An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Mál ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Dleachtanna Stampa )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid 3).

75 .— Sa Chuid seo agus i Sceideal 3, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Canach Breisluacha 1972.

Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht.

76 .— Leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007—

(a) i bhfo-alt (1)(a), trí “lena n-áirítear” a chur in ionad “seachas”,

(b) i bhfo-alt (5)—

(i) trí “ag an duine a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais den chineál a shonraítear i bhfomhír (i)(e) den Chéad Sceideal mar chuid den chonradh sin” a chur isteach i ndiaidh “dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b)” i mír (a), agus

(ii) i mír (c)—

(I) trí “ar earraí iad de chineál, nó a úsáideadh in imthosca, nach raibh aon chuid den cháin, más ann, ab inmhuirearaithe ar sholáthar sin na n-earraí sin inasbhainte ag an duine a ndearnadh an soláthar sin chuige,” a scriosadh i bhfomhír (i), agus

(II) trí “measfar chun críocha an Achta seo gur soláthar earraí nach bhfuil feidhm ag mír (xxiv) den Chéad Sceideal maidir leis” a chur in ionad “measfar nach soláthar earraí chun críocha an Achta seo”.

Leasú ar alt 5 (soláthar seirbhísí) den Phríomh-Acht.

77 .— (1) Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (6)—

(a) trí mhír (e)(iv) a scriosadh, agus

(b) le héifeacht ón 1 Eanáir 2008—

(i) tríd an bhfocal “idirghabhálaí” a chur in ionad “gníomhaire” i mír (f)(iii), agus i bhfomhíreanna (i)(II) agus (ii) de mhír (g), agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(gg) Faoi réir mhír (f)(iii), measfar gurb í an áit ina soláthraítear seirbhísí de chuid idirghabhálaí atá ag gníomhú in ainm duine eile agus thar ceann duine eile, seachas i gcásanna ina nglacann an t-idirghabhálaí sin páirt in iompar earraí laistigh den Chomhphobal nó i ngníomhaíochtaí atá coimhdeach maidir le hiompar earraí laistigh den Chomhphobal, an áit ina soláthraítear an t-idirbheart foluiteach de réir an Achta seo.”.

(2) Tagann fo-alt (1)(a) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 7 (díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

78 .— Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) D’ainneoin fho-alt (1)(a), ní dhéanfaidh duine a cheart nó a ceart chun díolúine ó cháin a tharscaoileadh ar dháta rite an Achta Airgeadais 2007 nó dá éis i leith earraí dochorraithe lena mbaineann mír (iv) den Chéad Sceideal a ligean, ar ligean tí, árasáin nó bunachais iomláin eile dá shamhail, nó cuid de theach, d’árasán nó de bhunachas eile dá shamhail, é, a mhéid a úsáidtear na hearraí dochorraithe sin, nó atá siad le húsáid, chun críocha cónaithe, lena n-áirítear aon ligean den sórt sin—

(i) atá faoi rialú ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004,

(ii) atá faoi rialú ag Rialacháin na dTithe (Leabhair Chíosa) 1993 (I.R. Uimh. 146 de 1993),

(iii) atá faoi rialú ag alt 10 d’Acht na dTithe 1988,

(iv) is ligean teaghaise lena mbaineann Cuid II d’Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) 1982, nó

(v) is ligean cóiríochta a sholáthraítear mar theaghais shealadach chun críoch cónaithe éigeandála,

agus, maidir le haon tarscaoileadh ar dhíolúine ó cháin ag a bhfuil feidhm faoin alt seo, ní bhainfidh sé le ligean earraí dochorraithe den sórt sin i gcás ina bhfaightear nó ina bhforbraítear na hearraí sin ar dháta rite an Achta Airgeadais 2007 nó dá éis.

(b) D’fhonn mír (a) a chur chun feidhme, meastar earraí dochorraithe a bheith faighte nuair a dhéanann duine conradh ceangailteach i scríbhinn chun na hearraí sin nó leas sna hearraí sin a fháil, nó chun na hearraí sin a fhoirgniú, agus meastar iad a bheith forbartha nuair a fhaigheann údarás pleanála iarratas ar chead pleanála maidir le forbairt na n-earraí sin mar theach, mar árasán nó mar bhunachas eile dá samhail.”.

Leasú ar alt 8 (daoine inchánach) den Phríomh-Acht.

79 .— Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) le héifeacht ón 1 Márta 2007—

(i) i bhfo-ailt (3), (3A) agus (9), trí “€35,000” a chur in ionad “€27,500” i ngach áit a bhfuil sé, agus

(ii) i bhfo-alt (3), trí “€70,000” a chur in ionad “€55,000” i ngach áit a bhfuil sé,

agus

(b) i bhfo-alt (8)—

(i) i mír (a)—

(I) trí “bunaithe sa Stát agus atá ag gabháil d’earraí nó do sheirbhísí a sholáthar i gcúrsa nó ag bisiú gnó,” a chur in ionad “bunaithe sa Stát”,

(II) trí “chun críche an Achta seo, féadfaidh na Coimisinéirí sin, cibé acu i ndiaidh iarratais thar ceann na ndaoine sin nó ar shlí eile” a chur in ionad “faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh siad le rialacháin, féadfaidh na Coimisinéirí sin, chun críocha an Achta seo”,

(III) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do gach duine de na daoine sin, a mheas gur aon duine inchánach amháin iad, dá ngairtear ‘grúpa’ san alt seo agus measfar ansin na daoine a dtabharfar fógra dóibh amhlaidh a bheith sa ghrúpa fad a bheidh feidhm ag an mír seo maidir leo, ach beidh feidhm ag forálacha alt 9 i leith gach duine de bhaill an ghrúpa, agus—

(I) beidh duine de na daoine sin, a dtabharfaidh na Coimisinéirí fógra dó nó di dá réir sin, freagrach as forálacha an Achta seo a chomhlíonadh i leith an ghrúpa, agus

(II) déanfar na cearta agus na hoibleagáidí go léir a éiríonn faoin Acht seo i leith idirbhearta an ghrúpa a chinneadh dá réir sin, agus”,

agus

(IV) i bhfomhír (ii) trí “gach duine sa ghrúpa a chur faoi dhliteanas” a chur in ionad “gach duine den sórt sin a chur faoi dhliteanas”,

(ii) trí mhír (c) a scriosadh, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh de réir mar is dóigh leo is gá chun críocha an fho-ailt seo.”.

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirir cáin) den Phríomh-Acht.

80 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht:

(a) i bhfo-alt (3)—

(i) trí mhír (a) a scriosadh, agus

(ii) i mír (c) trí “faoi réim fho-alt (3A)” a chur in ionad “faoi réim mhír (a)”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, i gcás inar dóigh leo gur gá nó gur cuí déanamh amhlaidh chun a chinntiú go mbaileofar an cháin i gceart, cinneadh a dhéanamh gurb é atá sa mhéid ar ar inmhuirir cáin ar sholáthar earraí nó seirbhísí ná margadhluach oscailte an tsoláthair sin, más deimhin leo, maidir leis an gcomaoin iarbhír i ndáil leis an soláthar sin—

(i) go bhfuil sí níos ísle ná margadhluach oscailte an tsoláthair sin i gcás nach bhfuil aon teideal ag faighteoir an tsoláthair sin chun cáin a asbhaint faoi alt 12, nó nach bhfuil sé nó sí i dteideal an cháin go léir is inmhuirir ar an soláthar sin a asbhaint, nó i gcás inar feirmeoir cothrom-ráta é nó í,

(ii) go bhfuil sí níos ísle ná margadhluach oscailte an tsoláthair sin, ar gníomhaíocht dhíolmhaithe é, i gcás ina ngabhann an soláthróir, i gcúrsa nó ag bisiú gnó, do sholáthairtí nó gníomhaíochtaí neamh-inasbhainte mar a mhínítear in alt 12(4)(a), nó i gcás inar feirmeoir cothrom-ráta é nó í, nó

(iii) go bhfuil sí níos airde ná an margadhluach oscailte i gcás ina ngabhann an soláthróir, i gcúrsa nó ag bisiú gnó, do sholáthairtí nó gníomhaíochtaí neamh-inasbhainte mar a mhínítear in alt 12(4)(a), nó i gcás inar feirmeoir cothrom-ráta é nó í,

agus—

(I) maidir le soláthróir agus faighteoir an tsoláthair sin, gur daoine iad atá bainteach lena cheile mar gheall ar cheangail airgeadais nó dhlíthiúla, ar daoine iad is páirtithe in aon chomhaontú, comhthuiscint, geallúint nó gealltanas, cibé acu sainráite nó intuigthe agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad infhorfheidhmithe, nó ceaptha a bheith infhorfheidhmithe, le himeachtaí dlí, nó

(II) go bhfeidhmíonn soláthróir nó faighteoir an tsoláthair sin rialú ar an duine eile agus chun na críche sin tá le ‘rialú’ an bhrí a shanntar dó le halt 8(3B).

(b) Maidir le luach a chinnfear de réir an fho-ailt seo, measfar, chun críocha uile an Achta seo, gurb é fíorluach an tsoláthair lena mbaineann sé é.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh de réir mar is dóigh leo is gá chun críocha an fho-ailt seo.

(d) Féadfaidh cigire cánach nó cibé oifigeach eile a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na críche sin cinneadh faoin alt seo a dhéanamh.”,

agus

(c) i bhfo-alt (10) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar ‘margadh-phraghas oscailte’:

“ciallaíonn ‘margadhluach oscailte’, i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí, an chomaoin iomlán, gan cáin a áireamh, a mbeifí ag súil le réasún go ndéanfadh custaiméir, ag céim mhargaíochta is ionann agus an chéim ag a dtarlaíonn soláthar na n-earraí nó na seirbhísí, a íoc le soláthróir ar neamhthuilleamaí faoi choinníollacha iomaíochta córa as soláthar inchomparáide earraí nó seirbhísí den sórt sin;

ach murab ann do sholáthar inchomparáide earraí nó seirbhísí den sórt sin ansin ciallaíonn ‘margadhluach oscailte’:

(a) maidir le soláthar earraí, méid nach lú ná praghas ceannaigh na n-earraí nó earraí dá samhail nó, cheal praghais ceannaigh, an costphraghas, arna chinneadh tráth an tsoláthair,

(b) maidir le soláthar seirbhísí, méid nach lú ná an costas iomlán ar an soláthróir as an tseirbhís a sholáthar;”.

Leasú ar alt 10A (earraí imeallscéime) den Phríomh-Acht.

81 .— Leasaítear alt 10A(1) den Phríomh-Acht, le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007, sa mhíniú ar “earraí imeallscéime” trí “de réir alt 3(5)(d)” a chur in ionad “de réir mhíreanna (c) agus (d) d’fho-alt (5) d’alt 3”.

Leasú ar alt 10B (scéim speisialta do cheantálaithe) den Phríomh-Acht.

82 .— Leasaítear alt 10B den Phríomh-Acht, le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007, trí mhír (aa) d’fho-alt (1) a scriosadh.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

83 .— Leasaítear alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007, i bhfo-alt (1)(a), trí fhomhír (ia) a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (3)—

(i) le héifeacht ón 1 Iúil 2007, i mír (a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) caiteachas arna thabhú ag an duine inchánach ar bhia nó ar dheoch, nó ar chóiríocht seachas cóiríocht cháilitheach i dtaca le freastal ar chomhdháil cháilitheach mar a mhínítear i mír (ca), nó ar sheirbhísí pearsanta eile, don duine inchánach, do ghníomhairí nó d’fhostaithe an duine inchánach, ach amháin a mhéid, más aon mhéid é, a thabhaítear an caiteachas sin i ndáil le soláthar seirbhísí a bhfuil an duine inchánach sin cuntasach i gcáin ina leith,”,

(ii) le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007, i mír (a)(iii), trí “nó chun iad a sholáthar ag duine a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais den chineál a shonraítear i bhfomhír (i)(e) den Chéad Sceideal i leith na mótarfheithiclí sin mar chuid de chomhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3(1)(b)” a chur isteach i ndiaidh “stoc trádála”, agus

(iii) le héifeacht ón 1 Iúil 2007, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(ca) Chun críocha fhomhír (a)(i)—

ciallaíonn ‘toscaire’ duine inchánach nó fostaí nó gníomhaire duine inchánach a fhreastalaíonn ar chomhdháil cháilitheach i gcúrsa nó ag bisiú ghnó an duine inchánach sin;

ciallaíonn ‘cóiríocht cháilitheach’ seirbhís a sholáthar do thoscaire ar seirbhís í arb é atá inti earraí dochorraithe nó cóiríocht a thagann faoi réim mhír (xiii) den Séú Sceideal a ligean, ar feadh tréimhse uasta dar tosach an oíche roimh an dáta a thosaíonn an chomhdháil cháilitheach agus dar críoch an dáta a chríochnaíonn an chomhdháil;

ciallaíonn ‘comhdháil cháilitheach’ comhdháil nó cruinniú i gcúrsa nó ag bisiú gnó a eagraítear chun freastal ar 50 toscaire nó níos mó, agus a tharlaíonn an 1 Iúil 2007 nó dá éis in ionad a dearadh agus a foirgníodh chun friotháil ar 50 toscaire nó níos mó agus ar ina leith a dhéanann an duine atá freagrach as an gcomhdháil a eagrú na mionsonraí faoin gcomhdháil a eisiúint i scríbhinn chuig gach duine inchánach a fhreastalaíonn ar an gcomhdháil nó a chuireann toscaire chuici, agus beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna mionsonraí sin—

(i) suíomh agus dátaí na comhdhála,

(ii) cineál an ghnó atá á sheoladh,

(iii) líon na dtoscairí dá bhfuil an chomhdháil a heagrú, agus

(iv) ainm, seoladh gnó agus uimhir chláraithe CBL an duine atá freagrach as an gcomhdháil a eagrú.”.

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

84 .— Le héifeacht ón 1 Eanáir 2007, leasaítear alt 12A den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “5.2 faoin gcéad” a chur in ionad “4.8 faoin gcéad”.

Leasú ar alt 12B (scéim speisialta i leith córacha iompair arna soláthar ag déileálaithe inchánach) den Phríomh-Acht.

85 .— Leasaítear alt 12B den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007, i bhfo-alt (2)(aa), trí “alt 3(5)(d)” a chur in ionad “mhíreanna (c) agus (d) d’fho-alt (5) d’alt 3”.

Leasú ar alt 12C (scéim speisialta i leith innealra talmhaíochta) den Phríomh-Acht.

86 .— Leasaítear alt 12C den Phríomh-Acht, i bhfo-ailt (1A) agus (1B), trí “alt 3(5)(d)” a chur in ionad “alt 3(5)(c) nó (d)” aon áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 14 (an cháin a bheidh dlite a chinneadh faoi threoir fáltas airgid) den Phríomh-Acht.

87 .— Leasaítear alt 14 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Márta 2007, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) nach raibh, agus nach dócha go mbeidh, an chomaoin uile a bhfuil teideal ag an duine sin chuici i leith soláthairtí inchánach an duine sin níos mó ná €1,000,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí.”.

Leasú ar alt 15B (earraí faoi bhealach (forálacha breise)) den Phríomh-Acht.

88 .— Le héifeacht ón 1 Eanáir 2007, leasaítear alt 15B—

(a) i bhfo-alt (5A)—

(i) trí “ó Phoblacht na Slóvaice,” a chur in ionad “ó Phoblacht na Slóvaice, nó” i bhfomhír (ii), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iia) gur thit dáta chéadúsáide na modhanna iompair ar dháta roimh an 1 Eanáir 1999 i gcás modhanna iompair ag teacht isteach sa Stát ó Phoblacht na Bulgáire nó ón Rómáin, nó”,

agus

(b) sa mhíniú ar ‘dáta aontachais’ i bhfo-alt (7)(a), trí “nó an 1 Eanáir 2007 i leith Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine” a chur isteach i ndiaidh “Phoblacht na Slóvaice”.

Leasú ar alt 16 (dualgas taifid a choimeád) den Phríomh-Acht.

89 .— Leasaítear alt 16 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Aon duine inchánach a éilíonn asbhaint cánach de bhun alt 12 i leith cóiríochta cáilithí mar a mhínítear in alt 12(3)(ca), déanfaidh sé taifid iomlána fíora a choimeád i ndáil leis an toscaire do fhreastal ar an gcomhdháil cháilitheach iomchuí, lena n-áirítear na mionsonraí dá dtagraítear in alt 12(3)(ca) agus arna n-eisiúint chuig an duine inchánach sin ag an duine atá freagrach as an gcomhdháil sin a eagrú.

(b) Déanfaidh an duine atá freagrach as comhdháil cháilitheach a eagrú mar a mhínítear in alt 12(3)(ca) agus lena mbaineann alt 12(3)(a)(i), taifid iomlána fíora a choimeád maidir le gach comhdháil den sórt sin arna heagrú ag an duine sin.”.

Leasú ar alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht.

90 .— Leasaítear alt 17 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin a scriosadh,

(b) trí fho-ailt (1AA), (3AB), (5A) agus (7A) a scriosadh, agus

(c) i bhfo-alt (1AB), trí “chun críocha fho-alt (1AAA)” a chur in ionad “chun críocha fho-ailt (1AA), (1AAA)”.

Leasú ar alt 25 (achomhairc) den Phríomh-Acht.

91 .— Leasaítear alt 25 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(ac), trí “nó 10(3A)” a chur isteach i ndiaidh “alt 8(3E)”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí mhír (i) a scriosadh.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

92 .— Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xxx):

“(xxxx) déanamh cinnidh faoi alt 10(3A);”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

93 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (v):

“(va) seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu le cúram liachta a chlúdaítear le halt 61 nó 61A den Acht Sláinte 1970 ar seirbhísí iad a ghabhann Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte de láimh, nó a ghabhtar de láimh thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó a ghabhann soláthróirí cúraim baile atá aitheanta go cuí ag an bhFeidhmeannacht sin faoi alt 61A den Acht sin de láimh;”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

94 .— Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-mhír (iiib):

“(iiic) soláthar earraí nó seirbhísí do chomhlachtaí idirnáisiúnta atá aitheanta mar chomhlachtaí den sórt sin ag údaráis phoiblí an Bhallstáit is ósta, agus do chomhaltaí de chuid comhlachtaí den sórt sin, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna leagan síos leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta lena mbunaítear na comhlachtaí nó leis na comhaontuithe idir ceanncheathrúna na gcomhlachtaí sin agus Ballstát is ósta do na ceanncheathrúna;”,

(b) i mír (v), trí “a chothabháil, a chairtfhostú agus a fhruiliú” a chur in ionad “a chothabháil agus a fhruiliú”, agus

(c) i bhfomhír (b) de mhír (xii), trí “uisce óil, sú agus táirgí inólta eile a bhaintear as torthaí nó glasraí,” a chur in ionad “lena n-áirítear uisce”.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

95 .— Leasaítear an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, le héifeacht ón 1 Eanáir 2008, trí “idirghabhálaithe” a chur in ionad “gníomhairí” i mír (vii).

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

96 .— Leasaítear an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) le héifeacht ón 1 Márta 2007, trí “€35,000” a chur in ionad “€27,500”, i míreanna (viib) agus (viic), agus

(b) le héifeacht ó 1 Iúil 2007, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xv):

“(xva) suíocháin sábháilte cairr do leanaí,”.

Leasuithe ilghnéitheacha a bhaineann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle.

97 .— Le héifeacht ón 1 Eanáir 2007, i ngach foráil den Phríomh-Acht a shonraítear sa chéad cholún de Sceideal 3, cuirtear, in ionad na bhfocal atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal sin ag an iontráil sin, na focail atá leagtha amach ag an iontráil chomhréire sa tríú colún den Sceideal sin.

Cúlghairm, etc. (Cuid 3).

98 .— Le héifeacht ón 1 Eanáir 2007, measfar nach raibh éifeacht riamh le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cáin Bhreisluacha) 2006 (I.R. Uimh. 663 de 2006) agus cúlghairtear iad.