An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 6 Cáin Mhaoine Cónaithe ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Leasuithe de dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

CUID 7

Ilghnéitheach

Léiriú (Cuid 7).

119 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Leasú ar alt 1001 (cáin etc. a bheith dlite de shealbhóir muirir shocraithe ar fhiacha leabhair de chuid cuideachta) den Phríomh-Acht.

120 .— Le héifeacht ó dháta rite an Achta seo, leasaítear alt 1001 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d’fho-alt (3):

“(c) i gcás ina ndéanfaidh sealbhóir an mhuirir shocraithe, laistigh de 21 lá ó dháta cruthaithe an mhuirir shocraithe, na mionsonraí seo a leanas i ndáil leis an muirear a thabhairt i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) ainm na cuideachta ar cruthaíodh an muirear ar a fiacha leabhair;

(ii) uimhir chláraithe na cuideachta arna heisiúint ag an Oifig um Chlárú Cuideachtaí chuig an gcuideachta sin;

(iii) uimhir chláraithe cánach na cuideachta arna heisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim chuig an gcuideachta sin;

(iv) an dáta a cruthaíodh an muirear socraithe; agus

(v) ainm agus seoladh shealbhóir an mhuirir shocraithe,

maidir le haon mhéid iomchuí a dhlígh an chuideachta a íoc roimh an dáta a fhaigheann an sealbhóir fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim de réir mhír (a).” .

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le hús ar aisíocaíochtaí.

121 .— (1) Leasaítear fo-alt (2) d’alt 865A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2003) den Phríomh-Acht trí “93 lá” a chur in ionad “6 mhí”.

(2) Leasaítear fo-alt (3) d’alt 21A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2003) den Acht Cánach Breisluacha 1972 trí “93 lá” a chur in ionad “sé mhí” sa dá áit ina bhfuil sé.

(3) Leasaítear fo-alt (3) d’alt 105D (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2003) den Acht Airgeadais 2001 trí “93 lá” a chur in ionad “6 mhí” sa dá áit ina bhfuil sé.

(4) Leasaítear mír (a) den mhíniú ar “dáta iomchuí” i bhfo-alt (1) d’alt 57 (arna leasú leis an an Acht Airgeadais 2003) den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 trí “93 lá” a chur in ionad “183 lá”.

(5) Leasaítear mír (a) den mhíniú ar “dáta iomchuí” i bhfo-alt (1) d’alt 159B (a cuireadh isteach leis an an Acht Airgeadais 2003) den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 trí “93 lá” a chur in ionad “183 lá”.

(6) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hús is iníoctha—

(a) faoi alt 865A den Phríomh-Acht,

(b) faoi alt 21A den Acht Cánach Breisluacha 1972,

(c) faoi alt 105D den Acht Airgeadais 2001,

(d) faoi alt 57 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, nó

(e) faoi alt 159B den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999,

ar aisíocaíochtaí lena mbaineann na hailt sin agus a dhéantar tráth rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 1003A (cáin a íoc trí dheonachán maoine oidhreachta a thabhairt d’iontaobhas oidhreachta Éireannach) den Phríomh-Acht.

122 .— (1) Leasaítear alt 1003A den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

“(11A) (a) I gcás ina bhfaighidh an tIontaobhas Teach Fóite i gContae Chorcaí, cibé acu ar mhodh bronntanais iomchuí faoin alt seo nó ar shlí eile, agus ina bhfaighidh an tIontaobhas an bailiúchán dá dtagraítear i mír (b) ar mhodh bronntanais, déanfar faoiseamh faoin alt seo, faoi réir mhíreanna (c) agus (d), a dheonú i leith an bhailiúcháin ar an mbonn go bhfuair an tIontaobhas Teach Fóite ar mhodh bronntanais iomchuí agus gur chuid de lánas an fhoirgnimh an bailiúchán.

(b) An bailiúchán dá dtagraítear sa mhír seo (dá ngairtear an ‘bailiúchán’ san fho-alt seo), is bailiúchán é—

(i) de phéintéireachtaí Éireannacha nó de throscán Éireannach, nó díobh araon, a bhí ar taispeáint i dTeach Fóite sa tréimhse 1983 go 1990,

(ii) atá le coinneáil i dTeach Fóite ag an Iontaobhas, agus

(iii) ar deimhin leis an Aire ina leith, tar éis dul i gcomhairle faoin ábhar le cibé duine (más ann) a mheasfaidh an tAire is gá, go bhfuil tábhacht ag baint leis an mbailiúchán maidir le comhthéacs aeistéitiúil Theach Fóite a bhunú.

(c) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo mura rud é go mbronntar an bailiúchán ar an Iontaobhas roimh dheireadh na bliana 2007

(d) Maidir le faoiseamh faoin alt seo, i leith mhargadhluach an bhailiúcháin arna chinneadh de réir fho-alt (3), deonófar é, i gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt seo, don duine a bhronnann an bailiúchán ar an Iontaobhas, d’ainneoin nach é nó í an duine sin an duine óna bhfuair an tIontaobhas Teach Fóite.”.

(2) Tá feidhm ag alt 1003A den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1), maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007, amhail is dá gcuirfí “€10,000,000” in ionad “€6,000,000” i bhfo-alt (2)(d).

Leasú ar Chuid 38 (tuairisceáin ar ioncam agus gnóchain, oibleagáidí agus tuairisceáin eile, agus cumhachtaí ioncaim) den Phríomh-Acht.

123 .— Leasaítear an Príomh-Acht i gCuid 38—

(a) in alt 888—

(i) i bhfo-alt (2)(e), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iia) uimhir thagartha cánach gach duine den sórt sin,”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) San alt seo ciallaíonn ‘uimhir thagartha cánach’—

(i) i gcás pearsan aonair, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí na pearsan aonair de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, agus

(ii) i gcás aon duine eile, an uimhir thagartha atá luaite ar aon fhoirm thuairisceáin ioncaim nó brabús, nó ar aon fhógra measúnachta, arna heisiúint nó arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim chuig an duine sin.

(b) I gcás ina bhfuil íocaíocht le déanamh ag aon chomhlacht dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(e), ar íocaíocht í de chineál, nó chun críocha, cíosa nó fóirdheontais cíosa i ndáil le haon áitreabh, iarrfaidh an comhlacht sin ar gach duine ar leis nó léi an t-áitreabh sin na nithe seo a leanas a thabhairt don chomhlacht—

(i) uimhir thagartha cánach an duine, nó

(ii) i gcás nach bhfuil uimhir thagartha cánach ag an duine, daingniú chuige sin,

roimh an lá atá an íocaíocht le déanamh.

(c) Aon duine lena mbaineann mír (b), comhlíonfaidh sé nó sí an iarraidh ar mhodh a chuirfidh ar chumas an chomhlachta an fhaisnéis sin a bheith aige roimh an lá atá an íocaíocht le déanamh.

(d) Más rud é, le linn tuairisceán a thabhairt chun críocha fho-alt (2)(e), nach bhfuil an comhlacht in ann an fhaisnéis a éilítear le fomhír (iia) den fho-alt sin a sholáthar i leith duine toisc gur mhainnigh an duine an fhaisnéis a thabhairt de réir mhír (b), ansin, mura rud é gur féidir leis an gcomhlacht an fhaisnéis a sholáthar go cuí ar shlí eile, luafaidh an comhlacht nach féidir leis an fhaisnéis a éilítear amhlaidh a sholáthar.”,

(b) in alt 898A trí “a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim.” a scriosadh agus “a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim agus i gcás tuairisceán nó faisnéise den sórt sin dá dtagraítear i míreanna (d) agus (e) d’alt 888(2) agus in ailt 891 agus 898, i gcás ina n-éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim amhlaidh, i bhformáid leictreonach arna ceadú acu.” a chur ina ionad,

(c) in alt 910 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) I gcás ina mbeidh faisnéis le soláthar do na Coimisinéirí Ioncaim de réir fho-alt (1), tabharfar í, i gcás ina n-éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim amhlaidh, i bhformáid leictreonach arna ceadú acu.”,

agus

(d) in alt 914 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) I gcás ina n-éilítear tuairisceán a thabhairt faoin alt seo, tabharfar é, i gcás ina n-éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim amhlaidh, i bhformáid leictreonach arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim.”.

Leasú ar Chaibidil 4 (cumhachtaí ioncaim) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

124 .— Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 4 de Chuid 38—

(a) in alt 905(2)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) Ní rachaidh oifigeach údaraithe, gan toiliú an áititheora, isteach in aon áitreabh, nó sa chuid sin d’aon áitreabh, atá ar áitiú go hiomlán agus go heisiach mar áit chónaithe phríobháideach, gan an t-oifigeach do thabhairt barántais ar aird, arna eisiúint faoi fho-alt (2A).”,

agus

(ii) trí mhír (f) a scriosadh,

(b) in alt 905(2A)(c) trí “nó chun críche aon imeachtaí coiriúla” a scriosadh, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 908B:

“Barántais chuardaigh.

908C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘na hAchtanna’ an tAcht um Tharscaoileadh Cánach Áirithe, Úis agus Pionós 1993 maille leis an mbrí a shanntar dó in alt 1078(1);

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu i scríbhinn chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

folaíonn ‘déanamh’, i ndáil le cion, iarracht an cion a dhéanamh;

folaíonn ‘ríomhaire’ aon fheiste leictreonach atá in ann oibríochtaí loighciúla nó oibríochtaí uimhríochtúla a dhéanamh ar shonraí de réir sraithe treoracha;

folaíonn ‘ríomhaire san áit atá á cuardach’ aon ríomhaire eile, cibé acu san áit sin nó in aon áit eile, ar ríomhaire é a bhfuil rochtain air go dleathach trí mheán an ríomhaire sin;

ciallaíonn ‘faisnéis i bhfoirm neamh-inléite’ faisnéis a choimeádtar (le modhanna leictreonacha nó ar shlí eile) ar mhicreascannán, ar mhicrifís, ar théip mhaighnéadach nó ar dhiosca nó in aon fhoirm neamh-inléite eile;

ciallaíonn ‘ábhar’ aon leabhair, doiciméid, taifid nó nithe eile (lena n-áirítear ríomhaire);

ciallaíonn ‘cion’ cion faoi na hAchtanna;

folaíonn ‘áit’ aon fhoirgneamh (nó cuid d’fhoirgneamh), teaghais, feithicil, soitheach, aerárthach nó sciorrárthach agus aon áit ar bith eile;

folaíonn ‘taifead’ aon fhaisnéis i bhfoirm neamh-inléite is féidir a atáirgeadh i bhfoirm atá inléite go buan.

(2) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis arna tabhairt faoi mhionn ag oifigeach údaraithe, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann—

(a) go bhfuil cion á dhéanamh, go ndearnadh cion nó go bhfuiltear ar tí cion a dhéanamh, agus

(b) (i) go bhfuil ábhar ar dóigh dó a bheith tábhachtach (cibé acu ann féin nó i dteannta faisnéise eile) maidir le himscrúdú an chiona, nó

(ii) go bhfuil fianaise ar an gcion nó fianaise a bhaineann leis an gcion a dhéanamh,

le fáil in aon áit,

féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint chun an áit sin agus aon ní agus aon duine a fhaightear ann a chuardach.

(3) Maidir le barántas arna eisiúint faoin alt seo, déarfar ann, agus oibreoidh sé ar chaoi, go dtugann sé údarás don oifigeach údaraithe, agus cibé oifigigh ainmnithe eile do na Coimisinéirí Ioncaim agus cibé daoine ainmnithe eile a mheasfaidh an t-oifigeach údaraithe is gá in éineacht leis nó léi—

(a) dul isteach san áit atá ainmnithe sa bharántas, aon tráth nó tráthanna laistigh d’aon mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá)

(b) an áit sin agus aon ní agus aon daoine a fhaightear ann a chuardach nó a chur faoi deara an céanna a chuardach, ach ní dhéanfar aon duine a chuardach ach amháin ag duine den ghnéas céanna mura rud é go dtabharfar toiliú sainráite nó intuigthe,

(c) a cheangal ar aon duine a fhaightear ann—

(i) a ainm nó a hainm, a sheoladh baile nó a seoladh baile agus a shlí bheatha nó a slí bheatha a thabhairt don oifigeach údaraithe, agus

(ii) aon ábhar a bheidh i gcoimeád nó i seilbh an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe,

(d) aon ábhar a fhaightear san áit sin, nó a fhaightear i seilbh duine atá i láthair san áit sin tráth an chuardaigh, a scrúdú, a urghabháil agus a choimeád, ar ábhar é a gcreideann an t-oifigeach údaraithe le réasún ina leith—

(i) gur dóigh dó a bheith tábhachtach (cibé acu ann féin nó i dteannta faisnéise eile) maidir le himscrúdú an chiona, nó

(ii) gur fianaise é ar chion nó gur fianaise é a bhaineann le cion a dhéanamh, agus

(e) aon bhearta eile a dhéanamh is dealraitheach don oifigeach údaraithe is gá chun aon ábhar den sórt sin a chaomhnú agus chun nach mbainfear leis.

(4) Folaíonn an t-údarás a thugtar le fo-alt (3)(d) chun aon ábhar a urghabháil agus a choimeád (nó a chur faoi deara é a urghabháil agus a choimeád)—

(a) i gcás leabhar, doiciméad nó taifead, údarás chun cóip de na leabhair, de na doiciméid nó de na taifid a dhéanamh agus a choimeád, agus

(b) más gá, údarás chun aon ríomhaire nó meán stórála eile ina gcoinnítear taifid a urghabháil agus, ae feadh cibé fad is gá, a choimeád, agus chun cóip de na taifid sin a dhéanamh.

(5) Féadfaidh oifigeach údaraithe a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais arna eisiúint faoin alt seo—

(a) aon ríomhaire atá san áit atá á cuardach a oibriú nó a chur faoi deara go ndéanfaidh duine a bheidh i dteannta an oifigigh údaraithe aon ríomhaire den sórt sin a oibriú, agus

(b) a cheangal ar aon duine san áit sin ar dealraitheach don oifigeach údaraithe é nó í a bheith in ann rochtain a éascú ar an bhfaisnéis arna coinneáil in aon ríomhaire den sórt sin nó ar féidir rochtain a fháil uirthi tríd an ríomhaire sin a úsáid—

(i) aon phasfhocal is gá chun é a oibriú a thabhairt don oifigeach údaraithe,

(ii) a chumasú don oifigeach údaraithe ar shlí eile an fhaisnéis a bhfuil rochtain uirthi tríd an ríomhaire a scrúdú i bhfoirm ina bhfuil an fhaisnéis infheicthe agus inléite, nó

(iii) an fhaisnéis a tháirgeadh i bhfoirm inar féidir í a thabhairt chun siúil agus ina bhfuil sí infheicthe agus inléite nó inar féidir faisnéis infheicthe agus inléite a dhéanamh di.

(6) Aon duine—

(a) a chuirfidh bac, nó a fhéachfaidh le bac a chur, ar fheidhmiú cirt chun dul isteach agus cuardach a dhéanamh, ar ceart é a thugtar de bhua barántais arna eisiúint faoin alt seo,

(b) a chuirfidh bac ar fheidhmiú cirt, arna thabhairt amhlaidh, chun ábhar a scrúdú, a urghabháil agus a choimeád,

(c) nach gcomhlíonann ceanglas faoi fho-alt (3)(c) nó a thugann ainm, seoladh nó slí bheatha atá bréagach nó míthreorach don oifigeach údaraithe, nó

(d) nach gcomhlíonann ceanglas faoi fho-alt (5)(b),

tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlitear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air nó uirthi.

(7) I gcás ina dtéann oifigeach údaraithe isteach, nó ina bhféachann sé nó sí le dul isteach, in aon áit i bhfeidhmiú barántais arna eisiúint faoi fho-alt (2), féadfaidh comhalta nó comhaltaí den Gharda Síochána a bheith i dteannta an oifigigh údaraithe, agus féadfaidh aon chomhalta den sórt sin aon duine a ghabháil gan bharántas ar duine é nó í a bhfuil cion faoi fho-alt (6) á dhéanamh aige nó aici, nó a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta ina leith, agus cúis réasúnach aige nó aici chuige sin, go ndearna sé nó sí amhlaidh.

(8) Féadfar aon ábhar, a urghabhtar faoi fho-alt (3) agus atá ag teastáil chun críocha aon imeachtaí dlíthiúla ó oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nó chun críche aon imeachtaí coiriúla, a choimeád ar feadh cibé fad is gá le réasún chun na gcríoch réamhráite.

Ordú chun ábhar fianaiseach a thabhairt ar aird.

908D.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘na hAchtanna’ an tAcht um Tharscaoileadh Cánach Áirithe, Úis agus Pionós 1993 maille leis an mbrí a shanntar dó in alt 1078(1);

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu i scríbhinn chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

folaíonn an briathar ‘déan’, i ndáil le cion, iarracht an cion a dhéanamh;

folaíonn ‘ríomhaire’ aon fheiste leictreonach atá in ann oibríochtaí loighciúla nó oibríochtaí uimhríochtúla a dhéanamh ar shonraí de réir sraithe treoracha;

ciallaíonn ‘faisnéis i bhfoirm neamh-inléite’ faisnéis a choimeádtar (le modhanna leictreonacha nó ar shlí eile) ar mhicreascannán, ar mhicrifís, ar théip mhaighnéadach nó ar dhiosca nó in aon fhoirm neamh-inléite eile;

ciallaíonn ‘ábhar’ aon leabhair, doiciméid, taifid nó nithe eile (lena n-áirítear ríomhaire);

ciallaíonn ‘cion’ cion faoi na hAchtanna;

folaíonn ‘taifead’ aon fhaisnéis i bhfoirm neamh-inléite is féidir a atáirgeadh i bhfoirm atá inléite go buan.

(2) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis arna tabhairt faoi mhionn ag oifigeach údaraithe, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann—

(a) go bhfuil cion á dhéanamh, go ndearnadh cion nó go bhfuiltear ar tí cion a dhéanamh, agus

(b) go bhfuil ábhar—

(i) ar dóigh dó a bheith tábhachtach (cibé acu ann féin nó i dteannta faisnéise eile) maidir le himscrúdú an chiona, nó

(ii) ar fianaise é ar an gcion nó ar fianaise é a bhaineann leis an gcion a dhéanamh,

i seilbh nó faoi rialú duine a shonraítear san iarratas,

féadfaidh an breitheamh a ordú go ndéanfaidh an duine—

(I) an t-ábhar a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe chun go ndéanfaidh an t-oifigeach údaraithe é chun siúil leis nó léi, nó

(II) rochtain a thabhairt don oifigeach údaraithe air,

láithreach nó laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(3) I gcás inarb é atá san ábhar, nó ina n-áirítear ann, taifid i ríomhaire, beidh éifeacht leis an ordú mar ordú chun na taifid a thabhairt ar aird, nó chun rochtain a thabhairt orthu, i bhfoirm ina bhfuil siad infheicthe agus inléite agus inar féidir iad a thabhairt chun siúil.

(4) Maidir le hordú faoin alt seo—

(a) a mhéid a thabharfaidh sé cumhacht d’oifigeach údaraithe leabhair, doiciméid nó taifid a thabhairt chun siúil, nó go dtabharfar rochtain dó nó di orthu, beidh éifeacht leis freisin mar ordú lena dtabharfar cumhacht don oifigeach údaraithe cóip de na leabhair, na doiciméid nó, de réir mar a bheidh, na taifid a thabhairt chun siúil (agus, chun na críche sin, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe cóip a dhéanamh díobh, más gá),

(b) ní thabharfar aon cheart leis chun aon doiciméad atá faoi réir pribhléide dlíthiúla a thabhairt ar aird nó chun rochtain a thabhairt ar aon doiciméad den sórt sin, agus

(c) beidh éifeacht leis d’ainneoin aon oibleagáide eile maidir le rúndacht nó sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile.

(5) Aon ábhar a thabharfaidh oifigeach údaraithe chun siúil faoin alt seo, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a choimeád lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí coiriúla.

(6) (a) Aon fhaisnéis atá i leabhair, i ndoiciméid nó i dtaifid a tugadh ar aird d’oifigeach údaraithe, nó ar tugadh rochtain orthu d’oifigeach údaraithe, de réir ordaithe faoin alt seo, beidh sí inghlactha in aon imeachtaí coiriúla mar fhianaise ar aon fhíoras iontu a mbeadh fianaise dhíreach ó bhéal air inghlactha mura rud é, maidir leis an bhfaisnéis—

(i) go bhfuil sí faoi phribhléid ó thaobh í a nochtadh in imeachtaí den sórt sin,

(ii) go ndearna duine nach mbeadh inordaithe i ndáil le fianaise a thabhairt, ar thionscnamh an ionchúisimh, í a sholáthar,

(iii) gur tiomsaíodh an fhaisnéis chun críocha, nó in oirchill, aon cheann de na nithe seo a leanas—

(I) imscrúdú coiriúil,

(II) imscrúdú nó fiosrúchán arna sheoladh de bhun aon achtacháin nó faoi aon achtachán,

(III) imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla, nó

(IV) imeachtaí de chineál araíonachta,

nó más rud é nach gcomhlíontar ceanglais na bhforálacha atá luaite i mír (b).

(b) Déanfar tagairtí in ailt 7 (tá fógra faoi fhianaise dhoiciméadach le seirbheáil ar an gcúisí), 8 (glacadh agus tromachar fianaise doiciméadaí) agus 9 (inghlacthacht fianaise maidir le creidiúnacht soláthróra faisnéise) den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992 do dhoiciméad nó d’fhaisnéis atá ann a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do leabhair, do dhoiciméid agus do thaifid atá luaite i mír (a) agus don fhaisnéis atá iontu, agus beidh éifeacht leis na forálacha sin dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(7) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas ó oifigeach údaraithe, nó ó aon duine lena mbaineann ordú faoin alt seo, an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh.

(8) Aon duine a mhainníonn nó a dhiúltaíonn gan chúis réasúnach ordú faoin alt seo a chomhlíonadh, tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlitear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air nó uirthi.”.

Leasú ar alt 1003 (cáin a íoc ar mhodh deonacháin ítimí oidhreachta) den Phríomh-Acht.

125 .— Leasaítear alt 1003 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)(a)—

(a) sa mhíniú ar “comhlacht ceadaithe”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iv):

“(iva) Gailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh, Teoranta,”,

agus

(b) sa mhíniú ar “coiste roghnóireachta”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (vi):

“(via) Stiúrthóir Ghailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh, Teoranta,”.

Leasú ar alt 1078 (cionta ioncaim) den Phríomh-Acht.

126 .— Leasaítear alt 1078 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A):

“(1B) Tá duine ciontach i gcion faoin alt seo más rud é, le hintinn mheabhlaireachta—

(a) go n-airbheartaíonn sé nó sí, nó

(b) go ndéanann sé nó sí aon ráiteas, nó go ngníomhaíonn sé nó sí ar shlí, a d’fhágfadh go gcreideann dhuine eile,

gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim é nó í.”.

Na hAchtanna Custam: áitreabh daingean a ainmniú chun earraí coimeádta nó earraí urghafa a choinneáil.

127 .— Féadfar aon ní a choimeádtar nó a urghabhtar faoi na hAchtanna Custam, i dteannta oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim dá choimeád go cuí, a choimeád freisin in aon áitreabh daingean nó áit dhaingean a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim áitreabh nó áit atá faoi rialú duine a bhfuil conradh déanta acu leis nó léi a ainmniú chuige sin.

Leasuithe ilghnéitheacha teicniúla i ndáil le cáin.

128 .— Maidir leis na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 4

(a) leasaítear iad a mhéid agus ar an modh a shonraítear i míreanna 1 go 5 den Sceideal sin, agus

(b) tá feidhm acu agus tagann siad i ngníomh de réir mhír 6 den Sceideal sin.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

129 .— Déantar na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

130 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid 1

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, agus

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Forléireofar Cuid 2, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna sin agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid 3 i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2006 agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2007 a ghairm den Chuid sin agus do na hAchtanna sin le chéile.

(5) Forléireofar Cuid 4 i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(6) Forléireofar Cuid 5 i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(7) Forléireofar Cuid 6 i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais 1983 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an Chuid sin.

(8) Déanfar Cuid 7, a mhéid a bhaineann sí—

(a) le cáin ioncaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) le cáin chorparáide, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide,

(c) le cáin ghnóchan caipitiúil, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(d) le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam,

(e) le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin,

(f) le cáin bhreisluacha, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2007,

(g) le dleacht stampa, a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear agus lena leathnaítear an tAcht sin,

(h) le cáin mhaoine cónaithe, a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais 1983 agus na n-achtachán lena leasaítear agus lena leathnaítear an Chuid sin, agus

(i) le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear agus lena leathnaítear an tAcht sin.

(9) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite i gCuid 1, meastar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm, agus tá éifeacht léi, amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007.

(10) Ach amháin mar a bhforáiltear dá mhalairt go sainráite, más rud é go mbeidh foráil den Acht seo le teacht i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordú, tiocfaidh an fhoráil sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.