An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 7 Coireacht Eagraithe ) Ar Aghaidh (CUID 9 Oibleagáidí Ciontóirí Gáinneála ar Dhrugaí Faisnéis Áirithe a Chur in Iúl )

26 2006

TODO

CUID 8

Mí-Úsáid Drugaí

Míniú.

80. — Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí 1977.

Leasú ar alt 15A d’Acht 1977.

81. — (1) Leasaítear alt 15A d’Acht 1977 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) In aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, ní gá don inchúisitheoir a chruthú go raibh a fhios ag duine gurbh é a bhí i margadhluach an druga sin nó i gcomhiomlán mhargadhluachanna na ndrugaí sin, de réir mar a bheidh, aon tráth ar lena linn a bhí an druga nó na drugaí rialaithe lena mbaineann i seilbh an duine, ná €13,000 nó níos mó, nó go raibh sé nó sí meargánta ina thaobh sin.”.

(2) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le himeachtaí i leith ciona faoi alt 15A d’Acht 1977 ar imeachtaí iad a thionscnófar roimh thosach feidhme an ailt seo.

Drugaí rialaithe os cionn luach áirithe a allmhairiú.

82. — Leasaítear Acht 1977 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15A:

“Drugaí rialaithe os cionn luach áirithe a allmhairiú.

15B.— (1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é—

(a) go n-allmhairíonn an duine druga rialaithe amháin nó níos mó de shárú ar rialacháin faoi alt 5 den Acht seo, agus

(b) gur €13,000 nó níos mó margadhluach an druga rialaithe nó comhiomlán mhargadhluachanna na ndrugaí rialaithe, de réir mar a bheidh, an tráth a allmhairítear an druga nó na drugaí nó thart ar an tráth sin.

(2) Más deimhin leis an gcúirt go bhfuil eolas ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach custam agus máil faoi dhíol nó soláthar neamhdhleathach drugaí rialaithe, beidh an comhalta sin nó an t-oifigeach sin, de réir mar a bheidh, i dteideal, in aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) margadhluach an druga rialaithe lena mbaineann, nó

(b) comhiomlán mhargadhluachanna na ndrugaí rialaithe lena mbaineann.

(3) In aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, ní gá don inchúisitheoir a chruthú go raibh a fhios ag an duine gurbh é a bhí i margadhluach an druga sin nó i gcomhiomlán mhargadhluachanna na ndrugaí sin, de réir mar a bheidh, an tráth a d’allmhairigh an duine an druga nó na drugaí rialaithe lena mbaineann, ná €13,000 nó níos mó, nó go raibh sé nó sí meargánta ina thaobh sin.

(4) Ní fhéadfar aon imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

(5) San alt seo tá le ‘margadhluach’ agus ‘oifigeach custam agus máil’ na bríonna atá leo in alt 15A den Acht seo.”.

Drugaí rialaithe a sholáthar isteach i bpríosúin agus in áiteanna coinneála.

83. Leasaítear Acht 1977 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15B (arna chur isteach le halt 82 den Acht seo):

Drugaí rialaithe a sholáthar isteach i bpríosúin agus in áiteanna coinneála.

15C.— (1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é—

(a) go ndéanann duine, seachas de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 4 den Acht seo, druga rialaithe a iompar isteach i bpríosún, i scoil choinneála leanaí nó in ionad athchuir nó chuig duine atá sa phríosún, sa scoil nó san ionad,

(b) go ndéanann an duine, seachas de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 4 den Acht seo, druga rialaithe a chur in aon áit taobh istigh, nó taobh amuigh, de phríosún, de scoil choinneála leanaí nó d’ionad athchuir le hintinn go dtiocfaidh sé chun bheith i seilbh duine atá sa phríosún, sa scoil nó san ionad,

(c) go gcaitheann nó go dteilgeann an duine druga rialaithe isteach i bpríosún, i scoil choinneála leanaí nó in ionad athchuir, nó

(d) go bhfuil druga rialaithe ina sheilbh nó ina seilbh ag an duine, fad atá sé i gcomharsanacht príosúin, scoile coinneála leanaí nó ionaid athchuir, le hintinn gníomh dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c) den fho-alt seo a dhéanamh.

(2) Féadfaidh duine a bheith ciontach i gcion faoi fho-alt (1) is cuma cén chainníocht den druga rialaithe lena mbaineann atá ann.

(3) Faoi réir alt 29(3) den Acht seo, in aon imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1)(d) den alt seo, más rud é—

(a) go gcruthaítear go raibh druga rialaithe ina sheilbh nó ina seilbh ag duine i gcomharsanacht príosúin, scoile coinneála leanaí nó ionaid athchuir, de réir mar a bheidh, agus

(b) gur deimhin leis gcúirt (nó leis an ngiúiré, de réir mar a bheidh), ag féachaint do na himthosca go léir, lena n-áirítear a chóngaraí a bhí an duine don phríosún, don scoil nó don ionad, de réir mar a bheidh, pacáistiú (más ann) an druga rialaithe agus an t-am den lá nó den oíche lena mbaineann, gur réasúnach a thoimhdean nach raibh an druga rialaithe beartaithe lena úsáid láithreach aige nó aici féin go pearsanta,

toimhdeofar ina leith, go dtí gur deimhin leis an gcúirt (nó leis an ngiúiré, de réir mar a bheidh) a mhalairt, go raibh an druga rialaithe ina sheilbh nó ina seilbh le hintinn gníomh dá dtagraítear i mír (a) nó (b) nó, de réir mar a bheidh, (c) d’fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh

(4) In aon imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1) den alt seo, ní gá don ionchúisitheoir a chruthú go raibh sé beartaithe go dtiocfadh an druga rialaithe lena mbaineann chun bheith ina sheilbh nó ina seilbh ag aon duine áirithe sa phríosún, sa scoil choinneála leanaí nó san ionad athchuir, de réir mar a bheidh.

(5) Más rud é go bhfuil drochamhras réasúnach ar oifigeach príosúin nó ar duine údaraithe d’fhoireann scoile coinneála leanaí nó d’ionad athchuir go bhfuil cion faoin alt seo déanta, nó á dhéanamh, ag duine, féadfaidh sé nó sí, chun a fháil amach an ndearnadh cion den sórt sin, an duine a chuardach aon tráth fad atá sé nó sí sa phríosún, sa scoil nó san ionad, de réir mar a bheidh.

(6) Féadfaidh oifigeach príosúin nó duine údaraithe d’fhoireann scoile coinneála leanaí nó ionaid athchuir, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi fho-alt (5) den alt seo a chomhlíonadh, druga rialaithe a bheith ina sheilbh nó ina seilbh.

(7) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(8) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine údaraithe d’fhoireann’—

(a) i ndáil le scoil choinneála leanaí, duine d’fhoireann na scoile atá údaraithe i scríbhinn chun críocha an ailt seo ag Stiúrthóir (de réir bhrí alt 157 d’Acht na Leanaí 2001) na scoile, agus

(b) i ndáil le hionad athchuir, duine d’fhoireann an ionaid atá údaraithe i scríbhinn chun críocha an ailt seo ag úinéirí nó, de réir mar a bheidh, ag bainisteoirí an ionaid;

tá le ‘scoil choinneála leanaí’ agus le ‘ionad athchuir’ na bríonna atá leo in alt 3(1) d’Acht na Leanaí 2001;

ciallaíonn ‘príosún’ áit choinneála arna riaradh ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus folaíonn sé Foras Naomh Pádraig agus áit choinneála dá bhforáiltear faoi alt 2 d’Acht na bPríosún 1970, agus déanfar ‘oifigeach príosúin’, i ndáil le príosún, a fhorléiriú dá réir sin.”.

Leasú ar alt 27 d’Acht 1977.

84. — Leasaítear alt 27 d’Acht 1977—

(a) i bhfo-alt (3A)—

(i) trí “i gcion faoi alt 15A nó 15B den Acht seo” a chur in ionad “i gcion faoi alt 15A”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) príosúnacht saoil a chur air nó uirthi, nó príosúnacht ar feadh cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt a chur air nó uirthi, faoi réir fho-ailt (3B) go (3CC) den alt seo nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (3CCCC) den alt seo, faoi réir an fho-ailt sin, agus”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A):

“(3AA) Féadfaidh an chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine i leith ciona faoi alt 15A nó 15B den Acht seo, aird a bheith aici, go háirithe, i dtaobh ar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion gáinneála ar dhrugaí.”,

(c) i bhfo-alt (3B), trí “i gcion faoi alt 15A nó 15B den Acht seo” a chur in ionad “i gcion faoi alt 15A”,

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3C):

“(3CC) Féadfaidh an chúirt, le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (3C) den alt seo i dtaobh an bhfuil pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 10 mbliana míchóir sna imthosca go léir, aird a bheidh aici go háirithe ar na nithe seo a leanas—

(a) an ndearnadh an duine a ciontaíodh sa chion lena mbaineann a chiontú roimhe sin i gcion gáinneála ar dhrugaí, agus

(b) an mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail, i dtaca le cosc a chur ar gháinneáil ar dhrugaí, dá bhforchuirfí pianbhreith níos giorra.

(3CCC) Maidir le fo-ailt (3B) agus (3CC) den alt seo, níl feidhm acu, agus níl éifeacht leo, ach amháin i ndáil le duine a chiontaítear i gcéad chion faoi alt 15A nó 15B den Acht seo (seachas duine a thagann faoi réim fho-alt (3CCCC) den alt seo, agus, dá réir sin, tá tagairtí sna fo-ailt chéadluaite sin do chion faoi alt 15A nó 15B den Acht seo le forléiriú mar thagairtí do chéad chion den sórt sin.

(3CCCC) Más rud é, maidir le duine (seachas leanbh nó duine óg)—

(a) go gciontaítear é nó í i ndara cion nó i gcion ina dhiaidh sin faoi alt 15A nó 15B den Acht seo, nó

(b) go gciontaítear é nó í i gcéad chion faoi cheann amháin de na hailt sin agus gur ciontaíodh é nó í roimhe sin faoin gceann eile de na hailt sin,

sonróidh an Chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur, gur príosúnacht ar feadh téarma nach giorra ná 10 mbliana an téarma príosúnachta íosta atá le cur isteach ag an duine sin.”,

(e) i bhfo-alt (3I), trí “cion faoi 15A nó 15B den Acht seo” a chur in ionad “cion faoi alt 15A den Acht seo” agus trí “gach ceann de na cionta sin” a chur in ionad “an cion sin”, agus

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3J):

“(3K) i bhfo-ailt (3AA) agus (3CC) den alt seo tá le ‘cion gáinneála ar dhrugaí’ an bhrí atá leis in alt 3(1) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994 agus, i bhfo-alt (3CC) den alt seo, tá le gáinneáil ar dhrugaí an bhrí atá leis san alt sin 3(1).”.

Leasú ar alt 29 d’Acht 1977.

85. — Leasaítear alt 29 d’Acht 1977 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) In aon imeachtaí i leith ciona faoi alt 15 nó 15A, nó faoi fho-alt (1)(d) d’alt 15C, den Acht seo, féadfaidh cosantóir an toimhde a rinneadh de réir fho-alt (2) den alt sin 15 nó 15A nó de réir fho-alt (3) den alt sin 15C, de réir mar a bheidh, trína shuíomh go raibh, tráth an chiona líomhnaithe, an druga nó na drugaí rialaithe lena mbaineann na himeachtaí ina sheilbh nó ina seilbh go dleathach aige nó aici de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 4 den Acht seo.”.

Leasú ar alt 3(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 1994.

86. — Leasaítear alt 3(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 1994 sa mhíniú ar “cion gáinneála ar dhrugaí” tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (bb):

“(bbb) cion faoi alt 15B (drugaí rialaithe de bhreis ar luach áirithe a allmhairiú) den Acht sin,”.