An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Dleachtanna Stampa ) Ar Aghaidh ( CUID 6 Cáin Mhaoine Cónaithe )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

Léiriú (Cuid 5).

112 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

Leasú ar alt 18 (cáin a ríomh) den Phríomh-Acht.

113 .— (1) Leasaítear alt 18 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse iomchuí” i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’—

(a) i ndáil le hoidhreacht iomchuí is luaithe, an tréimhse 5 bliana dar tosach dáta báis an diúscróra,

(b) i ndáil le hoidhreacht iomchuí shocraithe, an tréimhse 5 bliana dar tosach dáta báis an tionónta saoil lena mbaineann,

(c) i ndáil le hoidhreacht iomchuí iontaobhais uachta, an tréimhse 5 bliana dar tosach an dáta a thagann maoin chun bheith faoi réir iontaobhais lánroghnaigh a bunaíodh faoi uacht an diúscróra, agus

(d) i ndáil le hoidhreacht iomchuí is déanaí, an tréimhse 5 bliana dar tosach an dáta is déanaí a measadh oidhreacht iomchuí is déanaí a bheith glactha ón diúscróir;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an t-iontaobhas cuí” i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘an t-iontaobhas cuí’, i ndáil le hoidhreacht iomchuí, an t-iontaobhas trínar measadh an oidhreacht a bheith arna glacadh;

ciallaíonn ‘oidhreacht iomchuí iontaobhais uachta’ oidhreacht iomchuí a mheastar a bheith arna glacadh nuair a thagann maoin chun bheith faoi réir iontaobhais lánroghnaigh a bunaíodh faoi uacht an diúscróra.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Más rud é, i gcás gach oidhreachta iomchuí is luaithe, gach oidhreachta iomchuí socraithe, gach oidhreachta iomchuí iontaobhais uachta nó gach oidhreachta iomchuí is déanaí, de réir mar a bheidh, a glacadh ón diúscróir céanna, gur tháinig duine amháin nó níos mó d’ábhair an iontaobhais chuí, sula ndeachaigh an tréimhse iomchuí in éag, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige nó aici nó acu chuig leas iomlán sa mhaoin go léir arbh í an oidhreacht sin í ar dháta na hoidhreachta sin agus gach tráth da éis sin (seachas maoin a scoir de bheith de réir théarmaí an iontaobhais chuí de bhua leas iomlán sa mhaoin sin a dhíol nó a mhalartú ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid), ansin, i ndáil le gach oidhreacht iomchuí is luaithe den sórt sin, gach oidhreacht iomchuí shocraithe den sórt sin, gach oidhreacht iomchuí iontaobhais uachta den sórt sin nó gach oidhreacht iomchuí níos déanaí den sórt sin, de réir mar a bheidh, déantar an cháin is inmhuirearaithe amhlaidh a ríomh de réir ráta 3 faoin gcéad.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hoidhreachtaí a mheastar a bheith arna nglacadh an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 21 (feidhm an Achta seo) den Phríomh-Acht.

114 .— (1) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) is é dáta luachála na hoidhreachta inchánach an dáta inmhuirearaithe iomchuí;”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hoidhreachtaí a mheastar a bheith arna nglacadh an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 51 (cáin agus ús ar cháin a íoc) den Phríomh-Acht.

115 .— (1) Leasaítear alt 51 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) a mhéid atá feidhm ag alt 86(6) nó (7), ar feadh na tréimhse ón dáta luachála go dtí an dáta a scoireann an díolúine d’fheidhm a bheith aici,

(f) a mhéid atá feidhm ag alt 102A(2), ar feadh na tréimhse ón dáta luachála go dtí an dáta a dhiúscraítear an talamh forbraíochta.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina dtarlaíonn an teagmhas is cúis leis an díolúine do scor d’fheidhm a bheith aici nó leis an gcáin a athríomh ar an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 86 (díolúine a bhaineann le teaghaisí áirithe) den Phríomh-Acht.

116 .— (1) Leasaítear alt 86 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Chun críocha fho-alt (3)(a), i gcás bronntanais—

(a) déileálfar le haon tréimhse ar lena linn a d’áitigh deontaí teach cónaithe arbh é aon-áit nó príomh-áit chónaithe an diúscróra é le linn na tréimhse sin mar thréimhse ar lena linn nár áitigh an deontaí an teach cónaithe mura rud é go bhfuil ar an diúscróir, mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht, brath ar sheirbhísí an deontaí ar feadh na tréimhse sin,

(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a)(i) d’fho-alt (3), ní mór an teach cónaithe dá dtagraítear sa mhír sin a bheith faoi úinéireacht an diúscróra le linn na tréimhse 3 bliana dá dtagraítear sa mhír sin, agus

(c) i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a)(ii) d’fho-alt (3), ní mór an teach cónaithe nó an mhaoin eile dá dtagraítear sa mhír sin a bheith faoi úinéireacht an diúscróra le linn na tréimhse 3 bliana dá dtagraítear sa mhír sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais arna nglacadh an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 89 (forálacha a bhaineann le maoin talmhaíochta) den Phríomh-Acht.

117 .— (1) Leasaítear alt 89 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “feirmeoir”:

“(a) ní dhéantar aon asbhaint as margadhluach maoine le haghaidh aon fhiach nó eirí (ach amháin fiacha nó eirí i leith tí cónaithe arb é aon-áit nó príomh-áit chónaithe an deontaí nó an chomharba é agus nach maoin talmhaíochta é), agus”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.