An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Cáin Ioncaim ) Ar Aghaidh (Caibidil 4 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil. )

5 2005

TODO

Caibidil 3

ÍMAT: Cumarsáidí Leictreonacha agus Teileafóin

Leasú ar Chaibidil 6 (tuairisceáin ar ioncam, brabúis, etc., agus tuairisceáin eile ar Ioncam a tharchur go leictreonach) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

22. Le héifeacht ó dháta an Achta seo a rith leasaítear Caibidil 6 (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2001) de Chuid 38 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 917D tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “síniú digiteach”:

“ciallaíonn ‘aitheantóir leictreonach’ i ndáil le duine—

(a) síniú digiteach an duine, nó

(b) cibé modh eile aitheanta leictreonaí a shonróidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Caibidle seo;”,

(b) in alt 917F(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) má bhíonn aitheantóir leictreonach an duine sin ar an tarchur, agus”,

(c) in alt 917G(1) trí “aitheantóirí leictreonacha” a chur in ionad “sínithe digiteacha”,

(d) in alt 917H—

(i) i mír (b) d’fho-alt (2) trí “aitheantóra leictreonaigh” a chur in ionad “sínithe dhigitigh” agus i mír (c) d’fho-alt (3) trí “aitheantóir leictreonach” a chur in ionad “síniú digiteach”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Chun críocha fho-alt (3), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim téarmaí agus coinníollacha éagsúla a chinneadh i ndáil le tuairisceáin éagsúla nó earnálacha éagsúla tuairisceáin, earnálacha éagsúla daoine agus tuairisceáin éagsúla nó earnálacha éagsúla tuairisceáin arna ndéanamh ag earnálacha éagsúla daoine.”.

Éilimh leictreonacha.

23. Le héifeacht ó dháta an Achta seo a rith leasaítear an Príomh-Acht i gCuid 37 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 864:

“864A.— (1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘cumarsáidí leictreonacha ceadaithe’ an cineál sin cumarsáidí leictreonacha a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘cumarsáid leictreonach’ cumarsáid trí theicneolaíocht leictreonach, dhigiteach, mhaighnéadach, optúil, leictreamaighnéadach, bhithmhéadrach nó fhótónach, agus trí theicneolaíocht ghaolmhar, trína ndéantar sonraí a tharchur, lena n-áirítear gaireas teileafóin, agus déanfar ‘meán leictreonach’ a fhorléiriú dá réirsin;

ciallaíonn ‘gaireas teileafóin’ gaireas teileagrafaíochta a bheidh deartha nó oiriúnaithe chun teachtaireachtaí labhartha nó faisnéis, nó iad araon, a tharchur agus a ghlacadh, ar mhodh seirbhíse teileachumarsáide poiblí.

(b) I mír (a)—

tá le ‘faisnéis’ an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000;

tá le ‘seirbhís teileachumarsáide phoiblí’ an bhrí a shanntar dó le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Bonneagar Teileachumarsáide) 1997 (I.R. Uimh. 338 de 1997).

(c) Ach amháin i gcás go n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, beidh feidhm ag an alt seo maidir le héileamh ar liúntas, asbhaint nó faoiseamh a bheidh le cur i gcuntas—

(i) le linn asbhaintí nó aisíocaíochtaí cánach a dhéanamh faoi Chaibidil 4 de Chuid 42 agus faoi na rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, nó

(ii) ach amháin i gcás duine inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 950), i ndáil le haisíocaíocht cánach arna hasbhaint faoin gCaibidil sin agus faoi na rialacháin sin.

(d) Folaíonn tagairtí san alt seo do ‘éileamh ar liúntas, asbhaint nó faoiseamh’ tagairtí—

(i) do roghnú a dhéanamh,

(ii) d’fhógra a thabhairt,

(iii) d’éileamh, roghnú nó fógra a leasú, agus

(iv) d’aon éileamh, roghnú nó fógra a tharraingt siar,

i ndáil le liúntas, asbhaint nó faoiseamh, agus folaíonn siad freisin tagairtí do roghnú, fógra nó iarratas chun críocha Chaibidil 1 de Chuid 44 nó d’éileamh faoi Rialachán 26(5) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 (I.R. Uimh. 559 de 2001).

(e) D’ainneoin aon achtacháin eile, ní fholaíonn tagairtí san alt seo d’éileamh i scríbhinn tagairt d’éileamh arna dhéanamh trí fhocail a léiriú nó a atáirgeadh i bhfoirm infheicthe trí úsáid a bhaint as meán leictreonach.

(2) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó d’ionstraimí arna ndéanamh fúthu lena gceanglaítear éileamh lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh i scríbhinn nó le fógra nó i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, féadfaidh duine aonair cibé éilimh a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh trí mheán cumarsáide leictreonaí ceadaithe, ach sin faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham is cuí agus a shonróidh siad chun críocha an ailt seo.

(3) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe acu de thuras na huaire chun críocha an ailt seo a chur i bhfios i cibé slí is cuí leo.

(4) I gcás go mbeidh téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le héilimh lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh, ceanglaítear cibé éilimh a dhéanfar trí chumarsáid leictreonach a dhéanamh de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin.

(5) (a) Ní fhéadfaidh téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an ailt seo aon cheanglas arna chur le haon achtachán nó faoi aon achtachán maidir leis an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar aon éileamh, nó maidir leis an ábhar a bheidh in aon éileamh, a mhodhnú.

(b) Féadfaidh foráil a bheith ar áireamh sna téarmaí agus coinníollacha sin le haghaidh na slí ina gcomhlíonfar aon cheanglas maidir leis an ábhar a bheidh in éileamh i gcás nach i scríbhinn a thugtar an t-éileamh a aird.

(6) I gcás go ndéanfaidh duine éileamh de réir an ailt seo—

(a) measfar, mura gcruthófar agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é nó í an duine a airbheartaíonn go ndearna sé nó sí an t-éileamh a rinne é, agus

(b) déileálfar leis an éileamh mar éileamh a rinneadh an tráth a bheidh sé admhaithe, i cibé slí, ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuair siad é.

(7) Má dhéanann duine éileamh de réir an ailt seo ní choiscfidh sé sin ar oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim fiosrú a dhéanamh faoin éileamh de réir alt 886A (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2005).

(8) I gcás inarb éard a bhíonn de thoradh ar éileamh arna dhéanamh de réir an ailt seo, go n-eisítear fógra nó fógra leasaithe don éilitheoir maidir le creidmheasanna cánach agus le scoithphointe ráta chaighdeánaigh a chinneadh, measfar go ndearna an cigire, de réir mar is cuí, an méid creidmheasanna cánach agus an scoithphointe ráta chaighdeánaigh is cuí don éilitheoir a chinneadh de réir Rialachán 10, nó an méid a leasú de réir Rialachán 13, de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí)(Comhdhlúite) 2001.

(9) Beidh feidhm ag alt 917M (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2001) i leith imeachtaí i ndáil leis an alt seo, ar an modh céanna atá feidhm aige i leith imeachtaí i ndáil le Caibidil 6 de Chuid 38, faoi réir aon mhodhnuithe is gá lena n-áirítear tagairt d’alt 864A a chur in ionad tagartha d’alt 917F(1) i ngach áit a bhfuil sé in alt 917M.

(10) Féadfaidh aon oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh ag gníomhú faoi údarás na gCoimisinéirí Ioncaim aon ghníomh a bheidh le déanamh nó aon fheidhm a bheidh le comhlíonadh acu a dhéanamh nó a chomhlíonadh, is gníomh nó feidhm a údaraítear leis an alt seo.”.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le héilimh ó phearsana aonair.

24. (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 458—

(i) trí “, faoi réir fho-alt (1B),” a chur isteach i ndiaidh “éileamh sa chéill sin agus” i bhfo-alt (1), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A)(a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2001):

“(1B) Ní bheidh feidhm ag an gceanglas i bhfo-alt (1) tuairisceán a thabhairt san fhoirm fhorordaithe ar ioncam iomlán na pearsan aonair, ach amháin i gcás ina n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, i gcás ina mbeidh an t-éileamh le cur i gcuntas—

(a) le linn asbhaintí nó aisíocaíochtaí cánach a dhéanamh faoi Chaibidil 4 de Chuid 42 agus na rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, nó

(b) ach amháin i gcás duine inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 950), i ndáil le haisíocaíocht cánach a asbhaineadh faoin gCaibidil sin agus faoi na rialacháin sin.”,

(b) in alt 459 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4), ach amháin i gcás ina n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, i ndáil le héileamh a bheidh le cur i gcuntas—

(a) le linn asbhaintí nó aisíocaíochtaí cánach a dhéanamh faoi Chaibidil 4 de Chuid 42 agus faoi na rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, nó

(b) ach amháin i gcás duine inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 950), i ndáil le haisíocaíocht cánach a asbhaineadh faoin gCaibidil sin agus faoi na rialacháin sin.”,

agus

(c) in alt 865—

(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b)(i):

“(i) i gcás ina dtabharfaidh duine ráiteas nó tuairisceán a cheanglaítear ar an duine sin a sheachadadh de réir aon fhorála de na hAchtanna do thréimhse inmhuirearaithe, déileálfar le ráiteas nó tuairisceán den sórt sin mar éileamh bailí i ndáil le haisíocaíocht cánach más rud é—

(I) go mbeidh an fhaisnéis go léir sa ráiteas nó sa tuairisceán a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun a chumasú dóibh a chinneadh an bhfuil, agus cá mhéad atá, aisíocaíocht cánach dlite don duine don tréimhse inmhuirearaithe sin, agus

(II) maidir leis an aisíocaíocht a ndéileálfar léi mar aisíocaíocht a éilítear, má tá sí dlite—

(A) go n-éireodh sí as an measúnacht i leith cánach arna déanamh ag an gcigire de réir bhrí alt 950 (dá ngairtear an ‘cigire’ sa chlásal seo) an tráth a tugadh an ráiteas nó an tuairisceán, de dhroim an ráitis nó an tuairisceáin, nó

(B) go mbeadh sí tar éis éirí as an measúnacht i leith cánach a dhéanfadh an cigire an tráth a tugadh an ráiteas nó an tuairisceán, de dhroim an ráitis nó an tuairisceáin dá mbeadh measúnacht i leith cánach déanta ag an gcigire an tráth sin,”

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) (a) Faoi réir mhír (b), ní choiscfidh fo-alt (3) ar na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíocht a dhéanamh le duine seachas duine inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 950) i leith cánach a asbhaineadh, de réir Chaibidil 4 de Chuid 42 agus faoi na rialacháin arna ndéanamh fúithi, as díolaíochtaí an duine sin do bhliain mheasúnachta i gcás inar deimhin leo, ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil dóibh, gur mó an méid cánach a asbhaineadh amhlaidh, agus a bhfuil an duine i dteideal creidmheasa ina leith, ná dliteanas an duine don bhliain sin.

(b) Ní dhéanfar aisíocaíocht dá dtagraítear i mír (a) tráth nach gceadófaí éileamh ar an aisíocaíocht faoi fho-alt (4).”.

(2) (a) Beidh feidhm ag mír (c)(i) d’fho-alt (1) maidir le ráitis nó tuairisceáin arna dtabhairt an 3 Feabhra, 2005 nó dá éis.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (1)(seachas mír (c)(i)) le héifeacht ó dháta rite an Achta seo.

Taifid a choinneáil agus a iniúchadh i ndáil le héilimh ó phearsana aonair.

25. Le héifeacht ó dháta rite an Achta seo leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 3 de Chuid 38 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 886:

“886A.— (1) Coimeádfaidh agus caomhnóidh pearsa aonair ar mian leis nó léi, i ndáil le bliain mheasúnachta, éileamh a dhéanamh ar liúntas, ar asbhaint nó ar fhaoiseamh i ndáil le cáin ioncaim, na taifid sin go léir is gá chun a chumasú don phearsa aonair éileamh cruinn agus iomlán a dhéanamh.

(2) Déanfaidh pearsa aonair na taifid a cheanglaítear ar an bpearsa aonair a choimeád agus a chaomhnú de réir fho-alt (1) a choinneáil ar feadh cibé tréimhse díobh seo a leanas is faide—

(a) i gcás ina ndéanfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim fiosrúcháin maidir leis an éileamh nó le haon leasú ar an éileamh, an tréimhse dar críoch an lá a dhéileálfaidh an t-oifigeach leis na fiosrúcháin sin mar fhiosrúcháin a bheidh críochnaithe, agus

(b) tréimhse 6 bliana dar tosach deireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an t-éileamh.

(3) Faoi réir fho-alt (4), dlífear pionós €1,520 a chur ar phearsa aonair a mhainníonn fo-alt (1) a chomhlíonadh i ndáil le haon éileamh a dhéanfar maidir le bliain mheasúnachta agus, chun pionós a ghnóthú faoin bhfo-alt seo, beidh feidhm ag alt 1061 mar atá feidhm aige chun pionós a ghnóthú faoi aon cheann de na hailt dá dtagraítear san alt sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) más rud é, maidir le haon fhíoras a mbeidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim ag iarraidh le réasún go gcruthófaí é, agus ar fíoras é a bheadh cruthaithe ag na taifid, gur deimhin leis an oifigeach go ndéanann fianaise dhoiciméadach eile a bheidh tugtha don oifigeach é a chruthú.

(5) Faoi réir fhorálacha alt 956, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim fiosrúchán a dhéanamh—

(a) maidir le héileamh a dhéanfaidh pearsa aonair, nó

(b) maidir le haon leasú a dhéanfaidh pearsa aonair ar éileamh a bheidh déanta ag an bpearsa aonair,

más rud é go dtugann an t-oifigeach, laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta ina ndéantar an t-éileamh, nó (de réir mar a bheidh) aon leasú ar an éileamh, fógra don phearsa aonair sin i dtaobh é a bheith ar intinn aige nó aici déanamh amhlaidh.

(6) I gcás ina dtabharfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim fógra faoi fho-alt (5) d’aon phearsa aonair (dá ngairtear an ‘t-éilitheoir’ san fho-alt seo) i dtaobh é a bheith ar intinn aige nó aici fiosrúchán a dhéanamh—

(a) maidir le héileamh a bheidh déanta ag an éilitheoir, nó

(b) maidir le haon leasú a bheidh déanta ag an éilitheoir ar éileamh den sórt sin,

ansin féadfaidh an t-oifigeach an tráth céanna nó aon tráth dá éis sin trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an éilitheoir, laistigh de cibé tréimhse ama (is tréimhse ama nach giorra ná 30 lá) a shonrófar san fhógra—

(i) go dtabharfaidh sé nó sí ar aird don oifigeach cibé doiciméid a bheidh i seilbh nó faoi chumhacht an éilitheora agus a theastóidh le réasún ón oifigeach d’fhonn a chinneadh an bhfuil an t-éileamh nó an leasú cruinn agus, má tá, a mhéid atá sé cruinn, agus

(ii) go dtabharfaidh sé nó sí don oifigeach cibé cuntais nó sonraí a theastóidh le réasún ón oifigeach chun na críche sin.

(7) Le linn fógra faoi fho-alt (6) a chomhlíonadh, féadfaidh pearsa aonair cóipeanna de dhoiciméid a thabhairt don oifigeach in ionad na ndoiciméad bunaidh, ach—

(a) ní foláir gur cóipeanna fótagrafacha nó macasamhla eile na cóipeanna, agus

(b) féadfaidh an t-oifigeach le fógra a cheangal go dtabharfar an doiciméad bunaidh ar aird lena iniúchadh.

(8) Féadfaidh an t-oifigeach cóipeanna a dhéanamh d’aon doiciméad a thabharfar ar aird dó nó di faoin alt seo nó sleachta a thógáil as.”.

Leasú ar alt 997 (forálacha forlíontacha (Caibidil 4)) den Phríomh-Acht.

26. Le héifeacht ó dháta rite an Achta seo leasaítear alt 997 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) I gcás ina ndéanfaidh an cigire, de réir fhorálacha Rialachán 37 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 (I. R. Uimh. 559 de 2001) ráiteas dliteanais a chur chuig fostaí, déileálfar leis an ráiteas sin, má ordaíonn an cigire amhlaidh agus má thugann sé nó sí fógra dá réir sin sa ráiteas, nó i dteannta an ráitis, a chuirfear chuig an bhfostaí, ar gach slí amhail is dá mba mheasúnacht arna déanamh ar an bhfostaí é, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus le bailiú agus gnóthú cánach a mhuirearaítear i measúnacht maidir leis an ráiteas.”.