba é nó í an fostóir a thabhaigh iad, mar asbhaint le linn na brabúis nó na gnóchain de chuid an fhostóra a bheidh le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó II de Sceideal D a ríomh ach, faoi réir an méid sin roimhe seo, folaíonn sé aon chaiteachais de chuid an tríú páirtí (seachas sochair a sholáthar d’fhostaithe de chuid an fhostóra) a thabhófar le linn an scéim sochair fostaithe a oibriú.

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) déanfaidh fostóir ranníoc sochair fostaí más rud é—

(I) go n-íocfaidh an fostóir airgead le duine eile nó go n-aistreoidh sé nó sí sócmhainn chuig duine eile (dá ngairtear an ‘tríú páirtí’ san alt seo), agus

(II) go mbeidh an tríú páirtí i dteideal nó go gceanglófar air nó uirthi, faoi fhorálacha scéime sochair fostaithe, an t-airgead nó an tsócmhainn a choimeád nó a úsáid chun sochair a sholáthar d’fhostaithe de chuid an fhostóra nó i dtaca leis an gcéanna,

(ii) soláthrófar sochair cháilitheacha i gcás go mbeidh íocaíocht airgid nó aistriú sócmhainní ann, seachas ar mhodh iasachta, agus go mbeidh an faighteoir nó duine seachas an faighteoir, nó go mbeadh sé nó sí dá mba rud é go raibh cónaí, gnáthchónaí agus sainchónaí sa Stát air nó uirthi, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim maidir le soláthar na sochar sin, agus

(iii) folaíonn tagairt d’fhostaí duine tagairt do shealbhóir oifige faoin duine sin.

(2) (a) Beidh feidhm ag an alt seo—

(i) i gcás go ndéanfar ríomh ar an méid brabús nó gnóchan de chuid duine a bheidh le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó II de Sceideal D do thréimhse inmhuirearaithe dar tosach an 3 Feabhra 2005 nó dá éis, agus

(ii) i gcás go ndéanfaí, murach an t-alt seo, asbhaint a lamháil leis na hAchtanna Cánach don tréimhse sin i leith ranníocaí sochair fostaithe arna ndéanamh, nó a bheidh le déanamh, ag an duine sin (dá ngairtear an ‘fostóir’ san alt seo).

(b) D’ainneoin mhír (a), ní bheidh feidhm ag an alt seo i leith asbhainte dá dtagraítear i bhfo-alt (7).

(3) (a) Ní lamhálfar asbhaint i leith ranníocaí sochair fostaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) ach amháin a mhéid, le linn na tréimhse inmhuirearaithe a bheidh i gceist nó laistigh de 9 mí óna deireadh—

(i) go soláthrófar sochair cháilitheacha as na ranníocaí, nó

(ii) go n-íocfar caiteachais cháilitheacha as na ranníocaí.

(b) (i) Chun críocha mhír (a), maidir le haon sochair cháilitheacha nó aon chaiteachais cháilitheacha arna n-íoc ag an tríú páirtí tar éis don tríú páirtí ranníocaí sochair fostaithe a fháil measfar iad a bheith arna soláthar nó arna n-íoc as na ranníocaí sin, suas go dtí méid iomlán na ranníocaí arna laghdú de mhéid aon sochar nó aon chaiteachas arna soláthar nó arna n-íoc roimhe sin agus dá dtagraítear i mír (a).

(ii) I bhfeidhmiú na míre seo, ní chuirfear i gcuntas aon mhéid eile arna fháil nó arna íoc ag an tríú páirtí.

(4) (a) Maidir le méid a dhílamhálfar faoi fho-alt (3) lamhálfar é mar asbhaint i leith tréimhse inmhuirearaithe dá éis a mhéid a sholáthrófar sochair cháilitheacha as na ranníocaí sochair fostaithe a bheidh i gceist roimh dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin dá éis.

(b) (i) Chun críocha mhír (a), maidir le haon sochair cháilitheacha arna soláthar ag an tríú páirtí tar éis don tríú páirtí ranníocaí sochair fostaithe a fháil measfar iad a bheith arna soláthar as na ranníocaí sin, suas go dtí méid iomlán na ranníocaí arna laghdú de mhéid aon sochar nó aon chaiteachas arna soláthar nó arna n-íoc roimhe sin agus dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(a) nó i mír (a) den fho-alt seo.

(ii) I bhfeidhmiú na míre seo, ní chuirfear i gcuntas aon mhéid eile arna fháil nó arna íoc ag an tríú páirtí.

(5) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás gur aistriú sócmhainne a bheidh i soláthar sochair cháilithigh.

(b) Measfar chun críocha an ailt seo gurb é an méid a sholáthrófar—

(i) (I) iomlán an méid, más ann, arna chaitheamh ag an tríú páirtí ar an tsócmhainn, nó

(II) i gcás gur scaireanna nua sa tríú páirtí í an tsócmhainn, nó cearta i leith scaireanna den sórt sin, ar scaireanna iad arna n-eisiúint ag an tríú páirtí, iomlán mhargadhluach na scaireanna sin nó na gceart sin, de réir mar a bheidh, tráth an aistrithe,

agus

(ii) i gcás gur aistrigh an fostóir an tsócmhainn chuig an tríú páirtí, iomlán mhéid na hasbhainte a lamhálfaí agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith an aistrithe.

(c) I gcás gur mó an méid a ríomhfar de réir mhír (b) ná an méid (dá ngairtear an ‘dara méid a luaitear’ sa mhír seo) a mbeidh fostaí inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim ina leith maidir leis an aistriú, ní mó an asbhaint a bheidh le lamháil de réir fho-alt (3) nó (4) ná an dara méid a luaitear.

(6) In aon chás go ndéanfar an ríomh dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) roimh dheireadh na tréimhse 9 mí a luaitear i bhfo-alt (3)—

(a) chun críocha an ríomh a dhéanamh, forléireofar fo-alt (3) amhail is dá mba thagairt don tréimhse dar críoch an tráth a dhéantar an ríomh an tagairt don tréimhse 9 mí sin, agus

(b) tar éis dheireadh na tréimhse 9 mí déanfar an ríomh a choigeartú más gá chun aon sochair arna soláthar, aon chostais arna n-íoc nó aon ranníocaí arna ndéanamh laistigh den tréimhse sin ach tar éis thráth an ríomha a chur i gcuntas.

(7) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le haon asbhaint is inlamhála—

(a) i leith aon ní arna thabhairt mar chomaoin i leith earraí nó seirbhísí arna soláthar i gcúrsa trádála nó gairme,

(b) i leith ranníocaí faoi scéim sochair tionóisce,

(c) faoi Chuid 17, nó

(d) faoi Chuid 30.”.

Leasú ar alt 130 (ábhair a ndéileálfar leo mar dháiltí) den Phríomh-Acht.

18. (1) Leasaítear alt 130 den Phríomh-Acht—

(a) trí “halt 131;” a chur in ionad “halt 131.” i bhfo-alt (2)(e),

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e) d’fho-alt (2):

“(f) aon mhéid cáilitheach (de réir bhrí fho-alt (2C)) arna íoc le pearsa aonair is pearsa aonair, tráth a íocfar an méid sin—

(i) is tairbhí faoi théarmaí gníomhais iontaobhais de chuid iontaobhais scairúinéireachta d’fhostaithe arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi Sceideal 12 agus nach mbeidh ceadú tarraingthe siar ina leith agus a mbeidh foráil sa ghníomhas iontaobhais sin chun urrúis a aistriú chuig iontaobhaithe scéime arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi Sceideal 11 agus nach mbeidh cead tarraingthe siar ina leith, agus

(ii) a mbeadh teideal aige nó aici go ndéanfaí scaireanna a leithreasú chuige nó chuici, dá mba rud é go raibh na hurrúis sin ar fáil lena leithreasú, faoin scéim dá dtagraítear i bhfomhír (i).",

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2B):

“(2C) D’ainneoin alt 519(6) agus mhír 13(4) de Sceideal 12, ciallaíonn ‘méid cáilitheach’ méid a íocfar as ioncam arb éard é díbhinní arna bhfáil i dtréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321) i leith urrús (de réir bhrí Sceideal 12) arna sealbhú ag iontaobhaithe an iontaobhais scairúinéireachta d’fhostaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(f)(i) agus as an ioncam sin amháin, ach sin a mhéid amháin gur mó an t-ioncam sin ná a gcomhiomlán seo a leanas—

(a) aon suim nó suimeanna a chaithfear chun íoc as caiteachais an iontaobhais,

(b) aon ús a íocfar ar shuimeanna a gheobhaidh an t-iontaobhas ar iasacht,

(c) aon suim nó suimeanna a íocfar le hionadaithe pearsanta duine éagtha ar thairbhí é nó í faoi théarmaí an ghníomhais iontaobhais,

(d) aon mhéid a chaithfear ar shuimeanna a gheofar ar iasacht a aisíoc lena n-áirítear aon mhéid is féidir a chaitheamh amhlaidh, ag féachaint do na coinníollacha dá dtagraítear i mír 11(2B)(d) nó 11A(5)(d) de Sceideal 12, agus

(e) aon mhéid a chaithfear ar urrúis (de réir bhrí Sceideal 12) a fháil lena n-áirítear aon mhéid is féidir, aon tráth áirithe, a chaitheamh amhlaidh ar urrúis den sórt sin ar a margadhluach (de réir bhrí alt 548) an tráth sin,

sa tréimhse inmhuirearaithe.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3 Feabhra 2005.

Faoisimh i leith cánach ioncaim a mhuirearaítear ar íocaíochtaí ar scor.

19. (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 201—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás nach mbeidh íocaíocht inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 123 de bhua fho-alt (2)(a), déanfaidh an duine a rinne an íocaíocht na sonraí seo a leanas a sheachadadh ar an gcigire, tráth nach déanaí ná 46 lá tar éis dheireadh na bliana measúnachta ina ndearnadh an íocaíocht—

(a) ainm agus seoladh an duine lena ndearnadh an íocaíocht,

(b) uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (de réir bhrí alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993) an duine a fuair an íocaíocht,

(c) méid na híocaíochta, agus

(d) an bonn nach mbeidh an íocaíocht inmhuirearaithe dá réir i leith cánach faoi alt 123, á léiriú, i gcás íocaíochta a dhéanfar mar gheall ar dhíobháil nó míchumas, méid na díobhála nó an mhíchumais, de réir mar a bheidh.”,

agus

(ii) trí “4 bliana” a chur in ionad “6 bliana”, i bhfo-alt (6),

agus

(b) i Sceideal 3 trí “3 bliana” a chur in ionad “5 bliana”, san fhoirmle i mír 10, san fhorléiriú ar “T” agus “3 bliana” a chur in ionad “5 bliana” san fhorléiriú ar “I”.

(2) (a) Beidh feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

(b) Beidh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) maidir leis an mbliain mheasúnachta 2005 agus le blianta measúnachta dá héis.

An ráta cánach is infheidhme maidir le hús taisce áirithe arna fháil ag pearsana aonair.

20. (1) Leasaítear Cuid 8 den Phríomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 6:

“Caibidil 7

Ús áirithe ó fhoinsí laistigh de na Comhphobail Eorpacha

An ráta cánach is infheidhme maidir le hús taisce áirithe arna fháil ag pearsana aonair.

267M.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ús sonraithe’ ús a eascraíonn i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát arbh ús ab iníoctha é i leith taisce iomchuí de réir bhrí alt 256(1) dá mba rud é—

(a) sa mhíniú ar ‘taisce iomchuí’ in alt 256(1)—

(i) go gcuirfí an méid seo a leanas in ionad mhíreanna (c) agus (d):

‘(c) atá, i gcás glacadóra taisce iomchuí a bhfuil cónaí air chun críocha cánach, de bhua dlí Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát, i mBallstát den sórt sin, á shealbhú ag brainse den ghlacadóir taisce iomchuí atá suite i gcríoch nach Ballstát,

(d) atá, i gcás glacadóra taisce iomchuí nach bhfuil cónaí air amhlaidh chun críocha cánach i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha, á shealbhú ar shlí eile seachas ag brainse den ghlacadóir taisce iomchuí atá suite i mBallstát,’,

agus

(ii) go scriosfaí mír (g)

agus

(b) go n-áireofaí sa mhíniú ar ‘glacadóir taisce iomchuí’ in alt 256(1) comhlachtaí arna mbunú de réir dlí aon Bhallstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát a fhreagraíonn—

(i) don Acht um Chomhar Creidmheasa 1997,

(ii) do na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais 1989 go 2001, nó

(iii) do na hAchtanna um Bainc Thaisce an Phoist 1861 go 1958;

ciallaíonn ‘cáin’ i ndáil le Ballstát seachas an Stát cáin a fhreagraíonn do cháin ioncaim nó do cháin chorparáide sa Stát.

(2) (a) D’ainneoin aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim agus faoi réir mhír (b), déanfar méid an ioncaim inchánach ar a muirearófar duine is pearsa aonair i leith cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh d’aon bhliain a mhéadú de mhéid is ionann agus méid úis shonraithe an duine sin ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain sin le ríomh.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) i gcás nach mbeidh aon dliteanas de chuid na pearsan aonair do bhliain mheasúnachta i leith úis shonraithe arna urscaoileadh ar nó roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 950) don bhliain sin.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an mbliain mheasúnachta 2005 agus leis na blianta measúnachta dá héis.

Sochair scoir.

21. (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) i gCaibidil 1 de Chuid 30—

(i) in alt 770(1)—

(I) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “riarthóir”:

“ciallaíonn ‘riarthóir’ i ndáil le scéim sochar scoir, an duine nó na daoine a bheidh bunaithe i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha agus ag a mbeidh bainistiú na scéime, agus measfar go bhfolaíonn tagairtí do riarthóir scéime an duine a luaitear in alt 772(2)(c)(ii);”,

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “luach saothair deiridh”:

“ciallaíonn ‘scéim pinsin thar lear’ scéim sochar scoir, seachas scéim slándála sóisialaí stáit—

(a) a bheidh á hoibriú nó á bainistiú ag Foras do Sholáthar Scoir Gairme mar a mhínítear le hAirteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE an 3 Meitheamh 2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , agus

(b) a bheidh bunaithe i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát, a mbeidh éifeacht tugtha aige don Treoir sin ina dhlí náisiúnta;”,

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “dáta iomchuí”:

“tá le ‘scéim sochar scoir’ an bhrí a shanntar dó le halt 771;”,

agus

(IV) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “seirbhís”:

“ciallaíonn ‘scéim slándála sóisialaí stáit’ córas cosanta sainordaithí arna bunú ag Rialtas tíre nó críche, seachas an Stát, chun leibhéal íosta ioncaim scoir nó sochar eile a sholáthar a ndéanfaidh an Rialtas sin leibhéal an chéanna a chinneadh;”,

(ii) in alt 771(2) trí “do chonradh,” a chur isteach i ndiaidh “Folaíonn tagairtí sa Chaibidil seo do scéim tagairtí,”

(iii) in alt 772(2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) gurb amhlaidh i ndáil le comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí go léir a fhorchuirtear ar riarthóir scéime leis an gCaibidil seo—

(i) go ndearna riarthóir scéime pinsin thar lear conradh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar conradh é is infheidhmithe i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí sin agus le linn conradh den sórt sin a dhéanamh gur admhaigh agus gur chomhaontaigh na páirtithe sa chonradh i scríbhinn—

(I) go mbeidh sé faoi réir dhlíthe an Stáit agus faoi réir na ndlíthe sin amháin, agus

(II) go mbeidh dlínse eisiach ag cúirteanna an Stáit le linn aon díospóid a éireoidh faoi a chinneadh,

(ii) go mbeidh duine ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, is duine a bheidh ceaptha ag an riarthóir, a bheidh freagrach as comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí sin go léir agus go dtabharfaidh an riarthóir fógra do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le ceapadh an duine sin agus céannacht an duine sin;”,

(iv) in alt 774 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) aon scéim cheadaithe a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil sí bunaithe faoi iontaobhais neamh-inchúlghairthe,

(b) aon scéim cheadaithe is scéim pinsin thar lear, nó

(c) aon scéim cheadaithe eile a n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint d’aon chúinse speisialta, go mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi,

agus gairtear ‘scéim cheadaithe dhíolmhaithe’ sa Chaibidil seo d’aon scéim atá faoi réim mhír (a), (b) nó (c) de thuras na huaire.”,

agus

(v) in alt 779 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fho-alt (2), maidir le pinsin a íocfar faoi aon scéim, lena n-áirítear scéim pinsin thar lear, a bheidh ceadaithe nó á breithniú lena ceadú faoin gCaibidil seo, déanfar iad, d’ainneoin aon ní in alt 18 nó 19, a mhuirearú i leith cánach faoi Sceideal E, agus beidh feidhm ag Caibidil 4 de Chuid 42 dá réir sin.”,

(b) i gCaibidil 2 de Chuid 30—

(i) in alt 784—

(I) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(a)(i):

“(i) go ndearna an phearsa aonair é le duine a sheolann go dleathach gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine, agus, más rud é—

(I) nach bhfuil cónaí ar an duine sin sa Stát, nó

(II) nach bhfuil an duine sin ag trádáil sa Stát trí áit sheasta ghnó,

gur gnóthas árachais an duine sin a bheidh údaraithe chun gnó árachais a dhéanamh sa Stát faoi Threoir 2002/83/CE an 5 Samhain 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 ,”,

(II) i bhfo-alt (2B)(a), trí “measfar, d’ainneoin aon ní in alt 18 nó 19,” a chur in ionad “measfar”, agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Tráth ar bith nach mbeidh an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a)(i) nó in alt 785(1)—

(a) ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, nó

(b) ag trádáil sa Stát trí áit sheasta ghnó,

déanfaidh an duine an méid seo, i ndáil le comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí go léir a fhorchuirtear leis an alt seo nó, de réir mar a bheidh, le halt 785—

(i) conradh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar conradh é is in-fhorfheidhmithe i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le comhlíonadh na ndualgas agus nan-oibleagáidí sin agus le linn conradh den sórt sin a dhéanamh admhóidh agus comhaontóidh na páirtithe sa chonradh i scríbhinn—

(I) go mbeidh sé faoi réir rialú dhlíthe an Stáit, agus faoi réir na ndlíthe sin amháin, agus

(II) go mbeidh dlínse eisiach ag cúirteanna an Stáit le linn aon díospóid a éireoidh faoi a chinneadh,

(ii) a chinntiú go mbeidh duine (dá ngairtear ‘an duine ceaptha’ sa mhír seo), arna cheapadh nó arna ceapadh ag an duine ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, chun bheith freagrach as comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí sin agus tabharfaidh an duine fógra do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le ceapadh an duine cheaptha agus céannacht an duine cheaptha.

(4B) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn, a cheangal ar an duine a mbeidh préimheanna iníoctha leis nó léi faoi aon chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoin alt seo nó faoi alt 785, nó ar an duine ceaptha dá dtagraítear i bhfo-alt (4A)(ii), de réir mar a bheidh, cibé faisnéis agus sonraí a bheidh sonraithe san fhógra agus a cheanglóidh siad le réasún a thabhairt dóibh chun críocha na Caibidle seo, a sholáthar, laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra sin, agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis agus sna sonraí sin—

(a) ainm, seoladh agus Uimhir PSP (de réir bhrí alt 787A(1)) na pearsan aonair a ndearnadh an conradh leis nó léi,

(b) ainm, seoladh agus Uimhir PSP (de réir na brí sin) na pearsan aonair nó na bpearsan aonair a ndearnadh aon íocaíochtaí blianachta leis nó léi nó leo i leith an chonartha, agus

(c) méid na n-íocaíochtaí blianachta dá dtagraítear i mír (b).”,

(ii) in alt 784A—

(I) i bhfo-alt (3)(a) trí “Coimeádfaidh bainisteoir ciste cháilithigh, d’ainneoin aon ní in alt 18 nó 19,” a chur in ionad “Coimeádfaidh bainisteoir ciste cháilithigh” sa chéad áit a bhfuil sé,

(II) i bhfo-alt (7) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Tráth ar bith nach mbeidh an bainisteoir ciste cháilithigh—

(i) ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, nó

(ii) ag trádáil sa Stát trí áit sheasta ghnó,

déanfaidh an bainisteoir ciste cháilithigh, i ndáil le comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí go léir a bhaineann le cistí scoir ceadaithe a fhorchuirtear ar an mbainisteoir ciste cháilithigh de bhua na Caibidle seo—

(I) conradh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar conradh é is in-fhorfheidhmithe i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí sin agus le linn conradh den sórt sin a dhéanamh admhóidh agus comhaontóidh na páirtithe sa chonradh i scríbhinn—

(A) go mbeidh sé faoi réir rialú dhlíthe an Stáit agus faoi réir na ndlíthe sin amháin, agus

(B) go mbeidh dlínse eisiach ag cúirteanna an Stáit le linn aon díospóid a éireoidh faoi a chinneadh,

(II) a chinntiú go mbeidh duine ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, arna cheapadh nó arna ceapadh ag an mbainisteoir ciste cháilithigh,a bheidh freagrach as comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí sin go léir agus tabharfaidh an bainisteoir ciste cháilithigh fógra do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le ceapadh an duine sin agus céannacht an duine sin.”,

agus

(III) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar bhainisteoir ciste cháilithigh nó ar an duine a bheidh ceaptha faoi fho-alt (7)(a)(II), de réir mar a bheidh, cibé faisnéis agus sonraí a bheidh sonraithe san fhógra agus a cheanglóidh siad le réasún a thabhairt dóibh chun críocha na Caibidle seo, a sholáthar, laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra sin, agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis agus sna sonraí sin—

(a) ainm, seoladh agus uimhir thagartha cánach na pearsan aonair ar ina ainm nó ina hainm a bheidh nó a bhí an ciste scoir ceadaithe á shealbhú,

(b) ainm, seoladh agus uimhir thagartha cánach na pearsan aonair a ndearnadh aon dáileadh chuige nó chuici, agus

(c) méid aon dáiltí dá dtagraítear i mír (b).”,

(iii) in alt 784C(4)(a) trí “ag fáil ioncam sonraithe” a chur in ionad “i dteideal ioncaim shonraithe”, agus

(iv) i bhfo-alt 785 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) An tagairt i bhfo-alt (1) do dhuine do sheoladh gnó go dleathach sa Stát ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine, folóidh sí, chun críocha fho-alt (1), tagairt do ghnóthas árachais, atá údaraithe chun gnó a dhéanamh sa Stát faoi Threoir 2002/83/CE an 5 Samhain 2002 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar gnóthas é—

(a) nach gcónaíonn sa Stát, nó

(b) nach bhfuil ag trádáil sa Stát trí áit sheasta ghnó.”,

(c) i gCaibidil 2A—

(i) i bhfo-alt (1) d’alt 787A, trí “de réir alt 787G(5)(ii)” a chur in ionad “de réir alt 787G(5)”, sa mhíniú ar “riarthóir CCSP”,

(ii) in alt 787G—

(I) i bhfo-alt (1)(a), trí “déileálfar leis, d’ainneoin aon ní in alt 18 nó 19” a chur in ionad “déileálfar leis”, sa chéad áit a bhfuil sé,

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Tráth ar bith nach mbeidh riarthóir CCSP—

(a) ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, nó

(b) ag trádáil sa Stát trí áit sheasta ghnó,

déanfaidh an riarthóir CCSP, i ndáil le comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí go léir a bhaineann le Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta a fhorchuirtear ar an riarthóir CCSP de bhua na Caibidle seo—

(i) conradh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar conradh é is in-fhorfheidhmithe i mBallstát de chuid na gComhphobal Eorpach i ndáil le comhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí sin agus le linn conradh den sórt sin a dhéanamh admhóidh agus comhaontóidh na páirtithe sa chonradh i scríbhinn—

(I) go mbeidh sé faoi réir rialú dhlíthe an Stáit agus faoi réir na ndlíthe sin amháin, agus

(II) go mbeidh dlínse eisiach ag cúirteanna an Stáit le linn aon díospóid a éireoidh faoi a chinneadh,

(ii) a chinntiú go mbeidh duine ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, arna cheapadh nó arna ceapadh ag an riarthóir CCSP, a bheidh freagrach as comhlíonadh na ndualgas agus nan-oibleagáidí sin go léir agus tabharfaidh an riarthóir CCSP fógra do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le ceapadh an duine sin agus céannacht an duine sin.”,

agus

(III) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a cheangal ar riarthóir CCSP, ar sholáthróir CCSP nó ar an duine a cheapfar faoi fho-alt (5)(ii), de réir mar a bheidh, cibé faisnéis agus sonraí a bheidh sonraithe san fhógra agus a cheanglóidh siad le réasún a thabhairt dóibh chun críocha na Caibidle seo, a sholáthar, laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra sin, agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis agus sna sonraí sin—

(a) ainm, seoladh agus Uimhir PSP an ranníocóra CCSP,

(b) ainm, seoladh agus Uimhir PSP aon duine a ndearna an riarthóir CCSP nó an soláthróir CCSP aon íocaíochtaí leis nó léi, nó ar chuir an riarthóir CCSP nó an soláthróir CCSP aon sócmhainní ar fáil dó nó di, agus

(c) méid aon íocaíochtaí agus luach aon sócmhainní dá dtagraítear i mír (b).”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2A—

“Caibidil 2B

Pleananna Pinsin Thar Lear: Faoiseamh Comhalta Imircigh

Léiriú agus ginearálta (Caibidil 2B).

787M.— (1) Sa Chaibidil seo, muran-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn ‘riarthóir’, i ndáil le plean pinsin thar lear, an duine nó na daoine ag a bhfuil bainistiú an phlean;

folaíonn ‘ranníocaí’ préimheanna;

ciallaíonn ‘deimhniú ranníocaí’ deimhniú arna fháil ag an gcomhalta imirceach iomchuí ón riarthóir agus arna sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfoirm a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na críche sin, ina mbeidh na sonraí seo a leanas maidir leis an gcomhalta imirceach iomchuí den phlean do gach bliain féilire—

(a) a ainm nó a hainm, a sheoladh nó a seoladh, a Uimhir nó a hUimhir PSP agus a uimhir nó a huimhir thagartha polasaí,

(b) na ranníocaí a d’íoc sé nó sí faoin bplean sa bhliain sin, agus

(c) más iomchuí, na ranníocaí, más ann, a d’íoc a fhostóir nó a fostóir, nó a íocadh thar ceann a fhostóra nó a fostóra, ina leith faoin bplean sa bhliain sin;

ciallaíonn ‘plean pinsin thar lear’ conradh, comhaontú, sraith comhaontuithe, gníomhas iontaobhais nó comhshocraíochtaí eile, seachas scéim slándála sóisialaí stáit, a bhunaítear i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát, nó a dhéantar faoi dhlí Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát;

ciallaíonn ‘náisiúnach de Bhallstát de na Comhphobail Eorpacha’ aon phearsa aonair ag a bhfuil náisiúntacht nó saoránacht Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha;

ciallaíonn ‘uimhir thagartha polasaí’ an uimhir chéannachta uathúil de chuid comhalta imircigh iomchuí i ndáil le plean pinsin thar lear;

ciallaíonn ‘Uimhir PSP’ uimhir phearsanta seirbhíse poiblí de réir bhrí alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993;

ciallaíonn ‘plean cáilitheach pinsin thar lear’ plean pinsin thar lear—

(a) atá bunaithe de mheon macánta d’aon toisc chun sochair a sholáthar, is sochair de chineál atá cosúil leis na sochair dá dtagraítear i gCaibidlí 1, 2, nó 2A den Chuid seo,

(b) a bhfuil faoiseamh cánach ar fáil ina leith faoi dhlí an Bhallstáit de na Comhphobail Eorpacha ina bhfuil an plean bunaithe i leith aon ranníocaí arna n-íoc faoin bplean, agus

(c) a gcomhlíonann an comhalta imirceach iomchuí den phlean ceanglais fho-alt (2) i ndáil leis;

ciallaíonn ‘comhalta imirceach iomchuí’ pearsa aonair atá ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir sa Stát agus atá ina chomhalta nó ina comhalta de phlean cáilitheach pinsin thar lear agus, i ndáil le haon ranníocaí arna n-íoc faoin bplean—

(a) a bhí, an tráth a tháinig an phearsa aonair chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den phlean pinsin den chéad uair, ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát, agus a bhí i dteideal faoiseamh cánach a fháil i leith ranníocaí arna n-íoc faoin bplean faoi dhlí an Bhallstáit sin de na Comhphobail Eorpacha,

(b) a bhí ina chomhalta nó ina comhalta den phlean pinsin i dtosach na tréimhse inar tháinig an phearsa aonair chun bheith ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir sa Stát,

(c) a bhí, díreach roimh thosach na tréimhse sin, ina chónaí nó ina cónaí lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí 3 bliana, agus

(d) (i) atá ina náisiúnach de Bhallstát de na Comhphobail Eorpacha, nó

(ii) i gcás nach pearsa aonair den sórt sin é nó í, a bhí ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát, díreach sular tháinig sé nó sí chun bheith ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir sa Stát;

ciallaíonn ‘cónaitheoir’—

(a) i gcás Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha a bhfuil comhshocraíochtaí, a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 826(1)(a), déanta lena Rialtas, go meastar gur cónaitheoir sa Stát sin an phearsa aonair faoi na comhshocraíochtaí sin, agus

(b) in aon chás eile, go bhfuil an phearsa aonair, de bhua dhlí an Stáit sin, ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir sa Stát sin chun críocha cánach;

ciallaíonn ‘scéim slándála sóisialaí stáit’ córas cosanta sainordaithí a bhunóidh Rialtas tíre nó Rialtas críche seachas an Stát, d’fhonn leibhéal íosta ioncaim scoir nó sochair eile a sholáthar a gcinnfidh an Rialtas sin a leibhéal;

ciallaíonn ‘uimhir thagartha cánach’, i ndáil le foras a bheidh ag oibriú nó ag bainistiú plean pinsin thar lear, an uimhir chéannachta uathúil a leithroinnfidh Ballstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát, ar an bhforas chun críocha cánach, agus i gcás go leithroinnfear níos mó ná uimhir amháin den sórt sin, an uimhir thagartha a bheidh cuí don ghnó ar lena linn a eisíodh an plean pinsin thar lear.

(2) Is iad na ceanglais dá dtagraítear i mír (c) den mhíniú ar ‘plean cáilitheach pinsin thar lear’ i bhfo-alt (1) maidir leis an gcomhalta imirceach iomchuí—

(a) go ndéanfaidh sé nó sí na nithe seo a leanas a fháil ó riarthóir an phlean agus iad a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim i cibé foirm agus modh a shonróidh siad—

(i) cibé fianaise a cheanglóidh siad le réasún a thabhairt dóibh chun an cás a fhíorú i ndáil le míreanna (a) agus (b) den mhíniú ar ‘plean cáilitheach pinsin thar lear’ i bhfo-alt (1), agus

(ii) na sonraí seo a leanas i ndáil leis an bplean—

(I) ainm, seoladh agus uimhir thagartha cánach an fhorais a bheidh ag oibriú agus ag bainistiú an phlean,

(II) uimhir thagartha polasaí phlean an chomhalta imircigh iomchuí,

(III) an dáta a tháinig an comhalta imirceach iomchuí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den phlean,

(IV) an dáta a tháinig ranníocaí faoin bplean chun bheith iníoctha an chéad uair,

(V) an dáta a tháinig sochair faoin bplean chun bheith iníoctha an chéad uair,

agus

(b) go mbeidh treoir neamh-inchúlghairthe tugtha aige nó aici do riarthóir an phlean cibé faisnéis a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim a cheanglóidh siad le réasún a thabhairt dóibh i ndáil le haon íocaíochtaí arna ndéanamh faoin bplean.

Pleananna cáilitheacha pinsin thar lear: faoiseamh i leith ranníocaí.

787N.— (1) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go mbeidh ranníocaí íoctha le haon phlean cáilitheach pinsin thar lear—

(a) ag comhalta imirceach iomchuí den phlean sin, nó

(b) ag fostóir nó thar ceann fostóra i leith fostaí (de réir bhrí Chaibidil 1) is comhalta imirceach iomchuí den phlean sin,

ansin, i gcás gur chuir an comhalta imirceach iomchuí deimhniú ranníocaí ar fáil, beidh feidhm ag faoiseamh don bhliain mheasúnachta sin faoi fhorálacha alt 774(6), 774(7) agus 778(1) de Chaibidil 1 (a bhaineann le scéimeanna pinsin ceirde), nó, de réir mar a bheidh, alt 787 de Chaibidil 2 (a bhaineann le blianachtaí scoir), nó ailt 787C, 787E, 787F nó 787J de Chaibidil 2A (a bhaineann le cuntais choigiltis scoir phearsanta) fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis na ranníocaí sin amhail is—

(i) dá mba scéim cheadaithe dhíolmhaithe faoi Chaibidil 1 nó conradh blianachta arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim de thuras na huaire faoi Chaibidil 2, nó táirge CCSP arna cheadú faoi Chaibidil 2A chun críocha alt 94(3) d’Acht na bPinsean 1990 an plean cáilitheach pinsin thar lear, agus

(ii) dá mba dhuine díobh seo a leanas an comhalta imirceach iomchuí den phlean cáilitheach pinsin thar lear—

(I) fostaí de réir bhrí Chaibidil 1,

(II) pearsa aonair dá dtagraítear in alt 784(1) de Chaibidil 2, nó

(III) pearsa aonair dá dtagraítear i gCaibidil 2A.

(2) Maidir le pearsa aonair ar chomhalta imirceach iomchuí de phlean cáilitheach pinsin thar lear é nó í murach go mainníonn sé nó sí an ceanglas i mír (c) den mhíniú ar ‘comhalta imirceach iomchuí’ in alt 787M a chomhlíonadh, déileálfar leis an duine sin, dá ainneoin sin, mar chomhalta imirceach iomchuí má tá na Coimisinéirí Ioncaim den tuairim gur cheart sna himthosca go léir neamhaird a thabhairt chun na críche sin ar mhainneachtain na pearsan aonair an coinníoll a chomhlíonadh.

(3) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar riarthóir ar phlean cáilitheach pinsin thar lear a mbeidh treoir neamh-inchúlghairthe dá bhforáiltear in alt 787M(2)(b) faighte aige nó aici, cibé faisnéis agus sonraí i ndáil le híocaíochtaí faoin bplean a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún a thabhairt dóibh chun críocha na Caibidle seo a sholáthar laistigh de 30 lá ó dháta fógra den sórt sin.

(b) Sonrófar san fhógra dá dtagraítear i mír (a)—

(i) an fhaisnéis agus na sonraí a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt dóibh, agus

(ii) an fhoirm ina mbeidh agus an modh ar a mbeidh an fhaisnéis agus na sonraí sin le soláthar.”,

(e) i gCaibidil 4—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 790A:

Teorainn le tuilleamh.

790A.— D’ainneoin aon ní sa Chuid seo, d’fhonn faoiseamh a thabhairt do phearsa aonair—

(a) faoi Chaibidil 1 i leith ranníoca fostaí le scéim sochar scoir,

(b) faoi Chaibidil 2 i leith préimhe cáilithí faoi chonradh blianachta,

(c) faoi Chaibidil 2A i leith ranníoca CCSP, agus

(d) faoi Chaibidil 2B i leith ranníoca le plean pinsin thar lear,

ní mó ná €254,000 an comhiomlán de luach saothair na pearsan aonair, de réir bhrí Chaibidil 1 agus na Caibidle sin arna cur chun feidhme le Caibidil 2B, agus de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair, de réir bhrí Chaibidlí 2 agus 2A agus na gCaibidlí sin arna gcur chun feidhme le Caibidil 2B.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh 790A:

An scéim trasteorann a bheith díolmhaithe.

790B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i ndáil leis an Stát, an t-údarás náisiúnta a bheidh ainmnithe chun na dualgais a chomhlíonadh dá bhforáiltear sa Treoir agus a eascróidh as an Treoir a thraschur i ndlí an Stáit;

ciallaíonn ‘Treoir’ Treoir 2003/41/CE an 3 Meitheamh 2003 1 ó Chomhairle na hEorpa agus ón bParlaimint maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú foras le haghaidh soláthair scoir ceirde;

ciallaíonn ‘gnóthas Eorpach’, i ndáil le scéim, gnóthas atá suite i Stát Eorpach a dhéanann ranníocaí, nó a bheartaíonn ranníocaí a dhéanamh, le scéim i leith comhaltaí Eorpacha;

ciallaíonn ‘comhaltaí Eorpacha’ pearsana aonair atá nó a bhí fostaithe nó féinfhostaithe i Stát Eorpach agus ar ghlac iontaobhaithe na scéime ranníocaí, nó a mbeartaíonn na hiontaobhaithe sin ranníocaí a ghlacadh, ón ngnóthas Eorpach i leith na fostaíochta nó na féinfhostaíochta sin;

ciallaíonn ‘Stát Eorpach’ Ballstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát;

ciallaíonn ‘scéim’ scéim pinsin ceirde arna bunú sa Stát faoi iontaobhais neamh-inchúlghairthe a dhéanann, nó atá in ann, sochair scoir (de réir bhrí Airteagal 6(d) den Treoir) a sholáthar i ndáil le comhaltaí Eorpacha;

ciallaíonn ‘iontaobhaithe’, i ndáil le scéim, iontaobhaithe na scéime;

ciallaíonn ‘gnóthas’ aon ghnóthas nó comhlacht eile, is cuma an bhfolaíonn sé, nó an é atá ann, duine nó daoine, a ghníomhaíonn mar fhostóir nó mar chomhlachas, nó mar chomhlacht ionadaitheach eile, de chuid daoine féinfhostaithe.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) maidir le haon scéim ar ina leith, ag eascairt as an Treoir a thraschur i ndlí an Stáit, a bheidh—

(a) údarú, agus

(b) ceadú,

faighte ag na hiontaobhaithe ón údarás inniúil chun ranníocaí a ghlacadh ó ghnóthas Eorpach i leith comhaltaí Eorpacha, ar údarú é nach mbeidh cúlghairthe.

(3) (a) Lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, i leith ioncaim ó infheistíochtaí nó ó thaiscí scéime, más ioncam é, nó a mhéid a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta gur ioncam é, ó infheistíochtaí nó ó thaiscí a shealbhaítear chun críocha na scéime.

(b) (i) San fho-alt seo ciallaíonn ‘todh-chaíochtaí air-geadais’ agus ‘roghanna intrá-dála’, faoi seach, todhchaíochtaí air-geadais agus rogh-anna intrádála a ndéileáiltear iontu nó atá luaite, de thuras na huaire, ar aon mhalartán todh chaíochtaí nó aon stoc-mhalartán, cibé acu atá an malartán sin suite sa Stát nó nach bhfuil.

(ii) Chun críocha mhír (a), measfar gur infheistíocht aon chonradh a dhéanfar le linn bheith ag déileáil i dtodhchaíochtaí airgeadais nó i roghanna intrá-dála.

(c) Lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, i leith coimisiún frithgheallta má chuirtear na coimisiúin frithgheallta chun feidhme, nó a mhéid a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcuirfear chun feidhme iad, chun críocha na scéime, agus a mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, cáin inmhuirearaithe ina leith ar iontaobhaithe na scéime faoi Chás IV de Sceideal D.

(4) Chun críocha ailt 172A(1), 256(1) agus 739B(1), measfar go bhfolaíonn an tagairt do ‘scéim cheadaithe dhíolmhaithe de réir bhrí alt 774’ sa mhíniú ar ‘scéim pinsin’ sna hailt sin tagairt do scéim dá dtagraítear i bhfo-alt (2).”,

(f) i Sceideal 23—

(i) i mír 1 trí “i cibé foirm agus ar cibé modh a shonróidh siad” a chur isteach i ndiaidh “Coimisinéirí Ioncaim” sa chéad áit a bhfuil sé,

(ii) i mír 2:

(I) trí “agus” a scriosadh i bhfomhír (b)(ii),

(II) i bhfomhír (b)(iii) trí “fostóir, agus,” a chur in ionad “fostóir,”, agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b)(iii):

“(iv) íocaíochtaí ar mhodh pinsin, aisce nó sochar eile dá samhail;”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 2:

“2A.— Beidh aon tuairisceán, cóip de chuntais, faisnéis agus sonraí den sórt sin a cheanglaítear a sholáthar faoi mhír 2 i cibé foirm agus ar cibé modh a shonrófar san fhógra faoin mír sin.",

agus

(iv) i mír 4, fomhír (2), trí “in alt 772(2)(c)(ii).” a chur in ionad “in alt 772(2)(c).”.

(2) (a) Beidh feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) maidir le haon scéim sochar scoir (de réir bhrí alt 771 den Phríomh-Acht) arna ceadú an 1 Eanáir 2005 nó dá éis.

(b) Beidh feidhm ag mír (b), seachas fomhír (iii), d’fho-alt (1) maidir le haon chonradh blianachta arna cheadú de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 784 den Phríomh-Acht agus arna dhéanamh an 1 Eanáir 2005 nó dá éis.

(c) Beidh feidhm ag fomhír (iii) de mhír (b) d’fho-alt (1) maidir le haon fheidhmiú rogha de réir fho-alt (2A) d’alt 784 den Phríomh-Acht, an 3 Feabhra 2005 nó dá éis.

(d) Beidh feidhm ag mír (c) d’fho-alt (1) maidir le haon chonradh CCSP (de réir bhrí alt 787A den Phríomh-Acht) arna dhéanamh an 1 Eanáir 2005 nó dá éis maidir le táirge CCSP (de réir bhrí Chuid X d’Acht na bPinsean 1990) arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 787K den Phríomh-Acht.

(e) Beidh feidhm ag mír (d) d’fho-alt (1) maidir le ranníocaí le plean cáilitheach pinsin thar lear arna dhéanamh an 1 Eanáir 2005 nó dá éis.

(f) Beidh feidhm ag fomhír (i) de mhír (e) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

(g) Tiocfaidh fomhír (ii) de mhír (e) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(h) Beidh feidhm ag mír (f) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

1 OJ Uimh. L.235, 23.9.2003, lch. 10

1 OJ Uimh. L345, 19.12.2002, lch. 1

1 OJ Uimh. L345, 19.12.2002, lch. 1

1 OJ Uimh. L235, 23.9.2003, lch. 10