An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 2 Leasuithe ar Acht na bPinsean 1990 )

8 2007

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007

SCEIDEAL 3

Freastal os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí

Alt 39.

CUID 1

Leasú ar an Acht um Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine 1986

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Alt nua

An t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 12:

“Cuntasacht os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí.

12A.—(1) Aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann ar an Stiúrthóir déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear ar an nGníomhaireacht nó ar an Stiúrthóir a ullmhú faoin Acht seo,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta i dtaca le húsáid a hacmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an Ghníomhaireacht chun éifeachtacht a cuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Ghníomhaireacht agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhainfidh sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) Ní dhéanfaidh an Stiúrthóir, le linn a dhualgais a chomhlíonadh faoi fho-alt (1) den alt seo, ceist a chur nó tuairim a nochtadh i dtaobh tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó i dtaobh tuillteanas cuspóirí beartais den sórt sin.”.

CUID 2

Leasú ar an Acht fán nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh 2001

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Alt 26

An t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 26:

“Cuntasacht os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí.

26.—(1) Aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann ar an bpríomhfheidhmeannach déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear leis an Acht seo ar an nGníomhaireacht nó ar an bpríomhfheidhmeannach a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta i dtaca le húsáid a hacmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an Ghníomhaireacht chun éifeachtacht a cuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Ghníomhaireacht agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhainfidh sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) Ní dhéanfaidh an príomhfheidhmeannach, le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoi fho-alt (1), ceist a chur nó tuairim a nochtadh i dtaobh tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó i dtaobh tuillteanas cuspóirí beartais den sórt sin.”.