An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( Caibidil 4 Cáin Chorparáide ) Ar Aghaidh ( CUID 2 Mál )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar Chaibidil 6 (aistrithe sócmhainní gnó) de Chuid 19 den Phríomh-Acht.

52 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 6 de Chuid 19—

(a) in alt 598 —

(i) i bhfo-alt (1)(a), sa mhíniú ar “sócmhainní cáilitheacha”—

(I) i mír (iii) trí “agus” a scriosadh agus i mír (iv)(II) trí “652(5)(a);” a scriosadh agus “652(5)(a), agus” a chur ina ionad, agus??

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iv):

“(v) talamh a bhí ligthe ag an bpearsa aonair aon tráth sa tréimhse 15 bliana dar críoch tráth an diúscartha, más rud é―

(I) díreach roimh an tráth a ligeadh an talamh den chéad uair sa tréimhse 15 bliana sin, go raibh an talamh ar úinéireacht ag an bpearsa aonair agus á húsáid chun críocha feirmeoireachta arna seoladh ag an bpearsa aonair ar feadh tréimhse nach giorra ná 10 mbliana dar críoch an tráth sin, agus

(II) go ndéantar an diúscairt chuig leanbh (de réir bhrí alt 599) de chuid na pearsan aonair;”,

agus

(ii) i bhfo-alt (2)(a), trí “€750,000” a chur in ionad “€500,000” gach áit a bhfuil sé,

agus

(b) in alt 599—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)(a):

“(1) (a) San alt seo, folaíonn ‘leanbh’, i ndáil le diúscairt ar a n-éilítear faoiseamh faoin alt seo—

(i) leanbh de chuid linbh éagtha,

(ii) nia nó neacht a d’oibrigh go substainteach ar bhonn lánaimseartha, ar feadh na tréimhse 5 bliana dar críoch tráth na diúscartha agus é nó í ag seoladh, nó ag cabhrú le seoladh, na trádála, an ghnó nó na gairme lena mbaineann nó obair na hoifige nó na fostaíochta lena mbaineann nó oibre a bhfuil baint aici leis sin, agus

(iii) pearsa aonair (dá ngairtear ‘an phearsa aonair chéadluaite’ sa mhír seo) ar a raibh cónaí in éineacht leis an bpearsa aonair atá ag déanamh na diúscartha, a bhí faoi chúram na pearsan aonair agus a bhí á chothabháil nó á cothabháil ar chostas na pearsan aonair atá ag déanamh na diúscartha—

(I) i gcaitheamh tréimhse 5 bliana ar fad, nó

(II) i gcaitheamh tréimhsí arbh ionann a bhfad le chéile agus 5 bliana ar a laghad,

sula raibh 18 mbliana d’aois slánaithe ag an bpearsa aonair chéadluaite ach sin sa chás amháin nach bhfuil an t-éileamh sin bunaithe ar fhianaise neamh-chomhthacaithe aon fhinné amháin.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)(c):

“(d) I gcás inarb é atá sa tsócmhainn cháilitheach ná talamh a úsáidtear chun críocha feirmeoireachta agus gurb é atá sa chomaoin i leith a diúscartha, go hiomlán nó go páirteach, ná talamh eile den sórt sin, ní mheasfar gur éirigh gnóchan ar dhiúscairt na talún eile sin ag an leanbh lena mbaineann ach déileálfar leis an talamh eile sin chun críocha na nAchtanna Cánach Gnóchan Caipitiúil mar thalamh a fuair an phearsa aonair an tráth céanna agus ar an luach céanna, agus a d’úsáid an phearsa aonair chun na gcríoch céanna a fuair agus a d’úsáid an leanbh lena mbaineann é i gcéaduair.”.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le diúscairtí arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag mír (a)(ii) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 1 Eanáir 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 603A (láithreán a dhiúscairt chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

53 .— (1) Leasaítear alt 603A den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A):

“(1A) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt talún ar talamh é, ar dháta na diúscartha—

(a) ar a bhfuil margadhluach nach mó ná €254,000, agus

(b) arb é atá inti—

(i) an limistéar talún a bhfuiltear chun teach cónaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) a fhoirgniú air, agus

(ii) limistéar talún atá le háitiú agus le teachtadh i dteannta an tí cónaithe sin mar ghairdín nó mar thailte a ghabhann leis, agus nach bhfuil, cé is moite den limistéar dá dtagraítear i bhfomhír (i), níos mó ná 0.4047 heicteár.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar Sceideal 15 (liosta comhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

54 .— (1) Leasaítear Cuid 1 de Sceideal 15 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i míreanna 3, 37 agus 38 trí “is bun leis an ngnóchan” a scriosadh agus “is bun leis an ngnóchan nó, más mó í, an chomaoin i leith na diúscartha faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil” a chur ina ionad.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 746 (gnóchain ioncaim eischósta a fhabhraíonn chuig daoine a bhfuil cónaí nó sainchónaí orthu thar lear) den Phríomh-Acht.

55 .— (1) Leasaítear alt 746 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5), trí “cónaí nó gnáthchónaí” a chur in ionad “cónaí”, agus

(b) i bhfo-ailt (5) agus (6), trí “ailt 806, 807, 807A, 807B agus 807C” a chur in ionad “ailt 806, 807 agus 807A” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 1 Feabhra 2007.

Leasú ar alt 980 (asbhaint ón gcomaoin i leith sócmhainní áirithe a dhiúscairt) den Phríomh-Acht.

56 .— (1) Leasaítear alt 980 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) I gcás aon íocaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(a) a bheith déanta ag aon duine nó thar ceann aon duine, déanfaidh an duine sin, laistigh de 30 lá ó dháta na híocaíochta, cuntas ar an íocaíocht agus ar an méid a asbhaineadh ón íocaíocht a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim agus méid cánach gnóchan caipitiúil atá comhionann le 15 faoin gcéad de mhéid na híocaíochta a íoc leis an Ard-Bhailitheoir.

(5A) Maidir le cáin ghnóchan caipitiúil is iníoctha de bhua fho-alt (5) ag duine a dhéanann íocaíocht—

(a) beidh sí iníoctha ag an duine sin de bhreis ar aon cháin ghnóchan caipitiúil is iníoctha ag an duine sin de bhua aon fhorála eile de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(b) beidh sí dlite laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an íocaíocht, agus

(c) beidh sí iníoctha ag an duine sin gan measúnacht a dhéanamh,

ach féadfar cáin atá tagtha chun bheith dlite amhlaidh a mheasúnú tar éis don duine an íocaíocht a dhéanamh (cibé acu a bheidh, nó nach mbeidh, an cháin íoctha an tráth a dhéanfar an mheasúnacht) más rud é nach ndéantar an cháin sin nó aon chuid den cháin sin a íoc ar an dáta dlite nó roimhe.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Más rud é, maidir leis an méid cánach gnóchan caipitiúil duine atá tagtha, de bhua fho-alt (5A), chun bheith faoi dhliteanas é a íoc leis an Ard-Bhailitheoir, go mbeidh sé íoctha amhlaidh, déanfar, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, faoiseamh cuí a thabhairt don duine atá inmhuirearaithe i leith an ghnóchain ar an diúscairt, cibé acu trí urscaoileadh, trí aisíoc nó ar shlí eile.”,

agus

(c) trí fho-alt (10) a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.