Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 )

36 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 2006


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3 . Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4 . Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).

5 . Ranníocaí fostaíochta (leasú ar theorainneacha agus uasteorainn tuillimh).

6 . Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim).

7 . Sochar máithreachais.

8 . Sochar Uchtála.

9 . Deontas tuismitheora is baintreach — deontas a mhéadú.

10 . Pinsean stáit (neamhranníocach) — méadú ar neamhaird sheachtainiúil.

11 . Liúntas míchumais — teideal chun liúntais.

12 . Ranníocóirí féinfhostaithe eiscthe.

13 . Leasuithe ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979.

14 . Gearrtheideal agus forléiriú.

SCEIDEAL 1

SCEIDEAL 2


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979

1979, Uimh. 4

An tAcht Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 30

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

An tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006

2006, Uimh. 5

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 2006


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH AGUS DO LEASÚ AN ACHTA UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE 1979.

[19 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2005” an tAcht Leasa Shóisialaigh 2005;

ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2 .— (1) Cuirtear na Codanna atá leagtha amach i Sceideal 1 in ionad Chodanna 1 go 5 de Sceideal 2 (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar cuardaitheora poist, an 28 Nollaig 2006,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar breoiteachta, sochar sláinte agus sábháilteachta, sochar díobhála agus aisce mhíthreorach, an 1 Eanáir 2007,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar cúramóra, pinsean Stáit (aistriú), pinsean easláine agus íocaíocht dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí” in alt 178 den Phríomh-Acht, an 4 Eanáir 2007, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean míthreorach, sochar báis faoi alt 81, 82 nó 83 den Phríomh-Acht, pinsean Stáit (ranníocach), pinsean baintrí (ranníocach), pinsean baintrí fir (ranníocach) agus íocaíocht chaomhnóra (ranníocach), an 5 Eanáir 2007.

(3) Tá éifeacht leis an alt seo, i dtaca leis an bhfeidhm atá aige maidir le sochar báis faoi alt 84 den Phríomh-Acht nó le deontas méala, i leith daoine a n-éiríonn a dteideal chun sochair báis faoin alt sin 84 nó chun deontais méala an 6 Nollaig 2006 nó dá éis.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

3 .— (1) Cuirtear na Codanna atá leagtha amach i Sceideal 2 in ionad Chodanna 1 go 3 de Sceideal 4 (arna leasú le hailt 4 agus 16(1) d’Acht 2006) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le liúntas cuardaitheora poist, liúntas réamhscoir agus cúnamh feirme, an 27 Nollaig 2006,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 1 Eanáir 2007,

(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas míchumais, an 3 Eanáir 2007,

(d) a mhéid a bhaineann sé le híocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), liúntas cúramóra agus íocaíocht dá dtagraítear i mír (b) nó (c) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí” in alt 178 den Phríomh-Acht, an 4 Eanáir 2007, agus

(e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean Stáit (neamhranníocach), pinsean dall, pinsean baintrí (neamhranníocach), pinsean baintrí fir (neamhranníocach), íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus íocaíocht chaomhnóra (neamhranníocach), an 5 Eanáir 2007.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).

4 .— (1) Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 228 (arna leasú le halt 4(1) d’Acht 2005) den Phríomh-Acht:

“228.— Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘forlíonadh ar ioncam teaghlaigh’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná—

(a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, €480,

(f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, €550,

(g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, €625

(h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, €720,

(i) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, €820,

(j) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, €910,

(k) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, €1,020, nó

(l) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, €1,090.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 4 Eanáir 2007.

Ranníocaí fostaíochta (leasú ar theorainneacha agus uasteorainn tuillimh).

5 .— (1) Leasaítear alt 13(2) (arna leasú le halt 5(1) d’Acht 2005) den Phríomh-Acht—

(a) i mír (a) trí “€339” a chur in ionad “€300”,

(b) i mír (b) trí “€339” a chur in ionad “€300”, agus

(c) i mír (c) trí “€48,800” a chur in ionad “€46,600”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007.

Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim).

6 .— (1) Leasaítear alt 29(1)(b) (arna leasú le halt 6(1) d’Acht 2005) den Phríomh-Acht trí “€48,800” a chur in ionad “€46,600”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007.

Sochar máithreachais.

7 .— (1) Leasaítear alt 47 (arna leasú le halt 7 d’Acht 2005) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (4)(a) trí “don daicheadú seachtain” a chur in ionad “don dóú seachtain is tríocha”,

agus

(b) i bhfo-alt (5)—

(i) i mír (b) trí “26” a chur in ionad “22”, agus

(ii) i mír (c)(ii)—

(I) trí “don cheathrú seachtain is fiche” a chur in ionad “don fhichiú seachtain” gach áit a bhfuil sé, agus

(II) trí “don daicheadú seachtain” a chur in ionad “don dóú seachtain is tríocha” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Márta 2007.

Sochar Uchtála.

8 .— (1) Leasaítear alt 58(4)(b) (arna leasú le halt 8 d’Acht 2005) den Phríomh-Acht trí “24” a chur in ionad “20” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Márta 2007.

Deontas tuismitheora is baintreach — deontas a mhéadú.

9 .— (1) Leasaítear alt 137(1) (arna leasú le halt 18 d’Acht 2006) den Phríomh-Acht trí “€4,000” a chur in ionad “€2,700”.

(2) Tá éifeacht leis an alt seo i leith daoine a n-éireoidh a dteideal chun deontais tuismitheora is baintreach an 6 Nollaig 2006 nó dá éis.

Pinsean stáit (neamhranníocach) — méadú ar neamhaird sheachtainiúil.

10 .— (1) Leasaítear alt 156(2)(a) (arna leasú le halt 16(1) d’Acht 2006) den Phríomh-Acht trí “€30.00” a chur in ionad “€20.00” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 5 Eanáir 2007.

Liúntas míchumais — teideal chun liúntais.

11 .— (1) Aisghairtear fo-ailt (3) go (7) d’alt 210 den Phríomh-Acht.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 3 Eanáir 2007.

Ranníocóirí féinfhostaithe eiscthe.

12 .— (1) Cuirtear an mhír seo a leanas in ionad mhír 2 de Chuid 3 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“2. Ranníocóir féinfhostaithe atá ag fáil liúntas réamhscoir de bhua Chaibidil 3 de Chuid 3.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007.

Leasuithe ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979.

13 .— (1) Leasaítear an tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979—

(a) in alt 5 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D’ainneoin fho-alt (1) den alt seo agus faoi réir fho-alt (1B) den alt seo, i gcás inar mó méid an tuillimh ináirithe a íoctar ná—

(a) €1,925, sa chás inar seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, nó

(b) méid comhréire, sa chás inar mó nó inar lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith,

ríomhfar an ranníoc sláinte is iníoctha faoin alt seo de réir ráta—

(i) 2 faoin gcéad de €1,925 nó den mhéid comhréire, de réir mar a bheidh, agus

(ii) 2.5 faoin gcéad de mhéid na breise.

(1B) I gcás nach mó ná €100,100 tuilleamh ináirithe pearsan aonair in aghaidh bliana ranníoca áirithe, forléireofar fo-alt (1A)(ii) den alt seo amhail is dá gcuirfí ‘2 faoin gcéad’ in ionad ‘2.5 faoin gcéad’ agus déanfar aon ranníocaí sláinte a ró-íocadh i leith na bliana ranníoca sin a aisíoc leis an bpearsa aonair.”,

(b) in alt 6 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D’ainneoin fho-alt (1) den alt seo agus faoi réir fho-alt (1B) den alt seo, i gcás inar mó méid na ndíolaíochtaí ináirithe a íocadh ná—

(a) €1,925, sa chás inar seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, nó

(b) méid comhréire, sa chás inar mó nó inar lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith,

ríomhfar an ranníoc sláinte is iníoctha faoin alt seo de réir ráta—

(i) 2 faoin gcéad de €1,925 nó den mhéid comhréire, de réir mar a bheidh, agus

(ii) 2.5 faoin gcéad de mhéid na breise.

(1B) I gcás nach mó ná €100,100 díolaíochtaí ináirithe pearsan aonair in aghaidh bliana ranníoca áirithe, forléireofar fo-alt (1A)(ii) den alt seo amhail is dá gcuirfí ‘2 faoin gcéad’ in ionad ‘2.5 faoin gcéad’ agus déanfar aon ranníocaí sláinte a ró-íocadh i leith na bliana ranníoca sin a aisíoc leis an bpearsa aonair.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“7.— Más rud é, i ndáil le pearsa aonair dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo, go n-éireoidh ioncam ináirithe seachas díolaíochtaí in aon bhliain ranníoca, déanfar an ranníoc sláinte is iníoctha ag an bpearsa aonair sin don bhliain ranníoca sin i ndáil leis an ioncam ináirithe sin a ríomh de réir ráta—

(a) 2 faoin gcéad den ioncam ináirithe sin i gcás nach mó ná €100,100, an t-ioncam ináirithe sin, agus

(b) i gcás inar mó ná €100,100 an t-ioncam ináirithe sin, 2.5 faoin gcéad de mhéid na breise.”.

agus

(d) in alt 7A (arna leasú le halt 13 d’Acht 2005)—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) i mír (a), trí “€480” a chur in ionad “€440”, agus

(II) i mír (b), trí “€24,960” a chur in ionad “€22,880”,

agus

(ii) i bhfo-alt (2), trí “€24,960” a chur in ionad “€22,880”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007.

Gearrtheideal agus forléiriú.

14 .— (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Léifear na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus an tAcht seo (seachas alt 13) le chéile mar aon ní amháin.