|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( Caibidil 3 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) | Ar Aghaidh ( Caibidil 5 Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) |
An tAcht Airgeadais 2007
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil 4 Cáin Chorparáide | |
Leasú ar alt 766 (creidmheas cánach le haghaidh caiteachais taighde agus forbartha) den Phríomh-Acht. |
46 .— (1) Leasaítear alt 766 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) i mír (a), i mír (i) den mhíniú ar “méid tairsí” trí “1 Eanáir 2010” a chur in ionad “1 Eanáir 2007”, agus | |
[EN] | (b) i mír (b)— | |
[EN] | (i) trí “á seoladh aici;” a chur in ionad “á seoladh aici.” i bhfomhír (vii), agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (vii): | |
[EN] | “(viii) más rud é, in aon tréimhse, maidir le cuideachta— | |
[EN] | (I) go dtaobhaíonn sí caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt, agus | |
[EN] | (II) go n-íocann sí suim (nach suim dá dtagraítear i bhfomhír (vii)(II)) le duine, seachas le duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an gcuideachta, chun go seolfaidh an duine sin gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, agus nach n-éilíonn an duine sin faoiseamh faoin alt seo i leith an chaiteachais sin ar thaighde agus ar fhorbairt, | |
[EN] | déileálfar le cibé méid den tsuim a íoctar amhlaidh nach bhfuil níos mó ná 10 faoin gcéad den chaiteachas sin arna thabhú ag an gcuideachta ar thaighde agus ar fhorbairt amhail is dá mba chaiteachas é arna thabhú ag an gcuideachta ar ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha a bheith á seoladh aici.”. | |
[EN] | (2) (a) Faoi réir mhír (b), tá feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1 Eanáir 2007 nó dá éis. | |
[EN] | (b) Tá feidhm ag fo-alt (1)(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1 Eanáir 2007 nó dá éis i leith caiteachais arna thabhú an 1 Eanáir 2007 nó dá éis. | |
Leasú ar alt 958 (dáta le cáin a íoc) den Phríomh-Acht. |
47 .— (1) Leasaítear alt 958 den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)(a), sa mhíniú ar “teorainn iomchuí”, trí “€150,000” a chur in ionad “€50,000”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2B), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | |
[EN] | “(c) Más rud é, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe ar tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta í— | |
[EN] | (i) nach bhfuil an cháin is iníoctha ag duine inmhuirearaithe (ar cuideachta é) don tréimhse inmhuirearaithe níos mó ná an teorainn iomchuí, agus | |
[EN] | (ii) gur thosaigh an tréimhse inmhuirearaithe tar éis don chuideachta teacht laistigh de réim cánach corparáide, | |
[EN] | ansin measfar gur neamhní an réamhcháin is cuí don tréimhse inmhuirearaithe agus ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4C) agus (4E).”, | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (4C)— | |
[EN] | (i) trí “Faoi réir fho-ailt (2B)(c), (4E) agus (11)” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (4E)”, agus | |
[EN] | (ii) i mír (b)(ii), trí “nó nach cuideachta í ar neamhní a dliteanas réamhchánach de bhua fho-alt (2B)(c)”, a chur isteach i ndiaidh “tréimhse chuntasaíochta,”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10): | |
[EN] | “(11) (a) San fho-alt seo, | |
[EN] | ciallaíonn ‘iarmhéid’ an méid arb ionannas dó an fhoirmle A—B, más rud é— | |
[EN] | gurb é A an méid réamhchánach arna híoc ag an gcuideachta ghéillte de réir fho-alt (2B) don tréimhse iomchuí, agus | |
[EN] | gurb é B 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte don tréimhse iomchuí sin; | |
[EN] | ciallaíonn ‘iarmhéid iomchuí’ an chuid sin d’iarmhéid a shonraítear i bhfógra arna thabhairt de réir mhír (c). | |
[EN] | (b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é— | |
[EN] | (i) go ndéanfaidh duine inmhuirearaithe is cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta ghéillte’ san fho-alt seo) atá ina comhalta de ghrúpa méid réamhchánach a íoc do thréimhse inmhuirearaithe (dá ngairtear an ‘tréimhse iomchuí’ san fho-alt seo) de réir fho-alt (2B), ar méid é atá níos mó ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte sin don tréimhse iomchuí, | |
[EN] | (ii) go ndéanfaidh duine inmhuirearaithe eile is cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta éilimh’ san fho-alt seo) atá ina chomhalta den ghrúpa méid réamhchánach a íoc do thréimhse inmhuirearaithe de réir fho-alt (2B), ar méid é atá níos lú ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta éilimh sin don tréimhse inmhuirearaithe, | |
[EN] | (iii) go bhfuil an tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (ii) comhthráthach leis an tréimhse iomchuí, agus | |
[EN] | (iv) nach cuideachta bheag an chuideachta éilimh i ndáil leis an tréimhse iomchuí. | |
[EN] | (c) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, féadfaidh an 2 chuideachta, aon tráth ar an dáta tuairisceáin sonraithe do thréimhse inmhuirearaithe na cuideachta géillte nó roimhe, fógra a thabhairt i gcomhpháirt don Ard-Bhailitheoir i cibé foirm a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim á rá go bhfuil éifeacht le bheith le mír (d) i ndáil leis an iarmhéid iomchuí arna shonrú san fhógra. | |
[EN] | (d) I gcás ina bhfuil éifeacht leis an mír seo i ndáil le haon iarmhéid iomchuí— | |
[EN] | (i) measfar, chun críocha fho-alt (4C)(b)(ii), méid breise réamhchánach atá comhionann leis an iarmhéid iomchuí a bheith íoctha ag an gcuideachta éilimh ar an dáta a ndlitear réamhcháin na cuideachta sin a íoc don tréimhse iomchuí más rud é go ndéantar 100 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta éilimh don tréimhse iomchuí, gan aird a thabhairt ar an bhfomhír seo, a íoc ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse iomchuí nó roimhe, agus | |
[EN] | (ii) déileálfar leis an gcuideachta ghéillte chun críocha an fho-ailt seo mar chuideachta a ghéill an t-iarmhéid iomchuí don chuideachta éilimh agus ní bheidh an t-iarmhéid iomchuí sin ar fáil lena úsáid ag aon chuideachta eile faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (e) Maidir le híocaíocht i leith iarmhéid iomchuí— | |
[EN] | (i) ní chuirfear i gcuntas í le linn brabúis nó caillteanais de chuid ceachtar cuideachta a ríomh chun críocha cánach corparáide, agus | |
[EN] | (ii) ní mheasfar gur dáileadh nó muirear ar ioncam í chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Corparáide, | |
[EN] | agus, sa mhír seo, ciallaíonn ‘íocaíocht i leith iarmhéid iomchuí’ íocaíocht arna déanamh ag an gcuideachta éilimh leis an gcuideachta ghéillte de bhun comhaontaithe eatarthu maidir le méid arna ghéilleadh de réir an fho-ailt seo, ar íocaíocht í nach mó ná an méid sin. | |
[EN] | (f) (i) Ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear do dhliteanas aon chuideachta lena mbaineann an fo-alt i leith cáin chorparáide a íoc. | |
[EN] | (ii) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, déanfar an méid ar ina leith atá dliteanas ar an gcuideachta éilimh, murach an fo-alt seo, ús a íoc de réir alt 1080 a laghdú d’aon iarmhéid iomchuí a mheasfar a bheith íoctha ag an gcuideachta sin de réir mhír (d)(i). | |
[EN] | (g) Chun críocha an fho-ailt seo, is comhaltaí den ghrúpa céanna 2 chuideachta más rud é, agus más rud é amháin, gur chomhaltaí den sórt sin iad chun críocha alt 411.”. | |
[EN] | (2) (a) Tá éifeacht le míreanna (a), (b) agus (c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta a bhfuil réamhcháin iníoctha ina leith tar éis an 6 Nollaig 2006. | |
[EN] | (b) Tá éifeacht le mír (d) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1 Feabhra 2007 nó dá éis. | |
Grúpfhaoiseamh i leith caillteanas coigríche áirithe. |
48 .— (1) Leasaítear Caibidil 5 de Chuid 12 den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) in alt 411— | |
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
[EN] | “(2) Faoi réir fho-alt (2A), maidir le faoiseamh— | |
[EN] | (a) i leith caillteanas trádála agus méideanna eile atá cáilithe le haghaidh faoisimh ó cháin chorparáide, agus | |
[EN] | (b) i leith caillteanas trádála arna dtabhú ag cuideachtaí neamhchónaitheacha agus i leith méideanna eile nach bhfuil cáilithe ar shlí eile le haghaidh faoisimh ó cháin chorparáide, | |
[EN] | féadfaidh cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta ghéillte’ sa Chaibidil seo) atá ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí é a ghéilleadh, de réir na Caibidle seo, agus, tar éis do chuideachta eile (dá ngairtear ‘an chuideachta éilimh’ sa Chaibidil seo) atá ina comhalta den ghrúpa céanna éileamh a dhéanamh, féadfar é a lamháil don chuideachta éilimh ar mhodh faoisimh ó cháin chorparáide (dá ngairtear ‘grúpfhaoiseamh’ sa Chaibidil seo).”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(2A) Más rud é, maidir leis na caillteanais trádála nó na méideanna eile, gur den chineál iad dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (2), ní bheidh grúpfhaoiseamh ar fáil de réir na Caibidle seo ach amháin más rud é— | |
[EN] | (a) maidir leis an gcuideachta ghéillte— | |
[EN] | (i) go bhfuil cónaí uirthi i mBallstát iomchuí, seachas an Stát, agus | |
[EN] | (ii) gur fochuideachta 75 faoin gcéad de chuid na cuideachta éilimh í, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) go bhfuil cónaí ar an gcuideachta éilimh sa Stát.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 420B: | |
[EN] | “Grúpfhaoiseamh: faoiseamh i leith caillteanas áirithe de chuid cuideachtaí neamh-chónaitheacha. | |
[EN] | 420C.— (1) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘caillteanas coigríche’ caillteanas nó méid eile atá cáilithe le haghaidh grúpfhaoisimh de réir alt 411(2A); | |
[EN] | ciallaíonn ‘caillteanas coigríche iomchuí’ an méid de chaillteanas coigríche— | |
[EN] | (a) a fhreagraíonn do mhéid de shaghas a d’fhéadfadh, chun críocha alt 420 nó 420A, a bheith ar fáil lena ghéilleadh ar mhodh grúpfhaoisimh ag cuideachta a bhfuil cónaí uirthi sa Stát, | |
[EN] | (b) a ríomhtar de réir na rialacha is infheidhme faoi dhlí an stáit géillte maidir le méid caillteanais nó méid eile atá cáilithe le haghaidh faoisimh ó cháin sa stát sin a chinneadh, | |
[EN] | (c) nach inchurtha i leith trádála a sheoltar sa Stát trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht, | |
[EN] | (d) nach bhfuil ar fáil ar shlí eile lena ghéilleadh, le faoiseamh a thabhairt ina leith nó lena fhritháireamh de réir aon fhorálacha de na nAchtanna Cánach, | |
[EN] | (e) ar caillteanas sáinnithe é de réir bhrí fho-alt (2), agus | |
[EN] | (f) nach bhfuil ar fáil lena ghéilleadh, le faoiseamh a thabhairt ina leith nó lena fhritháireamh faoi dhlí aon Bhallstáit iomchuí, seachas an Stát nó an stát géillte; | |
[EN] | ciallaíonn ‘stát géillte’ an Ballstát iomchuí ina bhfuil cónaí, chun críocha cánach, ar an gcuideachta ghéillte dá dtagraítear in alt 411(2A). | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘caillteanas sáinnithe’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta cuideachta, caillteanas coigríche nach féidir (nó, dá ndéanfaí éileamh tráthúil ar an bhfritháireamh nó ar an bhfaoiseamh sin, nárbh fhéidir), faoi dhlí an stáit géillte, é a fhritháireamh nó faoiseamh a thabhairt ina leith ar shlí eile chun críocha cánach in aghaidh brabús (cibé cineál iad) a bhaineann leis na tréimhsí seo a leanas— | |
[EN] | (a) an tréimhse chuntasaíochta sin de chuid na cuideachta, | |
[EN] | (b) aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin de chuid na cuideachta, | |
[EN] | (c) aon tréimhse chuntasaíochta níos déanaí ná sin de chuid na cuideachta, agus | |
[EN] | (d) aon tréimhse de chuid aon chuideachta eile a bhfuil cónaí uirthi sa stát géillte. | |
[EN] | (3) (a) Faoi réir fho-alt (4), i gcás caillteanas coigríche iomchuí a bheith tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte in aon tréimhse chuntasaíochta, ansin déileálfar le méid an chaillteanais (fara aon mhodhnuithe is gá), chun críocha ailt 420A agus 420B, mar chaillteanas trádála iomchuí arna thabhú ag an gcuideachta ghéillte sa tréimhse chuntasaíochta. | |
[EN] | (b) Déanfar faoiseamh i leith caillteanais coigríche iomchuí a thabhairt tar éis faoisimh i leith aon chaillteanas (lena n-áirítear faoiseamh i leith caillteanas faoi alt 397) nach caillteanais choigríche iomchuí. | |
[EN] | (4) Níl feidhm ag an alt seo i gcás inar éirigh an caillteanas coigríche iomchuí mar thoradh ar aon socruithe ar bith arb é a bpríomhchuspóir, nó a áiríodh i measc a bpríomhchuspóirí, a áirithiú go gcáileodh an caillteanas le haghaidh grúpfhaoisimh. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), déanfar éileamh faoi fho-alt (3) laistigh de 2 bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhaítear an caillteanas. | |
[EN] | (6) Más rud é— | |
[EN] | (a) aon tráth, nach bhféadfar faoiseamh faoi fho-alt (3) a thabhairt i leith caillteanais de bhua mhír (c) d’fho-alt (2) agus dá bhua sin amháin, agus | |
[EN] | (b) aon tráth dá éis sin go gcruthóidh an chuideachta éilimh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil an coinníoll i bhfo-alt (2)(c) arna chomhlíonadh an tráth sin i ndáil leis an gcaillteanas, | |
[EN] | féadfaidh an chuideachta éilimh éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh faoi fho-alt (3) i leith an chaillteanais agus déanfar aon éileamh den sórt sin laistigh de 2 bhliain ón tráth a chomhlíontar an coinníoll i bhfo-alt (2)(c) den chéad uair. | |
[EN] | (7) D’fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta’, i ndáil le cuideachta ghéillte, tréimhse a bheadh ina tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta dá dtiocfadh an chuideachta chun bheith ina cónaí sa Stát, agus dá réir sin laistigh de réim cánach corparáide, an tráth ar tháinig sí chun bheith ina fochuideachta 75 faoin gcéad dá dtagraítear in alt 411(2A)(a)(ii). | |
[EN] | (8) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a bhfuil faoiseamh ó cháin á éileamh aici de bhua an ailt seo cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó nó di is gá d’fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo.”. | |
[EN] | (2) (a) Faoi réir mhír (b), meastar go raibh feidhm ag fo-alt (1) maidir le tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1 Eanáir 2006, nó dá éis. | |
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo, más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta cuideachta roimh an 1 Eanáir 2006 agus go gcríochnaíonn sí an dáta sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina dhá cuid, agus ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31 Nollaig 2005 agus an ceann eile ag tosú an 1 Eanáir 2006 agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad. | |
Leasú ar alt 79B (sócmhainní airgeadra coigríche a chomhoiriúnú le scairchaipiteal airgeadra coigríche áirithe) den Phríomh-Acht. |
49 .— (1) Leasaítear alt 79B den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)(a)— | |
[EN] | (i) sa mhíniú ar “sócmhainn airgeadra coigríche” trí “airgeadra feidhme na cuideachta” a chur in ionad “airgeadra an Stáit”, | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sócmhainn airgeadra coigríche”: | |
[EN] | “tá le ‘airgeadra feidhme’ an bhrí chéanna atá leis in alt 402;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (iii) sa mhíniú ar “dliteanas airgeadra coigríche iomchuí” trí “airgeadra feidhme na cuideachta” a chur in ionad “airgeadra an Stáit”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2), trí “airgeadra feidhme na cuideachta” a chur in ionad “airgeadra an Stáit”, agus | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (3)— | |
[EN] | (i) trí “Más rud é, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta cuideachta, go ndearna an chuideachta sócmhainn airgeadra coigríche a chomhoiriúnú” a chur in ionad “Más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go ndiúscróidh cuideachta sócmhainn airgeadra coigríche a chomhoiriúnaigh an chuideachta”, agus | |
[EN] | (ii) trí “don tréimhse chuntasaíochta sin” a chur isteach i ndiaidh “ioncam trádála na cuideachta”. | |
[EN] | (2) Meastar feidhm a bheith ag an alt seo amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006. | |
Leasú ar alt 452 (feidhm alt 130 maidir le hús áirithe) den Phríomh-Acht. |
50 .— (1) Leasaítear alt 452 den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(3A) (a) Beidh feidhm ag an mír seo maidir le cibé méid d’aon ús bliantúil— | |
[EN] | (i) ar dáileadh é de bhua alt 130(2)(d)(iv), agus dá bhua sin amháin, | |
[EN] | (ii) is iníoctha ag cuideachta i ngnáthchúrsa trádála a sheolann an chuideachta sin agus a bheadh, murach alt 130(2)(d)(iv), inasbhainte mar chaiteachas trádála le linn méid ioncam na cuideachta ón trádáil a ríomh, agus | |
[EN] | (iii) nach ús é lena mbaineann fo-alt (2)(a). | |
[EN] | (b) I gcás ina gcruthóidh cuideachta go bhfuil feidhm ag mír (a) maidir le haon ús is iníoctha aici do thréimhse chuntasaíochta agus go roghnóidh sí nach ndéileálfaí leis an ús sin mar dháileadh chun críocha alt 130(2)(d)(iv), ansin ní bheidh feidhm ag alt 130(2)(d)(iv) maidir leis an ús sin.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (4), trí “faoi fho-alt (2)(b), (3)(b) nó (3A)(b)” a chur in ionad “faoi fho-alt (2)(b) nó (3)(b)”. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hús arna íoc an 1 Feabhra 2007 nó dá éis. | |
Leasú ar alt 486B (faoiseamh i leith infheistíochta i nginiúint fuinnimh in-athnuaite) den Phríomh-Acht. |
51 .— (1) Leasaítear alt 486B den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) trí “31 Nollaig 2011” a chur in ionad “31 Nollaig 2006” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”. | |
[EN] | (2) Tagann fo-alt (1) i ngníomh tar éis don Aire Airgeadais ordú chuige sin a dhéanamh. |