Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL Aisghairm )

20 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 2006


An tACHT COSANTA (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1. Mínithe.

2. Feidhm forálacha áirithe d’Acht 1960 agus den Phríomh-Acht.

3. Díorma nó comhalta de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse eachtraí chun críocha seachas seirbhís le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

4. Dliteanas comhaltaí de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát.

5. Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht.

6. Leasú ar alt 70 den Phríomh-Acht.

7. Leasú ar alt 192 den Phríomh-Acht.

8. Leasú ar alt 2 d’Acht 1960.

9. Leasú ar alt 4 d’Acht 1960.

10. Leasú ar alt 6 d’Acht 1960.

11. Comhaltas eagraíochta idirnáisiúnta.

12. Aisghairm.

13. Tuarascáil bhliantúil do Dháil Éireann.

14. Caiteachais.

15. Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú

AN SCEIDEAL Aisghairm

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005

2005, Uimh. 2

An tAcht Cosanta 1954

1954, Uimh. 18

Na hAchtanna Cosanta 1954 go 1998

An tAcht Cosanta (Leasú) 1993

1993, Uimh. 18

An tAcht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2) 1960

1960, Uimh. 44

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 2006


An tACHT COSANTA (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT d’ÚDARÚ DÍORMAÍ NÓ COMHALTAÍ DE NA BUAN-ÓGLAIGH A CHUR CHUN BEALAIGH LE hAGHAIDH SEIRBHÍSE LASMUIGH DEN STÁT AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[12 Iúil, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2) 1960;

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta”—

(a) na Náisiúin Aontaithe,

(b) an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip,

(c) an tAontas Eorpach nó aon institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh, nó

(d) aon socrú nó gníomhaireacht réigiúnach a ghlacann páirt, nó a ghlac páirt, in oibríochtaí mar chuid d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe;

ciallaíonn “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” fórsa nó comhlacht idirnáisiúnta a bhunaítear, a chuirtear faoi mhandáid, a údaraítear, a dtaobhaítear leis, a dtugtar tacaíocht dó, a cheadaítear nó a dhéantar a fhaomhadh ar shlí eile le rún ó Chomhairle Slándála nó ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cosanta 1954;

ciallaíonn “traenáil” aon chlár nó cúrsa oideachais, traenála nó freachnamh agus folaíonn sé seimineáir agus freachnaimh straitéise agus pleanála.

Feidhm forálacha áirithe d’Acht 1960 agus den Phríomh-Acht.

2 .— (1) Beidh feidhm ag ailt 2, 4 agus 6 d’Acht 1960, agus beidh éifeacht leo, amhail is dá mba thagairt d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe, arna mhíniú in alt 1 den Acht seo, gach tagairt d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe in aon cheann de na hailt sin.

(2) Maidir leis na forálacha den Phríomh-Acht atá sonraithe in alt 4 d’Acht 1960, arna leasú leis an Acht seo, beidh feidhm acu, agus beidh éifeacht leo, amhail is dá mba thagairt d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe, arna mhíniú in alt 1 den Acht seo, gach tagairt d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe sna forálacha sin.

Díorma nó comhalta de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse eachtraí chun críocha seachas seirbhís le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

3 .— (1) Féadfar, le ceadú roimh ré ón Rialtas agus ar údarás an Rialtais, díorma nó comhalta de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun na gcríoch seo a leanas—

(a) dualgais a chomhall mar ionadaí míleata nó ceapacháin nó poist lasmuigh den Stát a líonadh, lena n-áirítear iasachtú chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta,

(b) traenáil a sheoladh nó páirt a ghlacadh i dtraenáil,

(c) dualgais searmanais a chomhall, páirt a ghlacadh i malartuithe nó dul ar cuairteanna,

(d) dualgais faireacháin, breathnóireachta nó comhairleacha a ghabháil de láimh,

(e) páirt a ghlacadh i misin taiscéalaíochta nó aimsithe fíoras, nó misin den sórt sin a ghabháil de láimh,

(f) tascanna daonchairdiúla a ghabháil de láimh mar fhreagra ar thubaiste nó éigeandáil iarbhír nó ionchasach,

(g) páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt, nó

(h) stórais, trealamh agus saoráidí a iniúchadh agus a mheasúnú.

(2) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an Rialtas ceadú ginearálta a thabhairt, ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh siad, do cibé aicmí d’aon cheann de na gníomhaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (1) agus is cuí leo agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh siad.

Comhaltaí de na Buan-Óglaigh a bheith faoi dhliteanas le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát.

4 .— (1) D’ainneoin aon achtacháin eile ach faoi réir fho-alt (2), beidh gach comhalta de na Buan-Óglaigh faoi dhliteanas fónamh lasmuigh den Stát—

(a) le díorma de na Buan-Óglaigh a chuirtear chun bealaigh le haghaidh seirbhíse le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe faoi alt 2 d’Acht 1960, nó

(b) le díorma nó mar chomhalta a chuirtear chun bealaigh le haghaidh seirbhíse chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht seo.

(2) Faoi reir fho-alt (3), ní bheidh comhalta de na Buan-Óglaigh a ceapadh nó a liostáladh roimh an 1 Iúil 1993 faoi dhliteanas fónamh lasmuigh den Stát le díorma de na Buan-Óglaigh a chuirtear chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát mar chuid d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe mura rud é gurb é atá san fhórsa sin fórsa nó comhlacht arna bhunú ag Comhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun dualgais de chineál póilíneachta a chomhlíonadh.

(3) I gcás ina mbeidh tairiscint déanta i scríbhinn ag comhalta de na Buan-Óglaigh (is comhalta a shonraítear bhfo-alt (2)), cibé acu roimh dháta rite an Achta seo, ar an dáta sin nó dá éis, é féin a chur faoi dhliteanas le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát le linn tréimhse sonraithe mar chuid d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe (seachas fórsa nó comhlacht arna bhunú ag Comhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun dualgais de chineál póilíneachta a chomhlíonadh) agus go mbeidh glactha leis an tairiscint sin ag an Aire nó ag oifigeach atá údaraithe chuige sin ag an Aire, beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an gcomhalta sin freisin le linn na tréimhse sin.

Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 61 (arna leasú le halt 4 d’Acht 1960) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt 2(b)(ia), trí “agus go ndéanfar é le linn, nó tráth nach faide ná mí roimh thosach, na seirbhíse sin” a scriosadh,

(b) i bhfo-alt (3), trí “agus go ndéanfar é le linn, nó tráth nach faide ná mí roimh thosach, na seirbhíse sin” a scriosadh, agus

(c) i bhfo-alt (5)—

(i) trí “nó alt 296 den Acht seo” a scriosadh, agus

(ii) trí “nó chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe”.

Leasú ar alt 70 den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 70 (arna leasú le halt 4 d’Acht 1960) den Phríomh-Acht trí “nó chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” gach áit a bhfuil na focail sin.

Leasú ar alt 192 den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 192(3) (arna leasú le halt 56 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005) den Phríomh-Acht trí “nó le linn don duine sin a bheith curtha chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “ar fianas”.

Leasú ar alt 2 d’Acht 1960.

8 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1960—

(a) i bhfo-alt (1), trí “fho-ailt (2) agus (3)” a chur in ionad “fho-alt (2)”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Féadfar díorma nó comhalta de na Buan-Óglaigh, le ceadú roimh ré agus ar údarás ón Rialtas, a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát mar chuid d’fhórsa atá le tabhairt le chéile nó le bordáil roimh imscaradh mar chuid d’Fhórsa Idirnáisiúnta áirithe ó na Náisiúin Aontaithe, más rud é, agus más rúd é amháin, nach ndéantar an díorma nó an comhalta a imscaradh amhlaidh go dtí go mbeidh rún faoi fho-alt (1) den alt seo, ag ceadú iad a chur chun bealaigh le haghaidh na seirbhíse sin, rite ag Dáil Éireann.”.

Leasú ar alt 4 d’Acht 1960.

9 .— Leasaítear alt 4 d’Acht 1960—

(a) i bhfo-alt (4)(a)—

(i) trí “Beidh éifeacht ag alt 75” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, beidh éifeacht ag alt 75”, agus

(ii) trí “nó chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe”,

(b) i bhfo-alt (4)(b), trí “nó chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” gach áit a bhfuil na focail sin, agus

(c) i bhfo-alt (5), trí “nó chun aon críche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe”.

Leasú ar alt 6 d’Acht 1960.

10 .— Leasaítear alt 6(1) d’Acht 1960 trí “nó chun aon críche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe”.

Comhaltas eagraíochta idirnáisiúnta.

11 .— Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní lena n-údaraítear don Stát teacht chun bheith ina chomhalta d’eagraíocht idirnáisiúnta nach comhalta di é cheana féin.

Aisghairm.

12 .— Aisghairtear gach ceann de na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Tuarascáil bhliantúil do Dháil Éireann.

13 .— Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta i ndiaidh an 1ú lá d’Eanáir gach bliain ag tosú an 1ú lá d’Eanáir 2007, tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann maidir le hoibriú alt 2 d’Acht 1960 sa bhliain roimhe sin agus féadfaidh Dáil Éireann, le rún, an tuarascáil a cheadú.

Caiteachais.

14 .— Tá na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo iníoctha, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú

15 .— (1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cosanta 1954 go 2006 a ghairm de na hAchtanna Cosanta 1954 go 1998 agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.