42 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 42 de 2006


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (CEANTAIR FEABHSÚCHÁIN GNÓ) 2006

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú.

2 . Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

3 . Leasú ar alt 97 (an ciste áitiúil) den Phríomh-Acht.

4 . Leasú ar alt 121 (ráiteas airgeadais bliantúil agus tuarascáil iniúchóra a bhreithniú) den Phríomh-Acht.

5 . Leasú ar alt 122 (coiste iniúchta) den Phríomh-Acht.

6 . Ceantair Feabhsúcháin Gnó.

7 . Tobhach maoine bliana iontrála.

8 . Leasú ar alt 56 (cumhacht chun ioncam rátaí a theorannú) den Acht Luachála 2001.

9 . Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil 1925 go 2004

An tAcht Luachála 2001

2001, Uimh. 13

/images/harp.jpg


Uimhir 42 de 2006


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (CEANTAIR FEABHSÚCHÁIN GNÓ) 2006

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CEANTAIR FEABHSÚCHÁIN GNÓ A BHUNÚ LAISTIGH DE LIMISTÉIR FEIDHME ÚDARÁS RÁTÚCHÁIN, DO CHUMASÚ SCÉIMEANNA FAOINA nDÉANTAR TIONSCADAIL, SEIRBHÍSÍ AGUS OIBREACHA A SHEOLADH CHUN TAIRBHE NA gCEANTAR SIN, DO MHAOINIÚ NA SCÉIMEANNA TRÍ SHOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LE FORCHUR AGUS BAILIÚ TOBHAIGH AR MHAOINE INRÁTAITHE ATÁ SNA CEANTAIR SIN, D’FHEABHSÚ MAOINIÚ ÚDARÁIS ÁITIÚIL TRÍ SHOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LE FORCHUR AGUS BAILIÚ TOBHACH IS INFHEIDHME I nDÁIL LE MAOINE NUATHÓGTHA, DO DHÉANAMH SOCRÚ NUA I nDÁIL LE COISTÍ INIÚCHTA ÚDARÁS ÁITIÚIL, DO LEASÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL 1925 GO 2004 CHUN NA gCRÍOCH SIN GO LÉIR, DO LEASÚ AN ACHTA LUACHÁLA 2001, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[24 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúil 2001.

Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 2(1) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “toghlimistéar áitiúil”:

“tá le ‘ciste áitiúil’ an bhrí a thugtar dó le halt 97;”.

Leasú ar alt 97 (an ciste áitiúil) den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 97 den Phríomh-Acht i bhfo-ailt (3) agus (4) trí “nó ciste CFG arna bhunú faoi alt 129K” a chur isteach i ndiaidh “alt 109”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 121 (ráiteas airgeadais bliantúil agus tuarascáil iniúchóra a bhreithniú) den Phríomh-Acht.

4 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur le halt 121:

“(4) Tá iniúchóir rialtais áitiúil i dteideal pribhléid cháilithe a bheith aige nó aici i ndáil le haon ráitis a dhéanann sé nó sí ag cruinniú dá dtagraítear i bhfo-alt (3).”.

Leasú ar alt 122 (coiste iniúchta) den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur le halt 122:

“Coiste iniúchta.

122.— (1) Déanfaidh údarás áitiúil, laistigh de cibé tréimhse a fhorordóidh an tAire le rialacháin chun críocha an fho-ailt seo, coiste a bhunú (dá ngairtear ‘coiste iniúchta’ sa Chaibidil seo).

(2) Is iad seo a leanas feidhmeanna coiste iniúchta—

(a) athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais agus ar nósanna imeachta i ndáil le tuairisciú airgeadais agus buiséadachta laistigh den údarás áitiúil a bhunaigh é (‘an t-údarás’),

(b) forbairt dea-chleachtais a chothú i dtaca le comhlíonadh a fheidhme iniúchta inmheánaigh ag an údarás,

(c) athbhreithniú a dhéanamh ar aon tuarascáil iniúchóra nó tuarascáil speisialta iniúchóra i ndáil leis an údarás agus measúnú a dhéanamh ar aon ghníomhartha atá déanta ag an mbainistíocht laistigh den údarás de dhroim ceachtar tuarascáil den sórt sin,

(d) measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus luach ar airgead agus iad a chur chun cinn i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna ag an údarás,

(e) athbhreithniú a dhéanamh ar chórais a oibríonn an t-údarás chun priacail a bhainistiú, agus

(f) cibé moltaí a dhéanamh don údarás a mheasann an coiste is cuí i ndáil leis na nithe sin roimhe seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh i leith gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas maidir le coiste iniúchta—

(a) a chomhaltas,

(b) tionól cruinnithe aige, lena n-áirítear minicíocht na gcruinnithe sin agus seoladh na gcruinnithe sin,

(c) ullmhú tuarascálacha aige agus na tuarascálacha sin a thabhairt do pháirtithe eile,

(d) comhlíonadh a fheidhmeanna aige, cibé acu i gcoitinne nó i gcásanna áirithe, agus na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil leis an gcomhlíonadh sin, agus

(e) nithe teagmhasacha nó nithe iarmhartacha i dtaca le haon cheann de na nithe sin roimhe seo (lena n-áirítear foráil maidir le pribhléid a bheith ag ráitis a dhéantar chuige nó a dhéanann comhaltaí dá chuid ina gcáil mar chomhaltaí den sórt sin).

(4) Tá feidhm ag an oibleagáid a fhorchuirtear le fo-alt (1) i ndáil le húdarás áitiúil d’ainneoin coiste iniúchta amháin nó níos mó (‘coiste iomchuí’) a bheith arna bhunú ag an údarás áitiúil faoin alt seo (arb é an t-alt seo é sna téarmaí ina raibh sé leagtha amach sular leasaíodh é le halt 5 den Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006) agus, dá réir sin, ar thosach feidhme an ailt 5 sin agus dá éis sin, ní bheidh coiste iomchuí den sórt sin ina choiste iniúchta chun críocha fho-ailt (1) go (3).”

Ceantair Feabhsúcháin Gnó.

6 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 13:

“CUID 13A

Ceantair Feabhsúcháin Gnó

Mínithe (Cuid 13).

129A.— Sa Chuid seo:

tá le ‘ranníoc bliantúil CFG’ an bhrí a shanntar dó le halt 129L;

ciallaíonn ‘iolraitheoir bliantúil CFG’ an t-iolraitheoir bliantúil CFG arna chinneadh do thréimhse inmhuirearaithe faoi alt 129M(2);

ciallaíonn ‘dáta ceadaithe CFG’, i ndáil le scéim CFG, an dáta a rithfidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann an rún ag ceadú an scéim a chur i ngníomh nó a athnuachan;

tá le ‘cuideachta CFG’ an bhrí a shanntar dó le halt 129I;

tá le ‘tobhach ranníoca CFG’ an bhrí a shanntar dó le halt 129N;

ciallaíonn ‘ciste CFG’, i ndáil le scéim CFG, an ciste a bhunófar nó a athnuafar le haghaidh na scéime sin faoi alt 129K;

ciallaíonn ‘íocóir tobhaigh CFG’, i ndáil le maoin inrátaithe faoi réir tobhaigh ranníoca CFG, an duine atá faoi dhliteanas an tobhach a íoc i leith na maoine faoi alt 129N(5);

ciallaíonn ‘togróir CFG’ duine a bheidh sonraithe mar thogróir togra CFG faoi alt 129C(2)(a);

tá le ‘togra CFG’ an bhrí a shanntar dó le halt 129C;

ciallaíonn ‘scéim CFG’ scéim arna ceadú ag údarás rátúcháin faoi alt 129B(1)(b);

ciallaíonn ‘ceantar feabhsúcháin gnó’ ceantar feabhsúcháin gnó a bhunófar faoi alt 129B;

ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’, i ndáil le scéim CFG, gach tréimhse leanúnach 12 mhí ar lena linn a bheidh an scéim le hoibriú, dar tosach dáta thosach feidhme na scéime;

ciallaíonn ‘maoin inrátaithe’ maoin iomchuí atá inrátaithe faoin Acht Luachála 2001;

ciallaíonn ‘rátíocóir’, i ndáil le maoin inrátaithe, duine a gceanglófar air nó uirthi rátaí a íoc ar an maoin sin;

ciallaíonn ‘pobalbhreith rátíocóirí’ pobalbhreith a thuairiscítear in alt 129G;

ciallaíonn ‘dáta thosach feidhme scéime’, i ndáil le scéim CFG, an dáta a thiocfaidh an scéim i bhfeidhm faoi alt 129B(6)(a);

ciallaíonn ‘luacháil’ luacháil de réir bhrí an Achta Luachála 2001;

ciallaíonn ‘liosta luachála’ liosta luachála arna mhíniú san Acht Luachála 2001.

Ceadú scéime ceantair feabhsúcháin gnó ag an údarás rátúcháin.

129B.— (1) Faoi réir agus de réir na Coda seo, féadfaidh an t-údarás rátúcháin do limistéar riaracháin, le rún—

(a) limistéar laistigh den limistéar riaracháin a shonrú agus an limistéar sin a bhunú mar cheantar feabhsúcháin gnó, agus

(b) cur i ngníomh scéime (‘scéim CFG’) a údarú chun tionscadal, seirbhís nó obair amháin nó níos mó mar a thuairiscítear i bhfo-alt (2) a dhéanamh nó a sholáthar, ar scéim í a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach le tobhaigh ranníoca CFG faoin gCuid seo.

(2) Maidir leis na tionscadail, na seirbhísí agus na hoibreacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), i dtuairim an údaráis rátúcháin—

(a) is chun sochair an cheantair feabhsúcháin gnó agus chun a sochair siúd a bheidh ina gcónaí, ag obair nó ag seoladh gníomhaíochta ann a bheidh siad, agus

(b) is i dteannta aon tionscadail, seirbhíse nó oibre a sheolfaidh nó a sholáthróidh an t-údarás rátála díreach sula gceadófar an scéim a bheidh siad, agus ní ina ionad nó ina hionad sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2)(a), féadfar pleananna nó tionscnaimh maidir le haon cheann de na tionscadail, na seirbhísí nó na hoibreacha seo a leanas a áireamh i scéim CFG:

(a) aon cheann de na nithe a thuairiscítear i Sceideal 13 a sholáthar nó a fheabhsú, nó tacú leis, sa cheantar feabhsúcháin gnó;

(b) sráideanna nó cosáin sa cheantar feabhsúcháin gnó nó aon talamh, foirgnimh nó déanmhais eile ann a fheabhsú nó a mhaisiú;

(c) graifítí a bhaint de shráideanna nó de chosáin sa cheantar feabhsúcháin gnó nó d’aon talamh, foirgnimh nó déanmhais eile ann;

(d) staidéir a dhéanamh nó tuarascálacha a thabhairt maidir leis an gceantar feabhsúcháin gnó;

(e) turasóireacht a chur chun cinn sa cheantar feabhsúcháin gnó nó margaíocht nó cur chun cinn a dhéanamh ar shlí eile ar ghníomhaíochtaí, ar thaibhithe, ar imeachtaí nó ar úsáid fóillíochta nó saoráidí sa cheantar feabhsúcháin gnó.

(4) Ní dhéanfaidh údarás rátála scéim a cheadú lena cur i bhfeidhm faoi fho-alt (1)(b) mura rud é—

(a) go bhforáiltear le téarmaí na scéime, faoi réir alt 129S (maidir le luathfhoirceannadh), go mbeidh an scéim á hoibriú go ceann bliana amháin ar a laghad ón tráth a bheidh sí le teacht i bhfeidhm,

(b) go bhfuil an scéim curtha ar fáil don phobal de réir alt 129D agus go mbeidh aighneachtaí ón bpobal iarrtha de réir alt 129E,

(c) gur tionóladh pobalbhreith rátíocóirí i leith na scéime agus go vótálann tromlach na rátíocóirí a vótálann sa phobalbhreith i bhfabhar an scéim a chur i ngníomh, agus

(d) ag féachaint d’aighneachtaí dá dtagraítear i mír (b), gurb é tuairim an údaráis rátúcháin gur cuí an scéim agus nach bhfuil sí ar neamhréir i bponc ábhartha le leasanna an phobail áitiúil.

(5) Is gá chun rún a rith faoi fho-alt (1) go vótálfaidh trian, ar a laghad, de líon iomlán comhaltaí an údaráis lena mbaineann i bhfabhar an rúin.

(6) Maidir le scéim CFG—

(a) tiocfaidh sí i bhfeidhm ar an dáta—

(i) a chomhaontófar idir an t-údarás rátúcháin agus an chuideachta CFG atá freagrach as an scéim, agus

(ii) a shonrófar sa rún lena gceadaítear an scéim faoi fho-alt (1),

agus

(b) faoi réir alt 129S (maidir le luathfhoirceannadh), oibreoidh sí agus beidh éifeacht léi ar feadh an lín blianta (nach mó ná 5 bliana) a shonrófar i dtéarmaí na scéime.

(7) Ní chuireann an teorainn 5 bliana i bhfo-alt (6)(b) cosc le scéim CFG a cheadú faoi fho-alt (1) chun a hathnuachana ar feadh tréimhse breise amháin nó níos mó, nach faide ná 5 bliana gach tréimhse díobh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha faoi fho-alt (4) gach uair a dhéanfar an scéim a athnuachan.

(8) Ní ceadmhach d’údarás rátúcháin aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh i leith ceantair feabhsúcháin gnó a bhfuil scéim CFG in éifeacht maidir leis:

(a) teorainneacha an cheantair feabhsúcháin gnó a athbhreithniú;

(b) an ceantar feabhsúcháin gnó a chomhdhlúthú le ceantar feabhsúcháin gnó eile;

(c) an ceantar feabhsúcháin gnó a roinnt in dhá cheantar feabhsúcháin gnó nó níos mó.

Togra CFG.

129C.— (1) Féadfaidh duine a mholann scéim lena ceadú faoi alt 129B an togra (‘togra CFG’) a chur faoi bhráid an údaráis rátúcháin lena mbaineann.

(2) Maidir le togra CFG—

(a) sonrófar ann ainm an togróra agus déanfar seoladh a sholáthar ann le haghaidh aon fhógraí a sheachadadh ar an togróir i leith an togra,

(b) déanfar teorainneacha an limistéir atá á mholadh mar cheantar feabhsúcháin gnó a mhíniú ann (lena n-áirítear léarscáil ar a dtaispeántar an limistéar sin),

(c) déanfar liosta reatha de gach maoin inrátaithe sa cheantar feabhsúcháin gnó atá molta a sholáthar ann,

(d) déanfar téarmaí na scéime atá á moladh a leagan amach, lena n-áirítear gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i) tuairisc ar na cuspóirí a bheidh le gnóthú faoin scéim agus tuairisc mhionsonraithe ar an scéim féin ina sonrófar gach tionscadal, seirbhís agus obair a bheidh le déanamh nó le soláthar;

(ii) an dáta faoina bhfuiltear ag súil go mbeidh an scéim i ngníomh agus an uimhir blianta a bhfuiltear ag súil go n-oibreoidh an scéim ar a feadh;

(iii) an chuideachta CFG a bheidh freagrach as an scéim a chur i ngníomh nó a athnuachan agus a riaradh agus a bhainistiú de réir na Coda seo;

(iv) na téarmaí sin den scéim a fhéadfar a athrú le toiliú an údaráis rátúcháin agus na cuideachta CFG dá dtagraítear i bhfomhír (iii),

(e) sonrófar ann na tionscadail, na seirbhísí nó na hoibreacha, más ann, atá á ndéanamh nó á soláthar faoi láthair ag an údarás rátúcháin lena mbaineann (‘seirbhísí bonnlíne’) agus is iomchuí maidir leis an scéim atá á moladh,

(f) soláthrófar ann meastacháin ar na nithe seo a leanas le haghaidh gach bliana ar lena linn a bheidh an scéim atá á moladh le hoibriú:

(i) an caiteachas is gá chun na tionscadail, seirbhísí agus oibreacha a dhéanamh nó a sholáthar faoin scéim;

(ii) an t-ioncam réamh-mheasta don scéim agus foinsí an ioncaim sin, lena n-áirítear aon ranníoc, deontas nó cúnamh ó dhuine nó ó údarás poiblí (seachas an ranníoc bliantúil CFG);

(iii) an ranníoc bliantúil CFG,

agus

(g) áireofar ann cibé faisnéis eile a fhorordóidh an tAire le rialachán chun críocha an ailt seo.

(3) Ar iarraidh ó thogróir CFG, soláthróidh an t-údarás rátúcháin cibé faisnéis don togróir a éileoidh an togróir go réasúnach chun na seirbhísí bonnlíne is iomchuí maidir leis an scéim mholta a chinneadh agus a shonrú sa togra.

(4) Déanfaidh an togróir CFG—

(a) cóip den togra CFG a sheachadadh ar an údarás rátúcháin maille le hiarraidh tosaigh go dtionólfaidh an t-údarás rátúcháin pobalbhreith rátíocóirí ar an togra, agus

(b) cibé faisnéis a éileoidh an t-údarás rátúcháin go réasúnach a sholáthar dó chun go mbeidh sé deimhneach nach bhfuil an togra CFG ar neamhréir leis an gCuid seo agus go bhfuil dóthain cistí ag an togróir chun na costais dá dtagraítear in alt 129H a íoc, dá gceanglófaí ar an togróir déanamh amhlaidh faoin alt sin.

(5) Ar an iarraidh tosaigh ar phobalbhreith rátíocóra a fháil faoi fho-alt (4)(a), déanfaidh an t-údarás rátúcháin, a luaithe is indéanta nó faoi réir fho-alt (6), ailt 129D agus 129E a chomhlíonadh.

(6) Ní cheanglaítear ar an údarás rátúcháin fo-alt (5) a chomhlíonadh go dtí go gcomhlíonann an togróir CFG ceanglais fho-ailt (2) agus (4).

Togra CFG a bheith ar fáil don phobal.

129D.— (1) Maidir le cóip de thogra CFG—

(a) déanfar í a chur ar fáil i bpríomhoifigí an údaráis rátúcháin lena mbaineann,

(b) féadfaidh aon duine den phobal í a iniúchadh le linn gnáthuaire oscailte, agus

(c) féadfar í a cheannach ón údarás rátúcháin ar phraghas nach mó ná an costas réasúnach atáirgthe.

(2) I dteannta fo-alt (1) a chomhlíonadh agus ní ina ionad sin, féadfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann cóip den togra CFG a fhoilsiú ar an idirlíon.

Ionchur an phobail do thogra CFG.

129E.— (1) Déanfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann ar mhodh fógra phoiblí aighneachtaí ón bpobal a iarraidh maidir le togra CFG.

(2) Maidir le fógra faoi fho-alt (1)—

(a) cuirfear síos ann i dtéarmaí ginearálta ar an scéim mholta,

(b) sonrófar ann an limistéar laistigh den limistéar riaracháin atá á mholadh mar cheantar feabhsúcháin gnó,

(c) beidh ráiteas ann á rá go ndéanfar, má bhunaítear an scéim, tobhach ranníoca bhliantúil CFG a fhorchur ar rátíocóirí agus a bhailiú ó rátíocóirí maoine inrátaithe laistigh den cheantar feabhsúcháin gnó molta,

(d) sonrófar ann—

(i) seoladh nó suíomh ag a bhféadfar cóip den togra CFG a iniúchadh de bhun alt 129D (1),

(ii) an praghas ar a bhféadfar cóip den togra a cheannach ón údarás rátúcháin faoi alt 129D (1), agus

(iii) má fhoilsítear cóip den togra ar an idirlíon freisin de bhun alt 129D (2), seoladh an tsuímh idirlín chun breathnú ar an gcóip sin,

agus

(e) cuirfear in iúl ann go bhféadfaidh aon duine, ar an modh agus faoi dháta a shonrófar san fhógra (‘dáta deiridh’), aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an togra CFG.

(3) Chun críocha fho-alt (2)(b), féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san fhógra—

(a) léarscáil ar a dtaispeántar go soiléir teorainneacha an cheantair feabhsúcháin gnó mholta, nó

(b) liosta de sheoltaí sráide na maoine inrátaithe atá laistigh den cheantar feabhsúcháin gnó molta.

(4) Ní ceadmhach an dáta deiridh faoi fho-alt (2)(e) a bheith níos luaithe ná 30 lá tar éis an dáta a fhoilseofar fógra faoin alt seo den chéad uair.

(5) Cinnteoidh an t-údarás rátúcháin go bhfaighidh an togróir CFG cóip de gach aighneacht a dhéanfar maidir leis an togra CFG.

(6) Ullmhóidh an t-údarás rátúcháin tuarascáil ar na haighneachtaí (más ann) a dhéantar maidir leis an togra CFG; déanfaidh an t-údarás sin cóipeanna den tuarascáil sin—

(a) a thabhairt do chomhaltaí an údaráis, agus

(b) a chur ar fáil don phobal, ar í a iarraidh agus tar éis táille a íoc leis (ar táillí í nach mó ná an costas réasúnach a ghabhann le cóip den sórt sin a dhéanamh),

agus, i dteannta an méid sin roimhe seo, féadfaidh sé cóip den tuarascáil a fhoilsiú ar an idirlíon.

Na chéad chéimeanna eile tar éis ionchur ón bpobal.

129F.— (1) Más rud é go bhfuil an t-údarás rátúcháin lena mbaineann den tuairim, ar bhonn aighneachtaí arna ndéanamh faoi alt 129E, go mb’fhéidir go bhfuil an togra CFG ar neamhréir le leasanna an phobail áitiúil, déanfaidh an t-údarás rátúcháin, a luaithe is indéanta tar éis an dáta deiridh faoi alt 129E(2)(e), agus tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an dáta deiridh sin, fógra i scríbhinn a thabhairt don togróir CFG ina míneofar cineál na neamhréireachta.

(2) Tar éis don togróir CFG breithniú a dhéanamh ar aighneachtaí arna ndéanamh faoi alt 129E agus aon fhógra faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an togróir, ach tráth nach luaithe ná 60 lá tar éis an dáta deiridh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), na nithe seo a leanas a sheachadadh ar an údarás rátúcháin lena mbaineann—

(a) daingniú i scríbhinn ar an iarraidh tosaigh an togra CFG a chur ar aghaidh chun pobalbhreithe rátíocóirí, nó

(b) fógra scríofa an togra CFG a tharraingt siar.

(3) Mura bhfaigheann an t-údarás rátúcháin lena mbaineann daingniú nó fógra scríofa faoi fho-alt (2) laistigh de 90 lá tar éis an dáta deiridh faoi alt 129E(2)(e), measfar gur tharraing an togróir CFG an togra CFG siar.

(4) Togróir CFG a sheachadfaidh fógra maidir le togra CFG a tharraingt siar, nó a mheasfar a tharraing siar an togra, beidh sé nó sí faoi dhliteanas na costais go léir a íoc a bheidh tabhaithe ag an údarás rátúcháin i ndáil leis an togra sin.

(5) Na costais a mbeidh an togróir CFG faoi dhliteanas ina leith faoi fho-alt (4), beidh siad inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla agus, i gcás níos mó ná togróir amháin den sórt sin a bheith ann, beidh na togróirí sin faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i leith na gcostas sin.

Pobalbhreith rátíocóirí ar thogra CFG.

129G.— (1) Laistigh de 60 lá tar éis daingniú scríofa, arna sheachadadh i gcomhlíonadh alt 129F(2)(a), a fháil, déanfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann pobalbhreith, de réir an ailt seo agus na rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (6), chun an leibhéal tacaíochta don togra i measc rátíocóirí maoine inrátaithe sa cheantar feabhsúcháin gnó molta a chinneadh.

(2) Tabharfar aon vóta amháin sa phobalbhreith do gach maoin inrátaithe sa cheantar feabhsúcháin gnó molta.

(3) Maidir leis an vóta faoi fho-alt (2)—

(a) ní ceadmhach ach do rátíocóir na maoine inrátaithe tráth na pobalbhreithe é a chaitheamh, agus

(b) ní ceadmhach é a chaitheamh ach amháin trí pháipéar ballóide a chomhlánú agus a chur ar ais san fhoirm agus ar an modh a fhorordaítear faoi fho-alt (6).

(4) I gcás maoine inrátaithe a bheidh ar úinéireacht nó á háitiú ag beirt nó níos mó, agus go mbeidh siad faoi dhliteanas rátaí a íoc ar an maoin sin—

(a) measfar gur aon rátíocóir amháin iad chun críocha fho-alt (3)(a),

(b) níl siad i dteideal vótáil sa phobalbhreith mura gcomhthoilíonn tromlach díobh, agus

(c) mura mbeidh an vóta sínithe ag tromlach díobh, tabharfar neamhaird air chun críocha na pobalbhreithe.

(5) Déanfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis daingniú scríofa a fháil faoi alt 129F(2)(a), na páipéir bhallóide go léir a chur, leis an ngnáthphost nó ar aon mhodh eile a fhorordófar le rialacháin, chuig na rátíocóirí lena mbaineann lena gcomhlánú faoi fho-alt (3).

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) a bhaineann le pobalbhreith rátíocóirí a sheoladh agus lena rialófar an seoladh sin,

(b) lena bhforordaítear foirm páipéir ballóide faoin alt seo agus an modh ar a gcomhlánófar agus ar a gcuirfear ar ais é, agus

(c) lena bhforordaítear modhanna seachas an post chun páipéir bhallóide faoin alt seo a sheachadadh agus a chur ar ais.

Costais pobalbhreithe rátíocóirí.

129H.— (1) Más lú ná 20 faoin gcéad de na rátíocóirí a vótálfaidh i bpobalbhreith líon na rátíocóirí a vótálfaidh i bhfabhar an t-údarás rátúcháin lena mbaineann do cheadú an togra CFG a chur i ngníomh mar scéim CFG, beidh an togróir CFG faoi dhliteanas na costais go léir a thabhóidh an t-údarás rátúcháin i ndáil leis an togra sin a íoc.

(2) Beidh na costais a mbeidh togróir CFG faoi dhliteanas ina leith faoi fo-alt (1) inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla agus, má tá níos mó ná togróir amháin den sórt sin ann, beidh na togróirí sin faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith na gcostas sin.

Ceanglais i leith cuideachta CFG

129I.— (1) Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta arna foirmiú agus arna clárú faoi Achtanna na gCuideachtaí a bheidh i gcuideachta CFG.

(2) Luafar i meabhrán comhlachais na Cuideachta CFG gurb iad seo a leanas a príomhchuspóirí:

(a) scéim CFG nó, de réir mar a bheidh, scéim a bheartaítear chun críocha na Coda seo, a chur i ngníomh nó a athnuachan agus a riaradh agus a bhainistiú,

(b) a chinntiú go seolfar gach tionscadal, seirbhís agus obair faoin scéim de réir na scéime sin agus na Coda seo;

(c) feidhmeanna cuideachta CFG a sheoladh de réir na Coda seo.

(3) Ní chuirtear cosc ná srian, le fo-alt (2), le cuspóirí agus cumhachtaí a áireamh ar cuspóirí agus cumhachtaí iad—

(a) is gá nó is cuí le réasún chun na príomhchuspóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bhaint amach, nó atá teagmhasach nó coimhdeach maidir leis sin, agus

(b) nach bhfuil ar neamhréir leis an gCuid seo nó le haon achtachán eile.

(4) Beidh bord stiúrthóirí ag cuideachta CFG ar a mbeidh 6 chomhalta ar a laghad agus is iad a bheidh in dhá thrian ar a laghad de na stiúrthóirí sin—

(a) rátíocóirí maoine inrátaithe sa cheantar feabhsúcháin gnó nó, de réir mar a bheidh, sa limistéar atá á mholadh mar cheantar feabhsúcháin gnó, nó

(b) ionadaithe do na rátíocóirí sin.

(5) Ar scéim CFG a bheith ceadaithe ag údarás rátúcháin faoi alt 129B, beidh an t-údarás rátúcháin i dteideal an ionadaíocht seo a leanas a bheith aige ar bhord stiúrthóirí na cuideachta CFG a mbeidh an scéim á cur i ngníomh nó á hathnuachan aici:

(a) más lú ná 13 an líon comhaltaí a bheidh ar an mbord, roghnóidh an chomhairle thofa comhalta amháin de na comhaltaí sin agus roghnóidh an bainisteoir comhalta amháin díobh;

(b) más mó ná 13 nó níos mó an líon comhaltaí a bheidh ar an mbord stiúrthóirí, roghnóidh an chomhairle thofa 2 chomhalta de na comhaltaí sin agus roghnóidh an bainisteoir 2 chomhalta díobh.

(6) Ní chuirfear aon ghníomh nó imeacht de chuid an bhoird ó bhail ná ní bhainfear de cheart an bhoird gníomhú de dheasca folúntais i gcomhaltas an bhoird stiúrthóirí faoi fho-alt (4) agus (5), más rud é nach lú ná córam líon na gcomhaltaí.

Cuideachta CFG le teacht le chéile agus lena chéad bhuiséad a ghlacadh tar éis scéim CFG a cheadú.

129J.— (1) Laistigh de 60 lá tar éis dáta ceadaithe an CFG, déanfaidh bord stiúrthóirí na cuideachta CFG atá freagrach as scéim CFG—

(a) cruinniú de na stiúrthóirí sin a thionól, agus

(b) ag an gcruinniú sin, buiséad don chéad tréimhse inmhuirearaithe faoin scéim a ullmhú agus a ghlacadh, ina leagfar amach na nithe a thuairiscítear in alt 129L(1)(a) go (c).

(2) Tá feidhm ag forálacha alt 129L(1)(a) go (c) maidir leis an mbuiséad atá le hullmhú agus le glacadh don chéad tréimhse inmhuirearaithe faoi fho-alt (1) den alt seo agus, chun na críche sin, léifear na tagairtí in alt 129L(1) agus (2) do ‘don chéad tréimhse inmhuirearaithe eile’ mar ‘don chéad tréimhse inmhuirearaithe’.

(3) Déanfaidh an chuideachta CFG, laistigh de 7 lá tar éis an chruinnithe faoi fho-alt (1), cóip den bhuiséad glactha a chur faoi bhráid an údaráis rátúcháin lena mbaineann.

Ciste CFG ar leithligh le bunú tar éis scéim CFG a cheadú.

129K.— (1) Laistigh de 60 lá tar éis dáta ceadaithe an CFG, déanfaidh an t-údarás rátúcháin a cheadóidh scéim CFG a chur i bhfeidhm ciste (‘ciste CFG’) a bhunú le haghaidh na scéime sin.

(2) I gcás scéim CFG a bheidh ceadaithe le haghaidh athnuachana faoi alt 129B, leantar leis an gciste CFG a bunaíodh roimhe sin le haghaidh na scéime sin ar an gceadú sin.

(3) Beidh an ciste CFG ar leithligh ó chiste áitiúil an údaráis rátúcháin agus is ar leithligh a thabharfar cuntas i leith chuntais an chiste CFG.

(4) Íocfar na tobhaigh ranníoca CFG go léir a bhaileoidh an t-údarás rátúcháin i ndáil leis an scéim CFG isteach sa chiste CFG.

(5) Faoi réir fho-alt (6), is as an gciste CFG a dhéanfar na tobhaigh ranníoca CFG a bhaileofar i rith tréimhse inmhuirearaithe a íoc leis an gcuideachta CFG a bheidh freagrach as an scéim CFG mar a cheanglaítear faoi théarmaí na scéime.

(6) Féadfaidh an t-údarás rátúcháin gach costas réasúnach a thabhóidh sé i gcomhlíonadh feidhmeanna a bhaineann leis an scéim CFG a ghnóthú ón gciste CFG.

Buiséad bliantúil le haghaidh scéime CFG.

129L.— (1) I ngach tréimhse inmhuirearaithe faoi scéim CFG, déanfaidh an chuideachta CFG a bheidh freagrach as an scéim buiséad a ullmhú agus a ghlacadh ina leagfar amach gach ní de na nithe seo a leanas don chéad tréimhse inmhuirearaithe eile:

(a) an caiteachas a mheastar a bheith riachtanach i rith na chéad tréimhse inmhuirearaithe eile sin d’fhonn—

(i) na tionscadail, na seirbhísí agus na hoibreacha faoin scéim a sheoladh,

(ii) an scéim a riaradh agus a bhainistiú, agus

(iii) feidhmeanna i ndáil leis an scéim a chomhall de réir na Coda seo;

(b) aon ioncam, seachas an ranníoc bliantúil CFG faoi mhír (c), a mheastar a fhabhróidh don chuideachta CFG;

(c) an tsuim iomlán airgid (‘ranníoc bliantúil CFG’) a iarrann an chuideachta CFG ar an údarás rátúcháin a ranníoc i leith an scéim a mhaoiniú don chéad tréimhse inmhuirearaithe eile trí thobhaigh ranníoca CFG a fhorchur agus a bhailiú faoin gCuid seo.

(2) Déanfar an ranníoc bliantúil CFG a chinneadh de réir na foirmle

A — B

i gcás

gurb é A an caiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a), agus

gurb é B an t-ioncam dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b).

(3) Cuirfidh an chuideachta CFG cóip den bhuiséad don chéad tréimhse inmhuirearaithe eile faoi bhráid an údaráis rátúcháin lena mbaineann ar a laghad 14 lá sula dtosóidh an chéad tréimhse inmhuirearaithe eile sin.

Iolraitheoir bliantúil CFG.

129M.— (1) Ar chóip den bhuiséad a ghlac cuideachta CFG faoi alt 129J(3) nó 129L(3) a fháil, déanfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann an t-iolraitheoir bliantúil CFG a chinneadh a bheidh le tobhach i gcoinne luacháil gach maoine inrátaithe sa cheantar feabhsúchán gnó lena mbaineann an costas.

(2) Déanfar an t-iolraitheoir bliantúil CFG a chinneadh de réir na foirmle

A + B

C

i gcás

gurb é A an ranníoc bliantúil CFG a chinnfidh an chuideachta CFG de bun ailt 129L(2),

gurb é B iomlán na méideanna seo a leanas—

(a) na costais mheasta go léir is dóigh leis an údarás rátúcháin a thabhóidh sé le linn na chéad tréimhse inmhuirearaithe eile i gcomhlíonadh feidhmeanna a bhaineann leis an scéim CFG, agus

(b) más don chéad tréimhse inmhuirearaithe den scéim faoi alt 129J a bheidh an buiséad, na costais go léir a thabhóidh an t-údarás rátúcháin i ndáil leis an togra CFG ar a mbeidh an scéim bunaithe, agus

gurb é C luacháil chomhiomlán na maoine inrátaithe go léir atá suite sa cheantar feabhsúcháin gnó iomchuí de réir an liosta luachála is déanaí a bheidh i bhfeidhm an tráth a chinnfear an t-iolraitheoir CFG faoin alt seo.

Tobhach ranníoca bliantúil CFG.

129N.— (1) Ar an iolraitheoir bliantúil CFG do thréimhse inmhuirearaithe a chinneadh faoi alt 129M, déanfaidh an t-údarás rátúcháin tobhach ranníoca CFG a fhorchur agus a bhailiú don tréimhse inmhuirearaithe sin ar gach maoin inrátaithe sa cheantar feabhsúcháin gnó a bhfuil feidhm ag an scéim CFG maidir leis.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh méid an tobhaigh ranníoca CFG i leith maoine inrátaithe a thuairiscítear i bhfo-alt (1) le cinneadh de réir na foirmle

A x B

i gcás

gurb é A an t-iolraitheoir bliantúil CFG don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, agus

gurb é B luacháil na maoine inrátaithe, de réir an liosta luachála is déanaí a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a chinnfear an t-iolraitheoir CFG sin.

(3) Má tá maoin inrátaithe a thuairiscítear i bhfo-alt (1) neamháitithe ar an dáta a chinnfear an t-iolraitheoir bliantúil CFG, déanfar méid an tobhaigh ranníoca CFG a chinneadh tríd an bhfoirmle atá leagtha amach i bhfo-alt (2) a chur chun feidhme agus tríd an toradh sin a roinnt ar 2..

(4) Déanfar fógra i dtaobh an tobhaigh ranníoca CFG a fhorchuirfear ar mhaoin inrátaithe faoin alt seo a chur leis an bpost chuig an duine a bheidh faoi dhliteanas an tobhach a íoc i leith na maoine sin faoi fho-alt (5) (‘an t-íocóir tobhaigh CFG’) nó a sheachadadh ar shlí eile air nó uirthi agus beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

(a) méid an tobhaigh ranníoca CFG;

(b) an dáta faoina mbeidh an tobhach ranníoca CFG dlite agus iníoctha agus an modh ar a n-íocfar é.

(5) Dlífidh siad seo a leanas an tobhach ranníoca CFG a íoc i gcomhair maoine rátúcháin faoin alt seo:

(a) an duine atá ag áitiú na maoine ar an dáta a chinnfear an t-iolraitheoir bliantúil CFG;

(b) má tá an mhaoin neamháitithe ar an dáta dá dtagraítear i mír (a), an duine ar leis nó léi an mhaoin ar an dáta sin.

(6) Beidh an dáta a shonraítear faoi fho-alt (4)(b) 14 lá ar a laghad ón dáta a sheolfar an fógra faoin bhfo-alt sin.

(7) Déanfaidh an t-íocóir tobhaigh CFG méid iomlán an tobhaigh ranníoca CFG a íoc leis an údarás rátúcháin faoin dáta a shonraítear faoi fho-alt (4)(b).

(8) Tá an tobhach ranníoca CFG ar a ndlitear íocóir tobhaigh CFG faoin alt seo inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla agus, más ann do líon is mó ná íocóir tobhaigh amháin den sórt sin i leith maoine inrátaithe faoi réir an tobhaigh, beidh na híocóirí tobhaigh sin faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i leith an tobhaigh sin.

(9) Ní bheidh tobhach ranníoca CFG ó bhail de bhíthin aon earráide nó lochta i lua ainm an íocóra tobhaigh CFG san fhógra faoi fho-alt (4) ná de bhíthin an tuairisc ‘an t-úinéir’ nó ‘an t-áititheoir’ a úsáid gan aon ainm ná sonra breise, agus beidh an tobhach inghnóthaithe ón íocóir tobhaigh CFG d’ainneoin aon earráide nó lochta den sórt sin ná aon tuairisc den sórt sin a úsáid.

(10) Chun críocha an ailt seo, tá maoin inrátaithe ‘neamháitithe’ má dhéanann an duine ar leis nó léi an mhaoin (‘an t-úinéir’), ar an dáta a chinntear an t-iolraitheoir bliantúil CFG, a dheimhniú don údarás rátúcháin—

(a) nach raibh an mhaoin á háitiú ag an úinéir ar an dáta sin,

(b) nach raibh aon duine eile i dteideal an mhaoin a úsáid nó a theachtadh ar an dáta sin, agus

(c) de mheon macánta, nach raibh an t-úinéir ábalta dáiríre tionónta oiriúnach a aimsiú don mhaoin ar chíos réasúnach.

Tobhach a athríomh má tharlaíonn scriosadh nó scartáil iomlán maoine.

129O.— (1) Más rud é, le linn tréimhse inmhuirearaithe, go scartáiltear nó go scriostar maoin inrátaithe atá faoi réir tobhaigh ranníoca CFG a mhéid nach féidir d’úinéir na maoine í a áitiú go hinrátaithe, féadfaidh an t-íocóir tobhaigh CFG iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun an údaráis rátúcháin lena mbaineann ar aisíoc nó ar chreidmheas ar mhéid an tobhaigh a íocadh nó is iníoctha i leith na tréimhse inmhuirearaithe.

(2) Ar an iarratas a fháil agus ar a bheith deimhin de gur comhlíonadh an coinníoll a thuairiscítear i bhfo-alt (1),measúnóidh an t-údarás rátúcháin méid an tobhaigh ranníoca CFG pro rata a íocadh nó is iníoctha i leith an chion sin den tréimhse inmhuirearaithe ar lena linn nach féidir an mhaoin a áitiú go hinrátaithe agus déanfar an méid measúnaithe pro rata sin—

(a) a aisíoc leis an íocóir tobhaigh CFG is iarratasóir, i gcás ina mbeidh an tobhach íoctha ina iomláine cheana féin,

(b) a aisíoc leis an íocóir tobhaigh CFG is iarratasóir a mhéid a thiocfadh ró-íocaíocht as aon íocaíocht pháirteach a rinneadh ar an tobhach de thoradh fheidhm an fho-ailt seo, nó

(c) mura bhfuil feidhm ag míreanna (a) agus (b), a chur mar chreidmheas do chuntas an íocóra tobhaigh CFG is iarratasóir.

Tobhach a athríomh má leasaítear an luacháil i rith na tréimhse inmhuirearaithe.

129P.— (1) Tá feidhm ag an alt seo más rud é—

(a) go bhfuil an tobhach ranníoca CFG is iníoctha i leith maoine inrátaithe do thréimhse inmhuirearaithe íoctha ag íocóir tobhaigh CFG,

(b) go n-athraíonn luacháil na maoine le linn na tréimhse inmhuirearaithe sin de thoradh ar leasú ar an liosta luachála a thuairiscítear in alt 28 den Acht Luachála 2001, agus

(c) nach bhfuil aisíoc nó creidmheas faighte ag an íocóir tobhaigh CFG faoi alt 129O i leith na maoine inrátaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin.

(2) A luaithe is indéanta le réasún tar éis luacháil na maoine inrátaithe a thuairiscítear i bhfo-alt (1) a leasú, déanfaidh an t-údarás rátúcháin an tobhach ranníoca CFG i leith na maoine inrátaithe sin a athríomh faoi alt 129N(2) nó (3), de réir mar a bheidh, agus an t-iolraitheoir CFG céanna ach an luacháil leasaithe i leith na maoine á n-úsáid, agus déanfar an méid arna athríomh a mheasúnú pro rata bunaithe ar an líon laethanta a bheidh fágtha sa tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, dar tosach an dáta a dhéantar an luacháil a leasú.

(3) Más rud é, mar thoradh ar an athríomh faoi fho-alt (2), go raibh ró-íocaíocht ar íoc an tobhaigh ranníoca CFG a thuairiscítear i bhfo-alt (1)(a) agus nach bhfuil aon riaráistí tobhach ranníoca CFG le híoc ar an maoin lena mbaineann nó, más ann do riaráistí den sórt sin, gur lú iad ná méid na ró-íocaíochta, ansin íocfaidh an t-údarás rátúcháin leis an íocóir tobhaigh CFG lena mbaineann aisíoc de mhéid na ró-íocaíochta lúide méid aon riaráistí den sórt sin a dhlitear.

(4) Más rud é, mar thoradh ar an athríomh faoi fho-alt (2), go raibh gearríocaíocht ar íoc an tobhaigh ranníoca CFG a thuairiscítear i bhfo-alt (1)(a), ansin—

(a) tá an t-íocóir tobhaigh CFG faoi dhliteanas i leith an iarmhéid a dhlitear,

(b) féadfar an t-iarmhéid a dhlitear a ghnóthú ón íocóir tobhaigh CFG ar an modh céanna dá bhforáiltear faoi alt 129N, agus

(c) tá feidhm ag forálacha 129N(4) go (9) chun críocha an ghnóthaithe sin.

(5) Más rud é—

(a) go bhfuil an luacháil leasaithe don mhaoin inrátaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ina hábhar dá bharr sin d’achomharc faoi Chuid 7 den Acht Luachála 2001, agus

(b) tar éis na hachomhairc go léir faoin gCuid sin a ídiú, go bhfuil luacháil dheiridh na maoine don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí éagsúil leis an luacháil a bhí ann chun críocha an athríomha faoi fho-alt (2),

déanfaidh an t-údarás rátúcháin an tobhach ranníoca CFG a athríomh don mhaoin sin faoi alt 129N(2) nó (3), de réir mar a bheidh, agus an fhoirmle chéanna a chuirtear chun feidhme sna forálacha sin á húsáid ach amháin i gcás gurb é ‘B’ anois luacháil dheiridh na maoine dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo.

(6) Más rud é, mar thoradh ar athríomh faoi fho-alt (5), go raibh ró-íocaíocht nó gearríocaíocht i gceist sa mhéid airgid a d’íoc an t-íocóir tobhaigh CFG don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, ansin—

(a) i gcás ró-íocaíochta, tá feidhm ag fo-alt (3), agus

(b) i gcás gearríocaíochta, tá feidhm ag fo-alt (4).

Cúram agus bainistiú tobhach ranníoca CFG.

129Q.— Déantar gach tobhach ranníoca CFG a fhorchuirfear agus a bheidh le bailiú de bhun na Coda seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú an údaráis rátúcháin lena mbaineann.

Cuntais agus ráitis airgeadais a choimeád.

129R.— (1) Déanfaidh cuideachta CFG a bheidh freagrach as scéim CFG an uile chuntas is cuí agus is gnách ar airgead a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, a choimeád.

(2) Gan fo-alt (1) a theorannú, déanfaidh an chuideachta CFG córais airgeadais, cuntais agus nósanna imeachta tuairiscithe agus coimeádta taifead a bhunú, a oibriú agus a chothabháil, lena n-áirítear ráitis bhliantúla airgeadais a ullmhú, ar ráitis iad a bheidh bunaithe ar phrionsabail agus ar chleachtais chuntasaíochta a nglactar i gcoitinne leo.

(3) Déanfaidh an chuideachta CFG—

(a) cóip dá cuntais iniúchta bhliantúla a chur faoi bhráid an údaráis rátúcháin tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid na cuideachta CFG lena mbaineann na cuntais sin, agus

(b) ar iarratas ó aon duine, cóip de na cuntais sin a sholáthar ar phraghas nach mó ná costas réasúnach an atáirgthe.

(4) Féadfaidh an t-údarás rátúcháin a cheangal freisin go ndéanfar ráitis a ullmhú agus a chur faoina bhráid i dtaobh staid airgeadais na cuideachta CFG.

(5) Maidir le ráitis i dtaobh staide airgeadais a chuirfear faoi bhráid an údaráis rátúcháin, beidh iontu cibé sonraí, agus déanfar iad a ullmhú agus a chur faoina bhráid ag cibé eatraimh, a shonróidh an t-údarás rátúcháin.

Scéimeanna CFG a luath-fhoirceannadh.

129S.— (1) Féadfaidh an t-údarás rátúcháin a cheadóidh cur i ngníomh nó athnuachan scéime CFG an scéim a fhoirceannadh le rún má tá feidhm ag aon cheann díobh seo a leanas:

(a) i dtuairim an údaráis rátúcháin, maidir leis an gcuideachta CFG atá freagrach as an scéim—

(i) nach mbeidh dóthain airgid aici chun a dliteanais a íoc don tréimhse inmhuirearaithe reatha agus go mbeidh deis réasúnach tairgthe ag an údarás rátúcháin don chuideachta CFG comhshocraíocht a dhéanamh—

(A) chun an t-easnamh a mhaoiniú, nó

(B) chun laghdú a dhéanamh ar na tionscadail, na seirbhísí nó na hoibreacha faoin scéim is laghdú dóthanach chun an t-easnamh a fhritháireamh,

(ii) nach bhfuil na tionscadail, na seirbhísí ná na hoibreacha á ndéanamh nó á soláthar aici de réir na scéime, nó

(iii) go bhfuil aon fhoráil sa Chuid seo gan chomhlíonadh aici;

(b) nach féidir leis an údarás rátúcháin, mar gheall ar aon chúis nach bhfuil neart aige uirthi, a fheidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an scéim CFG.

(2) Chun rún a rith faoi fho-alt (1), is gá go vótálfaidh trian amháin ar a laghad de líon iomlán chomhaltaí an údaráis lena mbaineann i bhfabhar an rúin.

(3) Déanfaidh an t-údarás rátúcháin, 28 lá ar a laghad roimh dháta an fhoirceanta, fógra scríofa a thabhairt don chuideachta CFG á rá go bhfuil sé ar intinn aige an scéim CFG a fhoirceannadh faoi fho-alt (1).

(4) Féadfaidh an chuideachta CFG a bheidh freagrach as scéim CFG an scéim a fhoirceannadh i gcás go bhfuil aon cheann de na cásanna seo a leanas i bhfeidhm:

(a) nach mbeidh dóthain airgid ag an gcuideachta CFG chun a dliteanais a íoc don tréimhse inmhuirearaithe reatha agus go mbeidh iarracht réasúnach déanta aici chun comhshocraíocht a dhéanamh—

(i) chun an t-easnamh a mhaoiniú, nó

(ii) chun laghdú a dhéanamh ar na tionscadail, na seirbhísí nó na hoibreacha faoin scéim is laghdú dóthanach chun an t-easnamh a fhritháireamh;

(b) nach féidir leis an gcuideachta CFG, mar gheall ar aon chúis nach mbeidh aon neart aici uirthi, na tionscadail, na seirbhísí nó na hoibreacha a dhéanamh nó a sholáthar faoin scéim.

(c) nach bhfuil na tionscadail, na seirbhísí nó na hoibreacha a bheidh le déanamh nó le soláthar faoin scéim ag teastáil a thuilleadh.

(5) Déanfaidh an chuideachta CFG, 28 lá ar a laghad roimh dháta an fhoirceanta, fógra scríofa a thabhairt don údarás rátúcháin lena mbaineann á rá go bhfuil sé ar intinn aici an scéim CFG a fhoirceannadh faoi fho-alt (4).

Cuntasaíocht deiridh ciste CFG ar scéim CFG a fhoirceannadh.

129T.— (1) A luaithe is indéanta le réasún tar éis scéim CFG a fhoirceannadh faoi alt 129S nó tar éis do scéim gan a bheith i bhfeidhm a thuilleadh agus nach n-athnuaitear í, tabharfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann fógra scríofa maidir leis an bhfoirceannadh—

(a) más le linn tréimhse inmhuirearaithe faoin scéim a tharlóidh an foirceannadh, do na daoine sin a dhlífidh tobhach ranníoca CFG a íoc don tréimhse inmhuirearaithe sin, agus

(b) mura bhfuil an scéim i bhfeidhm a thuilleadh agus mura n-athnuaitear í faoi alt 129B, do na daoine sin is déanaí a bhí faoi dhliteanas an tobhach ranníoca CFG a íoc nuair a bhí an scéim i bhfeidhm.

(2) Míneofar san fhógra scríofa dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an mbeidh aisíoc le déanamh faoi fho-alt (4).

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (4), más rud é,—

(a) tar éis na costais go léir a asbhaint a thabhóidh an t-údarás rátúcháin le linn feidhmeanna a chomhlíonadh a bhaineann leis an scéim CFG, agus

(b) tar éis na costais go léir a asbhaint is dóigh leis an údarás rátúcháin a thabhóidh sé le linn a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin gcuid seo,

go bhfuil creidmheas ann i leith an chiste CFG iomchuí a d’fhágfadh, nuair a roinnfí é idir na híocóirí tobhaigh CFG a d’íoc an tobhach ranníoca CFG is déanaí a bhí dlite roimh an scéim a fhoirceannadh (agus é roinnte ar bhonn atá i gcomhréir lena ranníoc leis an ranníoc bliantúil CFG don tréimhse inmhuirearaithe is déanaí), gurbh fhéidir €50 ar a laghad a aisíoc le gach duine de na híocóirí tobhaigh sin.

(4) Maidir leis an údarás rátúcháin—

(a) déanfaidh sé, tar éis na hasbhaintí a thuairiscítear i bhfo-alt (3)(a) agus (b) a dhéanamh, méid an chreidmheasa don chiste CFG iomchuí a bheidh le haisíoc le gach íocóir tobhaigh CFG a thuairiscítear san fho-alt sin a ríomh, agus

(b) déanfaidh sé socruithe na haisíocaí sin a dhéanamh.

(5) Mura bhfuil feidhm ag fo-alt (3), aistreoidh an t-údarás rátúcháin comhardú an chreidmheasa sa chiste CFG iomchuí chun creidmheasa ciste áitiúil an údaráis rátúcháin.”.

Tobhach maoine bliana iontrála.

7 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 19:

“CUID 19A

TOBHACH MAOINE BLIANA IONTRÁLA

Mínithe.

211A.— Sa Chuid seo:

ciallaíonn ‘dáta iontrála’, i ndáil le maoin cháilitheach, an dáta a thaifeadtar an chéad luacháil inrátaithe don mhaoin sin ar an liosta luachála;

ciallaíonn ‘bliain iontrála’, i ndáil le maoin cháilitheach, an bhliain airgeadais ina dtaifeadtar an mhaoin ar liosta luachála den chéad uair;

ciallaíonn ‘íocóir tobhaigh’, i ndáil le maoin cháilitheach, an duine atá faoi dhliteanas an tobhach a íoc i leith na maoine sin faoi alt 211B(6);

ciallaíonn ‘bliain iar-iontrála’ an bhliain airgeadais tar éis na bliana iontrála i leith maoine cáilithí;

ciallaíonn ‘maoin cháilitheach’ maoin atá faoi réir an tobhaigh faoi alt 211B(1);

tá le ‘limistéar údaráis rátúcháin’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Luachála 2001;

tá le ‘maoin cháilitheach’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Luachála 2001.

Tobhach maoine bliana iontrála.

211B.— (1) Nuair a thagann ann do mhaoin iomchuí nuathógtha nó nuafhoirgnithe i limistéar údaráis rátúcháin agus nuair a dhéantar an mhaoin a thaifeadadh den chéad uair ar an liosta luachála a bhaineann leis an limistéar sin, déanfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann tobhach a fhorchur agus a bhailiú i leith na maoine sin de réir an ailt seo.

(2) Aon mhaoin nach bhfuil inrátaithe de bhun alt 15(2), (3) nó (4) den Acht Luachála 2001, ní bheidh sé faoi réir an tobhaigh faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Faoi réir fho-alt (4), beidh méid an tobhaigh faoi fho-alt (1) le cinneadh de réir na foirmle

(A x B) x (C/D)

i gcás

gurb é A an ráta bliantúil ar luacháil a chinn an t-údarás rátúcháin don bhliain iontrála de bhun alt 103(7)(b) (i),

gurb é B luacháil inrátaithe na maoine,

gurb é C líon na laethanta atá fágtha sa bhliain iontrála, dar tosach an dáta iontrála, agus

gurb é D an líon iomlán laethanta sa bhliain iontrála.

(4) má tá maoin cháilitheach neamháitithe ar an dáta iontrála, cinnfear méid an tobhaigh tríd an bhfoirmle atá leagtha amach i bhfo-alt (3) a chur chun feidhme agus an toradh sin a roinnt ar 2.

(5) Cuirfear fógra i dtaobh an tobhaigh leis an bpost chuig an duine a dhlífidh an tobhach i leith na maoine cáilithí a íoc faoi fho-alt (6) (‘an t-íocóir tobhaigh’) nó seachadfar air nó uirthi é ar shlí eile agus beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

(a) méid an tobhaigh;

(b) an dáta faoina mbeidh an tobhach dlite agus iníoctha agus an modh ar a n-íocfar é.

(6) Dlífidh na daoine seo a leanas an tobhach a íoc faoin alt seo:

(a) an duine atá ag áitiú na maoine cáilithí ar an dáta iontrála;

(b) má tá an mhaoin cháilitheach neamháitithe ar an dáta iontrála, an duine ar leis nó ar léi an mhaoin ar an dáta sin.

(7) Ní ceadmhach an dáta a shonraítear faoi fho-alt (5)(b) a bheith níos luaithe ná 14 lá tar éis an dáta a chuirfear an fógra faoin bhfo-alt sin.

(8) Íocfaidh an t-íocóir tobhaigh méid iomlán an tobhaigh leis an údarás rátúcháin faoin dáta a shonrófar faoi fho-alt (5)(b).

(9) An tobhach a mbeidh íocóir tobhaigh faoi dhliteanas ina leith faoin alt seo, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla agus, má tá níos mó ná íocóir tobhaigh amháin ann i leith na maoine cáilithí, beidh na híocóirí tobhaigh sin faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith an tobhaigh sin.

(10) Ní bheidh tobhach ó bhail de bhíthin aon earráide nó lochta i lua ainm an íocóra tobhaigh san fhógra faoi fho-alt (5) ná de bhíthin an tuairisc “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” a úsáid gan aon ainm ná sonra breise, agus beidh an tobhach inghnóthaithe ón íocóir tobhaigh d’ainneoin aon earráide nó lochta den sórt sin ná aon tuairisc den sórt sin a úsáid.

(11) Chun críocha an ailt seo agus alt 211E, tá maoin inrátaithe ‘neamháitithe’ má dhéanann an duine ar leis nó léi an mhaoin (‘an t-úinéir’) ar an dáta iontrála a dheimhniú don údarás rátúcháin—

(a) nach raibh an mhaoin á háitiú ag an úinéir ar an dáta sin,

(b) nach raibh aon duine eile i dteideal an mhaoin a úsáid nó a theachtadh ar an dáta sin, agus

(c) de mheon macánta, nach raibh an t-úinéir ábalta dáiríre tionónta oiriúnach a aimsiú don mhaoin ar chíos réasúnach.

Tobhach a athríomh má tharlaíonn scriosadh nó scartáil iomlán maoine.

211C.— (1) Más rud é, le linn na bliana iontrála, go scartáiltear nó go scriostar maoin inrátaithe a mhéid nach féidir d’úinéir na maoine í a áitiú go hinrátaithe, féadfaidh an t-íocóir tobhaigh iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun an údaráis rátúcháin lena mbaineann ar aisíoc nó ar chreidmheas ar mhéid an tobhaigh a íocadh nó is iníoctha faoi alt 211B.

(2) Ar an iarratas a fháil agus ar a bheith deimhin de gur comhlíonadh an coinníoll a thuairiscítear i bhfo-alt (1),measúnóidh an t-údarás rátúcháin méid an tobhaigh pro rata a íocadh nó is iníoctha i leith an chion sin den bhliain iontrála ar lena linn nach féidir an mhaoin a áitiú go hinrátaithe agus déanfar an méid measúnaithe pro rata sin—

(a) a aisíoc leis an íocóir tobhaigh is iarratasóir, i gcás ina mbeidh an tobhach íoctha ina iomláine cheana féin,

(b) a aisíoc leis an íocóir tobhaigh is iarratasóir a mhéid a thiocfadh ró-íocaíocht as aon íocaíocht pháirteach a rinneadh ar an tobhach de thoradh fheidhm an fho-ailt seo, nó

(c) mura bhfuil feidhm ag míreanna (a) agus (b), a chur mar chreidmheas do chuntas an íocóra tobhaigh is iarratasóir.

Tobhach na bliana iontrála a athríomh má leasaítear an luacháil inrátaithe.

211D.— (1) Tá feidhm ag an alt seo más rud é—

(a) go bhfuil an tobhach is iníoctha íoctha ag an íocóir tobhaigh i leith maoine cáilithí faoi alt 211B,

(b) go n-athraíonn luacháil inrátaithe na maoine le linn na bliana iontrála de thoradh leasú ar an liosta luachála a thuairiscítear in alt 28 den Acht Luachála 2001, agus

(c) nach bhfuil aisíoc nó creidmheas faighte ag an íocóir tobhaigh faoi alt 211C i leith na maoine.

(2) A luaithe is indéanta le réasún i ndiaidh luacháil inrátaithe na maoine a thuairiscítear i bhfo-alt (1) a leasú, déanfaidh an t-údarás rátúcháin tobhach na bliana iontrála don mhaoin sin a athríomh faoi alt 211B(3) nó (4), de réir mar a bheidh, agus an ráta bliantúil céanna ar luacháil ach an luacháil inrátaithe leasaithe don mhaoin á n-úsáid, agus déanfar an méid arna athríomh a mheasúnú pro rata bunaithe ar an líon laethanta a bheidh fágtha sa bhliain iontrála, dar tosach an dáta a dhéanfar an luacháil inrátaithe a leasú.

(3) Más rud é, mar thoradh ar an athríomh faoi fho-alt (2), go raibh ró-íocaíocht i gceist in íoc an tobhaigh a thuairiscítear i bhfo-alt (1)(a), ansin íocfaidh an t-údarás rátúcháin aisíoc de mhéid na ró-íocaíochta sin leis an íocóir tobhaigh.

(4) Más rud é, mar thoradh ar an athríomh faoi fho-alt (2), go raibh gearríocaíocht ar íoc an tobhaigh a thuairiscítear i bhfo-alt (1)(a), ansin—

(a) tá an t-íocóir tobhaigh faoi dhliteanas i leith an iarmhéid a dhlitear,

(b) féadfar an t-iarmhéid a dhlitear a ghnóthú ón íocóir tobhaigh ar an modh céanna dá bhforáiltear faoi alt 211B, agus

(c) tá feidhm ag forálacha alt 211B(5) go (10) chun críocha an ghnóthaithe sin.

(5) Más rud é—

(a) go bhfuil an luacháil leasaithe don mhaoin inrátaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ina hábhar dá bharr sin d’achomharc faoi Chuid 7 den Acht Luachála 2001, agus

(b) tar éis na hachomhairc go léir faoin gCuid sin a ídiú, go bhfuil luacháil dheiridh na maoine don bhliain iontrála éagsúil leis an luacháil a bhí ann chun críocha an athríomha faoi fho-alt (2),

déanfaidh an t-údarás rátúcháin tobhach na bliana iontrála a athríomh don mhaoin sin faoi alt 211B(3) nó (4), de réir mar a bheidh, agus an fhoirmle chéanna a chuirtear chun feidhme sna forálacha sin á húsáid ach amháin i gcás gurb é ‘B’ anois luacháil dheiridh na maoine dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo.

(6) Más rud é, mar thoradh ar athríomh faoi fho-alt (5), go raibh ró-íocaíocht nó gearríocaíocht i gceist sa mhéid airgid a d’íoc an t-íocóir tobhaigh i leith thobhach na bliana iontrála, ansin—

(a) i gcás ró-íocaíochta, tá feidhm ag fo-alt (3), agus

(b) i gcás gearríocaíochta, tá feidhm ag fo-alt (4).

Tobhach maoine bliana iariontrála in imthosca sonraithe.

211E.— (1) Más rud é go ndéantar maoin cháilitheach a thaifeadadh den chéad uair sa liosta luachála a bhaineann le limistéar údaráis rátúcháin i ndiaidh don údarás rátúcháin lena mbaineann an ráta bliantúil ar luacháil a chinneadh don bhliain iariontrála de bhun alt 107(3)(b)(i), déanfaidh an t-údarás rátúcháin tobhach breise a fhorchur agus a bhailiú i leith na maoine sin de réir an ailt seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh méid an tobhaigh faoi fho-alt (1) le cinneadh de réir na foirmle

A x B

i gcás

gurb é A an ráta bliantúil ar luacháil arna chinneadh ag an údarás rátúcháin i gcomhair na bliana iariontrála de bhun alt 103(7)(b)(i), agus

gurb é B luacháil inrátaithe na maoine.

(3) Má tá an mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) neamháitithe ar an dáta iontrála, déanfar méid an tobhaigh a chinneadh tríd an bhfoirmle atá leagtha amach i bhfo-alt (2) a chur chun feidhme agus tríd an toradh sin a roinnt ar 2.

(4) Déanfar fógra i dtaobh an tobhaigh a chur leis an bpost chuig an íocóir tobhaigh nó a sheachadadh ar shlí eile air nó uirthi agus beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

(a) méid an tobhaigh;

(b) an dáta faoina mbeidh an tobhach dlite agus iníoctha agus an modh ar a n-íocfar é.

(5) Beidh an dáta a shonraítear faoi fho-alt (4)(b) 14 lá ar a laghad ón dáta a chuirfear an fógra faoin bhfo-alt sin.

(6) Déanfaidh an t-íocóir tobhaigh méid iomlán an tobhaigh a íoc leis an údarás rátúcháin faoin dáta a shonraítear faoi fho-alt (4)(b).

(7) Tá feidhm ag forálacha alt 211B(9) agus (10) d’fhonn an tobhach a ghnóthú faoin alt seo agus forléireofar aon tagairtí sna forálacha sin d’alt 211B mar thagairtí don alt seo.

(8) Tá feidhm ag forálacha alt 211C maidir le maoin cháilitheach a bheidh faoi réir thobhach na bliana iariontrála faoin alt seo agus, chun na críche sin, tá feidhm ag na rialacha forléiriúcháin seo a leanas:

(a) déanfar aon tagairtí sna forálacha sin d’alt 211B a fhorléiriú mar thagairtí don alt seo;

(b) déanfar aon tagairtí sna forálacha sin do ‘bliain iontrála’ a fhorléiriú mar thagairtí do ‘bliain iariontrála’.

Tobhach bliana iariontrála a athríomh má leasaítear luacháil inrátaithe.

211F.— (1) Tá feidhm ag an alt seo más rud é—

(a) go bhfuil an tobhach is iníoctha i leith maoine cáilithí faoi alt 211E íoctha ag an íocóir tobhaigh,

(b) go n-athraíonn luacháil inrátaithe na maoine i rith na bliana iariontrála de thoradh ar leasú ar an liosta luachála a thuairiscítear in alt 28 den Acht Luachála 2001, agus

(c) nach bhfuil aisíoc nó creidmheas faighte ag an íocóir tobhaigh i leith na maoine de bhun alt 211E(8).

(2) A luaithe is indéanta le réasún tar éis luacháil inrátaithe na maoine a shonraítear i bhfo-alt (1) a leasú, déanfaidh an t-údarás rátúcháin tobhach na bliana iariontrála i leith na maoine sin a athríomh faoi alt 211E(2) nó (3), de réir mar a bheidh, agus an ráta bliantúil céanna ar luacháil ach an luacháil inrátaithe leasaithe i leith na maoine á n-úsáid, agus déanfar an méid arna athríomh a mheasúnú pro rata bunaithe ar an líon laethanta a bheidh fágtha sa bhliain iariontrála, dar tosach an dáta a dhéantar an luacháil inrátaithe a leasú.

(3) Más rud é, mar thoradh ar an athríomh faoi fho-alt (2), go raibh ró-íocaíocht ar íoc an tobhaigh a thuairiscítear i bhfo-alt (1)(a), ansin íocfaidh an t-údarás rátúcháin leis an íocóir tobhaigh aisíoc de mhéid na ró-íocaíochta sin.

(4) Más rud é, mar thoradh ar an athríomh faoi fho-alt (2), go raibh gearríocaíocht ar íoc an tobhaigh a thuairiscítear i bhfo-alt (1)(a), ansin—

(a) tá an t-íocóir tobhaigh faoi dhliteanas i leith an iarmhéid a dhlitear,

(b) féadfar an t-iarmhéid a dhlitear a ghnóthú ón íocóir tobhaigh ar an modh céanna dá bhforáiltear faoi alt 211E, agus

(c) tá feidhm ag forálacha alt 211E(4) go (7) chun críocha an ghnóthaithe sin.

(5) Más rud é—

(a) go bhfuil an luacháil leasaithe inrátaithe don mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ina hábhar dá bharr sin d’achomharc faoi Chuid 7 den Acht Luachála 2001, agus

(b) tar éis na hachomhairc go léir faoin gCuid sin a ídiú, go bhfuil luacháil dheiridh inrátaithe na maoine don bhliain iariontrála éagsúil leis an luacháil a bhí ann chun críocha an athríomha faoi fho-alt (2),

déanfaidh an t-údarás rátúcháin tobhach na bliana iariontrála a athríomh don mhaoin sin faoi alt 211E(2) nó (3), de réir mar a bheidh, agus an fhoirmle chéanna a chuirtear chun feidhme sna forálacha sin á húsáid ach amháin i gcás gurb é ‘B’ anois luacháil dheiridh inrátaithe na maoine dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo.

(6) Más rud é, mar thoradh ar athríomh faoi fho-alt (5), go raibh ró-íocaíocht nó gearríocaíocht i gceist sa mhéid airgid a d’íoc an t-íocóir tobhaigh i leith thobhach na bliana iariontrála, ansin—

(a) i gcás ró-íocaíochta, tá feidhm ag fo-alt (3), agus

(b) i gcás gearríocaíochta, tá feidhm ag fo-alt (4).”.

Leasú ar alt 56 (cumhacht chun ioncam rátaí a theorannú) den Acht Luachála 2001.

8 .— Leasaítear alt 56 den Acht Luachála 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú á cheangal ar údarás rátúcháin a chumhachtaí maidir le rátaí a ghearradh a fheidhmiú ar shlí lena n-áiritheofar nach mó an méid iomlán a dhlífear a íoc leis i leith rátaí arna ngearradh aige sa bhliain iomchuí ná méid a chinnfear de réir na foirmle

A x (B + C)

i gcás

gurb é A an figiúr a shonraítear i bhfo-alt (3),

gurb é B an méid iomlán a dhlífear a íoc leis an údarás rátúcháin i leith rátaí arna dtobhach aige sa bhliain roimhe sin, agus

gurb é C méid arna chinneadh de réir na foirmle

D x (E + F)

i gcás

gurb é D an ráta bliantúil ar luacháil a thoibhigh an t-údarás rátúcháin don bhliain roimhe sin de bhun alt 103 (7)(b)(i) den Acht Rialtais Áitiúil 2001,

gurb é E luacháil chomhiomlán na maoine iomchuí sa limistéar a bhí, de bhun cumhachtaí oifigigh athbhreithnithe a fheidhmiú faoi alt 28(4)(b) den Acht seo, ar áireamh ar an liosta luachála don bhliain roimhe sin, mar a leasaíodh an liosta sin don limistéar sin i ndáil leis na maoine sin faoi alt 28(10), agus

gurb é F an méadú iomlán, más ann, ar luachálacha do mhaoine iomchuí sa limistéar a tharla le linn na bliana roimhe sin de bhun cumhachtaí oifigigh athbhreithnithe a fheidhmiú faoi alt 28(4)(a), ar feidhmiú é ar dá bharr a tháinig leasuithe ar an liosta luachála don bhliain roimhe sin de réir alt 28(10).”.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

9 .— (1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil 1925 go 2006 a ghairm d’ailt 2 go 7 agus de na hAchtanna Rialtais Áitiúil 1925 go 2004 le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna Luachála 2001 agus 2006 a ghairm d’alt 6 agus den Acht Luachála 2001 le chéile.

(4) Tagann ailt 2 go 4 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Acmhainní Nádúrtha le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.