|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 3 Leasuithe Ilghnéitheacha a bhaineann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle ) |
An tAcht Airgeadais 2007
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL 4 Leasuithe Teicniúla Ilghnéitheacha i ndáil le Cáin | |
[EN] | Alt 128. | |
[EN] | 1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 de réir na bhforálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) in alt 21A(4A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (ii): | |
[EN] | “(ii) go ndearna an chuideachta éileamh ar fhaoiseamh faoi Chuid 14.”; | |
[EN] | (b) in alt 97(2F)(a)(v)(II) trí “faoi alt 198 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “faoi alt 179 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”; | |
[EN] | (c) in alt 194 trí “faoi Chuid 4 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “faoi Chuid IV den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”; | |
[EN] | (d) in alt 200(2)(a) trí “d’fhorálacha Chaibidil 15, 18 nó 19 de Chuid 2 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, nó d’fhorálacha Chaibidil 4 nó 6 de Chuid 3 den Acht sin,” a chur in ionad “d’fhorálacha Chaibidil 12, 16 nó 17 de Chuid II den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993, nó d’fhorálacha Chaibidil 4 nó 6 de Chuid III den Acht sin,”; | |
[EN] | (e) in alt 201(2A)(b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2005) trí “de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005” a chur in ionad “de réir bhrí alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993”; | |
[EN] | (f) in alt 206— | |
[EN] | (i) trí “den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005” a chur in ionad “den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993”, agus | |
[EN] | (ii) trí “faoi alt 9” a chur in ionad “faoi alt 7”; | |
[EN] | (g) in alt 396B(1) i mír (b) den mhíniú ar “cáin chorparáide iomchuí” trí “den Phríomh-Acht” a scriosadh; | |
[EN] | (h) in alt 402(3)(a) trí “chun críocha ailt 396, 396A agus 397” a chur in ionad “chun críocha ailt 396 agus 397”; | |
[EN] | (i) in alt 403(1)(d) tríd an méid seo a leanas a scriosadh mar chuid d’fhomhír (ii): | |
[EN] | “ansin, faoi réir 80A(2)(c), déanfar ioncam as trádáil léasúcháin na cuideachta a áireamh mar ioncaim ina bhfuil— | |
[EN] | (A) ioncam as na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bhfomhír (ii), agus | |
[EN] | (B) gnóchain inmhuirearaithe ar dhiúscairt innealra nó gléasra a fuair an chuideachta i gcúrsa a trádála léasúcháin; agus chun na críche seo déanfar méid gnóchain den sórt sin a ríomh gan féachaint d’aon choigeartú arna dhéanamh faoi alt 556(2).”; | |
[EN] | agus an méid seo a leanas a chur isteach ag deireadh mhír (d) d’alt 403(1) mar chuid den mhír sin: | |
[EN] | “ansin, faoi réir alt 80A(2)(c), déanfar ioncam as trádáil léasúcháin na cuideachta a áireamh mar ioncaim ina bhfuil— | |
[EN] | (A) ioncam as na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bhfomhír (ii), agus | |
[EN] | (B) gnóchain inmhuirearaithe ar dhiúscairt innealra nó gléasra a fuair an chuideachta i gcúrsa a trádála léasúcháin; agus chun na críche seo déanfar méid gnóchain den sórt sin a ríomh gan féachaint d’aon choigeartú arna dhéanamh faoi alt 556(2).”; | |
[EN] | (j) in alt 404(1)(b)(iv) trí “déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leith iad, agus” a chur in ionad “déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leith iad,”; | |
[EN] | (k) in alt 420B(1) i mír (b) den mhíniú ar “cáin chorparáide iomchuí” trí “den Phríomh-Acht” a scriosadh; | |
[EN] | (l) in alt 466(1) trí “faoin Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”; | |
[EN] | (m) in alt 466A— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1), i mír (a) den mhíniú ar “duine cleithiúnach” trí “faoi Chuid 4 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “faoi Chuid IV den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (6)(b)— | |
[EN] | (I) i bhfomhír (i) trí “faoi Chaibidil 14 de Chuid 2 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “faoi Chaibidil 11A (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 2000) de Chuid II den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”, agus | |
[EN] | (II) i bhfomhír (ii) trí “faoi Chaibidil 8 de Chuid 3 den Acht sin.” a chur in ionad “faoi Chaibidil 10 de Chuid III den Acht sin.”; | |
[EN] | (n) in alt 470A, sa mhíniú ar “Uimhir PSP” i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2001), trí “de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;” a chur in ionad “de réir bhrí alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;”; | |
[EN] | (o) in alt 472(1)(a), sa mhíniú ar “ranníocóir fostaithe sonraithe”— | |
[EN] | (i) trí “chun críocha an Achta Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “chun críocha an Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfomhír (i), trí “de bhíthin alt 12(1)(b) den Acht sin” a chur in ionad “de bhíthin alt 9(1)(b) den Acht sin”; | |
[EN] | (p) in alt 472A(1)— | |
[EN] | (i) i mír (a)— | |
[EN] | (I) trí “ciallaíonn ‘Acht 2005’ an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;” a chur in ionad “ciallaíonn ‘Acht 1993’ an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;”, | |
[EN] | (II) sa mhíniú ar “tréimhse leanúnach dífhostaíochta”, trí “alt 141(3) d’Acht 2005;” a chur in ionad “alt 120(3) d’Acht 1993;”, agus | |
[EN] | (III) sa mhíniú ar “pearsa aonair cháilitheach”— | |
[EN] | (A) i bhfomhír (i)(I)(A), trí “faoi Chaibidil 12 de Chuid 2 d’Acht 2005,” a chur in ionad “faoi Chaibidil 9 de Chuid II d’Acht 1993,”, | |
[EN] | (B) i bhfomhír (i)(I)(B), trí “faoi Chaibidil 2 de Chuid 3 d’Acht 2005,” a chur in ionad “faoi Chaibidil 2 de Chuid III d’Acht 1993,”, agus | |
[EN] | (C) i bhfomhír (i)(I)(C), trí “faoi Chaibidil 7 de Chuid 3 d’Acht 2005,” a chur in ionad “faoi Chaibidil 9 de Chuid III d’Acht 1993,”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) i mír (b)(i)(IV), trí “mír (h) nó (i), faoi seach, d’alt 141(6) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “mír (g) nó (h), faoi seach, d’alt 120(5) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”; | |
[EN] | (q) in alt 511, i bhfo-alt (1)(a)(ii) agus i míreanna (a)(ii)(II) agus (b)(iii)(II) d’fho-alt (3), trí “Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005” a chur in ionad “Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993”, gach áit a bhfuil sé; | |
[EN] | (r) in alt 527(3)(c), trí “Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”; | |
[EN] | (s) in alt 697A(1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2002), sa mhíniú ar “gníomhaíochtaí cánach tonnáiste”, trí “míreanna (a) go (g) agus i míreanna (i) agus (j)” a chur in ionad “míreanna (a) go (j) agus i mír (m)”; | |
[EN] | (t) in alt 697K(3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2002), trí “faoi alt 697H.” a chur in ionad “faoi ailt 697H agus 697I nó maidir le hioncam is ioncam loingis iomchuí de bhua mhír (m) den mhíniú ar “ioncam loingis iomchuí”.”; | |
[EN] | (u) in alt 730E(3A)(e) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2001), trí “alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005” a chur in ionad “alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993”; | |
[EN] | (v) in alt 730G (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2000), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5): | |
[EN] | “(5) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh aon ítim curtha isteach go mícheart i dtuairisceán mar cháin iomchuí, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis nó léi is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais cánach, lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha, a bheidh dá thoradh sin ar an gcuideachta árachais a bheidh ag déanamh an tuairisceáin nó ar aon duine eile, agus na dliteanais a bheadh uirthi nó air mura mbeadh an ítim curtha isteach, nó | |
[EN] | (b) go mbeidh aon ítim curtha isteach i gceart i dtuairisceán, ach laistigh de bhliain amháin ó thráth déanta an tuairisceáin, go gcruthóidh an chuideachta árachais chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur cóir agus gur réasúnach go ndéanfaí méid cánach cuí (a bheidh sa tuairisceán) a íocadh a aisíoc leis an gcuideachta árachais, féadfar an méid sin a aisíoc leis an gcuideachta árachais.”; | |
[EN] | (w) in alt 739F(5)(a)(a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2001), trí “dliteanais cánach” a chur in ionad “dliteanais”; | |
[EN] | (x) in alt 771(1), trí “Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”; | |
[EN] | (y) in alt 784C(4)(b), trí “Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,” a chur in ionad “Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,”; | |
[EN] | (z) in alt 787A, sa mhíniú ar “Uimhir PSP” i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht na bPinsean (Leasú) 2002), trí “alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;” a chur in ionad “alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;”; | |
[EN] | (aa) in alt 787M, sa mhíniú ar “Uimhir PSP” i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2005), trí “alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;” a chur in ionad “alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;”; | |
[EN] | (ab) in alt 848AE(1)(e) trí “alt 848AG” a chur in ionad “alt 848G”; | |
[EN] | (ac) in alt 848B, sa mhíniú ar “Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí” i bhfo-alt (1) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2001), trí “alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;” a chur in ionad “alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;”; | |
[EN] | (ad) in alt 862 trí “Dara hArd-Rúnaí” a chur in ionad “Leas-Rúnaí”; | |
[EN] | (ae) in alt 898B, sa mhíniú ar “uimhir PSP” i bhfo-alt (1) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2004), trí “alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;” a chur in ionad “alt 223 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993;”; | |
[EN] | (af) in alt 898N (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2004) — | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (2) trí “tuairisceán” a chur in ionad “tuarascáil”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (4) trí “tuairisceán” a chur in ionad “tuarascáil” sa dá áit a bhfuil sé; | |
[EN] | (ag) in alt 934(2)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii): | |
[EN] | “(ii) aon duine a mbeidh glactha leis nó léi mar chomhalta d’Ionad Cánachais na hÉireann.”; | |
[EN] | (ah) i Sceideal 2, i mír 14(1) de Chuid 4— | |
[EN] | (i) trí “an t-oifigeach iomchuí” a chur in ionad “an cigire”, agus | |
[EN] | (ii) trí “oifigeach” a chur in ionad “cigire”; | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ai) i Sceideal 12A, sa mhíniú ar “aois shonraithe” i mír 1(1) trí “an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005” a chur in ionad “an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993”. | |
[EN] | 2. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 de réir na bhforálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) in alt 25— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1) trí “alt 46(2)” a chur in ionad “alt 21(e)”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2) trí “alt 46(2)” a chur in ionad “alt 21(e)”; | |
[EN] | (b) in alt 45A(4)(a) trí “alt 21(e) nó”, a scriosadh; agus | |
[EN] | (c) in alt 49(6A)(b) trí “tuairisceán de réir bhrí alt 21(e) nó” a scriosadh. | |
[EN] | 3. Leasaítear an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 in alt 11(3)(c)(iii) trí “méid réasúnta beag” a chur in ionad “an t-íosmhéid “. | |
[EN] | 4. Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 d’Acht Airgeadais 1999 in alt 94(1), sa mhíniú ar “a tháirgeadh” trí “a chur faoi aon phróis sonraithe de réir bhrí Nóta Breise 4 a ghabhann le Caibidil 27 den comhainmníocht (dá dtagraítear i mír 5 den Treoir)” a chur in ionad “chur faoi aon phróis sonraithe de réir bhrí mhír 1 d’airteagal 5 den Treoir”. | |
[EN] | 5. Leasaítear Acht Airgeadais 2001— | |
[EN] | (a) in alt 96 (arna leasú le hAcht Airgeadais 2005), sa mhíniú ar “táirgí tobac” trí “mír (c) a chur in ionad “mír (b)”, agus | |
[EN] | (b) in alt 124A (arna chur isteach le hAcht Airgeadais 2004), trí “Caibidil 3 de Chuid 2 d’Acht Airgeadais 2005” a chur in ionad “an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1997”. | |
[EN] | 6. (a) Maidir le mír 1— | |
[EN] | (i) beidh feidhm ag fomhíreanna (a), (g) go (k), (s) agus (t) maidir les na tréimhsí cuntasaíochta dar críoch ar an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, | |
[EN] | (ii) beidh éifeacht le fomhíreanna (b) go (f), (l) go (r), (u), (x) go (aa), (ac) go (ae), (ag) agus (ai) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, | |
[EN] | (iii) beidh éifeacht le fomhíreanna (v), (w), (af) agus (ah) amhail ar agus ón 1 Eanáir 2007, agus | |
[EN] | (iv) measfar gur tháinig fomhír (ab) i bhfeidhm agus go mbeidh éifeacht léi amhail ar agus ón 1 Eanáir 2006. | |
[EN] | (b) Meastar gur tháinig mír 2 i bhfeidhm agus go bhfuil éifeacht léi i leith na bliana 2006, agus le blianta dá éis. | |
[EN] | (c) Tá éifeacht le mír 3 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |
(d) Meastar gur tháinig mír 4 i bhfeidhm agus go bhfuil éifeacht léi amhail ar agus ón 27 Deireadh Fómhair 2003. | ||
(e) Maidir le mír 5— | ||
(i) meastar gur tháinig fomhír (a) i bhfeidhm agus go bhfuil éifeacht léi amhail ar an agus ón 25 Márta 2005, agus | ||
(ii) meastar gur tháinig fomhír (b) i bhfeidhm agus go bhfuil éifeacht léi amhail ar an agus ón 1 Iúil 2006. |