An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Mál ) Ar Aghaidh (CUID 4 Dleachtanna Stampa )

6 2006

TODO

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid 3).

92 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha 1972.

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

93 .— (1) Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “seirbhís talmhaíochta”:

“ciallaíonn ‘soláthar coimhdeach’ soláthar, is cuid de sholáthar ilchodach, nach bhfuil indealaithe go fisiciúil agus go heacnamaíoch ó phríomhsholáthar agus nach féidir a sholáthar ach amháin i gcomhthéacs an príomhsholáthar sin a theachtadh níos fearr;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Comhphobal”:

“ciallaíonn ‘soláthar ilchodach’ soláthar arna dhéanamh ag duine inchánach do chustaiméir arb éard atá ann dhá sholáthar earraí nó seirbhísí nó níos mó nó aon teaglaim díobh, arna soláthar i dteannta a chéile, ar príomhsholáthar ceann acu;”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “allmhairiú earraí”:

“ciallaíonn ‘soláthar aonair’ soláthar earraí nó soláthar seirbhísí ar comhchuid é d’ilsoláthar agus atá indealaithe go fisiciúil agus go heacnamaíoch ó na hearraí eile nó na seirbhísí eile ar cuid den ilsoláthar sin iad, agus ar féidir é a sholáthar mar earra ann féin nó mar sheirbhís inti féin;”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “earraí sochorraithe”:

“ciallaíonn ‘ilsoláthar’ dhá sholáthar aonair nó níos mó arna ndéanamh ag duine inchánach le custaiméir i gcás go ndéanfar na soláthairtí sin i dteannta a chéile ar chomaoin iomlán a chuimsíonn na soláthairtí aonair sin go léir, agus i gcás nach soláthar ilchodach na soláthairtí aonair sin;”,

agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “duine a bheidh cláraithe i leith cánach breisluacha”:

“ciallaíonn ‘príomhsholáthar’ an soláthar earraí nó seirbhísí arb éard atá ann an phríomhghné de sholáthar ilchodach agus ar coimhdeach leis aon soláthar eile is cuid den soláthar ilchodach sin;”.

(2) Tagann fo-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

94 .— Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) go (d):

“(a) earraí is cuid de shócmhainní gnó a úsáid—

(i) chun úsáide príobháidí duine inchánach nó fhoireann an duine sin, nó

(ii) chun aon chríocha seachas críocha ghnó an duine inchánach,

i gcás go bhfuil an cháin ar na hearraí sin inasbhainte go hiomlán nó go páirteach,

(b) seirbhísí a sholáthar a thug duine inchánach in aisce chun úsáide príobháidí an duine sin féin nó fhoireann an duine sin nó chun aon chríocha seachas críocha ghnó an duine sin,

(c) duine inchánach do sholáthar seirbhísí chun críocha ghnó an duine sin i gcás nach mbeadh an cháin ar na seirbhísí sin, dá mba dhuine inchánach eile a sholáthair iad, inasbhainte go hiomlán.”.

Leasú ar alt 8 (daoine inchánach) den Phríomh-Acht.

95 .— Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-ailt (3), (3A) agus (9), le héifeacht ón 1 Bealtaine 2006, trí “€27,500” a chur in ionad “€25,500” agus trí “€55,000” a chur in ionad “€51,000” cibé áit a bhfuil sé, agus

(b) i bhfo-alt (8) mír (a) trí “más dóigh leo gur gá nó gur cuí chun críche riaradh éifeachtach agus éifeachtúil na cánach, lena n-áirítear í a bhailiú, sin a dhéanamh,” a chur in ionad “go mbeadh sé fóirsteanach, ar mhaithe le riaradh éifeachtúil na cánach sin a dhéanamh”.

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

96 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (4)—

(a) trí “chun críocha mhír (a) nó (b) d’alt 5(3)” a chur in ionad “chun críocha alt 5(3)”, agus

(b) trí “, agus is é margadhluach oscailte na seirbhísí a sholáthrófar an méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar seirbhísí de bhua rialachán arna ndéanamh chun críocha alt 5(3)(c)” a chur isteach i ndiaidh “de réir mar a bheidh”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

97 .— (1) Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht —

(a) i bhfo-alt (1B) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) Beidh éifeacht le cinneadh faoin bhfo-alt seo chun críocha uile an Achta seo—

(i) i ndáil le duine inchánach a dhéanfaidh iarratas ar an gcinneadh, amhail ar agus ón dáta a shonrófar chun na críche sin sa chinneadh a chuirfear in iúl don duine inchánach de réir mhír (e)(i), agus

(ii) i ndáil le haon duine eile, amhail ar agus ón dáta a shonrófar chun na críche sin sa chinneadh arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Faoi réir alt 10(8)—

(i) i gcás soláthair ilchodaigh, maidir leis an gcáin is inmhuirearaithe ar an gcomaoin iomlán a mbeidh an duine inchánach i dteideal a fháil i leith an tsoláthair ilchodaigh sin, beidh sí de réir an ráta arna shonrú i bhfo-alt (1) is cuí don phríomhsholáthar, ach más gníomhaíocht dhíolmhaithe an príomhsholáthar sin, ní bheidh cáin inmhuirearaithe i leith an tsoláthair ilchodaigh sin,

(ii) i gcás ilsoláthair, maidir leis an gcáin is inmhuirearaithe ar gach soláthar aonair san ilsoláthar sin, beidh sí de réir an ráta arna shonrú i bhfo-alt (1) is cuí do gach soláthar aonair den sórt sin agus, d’fhonn an méid inchánach is inchurtha i leith gach soláthair aonair a fháil amach chun an ráta cuí a chur chun feidhme i ndáil leis an méid sin, déanfar an chomaoin iomlán a mbeidh an duine inchánach i dteideal a fháil i leith an ilsoláthair sin a chionroinnt idir na soláthairtí aonair sin ar shlí a léireoidh i gceart an cóimheas atá idir luach gach soláthair aonair den sórt sin agus iomlán na comaoine i leith an ilsoláthair sin.

(b) I gcás ina bhfaighidh duine soláthar ilchodach nó ilsoláthar trína fháil laistigh den Chomhphobal, beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo maidir leis an bhfáil sin.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh de réir mar is gá ina sonrófar na nithe seo a leanas—

(i) na himthosca nó na coinníollacha a bhféadfar nó nach bhféadfar déileáil fúthu le soláthar mar sholáthar coimhdeach, mar sholáthar ilchodach, mar sholáthar aonair, mar ilsoláthar nó mar phríomhsholáthar,

(ii) na modhanna cionroinnte a fhéadfar a chur chun feidhme chun críocha mhíreanna (a) agus (b),

(iii) méid íosta, nó gné de sholáthar, a bhféadfar neamhshuim a dhéanamh de nó di chun an fo-alt seo a chur chun feidhme.”.

(2) Tagann mír (b) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

98 .— Leasaítear alt 12 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)(b)—

(a) trí “lasmuigh den Chomhphobal,” a chur in ionad “lasmuigh den Chomhphobal, agus” i bhfomhír (ii)(II), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iia) seirbhísí arb éard iad an duine inchánach d’eisiúint stoic nua, scaireanna nua, bintiúir nua nó urrúis nua eile a mhéid go ndéanfar an eisiúint sin d’fhonn caipiteal a chruinniú chun críocha soláthairtí inchánach an duine inchánach, agus”.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

99 .— (1) Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)(e):

“(e) (i) an tslí ina bhféadfar aon mhéid áirithe a chionroinnt, lena n-áirítear na modhanna cionroinnte a fhéadfar a chur chun feidhme chun críocha mhíreanna (a) agus (b) d’alt 11(3),

(ii) na himthosca nó na coinníollacha a bhféadfar nó nach bhféadfar déileáil fúthu le soláthar mar sholáthar coimhdeach, mar sholáthar ilchodach, mar sholáthar aonair, mar ilsoláthar nó mar phríomhsholáthar,

(iii) méid réasúnta beag, nó gné de sholáthar, a bhféadfar neamhshuim a dhéanamh de nó di chun alt 11(3) a chur chun feidhme;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach chun lánéifeacht a thabhairt—

(a) do Threoir Uimh. 77/388/CEE an 17 Bealtaine 1977 ón gComhairle 19 ,

(b) do Threoir Uimh. 79/1072/CEE an 6 Nollaig 1979 ón gComhairle 20 ,

(c) do Threoir Uimh. 86/560/CEE an 17 Samhain 1986 ón gComhairle 21 .”.

(2) Tagann mír (a) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

100 .— Leasaítear an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú) 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht

(a) i mír (i)(a), trí “seachas stoic nua, scaireanna nua, bintiúir nua nó urrúis nua a eisiúint chun go gcruinneofar caipiteal,” a chur isteach i ndiaidh “a eisiúint,”, agus

(b) i mír (i)(b), trí eisiúint stoc, scaireanna, bintiúr nó urrús eile, seachas doiciméid a shuíonn teideal chun earraí,” a chur in ionad “eisiúna a shonraítear i bhfomhír (a),”.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

101 .— Le héifeacht ón 1 Bealtaine 2006, leasaítear an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i míreanna (viib) agus (viic) trí “€27,500” a chur in ionad “€25,500”.

19 OJ Uimh. L145 an 13.6.1977, lch. 1

20 OJ Uimh. L331 an 6.12.1979, lch. 11

21 OJ Uimh. L326 an 21.11.1986, lch. 40