|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) | Ar Aghaidh ( CUID 3 Leasuithe ar Acht na bPinsean 1990 ) |
An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007
[EN] | ||||||||||
[EN] |
CUID 2 Leasuithe ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh | |||||||||
Leasú ar an míniú ar oibrí forbartha deonach. |
3 .— Leasaítear alt 2(1) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oibrí forbartha deonach”: | |||||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘oibrí forbartha deonach’ duine atá fostaithe go sealadach lasmuigh den Stát i dtír fhorásach agus a d’áirithigh an fhostaíocht sin— | |||||||||
[EN] | (a) tríd an Roinn Gnóthaí Eachtracha nó trí ghníomhaireacht neamhrialtasach sa Stát, nó | |||||||||
[EN] | (b) trí ghníomhaireacht rialtasach nó neamhrialtasach in aon Bhallstát seachas an Stát, nó | |||||||||
[EN] | (c) go díreach le rialtas tíre forásaí, | |||||||||
[EN] | agus atá fostaithe ag aon cheann de na gníomhaireachtaí sin nó ag rialtas na tíre forásaí nó acu araon faoi choinníollacha luacha saothair atá comhchosúil le coinníollacha áitiúla atá i bhfeidhm sa tír sin agus a raibh cónaí air nó uirthi sa Stát díreach roimh dhul i mbun na fostaíochta sin;”. | |||||||||
Sochar linbh — rátaí nua. |
4 .— (1) Leasaítear Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Chuid 4 (a cuireadh isteach le halt 16 d’Acht 2006): | |||||||||
[EN] | “CUID 4 | |||||||||
[EN] | Na Méideanna Sochair Linbh | |||||||||
| ||||||||||
[EN] | ”. | |||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Aibreán 2007. | |||||||||
Sochar breoiteachta — feabhsuithe |
5 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 40(3), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e): | |||||||||
[EN] | “(ea) d’ainneoin mhír (d), i gcás duine a bhí, an 1 Bealtaine 2007 nó dá éis, ag fáil sochar breoiteachta ar feadh tréimhse nach lú ná 624 lá i leith tréimhse éagumais chun oibre agus a bhfuil tréimhsí éagumais chun oibre dá éis sin aige nó aici laistigh den tréimhse bhearnaithe fostaíochta chéanna, déanfar aon 2 thréimhse éagumais chun oibre dá éis sin den sórt sin laistigh den tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin nach bhfuil níos mó ná 26 sheachtain eatarthu a áireamh mar thréimhse amháin éagumais chun oibre,”, | |||||||||
[EN] | (b) in alt 41— | |||||||||
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)(c)(i): | |||||||||
[EN] | “(ia) tuilleamh seachtainiúil forordaithe, i gcás duine a bhí díreach roimh an tseachtain éagumais ar ina leith a éilíodh sochar breoiteachta— | |||||||||
[EN] | (I) ag fáil sochar cúramóra nó liúntas cúramóra, agus | |||||||||
[EN] | (II) ag fáil sochar breoiteachta díreach roimh íocaíocht dá dtagraítear i bhfomhír (I) a fháil, | |||||||||
[EN] | nó”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (ii) i bhfo-alt (12), trí na focail “arna dhéanamh roimh 1 Iúil in aon bhliain” a chur isteach roimh “más rud é”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (c) in alt 46— | |||||||||
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)(b): | |||||||||
[EN] | “(b) go mainneoidh an duine gan chúis mhaith cibé ceanglais a shonrófar leis na rialacháin a chomhlíonadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach ní gá go mbeidh siad teoranta dóibh: | |||||||||
[EN] | (i) dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi aon scrúdú dochtúra nó scrúdú eile nó cóireáil liachta nó cóireáil eile; | |||||||||
[EN] | (ii) treoracha a bhaineann lena éagumas nó lena héagumas arna n-eisiúint ag lia-chleachtóir cláraithe a chomhlíonadh; | |||||||||
[EN] | (iii) staonadh ó iompar is dóigh a chuirfidh treampán ar a théarnamh nó a téarnamh; | |||||||||
[EN] | (iv) a bheith ar fáil chun bualadh le hoifigeach don Aire maidir lena éileamh nó lena héileamh ar shochar breoiteachta.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |||||||||
[EN] | “(1A) Ní bheidh duine dícháilithe chun sochar breoiteachta a fháil le linn dó nó di a bheith ag gabháil do cibé aicme nó aicmí fostaíochta nó oiliúna, agus faoi réir cibé imthosca agus coinníollacha, a fhorordófar.”. | |||||||||
Sochar máithreachais — feabhsuithe. |
6 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 47— | |||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)(a), trí “nó go ndeimhneoidh lia-chleachtóir cláraithe nó go ndeimhneofar ar shlí eile chun sástacht an Aire go raibh bean i luí seoil,” a chur isteach i ndiaidh “an deimhniú,”, | |||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)(a): | |||||||||
[EN] | “(a) Faoi réir an Achta seo agus mhír (b), i gcás go n-éagfaidh bean, ar saolaíodh leanbh beo di, tráth ar bith roimh dheireadh an ceathrú seachtain is fiche i ndiaidh sheachtain a luí seoil, beidh teideal ag athair an linbh chun sochair faoin gCaibidil seo, amhail is dá mba bhean é agus beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo (seachas ailt 48 agus 50(b)) ar gach slí i gcás an fhir sin.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)(c): | |||||||||
[EN] | “(c) le fear— | |||||||||
[EN] | (i) is ranníocóir fostaithe, don tréimhse saoire a bhfuil teideal aige chuici faoi alt 16 den Acht um Chosaint Mháithreachais 1994 nó do thréimhse 6 sheachtain, cibé acu tréimhse ama is faide, nó | |||||||||
[EN] | (ii) atá i bhféinfhostaíocht inárachaithe, do thréimhse dar tosach an lá tar éis an lae a tharlóidh éag na máthar— | |||||||||
[EN] | (I) i gcás go n-éagfaidh an mháthair roimh dhul in éag don cheathrú seachtain is fiche tar éis sheachtain a luí seoil, go dtí deireadh an ceathrú seachtain is fiche tar éis sheachtain a luí seoil, nó do thréimhse 6 sheachtain, cibé acu tréimhse ama is faide, nó | |||||||||
[EN] | (II) i gcás go n-éagfaidh an mháthair tar éis dul in éag don cheathrú seachtain is fiche ach roimh dhul in éag don daicheadú seachtain i ndiaidh sheachtain a luí seoil, go dtí deireadh an daicheadú seachtain i ndiaidh sheachtain a luí seoil, nó do thréimhse 6 sheachtain, cibé acu tréimhse ama is faide, | |||||||||
[EN] | ach más rud é go n-éagfaidh an tairbhí, ní bheidh an sochar iníoctha i leith aon lae dá éis sin.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 50: | |||||||||
[EN] | “Dícháiliúcháin. | |||||||||
[EN] | 50.— Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar bean chun sochar máithreachais a fháil más rud é— | |||||||||
[EN] | (a) go ngabhfaidh sí, le linn na tréimhse a mbeidh an sochar iníoctha ina leith, d’aon chineál fostaíochta inárachaithe, d’fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), d’fhéinfhostaíocht inárachaithe, d’aon fhostaíocht dá dtagraítear i mír 1, 2, 3 nó 6 de Chuid 2 de Sceideal 1 nó d’aon fhéinfhostaíocht dá dtagraítear i mír 1 nó 5 de Chuid 3 de Sceideal 1, nó | |||||||||
[EN] | (b) go mainneoidh sí, gan chúis mhaith, dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi aon scrúdú dochtúra is gá de réir rialachán a dhéanfar faoin alt seo.”. | |||||||||
Sochar uchtaíoch — feabhsuithe. |
7 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 58(4)— | |||||||||
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |||||||||
[EN] | “(a) i gcás ranníocóra fhostaithe— | |||||||||
[EN] | (i) don tréimhse saoire uchtaíche a mbeidh an tuismitheoir is uchtaitheoir ina teideal faoi alt 6 den Acht um Shaoire Uchtaíoch 1995, nó | |||||||||
[EN] | (ii) don tréimhse saoire uchtaíche a mbeidh an tuismitheoir is uchtaitheoir ina teideal faoi alt 9 den Acht um Shaoire Uchtaíoch 1995 nó do thréimhse 6 sheachtain, cibé tréimhse ama acu is faide, agus ní bheidh feidhm ag forálacha alt 59,”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b)(ii): | |||||||||
[EN] | “(ii) ar tuismitheoir is uchtaitheoir é nó í de réir bhrí fho-alt (1)(b)(ii), i gcás go bhfaighidh an mháthair is uchtaitheoir bás— | |||||||||
[EN] | (I) roimh an lá suímh, do thréimhse 24 sheachtain as a chéile dar tosach an lá suímh, nó | |||||||||
[EN] | (II) ar an lá suímh nó dá éis, do thréimhse 24 sheachtain lúide tréimhse in ionannas leis an tréimhse dar tosach an lá suímh agus dar críoch lá a báis nó do thréimhse 6 sheachtain cibé acu tréimhse ama is faide, agus ní bheidh feidhm ag forálacha alt 59,”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 61: | |||||||||
[EN] | “Dícháiliúchán. | |||||||||
[EN] | 61.— Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar tuismitheoir is uchtaitheoir chun sochar uchtaíoch a fháil i gcás go ngabhfaidh sé nó sí, le linn na tréimhse a mbeidh an sochar iníoctha ina leith, d’aon chineál fostaíochta inárachaithe, d’fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), d’fhéinfhostaíocht inárachaithe, d’aon fhostaíocht dá dtagraítear i mír 1, 2, 3 nó 6 de Chuid 2 de Sceideal 1 nó d’aon fhéinfhostaíocht dá dtagraítear i mír 1 nó 5 de Chuid 3 de Sceideal 1.”. | |||||||||
Sochar cuardaitheora poist — feabhsú. |
8 .— Leasaítear alt 64 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)(c)(i): | |||||||||
[EN] | “(ia) tuilleamh seachtainiúil ináirithe forordaithe, i gcás duine a bhí, díreach roimh an tseachtain dífhostaíochta ar ina leith a éilíodh sochar cuardaitheora poist— | |||||||||
[EN] | (I) ag fáil sochar cúramóra nó liúntas cúramóra agus, | |||||||||
[EN] | (II) ag fáil sochar cuardaitheora poist díreach roimh íocaíocht dá dtagraítear i bhfomhír (I) a fháil, | |||||||||
[EN] | nó”. | |||||||||
Liúntas cuardaitheora poist, liúntas réamhscoir, liúntas míchumais agus cúnamh feirme — leasuithe ar fhorálacha maidir le hacmhainn. |
9 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 141(2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d): | |||||||||
[EN] | “(d) Faoi réir mhír (e), i gcás inar céile dá dtagraítear in aon cheann d’fhomhíreanna (iii) go (vii) d’alt 2(2)(a) céile éilitheora ar liúntas cuardaitheora poist, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne. | |||||||||
[EN] | (e) D’ainneoin mhír (d), más rud é, sna 4 sheachtain díreach roimh thosach feidhme alt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007, go raibh duine i dteideal liúntas cuardaitheora poist a fháil nó ag fáil liúntas cuardaitheora poist i leith aon lae dífhostaíochta agus nach aosach cáilithe an éilitheora ar liúntas cuardaitheora poist é nó í céile an éilitheora, nó gur céile é nó í ar ina leith atá méadú iníoctha de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 297, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne nó an acmhainn arna ríomh de réir mhír (d), cibé acu is mó fabhar. | |||||||||
[EN] | (f) I gcás ina ndéanfar aon tráth acmhainn éilitheora a ríomh de réir mhír (e) agus a ríomh dá éis sin de réir mhír (d), ní bheidh feidhm a thuilleadh ag mír (e) maidir leis an éilitheoir. | |||||||||
[EN] | (g) Más rud é, d’aon tréimhse nach giorra ná 4 sheachtain as a chéile tar éis thosach feidhme alt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007, go scoirfidh éilitheoir a ndearnadh a acmhainn nó a hacmhainn a ríomh de réir mhír (e) de bheith i dteideal liúntas cuardaitheora poist a fháil nó de bheith ag fáil liúntas cuardaitheora poist, beidh feidhm ag mír (d) maidir le haon éilimh ina dhiaidh sin.”, | |||||||||
[EN] | (b) in alt 142(1)(b)(i), trí “nó céile dá dtagraítear in alt 141(2)(d)” a chur isteach i ndiaidh “aosach cáilithe”, | |||||||||
[EN] | (c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 146: | |||||||||
[EN] | “Méid na méaduithe is iníoctha i leith linbh cháilithe i gcásanna áirithe. | |||||||||
[EN] | 146.— Maidir le haon mhéadú ar liúntas cuardaitheora poist is iníoctha faoi alt 142(1) i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus le céile an éilitheora nó an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta aon leath den mhéid cuí in aon chás, maidir le céile an éilitheora nó an tairbhí— | |||||||||
[EN] | (a) nach aosach cáilithe é nó í, nó | |||||||||
[EN] | (b) inar céile dá dtagraítear in alt 141(2)(d) é nó í, | |||||||||
[EN] | agus léifear alt 142(1), agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.”, | |||||||||
[EN] | (d) in alt 149, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | |||||||||
[EN] | “(4) Faoi réir fho-alt (4A), i gcás inar céile dá dtagraítear in aon cheann d’fhomhíreanna (iii) go (vii) d’alt 2(2)(a) céile éilitheora ar liúntas réamhscoir, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne. | |||||||||
[EN] | (4A) D’ainneoin fho-alt (4), más rud é, sna 4 sheachtain díreach roimh thosach feidhme alt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007, go raibh duine i dteideal liúntas réamhscoir a fháil nó ag fáil liúntas réamhscoir i leith aon lae scoir agus nach aosach cáilithe an éilitheora ar liúntas réamhscoir é nó í céile an éilitheora, nó gur céile é nó í ar ina leith atá méadú iníoctha de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 297, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne nó an acmhainn arna ríomh de réir fho-alt (4), cibé acu is mó fabhar. | |||||||||
[EN] | (4B) I gcás ina ndéanfar aon tráth acmhainn éilitheora a ríomh de réir fho-alt (4A) agus a ríomh dá éis sin de réir fho-alt (4), ní bheidh feidhm a thuilleadh ag fo-alt (4A) maidir leis an éilitheoir. | |||||||||
[EN] | (4C) Más rud é, d’aon tréimhse nach giorra ná 4 sheachtain as a chéile tar éis thosach feidhme alt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007, go scoirfidh éilitheoir a ndearnadh a acmhainn nó a hacmhainn a ríomh de réir fho-alt (4A) de bheith i dteideal liúntas réamhscoir a fháil nó de bheith ag fáil liúntas réamhscoir, beidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le haon éilimh ina dhiaidh sin.”, | |||||||||
[EN] | (e) in alt 150— | |||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)(a), trí “nó céile dá dtagraítear in alt 149(4)” a chur isteach i ndiaidh “aosach cáilithe”, agus | |||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||||||
[EN] | “(3) Maidir le haon mhéadú ar liúntas réamhscoir is iníoctha faoi fho-alt (1)(b) i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus le céile an éilitheora nó an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta aon leath den mhéid cuí in aon chás, maidir le céile an éilitheora nó an tairbhí— | |||||||||
[EN] | (a) nach aosach cáilithe é nó í, nó | |||||||||
[EN] | (b) inar céile dá dtagraítear in alt 149(4) é nó í, | |||||||||
[EN] | agus léifear fo-alt (1)(b), agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.”, | |||||||||
[EN] | (f) in alt 210, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||||||||
[EN] | “(2) Faoi réir fho-alt (2A), i gcás inar céile dá dtagraítear in aon cheann d’fhomhíreanna (iii) go (vii) d’alt 2(2)(a) céile éilitheora ar liúntas míchumais, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne. | |||||||||
[EN] | (2A) D’ainneoin fho-alt (2), más rud é, sna 4 sheachtain díreach roimh thosach feidhme alt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007, go raibh duine i dteideal liúntas míchumais a fháil nó ag fáil liúntas míchumais agus nach aosach cáilithe an éilitheora ar liúntas míchumais é nó í céile an éilitheora, nó gur céile é nó í ar ina leith atá méadú iníoctha de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 297, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne nó an acmhainn arna ríomh de réir fho-alt (2), cibé acu is mó fabhar. | |||||||||
[EN] | (2B) I gcás ina ndéanfar aon tráth acmhainn éilitheora a ríomh de réir fho-alt (2A) agus a ríomh dá éis sin de réir fho-alt (2), ní bheidh feidhm a thuilleadh ag fo-alt (2A) maidir leis an éilitheoir. | |||||||||
[EN] | (2C) Más rud é, d’aon tréimhse nach giorra ná 4 sheachtain as a chéile tar éis thosach feidhme alt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007, go scoirfidh éilitheoir a ndearnadh a acmhainn nó a hacmhainn a ríomh de réir fho-alt (2A) de bheith i dteideal liúntas míchumais a fháil nó de bheith ag fáil liúntas míchumais, beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon éilimh ina dhiaidh sin.”, | |||||||||
[EN] | (g) in alt 211— | |||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)(a), trí “nó céile dá dtagraítear in alt 210(2)” a chur isteach i ndiaidh “aosach cáilithe”, agus | |||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||||||
[EN] | “(3) Maidir le haon mhéadú ar liúntas míchumais is iníoctha faoi fho-alt (1)(b) i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus le céile an éilitheora nó an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta aon leath den mhéid cuí in aon chás, maidir le céile an éilitheora nó an tairbhí— | |||||||||
[EN] | (a) nach aosach cáilithe é nó í, nó | |||||||||
[EN] | (b) inar céile dá dtagraítear in alt 210(2) é nó í, | |||||||||
[EN] | agus léifear fo-alt (1)(b), agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.”, | |||||||||
[EN] | (h) in alt 214, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||||||||
[EN] | “(2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás inar céile dá dtagraítear in aon cheann d’fhomhíreanna (iii) go (vii) d’alt 2(2)(a) céile éilitheora ar chúnamh feirme, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne. | |||||||||
[EN] | (3) D’ainneoin fho-alt (2), más rud é, sna 4 sheachtain díreach roimh thosach feidhme alt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007, go raibh duine i dteideal cúnamh feirme a fháil nó ag fáil cúnamh feirme agus nach aosach cáilithe an éilitheora ar chúnamh feirme é nó í céile an éilitheora nó gur céile é nó í ar ina leith atá méadú iníoctha de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 297, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne nó an acmhainn arna ríomh de réir fho-alt (2), cibé acu is mó fabhar. | |||||||||
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar aon tráth acmhainn éilitheora a ríomh de réir fho-alt (3) agus a ríomh dá éis sin de réir fho-alt (2), ní beidh feidhm a thuilleadh ag fo-alt (3) maidir leis an éilitheoir. | |||||||||
[EN] | (5) Más rud é, d’aon tréimhse nach giorra ná 4 sheachtain as a chéile tar éis thosach feidhme alt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007, go scoirfidh éilitheoir a ndearnadh a acmhainn nó a hacmhainn a ríomh de réir fho-alt (3) de bheidh i dteideal cúnamh feirme a fháil nó de bheith ag fáil cúnamh feirme, beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon éilimh ina dhiaidh sin.”, | |||||||||
[EN] | (i) in alt 215(1)(a), trí “nó céile dá dtagraítear in alt 214(2)” a chur isteach i ndiaidh “aosach cáilithe”, agus | |||||||||
[EN] | (j) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 216: | |||||||||
[EN] | “Méid na méaduithe is iníoctha i leith linbh cháilithe i gcásanna áirithe. | |||||||||
[EN] | 216.— Maidir le haon mhéadú ar chúnamh feirme is iníoctha faoi alt 215(1) i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus le céile an éilitheora nó an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta aon leath den mhéid cuí in aon chás, maidir le céile an éilitheora nó an tairbhí— | |||||||||
[EN] | (a) nach aosach cáilithe é nó í, nó | |||||||||
[EN] | (b) nach céile dá dtagraítear in alt 214(2) é nó í, | |||||||||
[EN] | agus léifear fo-alt 215(1), agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.”. | |||||||||
Costas cúraim liachta — leasuithe. |
10 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 39(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f): | |||||||||
[EN] | “(f) sochar díobhálacha ceirde lena gcuimsítear sochar díobhála, sochar míthreorach agus sochar báis,”, | |||||||||
[EN] | (b) in alt 86— | |||||||||
[EN] | (i) trí fho-alt (5) a scriosadh, agus | |||||||||
[EN] | (ii) i bhfo-alt (6), trí “I gcás ina ndéanfaidh duine éileamh ar chostas cúraim liachta faoin alt seo” a chur in ionad “I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (5)”, | |||||||||
[EN] | (c) in alt 240, sa mhíniú ar “sochar”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a): | |||||||||
[EN] | “(aa) costas cúraim liachta faoi alt 86,”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (d) in alt 241(2), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a): | |||||||||
[EN] | “(aa) i gcás cúraim liachta, i leith aon tréimhse is luaithe ná 12 mhí roimh an dáta a dhéanfar an t-éileamh,”. | |||||||||
Dícháiliúcháin chun sochar díobhála nó sochar míthreorach a fháil — leasú. |
11 .— Leasaítear alt 91(1) den Phríomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d): | |||||||||
[EN] | “(d) cibé ceanglais a shonrófar leis na rialacháin a chomhlíonadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach ní gá go mbeidh siad teoranta dóibh: | |||||||||
[EN] | (i) treoracha a bhaineann lena éagumas nó lena héagumas arna n-eisiúint ag lia-chleachtóir cláraithe a chomhlíonadh; | |||||||||
[EN] | (ii) staonadh ó iompar is dóigh a chuirfidh treampán ar a théarnamh nó a téarnamh; | |||||||||
[EN] | (iii) a bheith ar fáil chun bualadh le hoifigeach don Aire maidir lena éileamh nó lena héileamh ar shochar díobhála nó ar shochar míthreorach.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |||||||||
[EN] | “(1A) Ní bheidh duine dícháilithe chun sochar díobhála nó sochar míthreorach a fháil le linn dó nó di a bheith ag gabháil do cibé aicme nó aicmí fostaíochta nó oiliúna, agus faoi réir cibé imthosca agus coinníollacha, a fhorordófar.”. | |||||||||
Sochar cúramóra — teideal chun sochar a fháil. |
12 .— Leasaítear alt 100(1)(b) agus (3) den Phríomh-Acht trí “d’fhostaíocht, d’fhéinfhostaíocht, nó d’aon chúrsa oideachais nó oiliúna” a chur in ionad “d’fhostaíocht nó d’fhéinfhostaíocht” aon áit a bhfuil sé. | |||||||||
Pinsean Stáit (ranníocach) — leasú. |
13 .— Leasaítear alt 108(5) agus (8) den Phríomh-Acht trí “alt 109(1)” a chur in ionad “alt 109(1)(a) agus (c)” aon áit a bhfuil sé. | |||||||||
Méadú i leith aosaigh cháilithe — íocaíocht dhíreach. |
14 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 112, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |||||||||
[EN] | “(1A) Maidir le méid an mhéadaithe ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1), i leith aon éilimh ar phinsean Stáit (ranníocach) a dhéanfar tar éis an 24 Meán Fómhair 2007, íocfar é— | |||||||||
[EN] | (a) go díreach leis an aosach cáilithe lena mbaineann, nó | |||||||||
[EN] | (b) le cibé duine eile a ainmneoidh an t-aosach cáilithe d’fhonn an méadú ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil thar ceann an aosaigh cháilithe. | |||||||||
[EN] | (1B) I gcás ina scoirfidh tairbhí de bheith i dteideal pinsin Stáit (ranníocach) scoirfear freisin den mhéadú ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a íoc le haosach cáilithe.”, | |||||||||
[EN] | (b) in alt 113, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5): | |||||||||
[EN] | “(6) Maidir le méid an mhéadaithe pinsin dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(a), i leith aon éilimh ar phinsean faoin alt seo a dhéanfar tar éis an 24 Meán Fómhair 2007, íocfar é— | |||||||||
[EN] | (a) go díreach leis an aosach cáilithe lena mbaineann, nó | |||||||||
[EN] | (b) le cibé duine eile a ainmneoidh an t-aosach cáilithe d’fhonn an méadú ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(a) a fháil thar ceann an aosaigh cháilithe. | |||||||||
[EN] | (7) I gcás ina scoirfidh tairbhí de bheith i dteideal pinsin faoin alt seo scoirfear freisin den mhéadú ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(a) a íoc le haosach cáilithe.”, | |||||||||
[EN] | (c) in alt 117, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |||||||||
[EN] | “(1A) Maidir le méid an mhéadaithe ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1), i leith aon éilimh ar phinsean Stáit (aistriú) a dhéanfar tar éis an 24 Meán Fómhair 2007, íocfar é— | |||||||||
[EN] | (a) go díreach leis an aosach cáilithe lena mbaineann, nó | |||||||||
[EN] | (b) le cibé duine eile a ainmneoidh an t-aosach cáilithe d’fhonn an méadú ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil thar ceann an aosaigh cháilithe. | |||||||||
[EN] | (1B) I gcás ina scoirfidh tairbhí de bheith i dteideal pinsin Stáit (aistriú) scoirfear freisin den mhéadú ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a íoc le haosach cáilithe.”, | |||||||||
[EN] | (d) in alt 157 (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |||||||||
[EN] | “(3) Maidir le méid an mhéadaithe ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a), i leith aon éilimh ar phinsean Stáit (neamhranníocach) a dhéanfar tar éis an 24 Meán Fómhair 2007, íocfar é— | |||||||||
[EN] | (a) go díreach leis an gcéile lena mbaineann, nó | |||||||||
[EN] | (b) le cibé duine eile a ainmneoidh an céile d’fhonn an méadú ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt 1(a) a fháil thar ceann an chéile. | |||||||||
[EN] | (4) I gcás ina scoirfidh tairbhí de bheith i dteideal pinsin Stáit (neamhranníocach) scoirfear freisin den mhéadú ar phinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) a íoc le céile.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach roimh alt 334, ach i gCuid 11: | |||||||||
[EN] | “Léiriú (Cuid 11). | |||||||||
[EN] | 333A.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘ailt iomchuí’ ailt 334(1)(a), 335, 336, 337, 338, 339, 341(9) agus 342. | |||||||||
[EN] | (2) Chun críocha na Coda seo— | |||||||||
[EN] | (a) léifear tagairtí do ‘sochar’ sna hailt iomchuí mar thagairtí a fholaíonn íocaíocht faoi alt 112 (1A), 113(6) nó 117(1A) de réir mar is cuí, agus | |||||||||
[EN] | (b) léifear tagairtí do ‘cúnamh’ sna hailt iomchuí mar thagairtí a fholaíonn íocaíocht faoi alt 157 (3).”. | |||||||||
Teideal d’fhaighteoirí pinsin easláine — leasú. |
15 .— Leasaítear alt 113A (a cuireadh isteach le hAcht 2006) den Phríomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (3) trí “Faoi réir fho-ailt (4) agus (6),” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (4),”, agus | |||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5): | |||||||||
[EN] | “(6) Más rud é, maidir le duine atá ag fáil pinsean easláine faoi Chaibidil 17 den Chuid seo de réir ráta laghdaithe de bhua socrú cómhalartach faoi alt 287, go slánóidh sé nó sí aois inphinsin agus nach mbeidh sé nó sí i dteideal pinsin faoi alt 108 de bhua a ranníocaí faoin Acht seo, is é an ráta seachtainiúil pinsin is iníoctha an ceann is mó díobh seo a leanas— | |||||||||
[EN] | (a) méid an phinsin easláine ab iníoctha murach an t-alt seo, arna ríomh de réir an tsocraithe chómhalartaigh iomchuí, nó | |||||||||
[EN] | (b) an ráta pinsin Stáit (ranníocach) is iníoctha de réir socraithe chómhalartaigh iomchuí.”. | |||||||||
Pinsean easláine — leasú ar an teideal chun pinsin. |
16 .— Leasaítear alt 118 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||||||
[EN] | “(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun pinsean easláine a fháil i gcás ina mainneoidh an duine gan cúis mhaith déanamh de réir cibé ceanglas a bheidh sonraithe leis na rialacháin, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach ní gá go mbeidh siad teoranta dóibh: | |||||||||
[EN] | (a) dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi aon scrúdú dochtúra nó scrúdú eile nó cóireáil liachta nó cóireáil eile; | |||||||||
[EN] | (b) treoracha a bhaineann lena éagumas nó lena héagumas arna n-eisiúint ag lia-chleachtóir cláraithe a chomhlíonadh; | |||||||||
[EN] | (c) staonadh ó iompar is dóigh a chuirfeadh treampán ar a théarnamh nó ar a téarnamh; | |||||||||
[EN] | (d) a bheith ar fáil chun bualadh le hoifigeach don Aire maidir lena éileamh nó lena héileamh ar phinsean easláine. | |||||||||
[EN] | (4) Ní bheidh duine dícháilithe chun pinsean easláine a fháil le linn dó nó di a bheith ag gabháil do cibé aicme nó aicmí fostaíochta nó oiliúna, agus faoi réir cibé imthosca agus coinníollacha, a fhorordófar.”. | |||||||||
Íocaíocht chaomhnóra (ranníocach) agus íocaíocht chaomhnóra (neamhranníocach) — leasuithe. |
17 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 130, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||||||||
[EN] | “(2) Ní bheidh íocaíocht chaomhnóra (ranníocach) iníoctha in aghaidh aon tréimhse a ndéanfar íocaíocht lena linn i leith linbh faoi Chuid VI den Acht um Chúram Leanaí 1991 agus faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gcéanna.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (b) in alt 168, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | |||||||||
[EN] | “(4) Ní bheidh íocaíocht chaomhnóra (neamhranníocach) iníoctha in aghaidh aon tréimhse a ndéanfar íocaíocht lena linn i leith linbh faoi Chuid VI den Acht um Chúram Leanaí 1991 agus faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gcéanna.”. | |||||||||
Deontas méala — feabhsuithe. |
18 .— Leasaítear alt 134(3) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh cáilithe”: | |||||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘ leanbh cáilithe ’, in alt 134(1)(b)— | |||||||||
[EN] | (a) duine— | |||||||||
[EN] | (i) atá, ar dháta an bháis, faoi bhun 18 mbliana d’aois nó os cionn 18 mbliana d’aois agus faoi 22 bhliain d’aois, agus atá ag fáil oideachas lánaimseartha, a ndéanfar na himthosca ina leith a shonrú i rialacháin, | |||||||||
[EN] | (ii) a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát ar an dáta sin, agus | |||||||||
[EN] | (iii) nach gcomhlíonann árachas an duine nó árachas chéile an duine sin na coinníollacha ranníoca iomchuí le haghaidh deontais méala i leith a bháis nó a báis; | |||||||||
[EN] | nó | |||||||||
[EN] | (b) duine atá, ar dháta an bháis, os cionn 16 bliana d’aois agus faoi bhun 22 bhliain d’aois agus atá ag fáil liúntas míchumais.”. | |||||||||
Deontas tuismitheora is baintreach — leasú. |
19 .— Leasaítear alt 137 den Phríomh-Acht i mír (b)(ii) den mhíniú ar “tuismitheoir is baintreach” tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (II), (III) agus (IV): | |||||||||
[EN] | “(II) pinsean baintrí (ranníocach) faoi Chaibidil 18 de Chuid 2, nó | |||||||||
[EN] | (III) pinsean baintrí fir (ranníocach) faoi Chaibidil 18 de Chuid 2, nó | |||||||||
[EN] | (IV) pinsean baintrí (ranníocach) faoi Chaibidil 18 de Chuid 2 nó pinsean baintrí fir (ranníocach) faoi Chaibidil 18 de Chuid 2 de bhua Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 an 14 Meitheamh 1971 ón gComhairle 1 nó de bhua comhaontú cómhalartach faoi alt 287, nó”. | |||||||||
Liúntas cuardaitheora poist — feabhsú. |
20 .— Leasaítear alt 142(1)(a)(ii) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (I): | |||||||||
[EN] | “(IA) a bhí ag fáil pinsean baintrí (neamhranníocach) nó pinsean baintrí fir (neamhranníocach), ach atá scortha de bheith i dteideal an phinsin sin de bhua nach meastar a thuilleadh gur baintreach í nó gur baintreach fir é de réir bhrí alt 162(1), nó”. | |||||||||
Liúntas réamhscoir — leasuithe. |
21 .— Leasaítear alt 149 den Phríomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c)(iii)(II): | |||||||||
[EN] | “(II) ag fáil liúntas cúramóra, ach— | |||||||||
[EN] | (A) atá scortha de bheith i dteideal liúntais cúramóra de bhua nach meastar a thuilleadh gur cúramóir de réir bhrí alt 179(1) é nó í, nó | |||||||||
[EN] | (B) a bhí ag fáil liúntas réamhscoir díreach sula bhfuair sé nó sí liúntas cúramóra.”, | |||||||||
[EN] | (b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach le halt 15 d’Acht 2006), trí “faoi réir fho-ailt (8) agus (9)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (8)”, agus | |||||||||
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8) (a cuireadh isteach le halt 15 d’Acht 2006): | |||||||||
[EN] | “(9) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) maidir le duine— | |||||||||
[EN] | (a) a bhí ag fáil liúntas cúramóra díreach roimh an dáta a fhorordaítear chun críocha fho-alt (7), agus | |||||||||
[EN] | (b) a bhí ag fáil liúntas réamhscoir díreach sula bhfuair sé nó sí liúntas cúramóra.”. | |||||||||
Íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora — méadú ar an teorainn tuillimh. |
22 .— Leasaítear alt 173(3) den Phríomh-Acht trí “€400” a chur in ionad “€375”. | |||||||||
Íocaíochtaí iomchuí — coinníollacha chun iad a fháil. |
23 .— Leasaítear alt 178A (a cuireadh isteach le halt 10 den Acht Leasa Shóisialaigh 2005) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |||||||||
[EN] | “(4) Féadfar le rialacháin, faoi réir na gcoinníollacha agus sna himthosca agus ar feadh na dtréimhsí a fhorordófar, teideal chun íocaíochta a thabhairt do bhean a scoireann de bheith i dteideal sochair banchéile thréigthe de bhua tuillimh a bheith aici de bhreis ar an méid a fhorordaítear chun críocha fho-alt (1)(a). | |||||||||
[EN] | (5) Forálfar le rialacháin faoi fho-alt (4) go mbeidh íocaíocht is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear i gcolún (2) de Chuid 1 de Sceideal 2 agus féadfaidh an ráta a shonraítear le rialacháin athrú faoi threoir an mheánmhéid bhliantúil arna ríomh de réir fho-alt (2)(b)(ii).”. | |||||||||
Liúntas cúramóra a íoc in imthosca áirithe. |
24 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 182, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |||||||||
[EN] | “(a) ní bheidh iníoctha le cúramóir ach aon liúntas cúramóra amháin nó íocaíocht faoi alt 186A, de réir mar a bheidh, agus ní bheidh ach aon liúntas cúramóra amháin nó íocaíocht faoi alt 186A, de réir mar a bheidh, iníoctha in aon seachtain i leith an chúraim agus na haire lánaimseartha atá á gcur ar fáil do dhuine iomchuí, agus”, | |||||||||
[EN] | (b) in alt 184(1), trí “liúntais cúramóra nó íocaíochta faoi alt 186A agus go bhfaighidh sé nó sí é nó í” a chur in ionad “liúntais cúramóra agus go bhfaighidh sé nó sí é”. | |||||||||
[EN] | (c) in alt 185— | |||||||||
[EN] | (i) trí “liúntas cúramóra nó íocaíocht faoi alt 186A” a chur in ionad “liúntas cúramóra” aon áit a bhfuil sé, agus | |||||||||
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2), trí “an liúntas nó an íocaíocht, de réir mar a bheidh” a chur in ionad “an liúntas”, | |||||||||
[EN] | (d) in alt 186(2)(a), trí “liúntais cúramóra nó íocaíochta faoi alt 186A” a chur in ionad “liúntais cúramóra”, | |||||||||
[EN] | (e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 186 ach é a bheith i gCaibidil 8: | |||||||||
[EN] | “Liúntas cúramóra a íoc in imthosca áirithe. | |||||||||
[EN] | 186A.— (1) Faoi réir an Achta seo, déanfar, sna himthosca agus faoi réir na gcoinníollacha a fhorordófar, íocaíocht le cúramóir. | |||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh cúramóir i dteideal íocaíochta faoin alt seo mura mbeidh cónaí rialta ar an gcúramóir sa Stát ar dháta déanta an iarratais ar an íocaíocht. | |||||||||
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (5), déanfar an ráta íocaíochta faoin alt seo a ríomh de réir alt 181 (seachas fomhíreanna (i), (ia) agus (ii) d’fho-alt (1)). | |||||||||
[EN] | (4) Is é an méid is iníoctha faoin alt seo leath an mhéid a ríomhfar de réir fho-alt (3). | |||||||||
[EN] | (5) D’ainneoin an ailt seo— | |||||||||
[EN] | (a) ní íocfar le cúramóir ach aon íocaíocht amháin faoin alt seo, agus ní dhéanfar ach aon íocaíocht amháin den sórt sin in aon seachtain i leith an chúraim agus na haire lánaimseartha atá á gcur ar fáil do dhuine iomchuí, | |||||||||
[EN] | (b) ní dhéanfar íocaíocht faoin alt seo i leith an chúraim agus na haire lánaimseartha atá á gcur ar fáil do dhuine iomchuí in aon chás ina bhfuil sochar cúramóra faoi Chuid 2 á íoc le haon duine i leith an chúraim agus na haire lánaimseartha atá á gcur ar fáil don duine iomchuí céanna, | |||||||||
[EN] | (c) ní dhéanfar íocaíocht faoin alt seo le duine iomchuí, | |||||||||
[EN] | (d) ní dhéanfar íocaíocht faoin alt seo más rud é, maidir leis an gcúramóir— | |||||||||
[EN] | (i) go ngabhfaidh sé nó sí d’fhostaíocht, d’fhéinfhostaíocht, nó d’aon chúrsa oideachais nó oiliúna, | |||||||||
[EN] | (ii) go mbeidh sé nó sí i dteideal sochar cuardaitheora poist nó liúntas cuardaitheora poist a fháil nó ag fáil sochar cuardaitheora poist nó liúntas cuardaitheora poist, | |||||||||
[EN] | (iii) gur duine é nó í lena mbaineann Airteagal 58 de Rialacháin 1996 i leith dífhostaíochta cruthaithe, nó | |||||||||
[EN] | (iv) go mbeidh sé nó sí i dteideal liúntas leasa forlíontach seachtainiúil a fháil, nó ag fáil liúntas leasa forlíontach seachtainiúil, faoi alt 197. | |||||||||
[EN] | (6) D’ainneoin fho-alt (5)(d)(i), chun críocha íocaíochta faoin alt seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a fhoráil go bhféadfaidh cúramóir gabháil d’fhostaíocht, d’fhéinfhostaíocht, nó d’aon chúrsa oideachais nó oiliúna, faoi réir na gcoinníollacha agus sna himthosca a fhorordófar.”, | |||||||||
[EN] | (f) in alt 224(1)(a), trí “ag fáil sochar cúramóra, liúntas cúramóra nó íocaíocht faoi alt 186A nó i dteideal é nó í a fháil” a chur in ionad “ag fáil sochar cúramóra nó liúntas cúramóra nó i dteideal é a fháil”, agus | |||||||||
[EN] | (g) in alt 247— | |||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)(b), trí “íocaíocht faoi alt 186A,” a chur isteach roimh “liúntas leasa forlíontach” | |||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |||||||||
[EN] | “(3A) D’ainneoin fho-ailt (1) agus (2) agus faoi réir fho-alt (3B), i gcás ina mbeadh sochar míthreorach agus aon sochar a thuairiscítear in alt 39(1) (lena n-áirítear aon mhéadú air) nó cúnamh a thuairiscítear in alt 139(1) (lena n-áirítear aon mhéadú air) iníoctha le duine nó ina leith maidir leis an tréimhse chéanna, féadfar an dá íocaíocht sin a íoc leis an duine sin nó ina leith maidir leis an tréimhse sin. | |||||||||
[EN] | (3B) Chun críocha fho-alt (3A), ní bheidh ar áireamh i sochar míthreorach méadú— | |||||||||
[EN] | (a) mar gheall ar éagumas de bhua alt 77, | |||||||||
[EN] | (b) i leith aosaigh cháilithe nó linbh cháilithe, de bhua alt 76, | |||||||||
[EN] | (c) i leith síorfhreastail de bhua alt 78, seachas i gcás ina bhfuil sochar, mar a thuairiscítear in alt 39(1), iníoctha.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5): | |||||||||
[EN] | “(5A) Ní bheidh íocaíocht faoi alt 186A iníoctha i gcás ina mbeidh duine ag fáil níos mó ná íocaíocht amháin de bhua rialachán a dhéanfar faoi fho-alt (4).”. | |||||||||
Liúntas leasa forlíontach — leasuithe. |
25 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 198— | |||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (3), trí “faoi réir fho-ailt (3B), (3D) agus (4)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (4)”, | |||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |||||||||
[EN] | “(3A) D’ainneoin alt 191(1), féadfar leanúint d’fhorlíonadh a íoc faoi chomhair an mhéid cíosa is iníoctha ag duine i leith a áite cónaithe nó a háite cónaithe más rud é, maidir leis an duine— | |||||||||
[EN] | (a) go ngabhfaidh sé nó sí d’fhostaíocht chúititheach lánaimseartha agus, le linn na tréimhse 12 mhí díreach sula ngabhfaidh sé nó sí d’fhostaíocht chúititheach lánaimseartha, nár measadh, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an duine ag gabháil d’fhostaíocht chúititheach lánaimseartha, nó | |||||||||
[EN] | (b) go mbeidh sé nó sí páirteach— | |||||||||
[EN] | (i) i scéim ar a dtugtar an Scéim Fiontair Liúntas Limistéir, arna ceadú ag cuideachta ar a dtugtar Comhpháirtíocht Limistéir, i gcomhairle leis an Aire, | |||||||||
[EN] | (ii) i scéim a riarann an Foras Áiseanna Saothair agus ar a dtugtar Fostaíocht Phobail, nó | |||||||||
[EN] | (iii) i scéim a riarann an tAire agus ar a dtugtar an Scéim um Liúntas chun Filleadh ar Obair, | |||||||||
[EN] | agus go mbeidh glactha leis an duine mar dhuine a bhfuil gá aige nó aici le cóiríocht faoi scéim arna maoiniú ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus ar a dtugtar an Scéim Cóiríochta ar Cíos. | |||||||||
[EN] | (3B) Faoi réir fho-alt (3C), ní bheidh íocaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) iníoctha i leith áite cónaithe duine i gcás ina bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe suite i limistéar a mbeidh fógra tugtha don Aire ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil gur limistéar athghiniúna d’fhonn foráil do lánpháirtiú sóisialta níos fearr é. | |||||||||
[EN] | (3C) Faoi réir na gcoinníollacha agus na n-imthosca a fhorordófar, ní bheidh feidhm ag fo-alt (3B)— | |||||||||
[EN] | (a) maidir le duine a bheidh ag fáil forlíonadh cíosa i leith a áite cónaithe nó a háite cónaithe díreach sula dtabharfar fógra don Aire gur limistéar athghiniúna dá dtagraítear i bhfo-alt (3B) an limistéar ina bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe suite, | |||||||||
[EN] | (b) maidir le duine atá ina chónaí nó ina cónaí i limistéar a mbeidh fógra tugtha don Aire ina leith gur limistéar athghiniúna dá dtagraítear i bhfo-alt (3B) é agus is duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal íocaíocht faoi fho-alt (3) a fháil, i gcás gur deimhin leis an bhFeidhmeannacht, ar iarratas a bheith déanta ar fhorlíonadh faoi fho-alt (3), | |||||||||
[EN] | (i) go raibh súil ag an duine, a mhéid a bhí réasúnach sna himthosca go léir, tráth thosach na tionóntachta, go leanfadh sé nó sí de bheith in ann méid an chíosa a íoc, agus | |||||||||
[EN] | (ii) go bhfuil mórathrú tagtha ar imthosca an duine sa chaoi nach féidir leis nó léi méid an chíosa a íoc. | |||||||||
[EN] | (3D) Féadfaidh an Fheidhmeannacht a chinneadh nach bhfuil íocaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) iníoctha i gcás ina bhfaighidh an Fheidhmeannacht fógra ó údarás tithíochta (de réir bhrí Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992) i dtaobh neamhchomhlíonadh caighdeán a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoi alt 18 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992.”. | |||||||||
[EN] | (2) Leasaítear an Príomh-Acht mar a chuirtear in iúl i Sceideal 1. | |||||||||
Liúntas míchumais — dícháiliú a leasú. |
26 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 212 den Phríomh-Acht: | |||||||||
[EN] | “Dícháiliú. | |||||||||
[EN] | 212.— (1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun liúntas míchumais a fháil i gcás ina mainneoidh an duine gan cúis mhaith déanamh de réir cibé ceanglas a shonrófar leis na rialacháin, lena n-áirítear na nithe seo ach ní gá go mbeidh siad teoranta dóibh: | |||||||||
[EN] | (a) dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi aon scrúdú dochtúra nó scrúdú eile nó cóireáil liachta nó cóireáil eile; | |||||||||
[EN] | (b) treoracha a bhaineann lena éagumas nó lena héagumas arna n-eisiúint ag lia-chleachtóir cláraithe a chomhlíonadh; | |||||||||
[EN] | (c) staonadh ó iompar is dóigh a chuirfidh treampán ar a théarnamh nó ar a téarnamh; | |||||||||
[EN] | (d) a bheith ar fáil chun bualadh le hoifigeach don Aire maidir lena éileamh nó lena héileamh ar liúntas míchumais. | |||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh duine dícháilithe chun liúntas míchumais a fháil le linn dó nó di a bheith ag gabháil do cibé aicme nó aicmí fostaíochta nó oiliúna, agus faoi réir cibé imthosca agus coinníollacha, a fhorordófar.”. | |||||||||
Sochar linbh — leasú. |
27 .— Aisghairtear alt 220(2)(b) den Phríomh-Acht. | |||||||||
Deontas cúraim faoisimh — méadú ar dheontas agus leasuithe. |
28 .— Leasaítear alt 225 den Phríomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “€1,500” a chur in ionad “€1,200”, agus | |||||||||
[EN] | (b) i bhfo-ailt (2)(a) agus (3), trí “d’fhostaíocht, d’fhéinfhostaíocht, nó d’aon chúrsa oideachais nó oiliúna” a chur in ionad “d’fhostaíocht nó d’fhéinfhostaíocht” aon áit a bhfuil sé. | |||||||||
Íocaíochtaí — leasú. |
29 .— Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 242(1)(b) den Phríomh-Acht: | |||||||||
[EN] | “(b) an fhaisnéis agus an fhianaise a thabharfaidh éilitheoir nó tairbhí— | |||||||||
[EN] | (i) le linn iarratas a dhéanamh go n-íocfar sochar, nó | |||||||||
[EN] | (ii) nuair atá athrú tagtha ar imthosca an éilitheora nó an tairbhí a fhéadfaidh difear a dhéanamh d’íoc an tsochair lena mbaineann, | |||||||||
[EN] | agus,”. | |||||||||
Coinníoll maidir le gnáthchónaí — leasú. |
30 .— Leasaítear alt 246 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |||||||||
[EN] | “(4) D’ainneoin na toimhdean i bhfo-alt (1), déanfaidh oifigeach breithiúnachta nó an Fheidhmeannacht, le linn dó nó di cinneadh a dhéanamh i dtaobh gnáthchónaí a bheith ar dhuine sa Stát, imthosca uile an cháis a chur san áireamh lena n-áirítear, go háirithe, na nithe seo a leanas: | |||||||||
[EN] | (a) fad agus leanúnachas tréimhse cónaithe sa Stát nó in aon tír áirithe eile; | |||||||||
[EN] | (b) fad agus cuspóir aon tréimhse asláithreachta ón Stát; | |||||||||
[EN] | (c) cineál agus pátrún fhostaíocht an duine; | |||||||||
[EN] | (d) príomh-láthair leasa an duine; agus | |||||||||
[EN] | (e) a bhfuil ar intinn ag an duine lena mbaineann a dhéanamh sa todhchaí de réir mar is léir sin ó na himthosca go léir.”. | |||||||||
Faisnéis áirithe a nochtadh. |
31 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 261(1), trí “nó cibé faisnéis atá i ndearbhuithe arna ndéanamh de réir Rialachán 3 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Iomchuí) 2000 (I.R. Uimh. 71 de 2000)” a chur isteach i ndiaidh “nó le haon íocaíochtaí arna ndéanamh faoin Acht seo”, agus | |||||||||
[EN] | (b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 261: | |||||||||
[EN] | “Faisnéis áirithe a nochtadh don Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, etc. | |||||||||
[EN] | 261A.— (1) San alt seo— | |||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘comhlacht sonraithe’ an comhlacht atá tiomnaithe do chomhlíonadh ceart fostaíochta agus a bhunófar nó atá bunaithe (ar bhonn eatramhach agus reachtúil araon) agus dá dtagraítear in ailt 12.3 agus 13.1 de Chuid a Dó den fhoilseachán dar teideal ‘Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta Sóisialaí Deich mBliana 2006-2015’, arna fhoilsiú thar ceann Roinn an Taoisigh i Meitheamh 2006 ag Oifig an tSoláthair agus ar a dtugtar ‘I dTreo 2016’. | |||||||||
[EN] | (2) D’ainneoin aon oibleagáide rúndacht a choimeád nó aon sriain eile maidir le faisnéis a nochtadh nó a thabhairt ar aird ar faisnéis í a gheobhaidh an tAire nó a thabharfar don Aire, féadfaidh an tAire faisnéis atá i seilbh an Aire agus a bhaineann leis na daoine seo a leanas a aistriú chuig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nó chuig an gcomhlacht sonraithe— | |||||||||
[EN] | (a) fostóirí pearsan aonair, nó | |||||||||
[EN] | (b) pearsana aonair, i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil siad i bhfostaíocht inárachaithe nó i bhféinfhostaíocht inárachaithe, | |||||||||
[EN] | agus féadfaidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nó an comhlacht sonraithe, de réir mar a bheidh, faisnéis den chineál dá dtagraítear i mír (a) nó (b) atá i seilbh an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nó an chomhlachta shonraithe a aistriú chuig an Aire. | |||||||||
[EN] | (3) Maidir le faisnéis a aistreoidh an tAire faoi fho-alt (2) chuig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nó chuig an gcomhlacht sonraithe, ní fhéadfaidh ach an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nó an comhlacht sonraithe, de réir mar a bheidh, í a úsáid, i bhfeidhmiú a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna i ndáil le comhlíonadh ceart fostaíochta agus ní dhéanfaidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nó an comhlacht sonraithe í a nochtadh d’aon duine eile (seachas dá chéile) chun aon chríche eile ar bith.”. | |||||||||
Uimhir phearsanta seirbhíse poiblí — leasuithe. |
32 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) in alt 262— | |||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (3)(a), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (x): | |||||||||
[EN] | “(xa) deimhniú báis, más iomchuí; | |||||||||
[EN] | (xb) grianghraf den duine, seachas i gcás duine éagtha; | |||||||||
[EN] | (xc) síniú an duine, seachas i gcás duine éagtha;”, | |||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3); | |||||||||
[EN] | “(3A) Féadfaidh oifigeach don Aire aon doiciméad a choinneáil (lena n-áirítear pas, víosa, cárta aitheantais, ceadúnas tiomána, deimhniú breithe nó deimhniú pósta nó aon doiciméad eile lena suitear náisiúntacht nó céannacht duine), is doiciméad a thabharfar chun aon chríche faoin Acht seo, ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach agus ar tréimhse í nach rachaidh, in aon chás, thar 21 lá. | |||||||||
[EN] | (3B) I gcás ina gcoinneofar doiciméad faoi fho-alt (3A) eiseofar admháil san fhoirm fhorordaithe ina leith don duine lena mbaineann.”, | |||||||||
[EN] | (iii) i bhfo-alt (6)(a), trí “maidir leis an idirbheart sin” a chur isteach i ndiaidh “is gá”, | |||||||||
[EN] | (b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 262: | |||||||||
[EN] | “Cion. | |||||||||
[EN] | 262A.— (1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é, d’fhonn uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a leithroinnt air nó uirthi agus a eisiúint chuige nó chuici nó le haghaidh aon duine eile (lena n-áirítear duine éagtha)— | |||||||||
[EN] | (a) go ndéanfaidh sé nó sí aon ráiteas nó uiríoll go feasach, ó bhéal nó i scríbhinn, ar ráiteas nó uiríoll é is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, nó | |||||||||
[EN] | (b) go dtabharfaidh sé nó sí aon doiciméad nó faisnéis eile nó go gcuirfidh sé nó sí faoi deara, nó go gceadóidh sé nó sí go feasach, é nó í a thabhairt, ar doiciméad nó faisnéis é nó í a cheanglaítear ar an duine a thabhairt faoi alt 262 nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi agus is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha. | |||||||||
[EN] | (2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear— | |||||||||
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |||||||||
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”, | |||||||||
[EN] | (c) in alt 263, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||
[EN] | “(1) Féadfaidh an tAire cárta (dá ngairtear “cárta seirbhíse poiblí” san Acht seo) a eisiúint chuig duine san fhormáid is cuí leis an Aire agus beidh— | |||||||||
[EN] | (a) ainm, uimhir phearsanta seirbhíse poiblí, grianghraf agus síniú an duine agus uimhir eisiúna an chárta agus dáta éagtha an chárta inscríofa ar an gcárta, agus | |||||||||
[EN] | (b) ainm, uimhir phearsanta seirbhíse poiblí, dáta breithe agus gnéas an duine, gach sloinne roimhe sin (má ba ann) de chuid mháthair an duine, grianghraf agus síniú an duine agus dáta éagtha an chárta ionchódaithe go leictreonach ar an gcárta, | |||||||||
[EN] | agus beidh aon fhaisnéis eile a fhorordófar inscríofa nó ionchódaithe go leictreonach ar an gcárta.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (d) i Sceideal 5, i mír 1.(4), trí “An Post” a scriosadh. | |||||||||
Buiséadú i ndáil le híocaíochtaí leasa shóisialaigh — leasú. |
33 .— Leasaítear alt 290(3) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | |||||||||
[EN] | “(ba) gnóthas údaraithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Údarú) 2003 (I.R. Uimh. 306 de 2003),”. | |||||||||
Oifigigh bhreithiúnachta a cheapadh — leasú. |
34 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 299 den Phríomh-Acht: | |||||||||
[EN] | “Oifigigh bhreithiúnachta a cheapadh. | |||||||||
[EN] | 299.— Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis nó léi a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun críocha aon fhorála nó aon fhorálacha den Acht seo, agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh ina oifigeach breithiúnachta nó ina hoifigeach breithiúnachta fad is toil leis an Aire é.”. | |||||||||
Sceideal 3 — leasuithe. |
35 .— Leasaítear Sceideal 3 a ghabhann leis an bPríomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) i gCuid 2— | |||||||||
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Riail 1(1): | |||||||||
[EN] | “(1) seachas sna himthosca agus faoi réir na gcoinníollacha agus in aghaidh na dtréimhsí a fhorordófar, luach seachtainiúil maoine de chuid an duine (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine go pearsanta ná feirm thalún atá ar léas aige nó aici) atá infheistithe nó atá á húsáid go sochrach ar shlí eile ag an duine nó nach bhfuil infheistithe nó á húsáid go sochrach, cé go bhféadfaí í a infheistiú nó a úsáid go sochrach, agus is éard atá sa luach seachtainiúil, arna ríomh— | |||||||||
[EN] | (a) chun críocha liúntais cuardaitheora poist, liúntais réamhscoir nó cúnaimh feirme de réir thagairt 1 de Thábla 1 a ghabhann leis an Sceideal seo, nó | |||||||||
[EN] | (b) chun críocha liúntais míchumais de réir thagairt 2 de Thábla 1 a ghabhann leis an Sceideal seo, | |||||||||
[EN] | acmhainn sheachtainiúil duine ón maoin sin ach, i gcás cúnaimh feirme, ní dhéanfar aon leithdháileadh ar an maoin a chur i gcuntas faoi aon fhoráil eile de na Rialacha seo chun críche caiteachais reatha;”, | |||||||||
[EN] | (ii) i Riail 1(2)(b)(iii) (arna leasú le halt 4 agus Sceideal 1 d’Acht 2006), trí “i gcás liúntais cuardaitheora poist,” a scriosadh, agus | |||||||||
[EN] | (iii) trí Riail 1(2)(b)(vii) a scriosadh, | |||||||||
[EN] | (b) i gCuid 3 (arna leasú le halt 24 d’Acht 2006)— | |||||||||
[EN] | (i) i Riail 1(1), trí “de réir thagairt 1 de Thábla 1” a chur in ionad “de réir Thábla 1”, agus | |||||||||
[EN] | (ii) trí Riail 1(2)(b)(vii) agus (viii) a scriosadh, | |||||||||
[EN] | (c) i gCuid 5 (a cuireadh isteach le halt 25 d’Acht 2006)— | |||||||||
[EN] | (i) i Riail 1(1), trí “de réir thagairt 1 de Thábla 1” a chur in ionad “de réir Thábla 1”, | |||||||||
[EN] | (ii) i Riail 1(2)(b)(iii), trí “i gcás íocaíochta teaghlaigh aontuismitheora,” a scriosadh agus | |||||||||
[EN] | (iii) trí Riail 1(2)(b)(xi) a scriosadh, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Thábla 1: | |||||||||
[EN] | “Tábla 1 | |||||||||
| ||||||||||
[EN] | ”. | |||||||||
Liúntas leasa forlíontach — leasuithe maidir le hacmhainn a ríomh. |
36 .— Leasaítear Cuid 4 de Sceideal 3 a ghabhann leis an bPríomh-Acht— | |||||||||
[EN] | (a) i Riail 1— | |||||||||
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (1): | |||||||||
[EN] | “(1) seachas sna himthosca agus faoi réir na gcoinníollacha agus in aghaidh na dtréimhsí a fhorordófar, luach seachtainiúil maoine de chuid an duine (nach maoin í a úsáideann nó a theachtann an duine go pearsanta ná feirm thalún atá ar léas aige nó aici) atá infheistithe nó á húsáid go sochrach ar shlí eile ag an duine nó nach bhfuil infheistithe nó á húsáid go sochrach, cé go bhféadfaí í a infheistiú nó a úsáid go sochrach, agus is éard atá sa luach seachtainiúil, arna ríomh de réir thagairt 3 de Thábla 1 a ghabhann leis an Sceideal seo, acmhainn sheachtainiúil duine ón maoin sin;”, | |||||||||
[EN] | (ii) i mír (2)(b)— | |||||||||
[EN] | (I) i gclásal (iv), trí “agus” a scriosadh, | |||||||||
[EN] | (II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (iv): | |||||||||
[EN] | “(iva) aon airgead a gheofar ar mhodh íocaíochta caomhnóra (ranníocach), íocaíochta caomhnóra (neamhranníocach) nó deontais cúraim faoisimh, agus”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (III) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásal (v): | |||||||||
[EN] | “(v) i gcás duine a bheidh ag fáil forlíonadh faoi alt 198 faoi chomhair an mhéid úis morgáiste nó cíosa is iníoctha ag an duine i leith a áite cónaithe nó a háite cónaithe: | |||||||||
[EN] | (I) méid is comhionann le haon ioncam breise, i gcás ina n-eascraíonn an t-ioncam sin as aon fhostaíocht nó oiliúint a fhorordófar agus nach mó é ná €75, nó méid is comhionann le 25 faoin gcéad d’aon ioncam breise den sórt sin is mó ná €75 agus, faoi réir neamhshuime íosta €75, nuair a bheidh an t-ioncam breise sin laghdaithe de chomhiomlán na méideanna seo a leanas— | |||||||||
[EN] | (A) aon ranníoc inlamhála dá dtagraítear i Rialacháin 41 agus 42 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001(I.R. Uimh. 559 de 2001), | |||||||||
[EN] | (B) aon mhéid a baineadh as tuilleamh ináirithe faoi alt 13 agus faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 14, | |||||||||
[EN] | (C) aon mhéid a baineadh as tuilleamh ináirithe faoi alt 5 den Acht um Ranníocaí Sláinte 1979, agus | |||||||||
[EN] | (D) méid is comhionann le méid an laghdaithe, más ann, ar an ráta liúntais cuardaitheora poist nó ar an ráta íocaíochta teaghlaigh aontuismitheora faoi Chuid 3 de dhroim an tuilleamh sin a fháil ó fhostaíocht; | |||||||||
[EN] | (II) an méid ar mó liúntas cúramóra ná méid an liúntais leasa fhorlíontaigh atá leagtha amach i gcolún (3) ag tagairt 10 de Chuid 1 de Sceideal 4, i gcás éilitheora, nó a chéile nó a céile, atá ag fáil liúntas cúramóra faoi Chuid 3; | |||||||||
[EN] | (III) an méid ar mó liúntas cúramóra ná méid an liúntais leasa fhorlíontaigh atá leagtha amach i gcolún (2) ag tagairt 10 de Chuid 1 de Sceideal 4, i gcás éilitheora nach duine de lánúin é nó í agus atá ag fáil liúntas cúramóra faoi Chuid 3; | |||||||||
[EN] | (IV) an méid is iníoctha faoi alt 186A;”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
(b) tríd an Riail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 1: | ||||||||||
“1A. (1) Chun sochair nach sochair airgid dá dtagraítear i Riail 1(2) a chinneadh le linn teideal chun forlíonadh úis morgáiste nó cíosa is iníoctha faoi alt 198 a chinneadh, déanfar an luach don duine, i nglanluach airgid seachtainiúil a ghabhann lena chostais bhliantúla tithíochta nó lena costais bhliantúla tithíochta arna dtabhú iarbhír agus a d’íoc gaol faoi dhliteanas, a ríomh mar seo a leanas: | ||||||||||
(a) déanfar luach seachtainiúil €4,952 sa bhliain a mheasúnú go hiomlán; | ||||||||||
(b) maidir le luach seachtainiúil an oiread sin de na costais tithíochta arna dtabhú iarbhír agus a d’íoc gaol faoi dhliteanas is mó ná €4,952 sa bhliain ach nach mó ná €8,852 sa bhliain, déanfar neamhshuim de; | ||||||||||
(c) déanfar luach seachtainiúil an oiread sin de na costais tithíochta arna dtabhú iarbhír agus a d’íoc gaol faoi dhliteanas is mó ná €8,852 sa bhliain a mheasúnú de réir 75 cent in aghaidh gach €1. | ||||||||||
(2) Le linn acmhainn duine a mheasúnú chun críche forlíonta úis morgáiste nó cíosa is iníoctha faoi alt 198, i gcás 65 bliain d’aois a bheith slánaithe ag éilitheoir, agus inar mó a ioncam teaghlaigh, nó a hioncam teaghlaigh, le chéile ná an ráta liúntais leasa fhorlíontaigh is cuí maidir lena imthosca nó lena himthosca, déanfar neamhshuim de mhéid is comhionann leis an difríocht idir an ráta uasta pinsin Stáit (ranníocach) is cuí maidir lena imthosca nó lena himthosca agus an ráta liúntais leasa fhorlíontaigh sin. | ||||||||||
(3) I gcás ina mbeidh ag duine nó ag a chéile nó ag a céile aon ioncam breise lena mbaineann Riail 1(2)(b)(iv), Riail 1(2)(b)(v)(I) nó Riail 1A(1), ní bheidh feidhm ach ag Riail amháin acu sin, arb í an Riail is mó fabhar í. | ||||||||||
(4) Faoi réir mhír (5), ní bheidh d’éifeacht le Rialacha 1(1), 1(2)(b)(iva), 1(2)(b)(v) agus 1A go laghdóidh siad an ráta liúntais leasa fhorlíontaigh faoi bhun an ráta ab iníoctha díreach roimh thosach feidhme alt 36 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007. | ||||||||||
(5) Scoirfidh mír (4) d’fheidhm a bheith aige maidir le haon duine i gcás ina mbeidh a acmhainn nó a hacmhainn tar éis méadú.”. | ||||||||||