|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Cáin Bhreisluacha ) | Ar Aghaidh ( CUID 5 Cáin Fháltas Caipitiúil ) |
An tAcht Airgeadais 2007
[EN] | ||
[EN] |
CUID 4 Dleachtanna Stampa | |
Léiriú (Cuid 4). |
99 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999. | |
Morgáistí. |
100 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht— | |
(a) in alt 1(1)— | ||
(i) sa Tábla a ghabhann leis an míniú ar “duine cuntasach”— | ||
(I) i gcolún (1), trí “MORGÁISTE, BANNA, BINTIÚR, CÚNANT (ach amháin urrús inmhargaidh) is urrús go n-íocfar nó go n-aisíocfar airgead ar muirear nó eire é ar mhaoin atá suite sa Stát seachas scaireanna i stoic nó i gcistí de chuid an Rialtais nó an Oireachtais.” a scriosadh, agus | ||
(II) i gcolún (2), trí “An morgáistí nó an t-oibleagáidí; i gcás aistriú, an t-aistrí.” a scriosadh, | ||
agus | ||
(ii) trí na mínithe ar “morgáiste cothromais” agus “morgáiste” a scriosadh, | ||
(b) in alt 20(8) trí mhír (a) a scriosadh, | ||
(c) trí Chaibidil 5 de Chuid 5 (ailt 57 agus 58) agus ailt 83 agus 107 a scriosadh, | ||
(d) in alt 85(2)(a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii): | ||
“(ii) aon chaipiteal iasachta eile;”, | ||
(e) in alt 105(2) trí mhír (a) a scriosadh, | ||
(f) in alt 112(2), trí “morgáiste, banna, cúnant,” a scriosadh, | ||
(g) in alt 113(b) trí “nó ar mhodh morgáiste,” a scriosadh, agus | ||
(h) i Sceideal 1— | ||
(i) trí na Ceannteidil seo a leanas, na forálacha a ghabhann leo agus crostagairtí faoi na Ceannteidil sin a scriosadh: | ||
(I) “COMHAONTÚ nó CONRADH, maille le taisce.”, | ||
(II) “BANNA, maille le taisce gníomhas teidil, chun morgáiste nó urrús eile a dhéanamh ar aon eastát nó maoin sa mhorgáiste nó san urrús eile.”, | ||
(III) “BANNA, DEARBHÚ, nó GNÍOMHAS nó SCRÍBHINN eile chun diúscairt infhuascailte a dhéanamh d’aon diúscairt ar dealraitheach gur diúscairt iomlán í, ach ar mar urrús amháin atá sí beartaithe.”, | ||
(IV) “TÍOLACAS nó AISTRIÚ aon mhaoine ar mhodh urrúis, nó aon urrúis.”, | ||
(V) “CÚNANT chun a urrú go n-íocfar nó go n-aisíocfar airgead, nó go n-aistreofar nó go n-athaistreofar stoc.”, | ||
(VI) “TREASCAIRT. Ionstraim threascartha maidir le haon tíolacas, aistriú nó diúscairt, a dhealraíonn a bheith iomlán, ach nach bhfuil beartaithe ach amháin mar urrús ar airgead nó ar stoc.”, | ||
(VII) “TAISCE gníomhas teidil.”, | ||
(VIII) “MORGÁISTE COTHROMAIS.”, | ||
(IX) “MUIREAR BREISE nó URRÚS BREISE.”, | ||
(X) “MORGÁISTE, BANNA, BINTIÚR, CÚNANT (ach amháin urrús inmhargaidh) is urrús go n-íocfar nó go n-aisíocfar airgead ar muirear nó eire é ar mhaoin atá suite sa Stát seachas scaireanna i stoic nó i gcistí de chuid an Rialtais nó an Oireachtais.”, agus | ||
(XI) “MORGÁISTE AR STOC nó AR URRÚS INMHARGAIDH.”, | ||
(ii) sa Cheannteideal “BLIANACHT”, trí “Í a chruthú, ar mhodh urrúis. Féach MORGÁISTE, etc.” a scriosadh, | ||
(iii) sa Cheannteideal “SANNADH” trí “Ar mhodh urrúis, nó aon urrúis. Féach MORGÁISTE, etc.” a scriosadh, agus | ||
(iv) sa Cheannteideal “BILLE DÍOLACHÁIN”, trí “Ar mhodh urrúis. Féach MORGÁISTE, etc.” a scriosadh . | ||
(2) Faoi réir alt 7 den Phríomh-Acht, maidir le haon ionstraim a mbeadh, murach mír (h) d’fho-alt (1), dleacht stampa inmhuirearaithe uirthi faoi aon cheann de na Ceannteidil dá dtagraítear sa mhír sin i leith aon fhorála áirithe atá san ionstraim, ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe uirthi i leith na forála sin faoi aon Cheannteideal eile i Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin. | ||
(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 7 Nollaig 2006 nó dá éis. | ||
Bearta maidir le simpliú. |
101 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht— | |
(a) in alt 1(1)— | ||
(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “bille malairte”: | ||
“ciallaíonn ‘bille malairte’ dréacht, ordú nó seic;”, | ||
agus | ||
(ii) tríd an míniú ar “nóta gealltanais” a scriosadh, | ||
(b) in alt 3(2)(b), trí “nó nóta gealltanais” a scriosadh, | ||
(c) in alt 12(3), trí “maidir le haon aistriú nó léas (nach dúblach nó contrapháirt ar aistriú nó léas)” a chur in ionad “maidir le haon aistriú nó léas”, | ||
(d) trí ailt 22, 24, 26 agus 28 a scriosadh, | ||
(e) in alt 23, trí “ná nóta gealltanais” a scriosadh, | ||
(f) in alt 25— | ||
(i) i bhfo-alt (1) trí “nó ar nóta gealltanais” a scriosadh, agus | ||
(ii) i bhfo-alt (2)— | ||
(I) trí “nó nóta gealltanais” a scriosadh, agus | ||
(II) trí “nó nóta” agus “nó ar an nóta” a scriosadh, | ||
(g) in alt 73(1), trí mhír (a) a scriosadh, | ||
(h) in alt 112(2), trí “nóta gealltanais,” a scriosadh,”, | ||
(i) in alt 151(1)— | ||
(i) trí mhír (e) a scriosadh, agus | ||
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f): | ||
“(f) an stampa ar aon bhille malairte a milleadh nó a fágadh gan mhaith trí aon neamhghníomh nó earráid, d’ainneoin go mb’fhéidir, más bille malairte an céanna, go rabhthas tar éis glacadh leis nó é a fhormhuiniú, i gcás ina dtabharfar ar aird bille malairte eile a bheidh curtha i gcrích agus stampáilte go cuí agus arb ionann é i ngach slí leis an mbille a milleadh, ach amháin go mbeidh an earráid nó an neamhghníomh ceartaithe;”, | ||
agus | ||
(j) i Sceideal 1— | ||
(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Cheannteidil “BILLE MALAIRTE nó NÓTA GEALLTANAIS.” agus in ionad na bhforálacha faoin gCeannteideal sin: | ||
“BILLE MALAIRTE. | ||
I gcás gur ar chuntas sa Stát a tharraingítear é €0.15. | ||
Díolúintí. | ||
(1) Dréacht nó ordú arna tharraingt ag aon bhaincéir sa Stát ar aon bhaincéir eile sa Stát, ar dréacht nó ordú é nach iníoctha leis an iompróir nó de réir ordaithe, agus a úsáidtear d’aon toisc chun aon chuntas idir na baincéirí sin a shocrú nó a imréiteach. | ||
(2) Litir arna scríobh ag baincéir sa Stát chuig aon bhaincéir eile sa Stát, á ordú go n-íocfar aon suim airgid, ar suim í nach iníoctha leis an iompróir nó de réir ordaithe, agus gan an litir sin a bheith arna seoladh chuig an duine lena bhfuil an íocaíocht le déanamh nó chuig aon duine thar ceann an duine sin nó arna seachadadh ar dhuine lena bhfuil an íocaíocht le déanamh ná ar an aon duine thar ceann an duine sin. | ||
(3) Dréacht nó ordú arna tharraingt ag Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais. | ||
(4) Cúpón nó barántas i leith úis a ghabhann le haon urrús agus a eisítear in éineacht leis, nó le comhaontú nó meabhrán maidir le hathnuachan nó fadú an ama chun urrús a íoc. | ||
(5) Cúpón i leith úis ar urrús inmhargaidh ar ceann d’fhoireann cúpón é cibé acu a eisítear in éineacht leis an urrús é nó a eisítear dá éis sin ar leathán é. | ||
(6) Dochair dhíreacha agus buanorduithe. | ||
(7) Bille arna tharraingt ar an Aire Airgeadais nó thar ceann an Aire Airgeadais agus ar leis a dhéantar íocaíocht i leith duaisbhannaí.”, | ||
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Cheannteidil “MALAIRT — ionstraimí lena gcuirtear malairt i gcrích.” agus in ionad na bhforálacha faoin gCeannteideal sin: | ||
“MALAIRT — ionstraimí lena gcuirtear malairt i gcrích. | ||
Sa chás a shonraítear in alt 37, féach an t-alt sin.”, | ||
(iii) trí na Ceannteidil seo a leanas agus na forálacha agus na crostagairtí faoi na Ceannteidil sin a scriosadh: | ||
(I) “TÍOLACAS nó AISTRIÚ d’aon chineál nach bhfuil tuairiscithe cheana sa Sceideal seo.”, | ||
(II) “LITIR CHREIDMHEASA.”, agus | ||
(III) “NÓTA GEALLTANAIS.”, | ||
(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Cheannteidil “Aon mhaoin, nó aon cheart ar aon mhaoin nó aon leas in aon mhaoin, a SCAOILEADH nó a THRÉIGEAN.” agus na bhforálacha agus na crostagartha faoin gCeannteideal sin: | ||
“Aon mhaoin, nó aon cheart ar aon mhaoin nó aon leas in aon mhaoin, a SCAOILEADH nó a THRÉIGEAN. | ||
Ar dhíol. | ||
Féach TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol.”, | ||
agus | ||
(v) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Cheannteidil “Aon mhaoin, nó aon cheart nó leas in aon mhaoin, a GHÉILLEADH.” agus na bhforálacha agus na crostagartha faoin gCeannteideal sin:? | ||
“Aon mhaoin, nó aon cheart nó leas in aon mhaoin, a GHÉILLEADH. | ||
Ar dhíol. | ||
Féach TÍOLACAS NÓ AISTRIÚ ar dhíol.”. | ||
(2) Faoi réir alt 7 den Phríomh-Acht, aon ionstraim a mbeadh, murach mír (j) d’fho-alt (1), dleacht stampa inmhuirearaithe uirthi faoi aon cheann de na Ceannteidil dá dtagraítear sa mhír sin i leith forála áirithe inti, ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe uirthi i leith na forála sin faoi aon Cheannteideal eile i Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin. | ||
(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna dtarraingt, arna ndéanamh nó arna bhforghníomhú dáta rite an Achta seo nó dá éis. | ||
Leasú ar alt 81A (faoiseamh breise ó dhleacht stampa i leith aistrithe chuig feirmeoirí óga oilte) den Phríomh-Acht. |
102 .— Leasaítear alt 81A den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (14): | |
[EN] | “(14) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 25 Márta 2004 nó dá éis agus roimh dháta rite an Achta Airgeadais 2007.”. | |
Aistrithe chuig feirmeoirí óga oilte agus cáilíochtaí. |
103 .— Leasaítear an Príomh-Acht— | |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 81A: | |
[EN] | “Aistrithe chuig feirmeoirí óga oilte. | |
[EN] | 81AA.— (1) San alt seo agus i Sceideal 2B— | |
[EN] | ciallaíonn ‘leas i dtalamh’ leas nach bhfuil faoi réir aon chumhachta (cibé acu atá nó nach bhfuil sí san ionstraim) a bhféadfar, ar í a fheidhmiú, an talamh, nó aon chuid den talamh nó aon leas sa talamh, a athdhílsiú don duine ónar tíolacadh nó ónar aistríodh í nó d’aon duine thar ceann an duine sin; | |
[EN] | ciallaíonn ‘talamh’ talamh talmhaíochta agus folaíonn sé cibé foirgnimh feirme, tithe feirme agus maintithe (mar aon leis na tailte a áitítear i dteannta na bhfoirgneamh feirme, na dtithe feirme agus na maintithe sin) is de ghné is iomchuí don talamh; | |
[EN] | ‘ciallaíonn ‘Uimhir PSP’, i ndáil le duine, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an duine de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005; | |
[EN] | ciallaíonn ‘cáilíocht de chuid Sceideal 2’ cáilíocht atá leagtha amach i Sceideal 2; | |
[EN] | ciallaíonn ‘cáilíocht de chuid Sceideal 2A’ cáilíocht atá leagtha amach i Sceideal 2A; | |
[EN] | ciallaíonn ‘cáilíocht de chuid Sceideal 2B’ cáilíocht atá leagtha amach i Sceideal 2B; | |
[EN] | ciallaíonn ‘feirmeoir óg oilte’ duine a suitear ina leith chun sástacht na gCoimisinéirí— | |
[EN] | (a) nach raibh 35 bliana d’aois slánaithe ag an duine ar an dáta a forghníomhaíodh an ionstraim a n-éilítear faoiseamh ina leith faoin alt seo, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2), (3), (4) nó (5) arna gcomhlíonadh; | |
[EN] | ciallaíonn ‘deimhniú 80 uair an chloig’ deimhniú arna dhámhachtain ag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna i leith an caighdeán íosta sonraithe sonraithe a bhaint amach i measúnachtaí arna gcríochnú i gcúrsa oiliúna, arna cheadú ag Teagasc, i mbainistíocht feirme, ar cúrsa é arbh fhaide ná 80 uair an chloig a fhad comhiomlán; | |
[EN] | ciallaíonn ‘deimhniú 180 uair a chloig’ deimhniú arna dhámhachtain ag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna i leith an caighdeán íosta sonraithe sonraithe a bhaint amach i measúnachtaí arna gcríochnú i gcúrsa oiliúna arna cheadú ag Teagasc— | |
[EN] | (a) i dtalmhaíocht nó i ngairneoireacht nó iontu araon, ar cúrsa é arbh fhaide ná 100 uair an chloig a fhad comhiomlán, agus | |
[EN] | (b) i mbainistíocht feirme, ar cúrsa é arbh fhaide ná 80 uair an chloig a fhad comhiomlán. | |
[EN] | (2) Is é atá sa choinníoll a éilítear leis an bhfo-alt seo ná gur sealbhóir cáilíochta de chuid Sceideal 2B an duine dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar fheirmeoir óg oilte. | |
[EN] | (3) Is é atá sa choinníoll a éilítear leis an bhfo-alt seo ná gur sealbhóir litreach daingnithe ó Theagasc an duine dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar fheirmeoir óg oilte, á dhaingniú go ndearna sé nó sí cúrsa oiliúna arna cheadú ag Teagasc, i leith daoine atá, i dtuairim Teagaisc, srianta ina gcumas foghlama de dheasca míchumais coirp, céadfa nó intleachtúil nó meabhair-shláinte, a chríochnú go sásúil. | |
[EN] | (4) Is iad na coinníollacha a éilítear leis an bhfo-alt seo ná, maidir leis an duine dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar fheirmeoir óg oilte, gur sealbhóir é nó í, roimh an 31 Márta 2008— | |
[EN] | (a) (i) ar cháilíocht atá leagtha amach i bhfomhír (f) de mhír 1, nó i bhfomhír (h) de mhír 2, de Sceideal 2A, agus | |
[EN] | (ii) ar dheimhniú 180 uair an chloig, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) (i) ar cháilíocht atá leagtha amach i bhfomhír (b), (c) nó (d) de mhír 3 de Sceideal 2A, agus | |
[EN] | (ii) ar dheimhniú 80 uair an chloig, | |
[EN] | (5) Is iad na coinníollacha éilítear leis an bhfo-alt seo ná, maidir leis an duine dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar fheirmeoir óg oilte, gurb amhlaidh, roimh an 31 Márta 2008— | |
[EN] | (a) go mbeidh sé nó sí tar éis an caighdeán a bhaint amach is gá chun dul isteach sa tríú bliain de chúrsa lánaimseartha in aon disciplín a mhaireann 3 bliana nó níos faide i bhforas tríú leibhéal, agus go mbeidh sé sin daingnithe ag an bhforas, agus | |
[EN] | (b) gur sealbhóir ar dheimhniú 180 uair an chloig é nó í. | |
[EN] | (6) Chun críocha fho-alt (2), i gcás ina ndeimhneoidh Teagasc— | |
[EN] | (a) go bhfreagraíonn aon cháilíocht eile do cháilíocht de chuid Sceideal 2B, agus | |
[EN] | (b) go measann Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann go bhfuil leibhéal na cáilíochta eile sin comhionann, ar a laghad, le leibhéal na cáilíochta de chuid Sceideal 2B, | |
[EN] | déileálfaidh na Coimisinéirí leis an gcáilíocht eile sin amhail dá mba cháilíocht de chuid Sceideal 2B í. | |
[EN] | (7) Ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirearaithe faoi réim ná faoi threoir an cheannteidil ‘TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil’ i Sceideal 1 ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (8) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon ionstraim a oibríonn mar thíolacas nó mar aistriú (cibé acu ar díol nó mar dhiúscairt shaorálach inter vivos) ar leas i dtalamh chuig feirmeoir óg oilte más rud é— | |
[EN] | (a) go bhfuil deimhniú san ionstraim á rá go bhfuil feidhm ag an alt seo, | |
[EN] | (b) go ndéantar dearbhú arna dhéanamh i scríbhinn ag an bhfeirmeoir óg oilte, nó ag gach duine acu i gcás níos mó ná duine amháin a bheith ann, a thabhairt do na Coimisinéirí nuair a thíolactar an ionstraim lena stampáil, á dhaingniú, chun sástacht na gCoimisinéirí, go bhfuil sé ar intinn ag an duine sin, nó ag gach duine acu sin, ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta forghníomhaithe na hionstraime— | |
[EN] | (i) 50 faoin gcéad ar a laghad de ghnáth-am oibre an duine sin a chaitheamh i mbun feirmeoireachta ar an talamh, agus | |
[EN] | (ii) úinéireacht a choimeád ar an talamh, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) go ndéantar Uimhir PSP an fheirmeora óig oilte, nó gach duine acu i gcás níos mó ná duine amháin a bheith ann, a thabhairt do na Coimisinéirí nuair a thíolactar an ionstraim lena stampáil. | |
[EN] | (9) D’ainneoin fho-alt (8), beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina dtíolacfar nó ina n-aistreofar an mhaoin i gcomhúinéireacht inar feirmeoirí óga oilte iad na comhúinéirí go léir nó i gcás inar céile comhúinéara eile atá ina fheirmeoir nó ina feirmeoir óg oilte aon duine de na comhúinéirí. | |
[EN] | (10) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) maidir le hionstraim mura rud é go mbeifear tar éis í a stampáil, de réir alt 20, le stampa áirithe á chur in iúl nach bhfuil aon dleacht inmhuirearaithe uirthi. | |
[EN] | (11) (a) Chun críocha an fho-ailt seo, beidh ‘an caighdeán bainte amach’ ag duine aon tráth más rud é, an tráth sin, maidir leis an duine— | |
[EN] | (i) go gcomhlíonann sé nó sí na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2), (3), (4) nó (5), nó | |
[EN] | (ii) gur sealbhóir é nó í ar cháilíocht a ndéileáiltear léi, de bhua fho-alt (6), mar cháilíocht de chuid Sceideal 2B, | |
[EN] | agus déanfar an cheist i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil an caighdeán bainte amach ag duine a fhorléiriú dá réir sin. | |
[EN] | (b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hionstraim trína ndéantar talamh a thíolacadh nó a aistriú chuig duine (dá ngairtear ‘an t-aistrí’ san fho-alt seo) nárbh fheirmeoir óg oilte é nó í an dáta a forghníomhaíodh an ionstraim de bhíthin amháin nach raibh an caighdeán bainte amach ag an aistrí ar an dáta sin. | |
[EN] | (c) Más rud é, laistigh de 4 bliana ó dháta forghníomhaithe ionstraime lena mbaineann an fo-alt seo, go mbeidh an caighdeán bainte amach ag an aistrí, déanfaidh na Coimisinéirí, i gcás ina ndéantar éileamh ar aisíoc chucu trí na nithe seo a thabhairt ar aird dóibh— | |
[EN] | (i) an ionstraim stampáilte, | |
[EN] | (ii) dearbhú i scríbhinn ón aistrí a bhfuil éileamh ar aisíoc á dhéanamh aige nó aici, nó ó gach duine acu i gcás níos mó ná duine amháin a bheith ann, á dhaingniú, chun sástacht na gCoimisinéirí, go bhfuil sé ar intinn ag an duine sin, nó ag gach duine acu, ar feadh tréimhse nach giorra ná 5 bliana ón dáta a dhéantar an t-éileamh ar aisíoc chuig na Coimisinéirí— | |
[EN] | (I) 50 faoin gcéad ar a laghad de ghnáth-am oibre an duine sin a chaitheamh i mbun feirmeoireachta ar an talamh, agus | |
[EN] | (II) úinéireacht a choimeád ar an talamh, | |
[EN] | (iii) Uimhir PSP an aistrí a bhfuil éileamh ar aisíoc á dhéanamh aige nó aici, nó Uimhir PSP gach duine acu i gcás níos mó ná duine amháin a bheith ann, agus | |
[EN] | (iv) fianaise shásúil ar chomhlíonadh an fho-ailt seo, | |
[EN] | cibé dleacht, nach mbeadh inmhuirearaithe dá mbeadh feidhm ag an alt seo maidir leis an ionstraim nuair a tíolacadh í lena stampáil den chéad uair, a chealú agus a aisíoc. | |
[EN] | (12) (a) Más rud é, maidir le haon duine ar tíolacadh talamh dó nó di nó ar aistríodh talamh chuige nó chuici le haon ionstraim lenar bhain fo-alt (7) nó fo-alt (11)— | |
[EN] | (i) go ndiúscróidh sé nó sí an talamh sin, nó cuid den talamh sin (dá ngairtear ‘páirtdiúscairt’ san fho-alt seo), laistigh de thréimhse 5 bliana— | |
[EN] | (I) i gcás ina raibh feidhm ag fo-alt (7), ó dháta forghníomhaithe na hionstraime sin, nó | |
[EN] | (II) i gcás ina raibh feidhm ag fo-alt (11), ón dáta a dhéantar an t-éileamh ar aisíoc chuig na Coimisinéirí, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) nach ndéanann sé nó sí na fáltais ón diúscairt sin nó, de réir mar a bheidh, ón bpáirtdiúscairt sin, a chaitheamh go hiomlán chun talamh eile a fháil laistigh de thréimhse bliana ó dháta na diúscartha sin, | |
[EN] | ansin, tiocfaidh an duine sin nó, i gcás níos mó ná duine amháin den sórt sin a bheith ann, tiocfaidh gach duine acu, chun bheith faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, pionós a íoc leis na Coimisinéirí ar pionós é atá comhionann le méid a chinnfear de réir na foirmle— | |
[EN] | S x N | |
[EN] | V | |
[EN] | más rud é— | |
[EN] | gurb é S méid na dleachta stampa a mhuirearófaí ar an ionstraim sin mura mbeadh feidhm ag fo-alt (7) nó, de réir mar a bheidh, méid na dleachta stampa a muirearaíodh ar an ionstraim ar an gcéad ásc agus a aisíocadh dá éis sin faoi fho-alt 11(c), | |
[EN] | gurb é V an margadhluach, díreach roimh an diúscairt nó, de réir mar a bheidh, roimh an bpáirtdiúscairt, na talún go léir a tíolacadh nó a aistríodh, agus | |
[EN] | gurb é N méid na bhfáltas ón diúscairt nó, de réir mar a bheidh, ón bpáirtdiúscairt, nár caitheadh chun talamh eile a fháil. | |
[EN] | (b) Beidh ús iníoctha ar phionós arna thabhú faoi mhír (a), ar ús é a ríomhfar de réir alt 159D, ó dháta na diúscartha nó, de réir mar a bheidh, na páirtdiúscartha, go dtí an dáta a íoctar an pionós. | |
[EN] | (c) Chun críocha mhír (a)— | |
[EN] | (i) i gcás ina ndéanfar diúscairt talún go hiomlán nó gó páirteach mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, measfar, maidir le méid atá comhionann le margadhluach na dtailte a dhiúscraítear, tráth na diúscartha, gurb é fáltas na diúscartha sin é, | |
[EN] | (ii) i gcás ina bhfaightear aon mhaoin i modh malairte, go hiomlán nó go páirteach as diúscairt, measfar, maidir le méid atá comhionann le margadhluach na maoine sin, tráth na diúscartha, gurb é fáltas na diúscartha sin é, agus | |
[EN] | (iii) i gcás feidhm a bheith ag fomhír (ii) agus gur talamh aon mhaoin a fhaightear i modh malairte, nó go bhfuil talamh san áireamh i maoin a fhaightear i modh malairte, measfar, maidir le méid atá comhionann le margadhluach na talún sin, ar dháta na diúscartha, gur caitheadh é chun talamh eile a fháil. | |
[EN] | (d) Ní dhlífear pionós faoi mhír (a) a chur ar dhuine, más rud é, agus a mhéid, gur mó aon phionós nó, de réir mar a bheidh, comhiomlán aon phionós, a d’íoc an duine sin faoi mhír (a), ná an dleacht stampa a mhuirearófaí ar an ionstraim mura mbeadh feidhm ag faoiseamh faoi fho-alt (7) nó, dé réir mar a bheidh, ná an dleacht stampa a muirearaíodh ar an ionstraim ar an gcéad ásc agus a aisíocadh dá éis sin faoi fho-alt (11)(c). | |
[EN] | (e) I gcás aon éileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht faoin alt seo a bheith lamháilte agus ina bhfaighfear amach dá éis sin maidir le haon dearbhú a rinneadh, nó maidir le haon deimhniú a bhí san ionstraim, de réir fho-alt (8)— | |
[EN] | (i) nach raibh sé fíor in aon phonc ábhartha a mbeadh de thoradh air nach ndéanfaí faoiseamh a thugtar leis an alt seo a dheonú, agus | |
[EN] | (ii) go ndearnadh é, nó gur cuireadh san aireamh é, agus a fhios ag an duine nach raibh sé fíor nó le neamhaird mheargánta i dtaobh é a bheith fíor nó gan a bheith fíor, | |
[EN] | ansin, maidir le haon duine a rinne dearbhú den sórt sin, nó i gcás ina mbeidh deimhniú bréagach curtha san áireamh, maidir leis an duine nó na daoine ar tíolacadh nó ar aistríodh an talamh chuige nó chuici nó chucu leis an ionstraim, i gcomhpháirt agus go leithleach, dlífidh sé nó sí nó siad méid a íoc leis na Coimisinéirí mar phionós ar méid é atá comhionann le 125 faoin gcéad den dleacht a mhuirearófaí ar an ionstraim ar an gcéad ásc dá ndéanfaí na fíorais go léir a dhearbhú agus a dheimhniú go fírinneach, mar aon le hús a mhuirearófar ar an méid sin agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha amhlaidh, arna ríomh de réir alt 159D, ón dáta a forghníomhaíodh an ionstraim go dtí an dáta a íoctar an pionós. | |
[EN] | (f) I gcás aon éileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht faoin alt seo a bheith lamháilte agus ina bhfaightear amach dá éis sin maidir le haon dearbhú arna dhéanamh de réir fho-alt (11)(c)(ii)— | |
[EN] | (i) nach raibh sé fíor in aon phonc ábhartha a mbeadh de thoradh air nach ndéanfaí dleacht faoi fho-alt (11)(c) a aisíoc, agus | |
[EN] | (ii) go ndearnadh é agus a fhios ag an duine nach raibh sé fíor nó le neamhaird mheargánta i dtaobh é a bheith fíor nó gan a bheith fíor, | |
[EN] | ansin, dlífidh aon duine a rinne dearbhú den sórt sin méid a íoc leis na Coimisinéirí mar phionós, ar méid é atá comhionann le 125 faoin gcéad den dleacht a muirearaíodh ar an ionstraim ar an gcéad ásc, mar aon le hús a mhuirearófar ar an méid sin agus arna ríomh de réir alt 159D, ón dáta a rinneadh an t-éileamh ar aisíocaíocht chuig na Coimisinéirí go dtí an dáta a íoctar an pionós. | |
[EN] | (13) D'ainneoin fho-alt (12)— | |
[EN] | (a) i gcás inar lamháladh faoiseamh faoi fho-alt (7) i leith aon ionstraime nó i gcás ina raibh feidhm ag fo-alt (11) maidir le haon ionstraim, ní mheasfar gur diúscairt lena mbaineann fo-alt (12) diúscairt cuid den talamh ag feirmeoir óg oilte chuig chéile chun comhthionóntacht a chruthú sa talamh, nó i gcás inar tíolacadh nó inar aistríodh an talamh chuig comhúinéirí leis an ionstraim, diúscairt aon chuid den talamh ag comhúinéir amháin chuig comhúinéir eile, ach tar éis diúscairt den sórt sin a dhéanamh, déileálfar leis an gcuid sin den talamh, chun críocha fho-alt (12)— | |
[EN] | (i) i gcás ina raibh feidhm ag fo-alt (7), amhail is dá mba rud é gur tíolacadh nó gur aistríodh í láithreach chuig an gcéile nó chuig an gcomhúinéir eile leis an ionstraim ar ina leith a lamháladh faoiseamh ar an gcéad ásc, nó | |
[EN] | (ii) i gcás ina raibh feidhm ag fo-alt (11), amhail is dá mba rud é gur tíolacadh nó gur aistríodh í chuig an gcéile nó chuig an gcomhúinéir eile leis an ionstraim lenar bhain fo-alt (11), ach ar an dáta a dhéantar an t-éileamh ar aisíocaíocht chuig na Coimisinéirí, | |
[EN] | (b) ní dhlífear níos mó ná pionós amháin a chur ar dhuine faoi mhír (e) d’fho-alt (12), | |
[EN] | (c) ní dhlífear pionós faoi mhír (a) d’fho-alt (12) a chur ar dhuine, más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, pionós faoi mhír (e) nó (f) d’fho-alt (12) íoctha ag an duine sin, agus | |
[EN] | (d) ní dhlífear pionós faoi mhír (e) nó (f) d’fho-alt (12) a chur ar dhuine, más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, pionós faoi mhír (a) d’fho-alt (12) íoctha ag an duine sin. | |
[EN] | (14) Maidir le haon duine, roimh dháta rite an Achta Airgeadais 2004, ar duine é nó í— | |
[EN] | (a) is sealbhóir ar cháilíocht de chuid Sceideal 2, nó ar cháilíocht arna deimhniú ag Teagasc mar cháilíocht a fhreagraíonn do cháilíocht de chuid Sceideal 2 agus i gcás ina gceanglaítear freastal sásúil a bheith déanta ar chúrsa oiliúna, arna cheadú ag Teagasc (i mbainistíocht feirme, arbh fhaide ná 80 uair an chloig a fhad comhiomlán) chun críocha alt 81, measfar, chun críocha an ailt seo, gur sealbhóir é nó í ar cháilíocht a fhreagraíonn do cheann de na cáilíochtaí atá leagtha amach i bhfo-alt (4)(b)(i), | |
[EN] | (b) is sealbhóir ar cháilíocht de chuid Sceideal 2 nó ar cháilíocht arna deimhniú ag Teagasc mar cháilíocht a fhreagraíonn do cháilíocht de chuid Sceideal 2 agus i gcás nach gceanglaítear freastal sásúil a bheith déanta ar chúrsa oiliúna, arna cheadú ag Teagasc, chun críocha alt 81, measfar, chun críocha an ailt seo, gur sealbhóir é nó í ar cháilíocht a fhreagraíonn don cháilíocht atá leagtha amach i bhfomhír (b) de mhír 1 de Sceideal 2B, | |
[EN] | (c) a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i mír (b)(ii)(I) den mhíniú ar fheirmeoir óg oilte in alt 81(1), measfar, chun críocha an ailt seo, na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (5)(a) a bheith comhlíonta aige ní aici, | |
[EN] | (d) atá, chun críocha alt 81, ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar dheimhniú arna eisiúint ag Teagasc á dheimhniú go ndearnadh freastal sásúil ar chúrsa oiliúna, arna cheadú ag Teagasc, i mbainisteoireacht feirme, arbh fhaide ná 80 uair an chloig a fhad comhiomlán, measfar, chun críocha an ailt seo, gur sealbhóir ar dheimhniú 80 uair an chloig é nó í, nó | |
[EN] | (e) atá, chun críocha alt 81, ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar dheimhniú arna eisiúint ag Teagasc á dheimhniú go ndearnadh freastal sásúil ar chúrsa oiliúna, arna cheadú ag Teagasc, i dtalmhaíocht nó i ngairneoireacht, nó i dtalmhaíocht agus i ngairneoireacht araon, arbh fhaide ná 180 uair an chloig a fhad comhiomlán, measfar, chun críocha an ailt seo, gur sealbhóir ar dheimhniú 180 uair an chloig é nó í. | |
[EN] | (15) Aon duine, roimh dháta rite an Achta Airgeadais 2007, is sealbhóir ar cháilíocht faoi Sceideal 2A nó ar cháilíocht arna deimhniú ag Teagasc mar cháilíocht a fhreagraíonn do cháilíocht faoi Sceideal 2A agus nach gceanglaítear air nó uirthi, chun críocha alt 81A, a bheith ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar dheimhniú 80 uair an chloig nó ar dheimhniú 180 uair an chloig, measfar, chun críocha an ailt seo, gur sealbhóir é nó í ar cháilíocht a fhreagraíonn don cháilíocht atá leagtha amach i bhfomhír (b) de mhír 1 de Sceideal 2B. | |
[EN] | (16) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar dháta rite an Achta Airgeadais 2007 nó dá éis agus an 31 Nollaig 2008 nó roimhe.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 2A— | |
[EN] | “Alt 81AA. | |
[EN] | SCEIDEAL 2B | |
[EN] | Cáilíochtaí chun Iarratas a Dhéanamh ar Fhaoiseamh ó Dhleacht Stampa i leith Aistrithe chuig Feirmeoirí Óga Oilte | |
[EN] | 1. Cáilíochtaí arna ndámhachtain ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna: | |
[EN] | (a) Ardteastas Leibhéal 6 san Fheirmeoireacht; | |
[EN] | (b) Ardteastas Leibhéal 6 sa Talmhaíocht; | |
[EN] | (c) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Tréad Déiríochta; | |
[EN] | (d) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Stoic Thirim; | |
[EN] | (e) Ardteastas Leibhéal 6 sa Mheicniú Talmhaíochta; | |
[EN] | (f) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Feirme; | |
[EN] | (g) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Innealra agus Barr; | |
[EN] | (h) Ardteastas Leibhéal 6 sa Ghairneoireacht; | |
[EN] | (i) Ardteastas Leibhéal 6 san Fhoraoiseacht; | |
[EN] | (j) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Graíona; | |
[EN] | (k) Ardteastas Leibhéal 6 san Eachaíocht. | |
[EN] | 2. Cáilíochtaí arna ndámhachtain ag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna: | |
[EN] | (a) Ardteastas sa Talmhaíocht; | |
[EN] | (b) Baitsiléir Eolaíochta sa Talmhaíocht; | |
[EN] | (c) Ardteastas in Eolaíocht Talmhaíochta; | |
[EN] | (d) Baitsiléir Eolaíochta in Eolaíocht Talmhaíochta; | |
[EN] | (e) Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Bhainistíocht Talún, Talmhaíocht; | |
[EN] | (f) Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Bhainistíocht Talún, Gairneoireacht; | |
[EN] | (g) Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Bhainistíocht Talún, Foraoiseacht; | |
[EN] | (h) Ardteastas san Innealtóireacht sa Mheicniú Talmhaíochta; | |
[EN] | (i) Baitsiléir Gnó san Fhiontraíocht Tuaithe agus Agra-Ghnó; | |
[EN] | (j) Baitsiléir Eolaíochta sa Talmhaíocht agus sa Bhainistíocht Timpeallachta; | |
[EN] | (k) Baitsiléir Eolaíochta sa Ghairneoireacht; | |
[EN] | (l) Baitsiléir Ealaíon (Onóracha) sa Bhainistíocht Ghairneoireachta; | |
[EN] | (m) Baitsiléir Eolaíochta san Fhoraoiseacht; | |
[EN] | (n) Ardteastas sa Ghnó agus i Staidéir Eachaí; | |
[EN] | (o) Baitsiléir Gnó i Staidéir Eachaí; | |
[EN] | 3. Cáilíochtaí arna ndámhachtain ag forais eile tríú leibhéal: | |
[EN] | (a) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta — Táirgeadh Barr Ainmhithe, arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; | |
[EN] | (b) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta — Eolaíocht Ainmhithe, arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; | |
[EN] | (c) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta—Bainistíocht Bia agus Talamhghnó arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; | |
[EN] | (d) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta—Foraoiseacht arna dhámhachtain ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; | |
[EN] | (e) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta—Bainistíocht Ghairneoireachta, Tírdhreacha agus Fóid Spóirt arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; | |
[EN] | (f) Baitsiléir Tréidliachta arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; | |
[EN] | (g) Baitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Eachaí arna dhámhachtain ag Ollscoil Luimnigh; | |
[EN] | (h) Dioplóma san Eolaíocht Eachaí arna dhámhachtain ag Ollscoil Luimnigh.”. | |
Faoiseamh breise comhdhlúthúcháin feirme. |
104 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 81B: | |
[EN] | “81C.— (1) (a) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘coinníollacha comhdhlúthúcháin’ na coinníollacha comhdhlúthúcháin arna leagan amach i dtreoirlínte; | |
[EN] | ciallaíonn ‘deimhniú comhdhlúthúcháin’ deimhniú, arna eisiúint chun críocha an ailt seo ag Teagasc chuig feirmeoir i ndáil le díol talún cáilithí agus ceannach talún cáilithí a tharlaíonn sa tréimhse iomchuí agus laistigh de 18 mí óna chéile, ar deimhniú é ina sainaithnítear na tailte lena mbaineann agus úinéirí na dtailte sin, agus ina ndeimhnítear gur deimhin le Teagasc, ar bhonn faisnéise atá ar fáil do Theagasc an tráth a dheimhnítear amhlaidh, go gcomhlíonann, nó go gcomhlíonfaidh, díol na talún cáilithí agus ceannach na talún cáilithí na coinníollacha comhdhlúthúcháin atá leagtha síos i dtreoirlínte; | |
[EN] | ciallaíonn ‘feirmeoir’ duine a chaitheann 50 faoin gcéad de ghnáth-am oibre an duine i mbun feirmeoireachta; | |
[EN] | folaíonn ‘feirmeoireacht’ áitiú coillearnaí ar bhonn tráchtála; | |
[EN] | ciallaíonn ‘treoirlínte’ treoirlínte arna ndéanamh agus arna bhfoilsiú de réir mhír (b)(i); | |
[EN] | ciallaíonn ‘leas i dtalamh cháilitheach’ leas i dtalamh cháilitheach nach bhfuil faoi réir aon chumhachta (cibé acu atá nó nach bhfuil sí san ionstraim) a bhféadfar, ar í a fheidhmiú, an talamh cháilitheach, nó aon chuid den talamh cháilitheach nó aon leas inti, a athdhílsiú don duine ónar ceannaíodh nó ónar aistríodh í nó d’aon duine thar ceann an duine sin; | |
[EN] | ciallaíonn ‘Uimhir PSP’, i ndáil le duine, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an duine sin de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ceannach talún cáilithí’ tíolacadh nó aistriú leasa i dtalamh cháilitheach (cibé acu ar í a dhíol nó a oibriú mar dhiúscairt shaorálach inter vivos) chuig feirmeoir agus folaíonn sé tíolacadh nó aistriú i gcás ina dtíolactar nó ina n-aistrítear an talamh cháilitheach chuig comhúinéirí i gcás nach feirmeoirí na comhúinéirí go léir; agus is é an dáta a cheannaítear talamh cháilitheach an dáta ar a bhforghníomhaítear an tíolacadh nó an t-aistriú; | |
[EN] | ciallaíonn ‘talamh cháilitheach’ talamh iomchuí a bhfuil deimhniú comhdhlúthúcháin eisithe ag Teagasc ina leith; | |
[EN] | ciallaíonn ‘talamh iomchuí’ talamh talmhaíochta sa Stát, lena n-áirítear tailte atá oiriúnach chun a n-áitithe mar choillearnach ar bhonn tráchtála, agus cibé foirgnimh feirme mar aon leis na tailte a áitítear i dteannta na bhfoirgneamh feirme sin ar de ghné iad atá cuí don talamh iomchuí ach ní fholaíonn sé tithe feirme nó maintithe nó na tailte a áitítear i dteannta na dtithe feirme agus na maintithe sin mura rud é go bhfuil na tithe feirme nó na maintithe sin tréigthe agus neamhoiriúnach mar áiteanna cónaithe do dhaoine; | |
[EN] | ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’ an tréimhse dar tosach an 1 Iúil 2007 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2009; | |
[EN] | ciallaíonn ‘díol talún cáilithí’ tíolacadh nó aistriú leasa i dtalamh cháilitheach (cibé acu ar í a dhíol nó a oibriú mar dhiúscairt shaorálach inter vivos) ag feirmeoir agus folaíonn sé tíolacadh nó aistriú i gcás ina dtíolacann nó ina n-aistríonn comhúinéirí an talamh cháilitheach i gcás nach feirmeoirí na comhúinéirí go léir; agus is é an dáta a dhíoltar an talamh cháilitheach an dáta ar a bhforghníomhaítear an tíolacadh nó an t-aistriú; | |
[EN] | ciallaíonn ‘deimhniú bailí comhdhlúthúcháin’ deimhniú comhdhlúthúcháin nach mbeidh, ar aon lá, tarraingthe siar amhail ar an lá sin. | |
[EN] | (b) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (i) féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Bia, le toiliú an Aire Airgeadais, treoirlínte a ullmhú agus a fhoilsiú ó am go ham, ar treoirlínte iad ina leagfar amach— | |
[EN] | (I) conas atá iarratas ar dheimhniú comhdhlúthúcháin le déanamh, | |
[EN] | (II) na doiciméid a cheanglaítear a bheith i dteannta iarratais den sórt sin, | |
[EN] | (III) na coinníollacha comhdhlúthúcháin, agus | |
[EN] | (IV) cibé faisnéis eile a éileofar i ndáil leis an iarratas sin, | |
[EN] | (ii) i gcás ina ndéantar iarratas ina thaobh sin, eiseoidh Teagasc deimhniú comhdhlúthúcháin i leith talamh iomchuí a dhíol agus a cheannach, i gcás inar deimhin leo, ar bhonn faisnéise atá ar fáil ag Teagasc an tráth sin, go gcomhlíonann, nó go gcomhlíonfaidh, díol agus ceannach tailte den sórt sin na coinníollacha comhdhlúthúcháin, agus | |
[EN] | (iii) féadfaidh Teagasc, le fógra i scríbhinn, aon deimhniú comhdhlúthúcháin arna eisiúint cheana éin a tharraingt siar. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le ceannach talún cáilithí ag feirmeoir ar aon lá (dá ngairtear san alt seo ‘an lá ríomha’) a thiteann sa tréimhse iomchuí. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), beidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim lena dtugtar éifeacht do cheannach talún cáilithí lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá mba cheannach talún cáilithí é arna dhéanamh i gcomaoin suime arna cinneadh de réir na foirmle— | |
[EN] | (P—S) | |
[EN] | más rud é— | |
[EN] | gurb é P comhiomlán na méideanna seo a leanas— | |
[EN] | (a) luach na talún cáilithí atá á ceannach, agus | |
[EN] | (b) luach na talún cáilithí eile go léir arna ceannach ag an bhfeirmeoir sa tréimhse iomchuí i gcás ina dtiteann dáta an cheannaigh sa tréimhse 18 mí dar críoch an lá ríomha agus i gcás inar déileáladh leis an gceannach sin, de bhua an fho-ailt seo, mar cheannach arna dhéanamh i gcomaoin méid níos lú de dhroim talamh cháilitheach a dhíol roimh thosach na tréimhse 18 mí sin, déileálfar leis an méid níos lú sin mar luach an cheannaigh sin, | |
[EN] | agus | |
[EN] | gurb é S comhiomlán luach na talún cáilithí go léir arna díol ag an bhfeirmeoir sa tréimhse iomchuí i gcás ina dtiteann dáta an díola sa tréimhse 18 mí dar críoch an lá ríomha, a mhéid nach raibh sé ina chúis le haisíoc dleachta faoi fho-alt (5) i leith talamh cháilitheach a cheannach roimh thosach na tréimhse 18 mí sin. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh méid dleachta íoctha de réir fho-alt (3) agus nach mbeidh sé inaisíoctha (dá ngairtear ‘an méid iomchuí’ san fho-alt seo) ar íocaíocht í ar cheannach talún cáilithí ag feirmeoir ar lá ríomha (dá ngairtear ‘an chéad lá ríomha’ san fho-alt seo), déanfar an dleacht is inmhuirearaithe ar cheannach talún cáilithí ag an bhfeirmeoir ar lá ríomha níos déanaí, a thiteann laistigh den tréimhse 18 mí dar tosach an chéad lá ríomha, a laghdú den mhéid iomchuí. | |
[EN] | (5) Más rud é, aon tráth sa tréimhse 18 mí dar tosach lá ríomha, go ndíolann feirmeoir talamh cháilitheach, déileálfar leis an díol sin amhail is dá mba dhíol é arna dhéanamh ar an lá ríomha agus déanfar an dleacht is inmhuirearaithe, de réir fho-alt (3), ar an ionstraim lena dtugtar éifeacht don cheannach talún cáilithí arna dhéanamh ar an lá ríomha, a athríomh de réir fho-alt (3) agus déanfaidh na Coimisinéirí méid atá comhionann leis an difríocht— | |
[EN] | (a) idir an dleacht a muirearaíodh ar an ionstraim roimh an athríomh, agus | |
[EN] | (b) an dleacht is inmhuirearaithe ar an ionstraim tar éis an athríomha, | |
[EN] | a aisíoc, i gcás ina ndéantar éileamh ar aisíoc chucu maidir leis sin, ach sin faoi réir na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (6) a chomhlíonadh. | |
[EN] | (6) Déanfar éileamh ar fhaoiseamh faoi fho-alt (3) nó éileamh ar fhaoiseamh ar mhodh aisíoca faoi fho-alt (5), arna dhéanamh chuig na Coimisinéirí faoin alt seo, a lamháil tar éis na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird dóibh— | |
[EN] | (a) an ionstraim lena dtugtar éifeacht do cheannach na talún cáilithí, | |
[EN] | (b) cóip dheimhnithe den ionstraim lena dtugtar éifeacht do dhíol na talún cáilithí, | |
[EN] | (c) deimhniú bailí comhdhlúthúcháin i ndáil le ceannach agus díol na talún cáilithí ar ina leith atá an t-éileamh ar fhaoiseamh á dhéanamh, | |
[EN] | (d) dearbhú de chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (7), arna dhéanamh ag gach feirmeoir a cheannaigh an talamh cháilitheach dá dtagraítear i mír (a), | |
[EN] | (e) dearbhú arna dhéanamh i scríbhinn ag gach duine, a cheannaigh an talamh cháilitheach dá dtagraítear i mír (a), i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí, á dhearbhú go bhfuil sé ar intinn ag an duine sin— | |
[EN] | (i) úinéireacht a leasa sa talamh cháilithe a choimeád, agus | |
[EN] | (ii) go n-úsáidfear an talamh cháilitheach le haghaidh feirmeoireachta, | |
[EN] | go ceann tréimhse nach giorra ná 5 bliana ón dáta a dhéantar an chéad éileamh ar fhaoiseamh i leith na talún cáilithí, agus | |
[EN] | (f) uimhir PSP gach duine a cheannaigh an talamh cháilitheach dá dtagraítear i mír (a). | |
[EN] | (7) Maidir leis an dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(d), is dearbhú é arna dhéanamh ag feirmeoir i scríbhinn, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí agus— | |
[EN] | (a) beidh sé sínithe ag an bhfeirmeoir, agus | |
[EN] | (b) dearbhófar ann, maidir leis an bhfeirmeoir— | |
[EN] | (i) go leanfaidh sé nó sí de bheith ina fheirmeoir nó ina feirmeoir, agus | |
[EN] | (ii) go ndéanfaidh sé feirmeoireacht ar an talamh cháilitheach dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(a), | |
[EN] | go ceann tréimhse nach giorra ná 5 bliana ón dáta a dhéantar an chéad éileamh ar fhaoiseamh i leith na talún cáilithí. | |
[EN] | (8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hionstraim mura rud é, de réir alt 20, go mbeidh sí stampáilte le stampa áirithe á chur in iúl go bhfuil sí stampáilte go cuí nó, de réir mar a bheidh, nach bhfuil aon dleacht inmhuirearaithe uirthi. | |
[EN] | (9) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina ndéanann aon duine a cheannaigh talamh cháilitheach le haon ionstraim ar lamháil na Coimisinéirí faoiseamh ina leith, an talamh cháilitheach sin, nó cuid den talamh cháilitheach sin, a dhiúscairt laistigh de thréimhse 5 bliana ón dáta a lamháiltear an chéad éileamh ar fhaoiseamh i leith na talún cáilithí, ansin tiocfaidh an duine sin nó, i gcás ina mbeidh níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, tiocfaidh gach duine acu sin, i gcomhpháirt agus go leithleach, chun bheith bheith faoi dhliteanas pionós a íoc leis na Coimisinéirí ar pionós é de mhéid atá comhionann le méid na difríochta idir na méideanna seo a leanas— | |
[EN] | (i) an dleacht a mhuirearófaí ar luach na talún cáilithí sin, dá gceannódh an duine sin nó, i gcás ina bhfuil níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, dá gceannódh gach duine acu sin, an talamh cháilitheach sin le hionstraim nach raibh feidhm ag an alt seo maidir léi, agus | |
[EN] | (ii) an dleacht, más ann, a muirearaíodh agus nach bhfuil inaisíoctha ar an ionstraim lena mbaineann, | |
[EN] | mar aon le hús arna mhuirearú ar an méid sin agus arna ríomh de réir alt 159C, ó dháta diúscartha na talún cáilithí nó, de réir mar a bheidh, ó dháta diúscartha cuid di, go dtí an dáta a íoctar an pionós. | |
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le haon diúscairt talún cáilithí atá á fáil go héigeantach ach ní bheidh feidhm ag fo-alt (5) chun faoiseamh a thabhairt, tar éis na diúscartha sin, i leith na dleachta a muirearaíodh cheana féin ar cheannach talún cáilithí. | |
[EN] | (c) I gcás ina mbeifear tar éis aon éileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht faoin alt seo a lamháil agus ina bhfaightear amach ina dhiaidh sin maidir le dearbhú dá dtagraítear i mír (d) nó (e) d’fho-alt (6)— | |
[EN] | (i) nach raibh sé fíor in aon phonc ábhartha a mbeadh de thoradh air nach lamhálfaí an faoiseamh, agus | |
[EN] | (ii) go ndearnadh é agus a fhios ag an duine a rinne é nach raibh an dearbhú fíor nó go ndearnadh é le neamhaird mheargánta i dtaobh an raibh sé fíor nó nach raibh, | |
[EN] | ansin tiocfaidh an duine nó na daoine a rinne an dearbhú sin, i gcomhpháirt nó go leithleach, chun bheith faoi dhliteanas pionós a íoc leis na Coimisinéirí ar méid é atá comhionann le méid na difríochta idir na méideanna seo a leanas— | |
[EN] | (I) 125 faoin gcéad den dleacht a mhuirearófaí ar an ionstraim dá mba rud é nach raibh feidhm ag an alt seo maidir léi toisc nár dearbhaíodh na fíorais go léir go fírinneach, agus | |
[EN] | (II) an dleacht, más ann, a muirearaíodh agus nach bhfuil inaisíoctha ar an ionstraim lena mbaineann, | |
[EN] | mar aon leis an ús a bheidh muirearaithe ar an méid sin, arna ríomh de réir alt 159D, ón dáta a rinneadh an t-éileamh ar fhaoiseamh chuig na Coimisinéirí go dtí an dáta ar maolaíodh an pionós. | |
[EN] | (d) I gcás ina dtabharfar do na Coimisinéirí deimhniú comhdhlúthúcháin, a airbheartaíonn a bheith bailí ar an dáta a dhéanfar éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo chuig na Coimisinéirí, agus ina ndealraíonn sé ina dhiaidh sin nár deimhniú bailí comhdhlúthúcháin an deimhniú ar an dáta sin, dlífidh na páirtithe san ionstraim a cheannaigh an talamh cháilitheach, i gcomhpháirt agus go leithleach, pionós a íoc leis na Coimisinéirí is méid comhionann le méid na difríochta idir— | |
[EN] | (i) 125 faoin gcéad den dleacht a mhuirearófaí ar an ionstraim mura mbeadh feidhm ag an alt seo maidir léi, agus | |
[EN] | (ii) an dleacht, más ann, a muirearaíodh agus nach inaisíoctha ar an ionstraim lena mbaineann, | |
[EN] | mar aon le hús arna mhuirearú ar an méid sin agus arna ríomh de réir alt 159C, ón dáta dhéantar an t-éileamh ar fhaoiseamh chuig na Coimisinéirí go dtí an dáta a íoctar an pionós. | |
[EN] | (10) D’ainneoin fho-alt (9)— | |
[EN] | (a) i gcás inar lamháladh faoiseamh faoin alt seo i leith aon ionstraime, ní mheasfar, maidir le diúscairt cuid den talamh cháilitheach ag feirmeoir nó ag comhúinéir eile chuig céile chun comhthionóntacht a chruthú sa talamh cháilitheach, nó i gcás inar tugadh éifeacht leis an ionstraim do cheannach na talún cáilithí ag comhúinéirí, ní mheasfar, maidir le diúscairt aon chuid den talamh cháilitheach ag comhúinéir amháin chuig comhúinéir eile, gur diúscairt í lena mbaineann fo-alt (9), ach, tar éis an diúscairt sin a dhéanamh, déileálfar leis an gcuid sin den talamh cháilitheach sin, chun críocha fho-alt (9), amhail is gur cheannaigh an céile nó an comhúinéir eile láithreach í leis an ionstraim ar ina leith a lamháladh faoiseamh, | |
[EN] | (b) ní dhlífidh duine níos mó ná pionós amháin faoi mhír (a), (c) nó (d) d’fho-alt (9) a íoc i leith an ní chéanna, | |
[EN] | (c) ní dhlífidh duine pionós a íoc faoi mhír (a) d’fho-alt (9) i leith an ní chéanna más rud é go mbeidh, agus a mhéid a bheidh, pionós íoctha ag an duine sin faoi mhír (c) nó (d) d’fho-alt (9), | |
[EN] | (d) ní dhlífidh duine a íoc faoi mhír (c) d’fho-alt (9) i leith an ní chéanna más rud é go mbeidh, agus a mhéid a bheidh, pionós íoctha ag an duine sin faoi mhír (a) nó (d) d’fho-alt (9), agus | |
[EN] | (e) ní dhlífidh duine pionós a íoc faoi mhír (d) d’fho-alt (9) i leith an ní chéanna más rud é go mbeidh, agus a mhéid a bheidh, pionós íoctha ag an duine sin faoi mhír (a) nó (c) d’fho-alt (9). | |
[EN] | (11) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ionstraim lena ndéantar talamh cháilitheach a cheannach i gcás inar cuideachta ceannaitheoir nó, de réir mar a bheidh, aon duine de cheannaitheoirí, na talún sin. | |
[EN] | (12) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1 Iúil 2007, nó dá éis sin, agus an 30 Meitheamh 2009, nó roimhe.”. | |
[EN] | (2) Tagann fo-alt (1) i ngníomh tar éis don Aire Airgeadais ordú a dhéanamh chuige sin. | |
Comhlachtaí spóirt ceadaithe. |
105 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 82A: | |
[EN] | “82B.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘comhlacht spóirt ceadaithe’ ‘comhlacht ceadaithe daoine’ de réir bhrí alt 235(1) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. | |
[EN] | (2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim a oibríonn mar thíolacadh, aistriú nó léasú talún chuig comhlacht spóirt ceadaithe. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hionstraim mura rud é— | |
[EN] | (a) gur d’aon toisc chun cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn a úsáidfear an talamh a thíolactar, a aistrítear nó a léasaítear leis an ionstraim, agus | |
[EN] | (b) maidir leis an ionstraim— | |
[EN] | (i) go bhfuil deimhniú inti, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí, á rá go bhfuil feidhm ag an alt seo, agus | |
[EN] | (ii) go mbeidh sí stampáilte, de réir alt 20, le stampa airithe á thaispeáint nach bhfuil dleacht inmhuirearaithe uirthi. | |
[EN] | (4) (a) Más rud é, maidir le comhlacht spóirt ceadaithe, ar tíolacadh, ar aistríodh nó ar léasaíodh talamh chuige le haon ionstraim a raibh feidhm ag fo-alt (2) maidir léi— | |
[EN] | (i) go ndiúscraíonn sé an talamh sin, nó cuid den talamh sin (dá ngairtear ‘páirtdiúscairt’ san fho-alt seo), agus | |
[EN] | (ii) nach ndéanann sé na fáltais ón diúscairt sin nó, de réir mar a bheidh, ón bpáirtdiúscairt sin, a úsáid go hiomlán d’aontoisc chun cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn, | |
[EN] | ansin tiocfaidh an comhlacht spóirt ceadaithe sin chun bheith faoi dhliteanas pionós a íoc leis na Coimisinéirí ar pionós é atá comhionann le méid arna chinneadh de réir na foirmle— | |
[EN] | S x N | |
[EN] | V | |
[EN] | más rud é— | |
[EN] | gurb é S méid na dleachta stampa a mhuirearófaí ar an ionstraim sin dá mba rud é nach raibh feidhm ag fo-alt (2), | |
[EN] | gurb é V margadhluach na talún go léir a tíolacadh, a aistríodh nó a léasaíodh leis an ionstraim, díreach roimh an diúscairt nó díreach roimh an bpáirtdiúscairt, agus | |
[EN] | gurb é N méid na bhfáltas ón diúscairt nó, de réir mar a bheidh, ón bpáirtdiúscairt, nár úsáideadh, nó nach n-úsáidfear, d’aontoisc chun cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn. | |
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a)— | |
[EN] | (i) más rud é, maidir le haon mhaoin, go bhfaighfear í, go hiomlán nó go páirteach ar mhodh malairte ar dhiúscairt, agus gur úsáideadh í, nó go n-úsáidfear í, d’aontoisc chun cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn, measfar, maidir le méid atá comhionann le margadhluach na maoine sin ar dháta na diúscartha, gur fáltais í ón diúscairt sin a úsáideadh, nó a úsáidfear, chun na críche céanna sin, agus | |
[EN] | (ii) i gcás ina ndéanfar talamh a dhiúscairt go hiomlán nó go páirteach ar mhodh diúscartha saorálaí inter vivos, measfar, gur fáltais ón diúscairt nár cuireadh chun feidhme, nó nach gcuirfear chun feidhme, d’aontoisc chun cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn méid is comhionann le margadhluach na dtailte a dhiúscrófar, ar dháta na diúscartha, lúide an méid, más ann, a fuarthas mar fháltais ón diúscairt. | |
[EN] | (5) I gcás ina scoirfidh comhlacht spóirt ceadaithe ar tíolacadh, ar aistríodh nó ar léasaíodh talamh chuige le haon ionstraim a raibh feidhm ag fo-alt (2) maidir leis, aon tráth, den talamh atá ar úinéireacht thairbhiúil aige a úsáid d’aon toisc chun cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn, tiocfaidh an comhlacht spóirt ceadaithe chun bheith faoi dhliteanas pionós a íoc leis na Coimisinéirí ar pionós é atá comhionann le méid an dleachta stampa a mhuirearófaí ar an ionstraim, ar an gcéad ásc, dá mba rud é nach raibh feidhm ag fo-alt (2). | |
[EN] | (6) Beidh ús iníoctha ar phionós a thabhaítear faoi fho-alt (4) nó (5) arna ríomh de réir alt 159D, ó dháta aon diúscartha nó scoir go dtí an dáta a íoctar an pionós. | |
[EN] | (7) D’ainneoin fho-ailt (4) agus (5), ní bheidh an pionós uasta is iníoctha ar aon ionstraim níos mó ná méid an dleachta a mhuirearófaí ar an ionstraim ar an gcéad ásc dá mba rud é nach raibh feidhm ag fo-alt (2).”. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 7 Nollaig 2007 nó da éis. | |
Leasú ar alt 83A (láithreán a aistriú chuig leanbh) den Phríomh-Acht. |
106 .— (1) Leasaítear alt 83A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “láithreán”: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘láithreán’, i ndáil le hionstraim tíolacais, aistrithe nó léasaithe, talamh arb é atá ann na na nithe seo a leanas araon— | |
[EN] | (a) an limistéar talún ar a bhfuiltear chun teach cónaithe, dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(c), a fhoirgniú, agus | |
[EN] | (b) limistéar talún atá lena áitiú agus lena theachtadh i dteannta an tí cónaithe sin mar ghairdín nó mar thailte a ghabhann leis, agus nach mó é, cé is moite den limistéar dá dtagraítear i mír (a), ná 0.4047 heicteár, | |
[EN] | ach ní fholaíonn sé limistéar talún ar a bhfuil foirgneamh suite ar foirgneamh é, ar dháta forghníomhaithe na hionstraime sin— | |
[EN] | (i) a bhí á úsáid, nó a bhí oiriúnach lena úsáid, mar theaghais nó chun críoch eile, nó | |
[EN] | (ii) a bhí i gcúrsa a fhoirgnithe nó a oiriúnaithe lena úsáid mar theaghais nó chun críoch eile.”. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1 Feabhra 2007 nó dá éis. | |
Aistriú feirmeacha teaghlaigh áirithe. |
107 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 83A: | |
[EN] | “83B.— (1) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim a oibríonn mar thíolacadh nó aistriú talún, is ábhar don diúscairt ag an leanbh dá dtagraítear i mír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007) d’alt 599(1) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le hionstraim mura rud é, maidir leis an ionstraim— | |
[EN] | (a) go bhfuil deimhniú inti, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí, á rá go bhfuil feidhm ag an alt seo, agus | |
[EN] | (b) go ndearnadh an ionstraim a stampáil, de réir alt 20, le stampa áirithe á thaispeáint nach bhfuil dleacht inmhuirearaithe uirthi.”. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis. | |
Leasú ar alt 92B (faoiseamh ceannaitheora céaduaire maoine cónaithe) den Phríomh-Acht. |
108 .— (1) Leasaítear alt 92B den Phríomh-Acht i bhfo-alt (8)— | |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |
[EN] | “(a) (i) D’ainneoin fho-alt (1), measfar maidir le céile i bpósadh (dá ngairtear ‘éilitheoir’ sa mhír seo), is ábhar d’fhoraithne colscartha, d’fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh, d’fhoraithne neamhnithe nó do ghníomhas idirscartha (dá ngairtear ‘foraithne’ san fho-alt seo), gur ceannaitheoir céaduaire é nó í chun críocha an mhínithe i bhfo-alt (1), i leith céadtíolactha nó céadaistrithe tí cónaithe, lena n-áirítear tíolacadh nó aistriú a oibríonn mar dhiúscairt shaorálach de réir bhrí alt 30, chuig an éilitheoir, tar éis dháta na foraithne, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i bhfomhír (ii). | |
[EN] | (ii) Is iad seo a leanas na coinníollacha a éilítear leis an bhfomhír seo— | |
[EN] | (I) nach bhfuil teideal tairbhiúil ag an éilitheoir, díreach roimh dháta na foraithne, chuig leas in aon teach cónaithe seachas an teach cónaithe dá dtagraítear i gclásal (II), | |
[EN] | (II) nár scoir an teach cónaithe is déanaí a fuarthas roimh dháta na foraithne, arbh é aon-áit nó príomh-áit chónaithe an éilitheora agus a chéile nó a céile é tráth éigin roimh dháta na foraithne, de bheith á áitiú, ar dháta na foraithne, ag céile an éilitheora mar a aon-áit nó a haon-áit nó a phríomh-áit nó a príomh-áit chónaithe agus go raibh teideal tairbhiúil ag an gcéile chuig leas sa teach cónaithe ar an dáta sin nó go bhfuair sé nó sí leas den sórt sin i ndiaidh an dáta sin de bhua nó de dhroim na foraithne, agus | |
[EN] | (III) nach bhfuil teideal tairbhiúil ag an éilitheoir, ar dháta forghníomhaithe na hionstraime lena dtugtar éifeacht don tíolacadh nó don aistriú, chuig leas sa teach cónaithe dá dtagraítear i gclásal (II). | |
[EN] | (aa) (i) Más rud é, de bhíthin amháin go ndearnadh an chéad tíolacadh nó an chéad aistriú (dá dtagraítear i mír (a)(i)) i ndáil le teach cónaithe a fhorghníomhú roimh dháta na foraithne, agus, dá dhroim sin, nach féidir leis an éilitheoir na coinníollacha atá leagtha amach i gclásail (I) agus (III) de mhír (a)(ii), measfar, maidir leis an éilitheoir, gur ceannaitheoir céaduaire é nó í chun críocha an mhínithe i bhfo-alt (1), i gcás ina ndéantar an chéad tíolacadh nó an chéad aistriú a fhorghníomhú sa tréimhse 6 mhí dar críoch dáta na foraithne agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i bhfomhír (ii). | |
[EN] | (ii) Is iad seo a leanas na coinníollacha a éilítear leis an bhfomhír seo― | |
[EN] | (I) go ndearnadh an chéad tíolacadh nó an chéad aistriú in oirchill na foraithne, agus | |
[EN] | (II) díreach roimh dháta na foraithne, nach raibh teideal tairbhiúil ag an éilitheoir chuig leas in aon teach cónaithe seachas an teach cónaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus an teach cónaithe dá dtagraítear i gclásal (II) de mhír (a)(ii). | |
[EN] | (iii) Más rud é, de bhua fhomhír (i), go meastar maidir le héilitheoir gur ceannaitheoir céaduaire é nó í i leith céad tíolactha nó céad aistrithe, déanfaidh na Coimisineirí, tar éis éileamh arna dhéanamh chuige sin a fháil agus i gcás na coinníollacha atá leagtha amach i bhfomhír (iv) a bheith arna gcomhlíonadh, an dleacht sin, nó cuid den dleacht sin nach mbeadh inmhuirearaithe dá mba rud é go raibh feidhm ag mír (a) maidir leis an tíolacadh nó leis an aistriú nuair a céadtíolacadh é lena stampáil, a chealú agus a aisíoc. | |
[EN] | (iv) Is é atá sna coinníollacha a éilítear leis an bhfomhír seo ná go ndéanfaidh an t-éilitheoir, nuair atá eileamh a dhéanamh aige nó aici ar aisíocaíocht, na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí— | |
[EN] | (I) an ionstraim stampailte, | |
[EN] | (II) cóip den fhoraithne, | |
[EN] | (III) dearbhú arna dhéanamh i scríbhinn ag an éilitheoir, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí, á dhaingniú chun sástacht na gCoimisinéirí— | |
[EN] | (A) go ndearnadh an tíolacadh nó an t-aistriú i dtaca leis an bhforaithne, | |
[EN] | (B) díreach roimh dháta na foraithne, nach raibh nach raibh teideal tairbhiúil ag an éilitheoir chuig leas in aon teach cónaithe seachas an teach cónaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus an teach cónaithe dá dtagraítear i gclásal (II) de mhír (a)(ii), | |
[EN] | (C) nár scoir an teach cónaithe dá dtagraítear i gclásal (II) de mhír (a)(ii) de bheith ar áitiú, ar dhata na foraithne, ag céile an éilitheora mar a aon-áit nó a haon-áit chónaithe nó mar a phríomh-áit nó mar a príomh-áit chónaithe agus go raibh teideal tairbhiúil ag an gcéile chuig leas sa teach cónaithe ar an dáta sin nó go bhfuair sé nó sí leas den sórt sin tar éis an dáta sin de bhua nó de dhroim na foraithne, | |
[EN] | (D) tráth déanta an éilimh ar aisíocaíocht, nach raibh teideal tairbhiúil ag an éilitheoir chuig leas sa teach cónaithe dá dtagraítear i gclásal (II) de mhír (a)(ii), | |
[EN] | (E) ó dháta forghníomhaithe an tíolactha nó an aistrithe, go ndearnadh na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b)(ii) nó, de réir mar a bheidh, in alt 92(1) a chomhlíonadh agus go gcomhlíonfar iad go ceann an chuid eile den tréimhse 5 bliana dá dtagraítear san fho-alt nó, de réir mar a bheidh, san alt, | |
[EN] | (F) gur tíolacadh nó aistriú é de chineál nach mbaineann fo-alt (3A) leis, agus | |
[EN] | (G) i gcás ina ndearna duine eile an teach cónaithe a thíolacadh nó a aistriú chuig an éilitheoir, gur cheannaitheoir céaduaire an duine sile sin de réir bhrí fho-alt (1), díreach roimh fhorghníomhú an tíolactha nó an aistrithe lena mbaineann, | |
[EN] | (IV) Uimhir PSP an éilitheora agus aon duine eile ar tíolacadh nó ar aistríodh an teach cónaithe chuige nó chuici, agus | |
[EN] | (V) cibé fianaise eile a éileoidh na Coimisinéirí chun críocha na fomhíre seo. | |
[EN] | (v) Beidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le tíolacadh nó aistriú lena mbaineann fomhír (ii) amhail is atá feidhm aige maidir le hionstraim lena mbaineann fo-alt (2), fara aon mhodhnuithe is gá.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i mír (b)— | |
[EN] | (i) sa mhíniú ar “foraithne neamhnithe” trí “sa Stát;” a chur in ionad “sa Stát.”, agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “foraithne neamhnithe”: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘gníomhas idirscartha’ gníomhas idirscartha arna fhorghníomhú ag beirt chéile i bpósadh agus is é an dáta gníomhais idirscartha an dáta a fhorghníomhaíonn an bheirt chéile sa phósadh an gníomhas sin; | |
[EN] | ciallaíonn ‘teach cónaithe’ teach cónaithe nó árasán nó cuid de theach cónaithe nó d’árasán; | |
[EN] | ciallaíonn ‘Uimhir PSP’, i ndáil le duine, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an duine sin de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005.”. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1 Feabhra 2007 nó dá éis. | |
Leasú ar Chuid 6 (forálacha speisialta a bhaineann le hurrúis neamhdheimhnithe) den Phríomh-Acht. |
109 .— (1) Leasaítear Cuid 6 den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) in alt 68 trí na mínithe ar “cruthaitheoir margaidh”, “ballghnólacht” agus “tréimhse iomchuí” a scriosadh, | |
[EN] | (b) in alt 73(1) trí mhír (b) a scriosadh, | |
[EN] | (c) trí alt 74 a scriosadh, agus | |
[EN] | (d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 75: | |
[EN] | “Faoiseamh d’idirghabhálaithe. | |
[EN] | 75.— (1) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘gnó eisiata’ aon cheann díobh seo a leanas— | |
[EN] | (a) aon ghnó arb é atá ann ná infheistíochtaí a dhéanamh nó a bhainistiú; | |
[EN] | (b) aon ghnó arb é atá ann ná seirbhísí a sholáthar, nó aon ghnó a sheoltar chun seirbhísí a sholáthar, do dhaoine atá bainteach leis an duine a sheolann an gnó; agus déanfar an cheist i dtaobh an bhfuil duine bainteach le duine eile a chinneadh de réir fhorálacha alt 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997; | |
[EN] | (c) aon ghnó arb é atá ann na gnó árachais, nó gnó árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, | |
[EN] | (d) aon ghnó arb é atá ann ná scéim pinsin a riaradh nó a bhainistiú nó gníomhú mar iontaobhaí i ndáil le scéim den sórt sin, nó aon ghnó a sheolann riarthóir, bainisteoir nó iontaobhaí scéime den sórt sin, i dtaca leis an scéim nó chun críocha na scéime, | |
[EN] | (e) aon ghnó arb é atá ann ná scéim comhinfheistíochta (de réir bhrí alt 88) a oibriú, nó gníomhú mar iontaobhaí i ndáil le scéim den sórt sin, nó aon ghnó a sheolann oibritheoir nó iontaobhaí scéime den sórt sin i dtaca leis an scéim nó chun críocha na scéime; | |
[EN] | ciallaíonn ‘idirghabhálaí’ duine a sheolann gnó bona fide arb é atá ann ná déileáil in urrúis agus, chun críocha an mhínithe seo, áireofar dul faoi chomhaontuithe díorthacha atá urrústagartha go díreach nó go neamhdhíreach mar sheoladh gnó arb é atá ann ná déileáil in urrúis; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ballghnólacht’ ball de chuid ceann díobh seo a leanas— | |
[EN] | (a) Stocmhalartán na hÉireann Teoranta, | |
[EN] | (b) an London Stock Exchange plc, nó | |
[EN] | (c) aon mhalartán nó margadh eile atá ainmnithe chun críocha an ailt seo i rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí; | |
[EN] | ciallaíonn ‘oibritheoir’, i ndáil le scéim comhinfheistíochta, riarthóir nó bainisteoir de chuid na scéime nó cibé duine eile atá údaraithe chun gníomhú thar ceann na scéime, nó i dtaca leis an scéim nó chun críocha na scéime, agus a ghníomhaíonn amhlaidh de ghnáth sa cháil sin. | |
[EN] | ciallaíonn ‘idirghabhálaí aitheanta’, i ndáil le malartán nó margadh, ball den mhalartán nó den mhargadh ar idirghníomhaí é nó í agus atá ceadaithe ag na Coimisinéirí mar idirghabhálaí aitheanta de réir socruithe arna ndéanamh ag na Coimisinéirí leis an malartán nó leis an margadh. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, beidh aistriú urrús déanta ar mhalartán nó ar mhargadh más rud é— | |
[EN] | (a) go bhfuil sé faoi réir rialacha an mhalartáin nó, de réir mar a bheidh, an mhargaidh, agus | |
[EN] | (b) go dtuairiscítear é don mhalartán nó, de réir mar a bheidh, don mhargadh, de réir rialacha an mhalartáin nó an mhargaidh lena mbaineann. | |
[EN] | (3) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim aistrithe ar tríthi a bhaineann aon urrúis le díol na n-urrús sin arna n-aistriú chuig duine nó chuig ainmnitheach de chuid an duine sin, más rud é— | |
[EN] | (a) gur ballghnólacht de chuid malartáin nó margaidh an duine, | |
[EN] | (b) gur idirghabhálaí aitheanta an duine i ndáil leis an malartán nó i ndáil leis an margadh, | |
[EN] | (c) go ndéantar an t-aistriú urrús— | |
[EN] | (i) ar an malartán nó, de réir mar a bheidh, ar an margadh, | |
[EN] | (ii) ar aon mhalartán nó margadh a oibríonn Stocmhalartán na hÉireann Teoranta nó an London Stock Exchange plc, nó | |
[EN] | (iii) ar aon mhalartán nó margadh eile arna ainmniú ag na Coimisinéirí chun críocha an ailt seo, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (d) nach ndéantar an t-aistriú urrús i dtaca le gnó eisiata. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí, ó am go ham, socruithe a dhéanamh le malartán nó le margadh ar socruithe iad ina leagfar amach conas atá ballghnólacht le ceadú ag na Coimisinéirí mar idirghabhálaí aitheanta. | |
[EN] | (b) Déanfaidh gach idirghabhálaí aitheanta, aon uair a éilítear air, nó in aon chás ina n-éilítear air, déanamh amhlaidh gach leabhar, doiciméad agus taifead eile atá i seilbh nó faoi rialú an idirghabhálaí aitheanta agus atá ábhartha chun go gcinnteoidh na Coimisinéirí go bhfuil an t-alt seo comhlíonta ag an idirghabhálaí a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí atá údaraithe chun na críche sin. | |
[EN] | (5) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí, ó am go ham, rialacháin a dhéanamh chun malartán nó margadh a ainmniú chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (b) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] | Faoiseamh do thithe imréitigh. | |
[EN] | 75A.— (1) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘teach imréitigh’ comhlacht nó comhlachas a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le hidirbhearta agus íocaíochtaí a imréiteach agus a shocrú agus le priacail a ghabhann leis na conarthaí a dhéantar de bharr na n-idirbheart agus na n-íocaíochtaí sin a bhainistiú, agus ar comhlacht nó comhlachas é a ndéanann comhlacht rialála, nó gníomhaireacht rialtais, de chuid Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha rialáil nó maoirsiú air le linn na seirbhísí sin a sholáthar; | |
[EN] | ciallaíonn ‘rannpháirtí imréitigh’ comhalta de theach imréitigh aitheanta atá ceadaithe ag an teach imréitigh chun seirbhísí imréitigh a sholáthar i dtaca le haistriú urrúis; | |
[EN] | ciallaíonn ‘cliant’ duine a thugann treoracha go ndíolfar urrúis; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ainmnitheach’ duine arb é a ghnó nó a gnó, nó a bhfolaíonn a ghnó nó a gnó, urrúis a shealbhú mar ainmnitheach le haghaidh tí imréitigh aitheanta atá ag gníomhú ina cháil mar sholáthróir seirbhísí imréitigh nó, de réir mar a bheidh, mar ainmnitheach le haghaidh rannpháirtí imréitigh nó rannpháirtí neamh-imréitigh; | |
[EN] | ciallaíonn ‘rannpháirtí neamh-imréitigh’ comhalta de mhalartán no de mhargadh nuair nach bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar rannpháirtí imréitigh; | |
[EN] | ciallaíonn ‘teach imréitigh aitheanta’― | |
[EN] | (a) Eurex Clearing AG, | |
[EN] | (b) LCH.Clearnet Limited, | |
[EN] | (c) SIS SegaInterSettle AG, nó | |
[EN] | (d) aon teach imréitigh eile arna ainmniú mar theach imréitigh aitheanta chun críocha an ailt seo le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí. | |
[EN] | (2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim aistrithe ar tríthi a dhéantar aon urrúis ar dhíol na n-urrús sin a aistriú sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a dhíol i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (4). | |
[EN] | (3) Is iad na na himthosca dá dtagraítear san fho-alt seo ná go ndéantar na hurrúis a aistriú— | |
[EN] | (a) ó rannpháirtí imréitigh nó ó ainmnitheach rannpháirtí imréitigh, chuig rannpháirtí imréitigh eile nó chuig ainmnitheach an rannpháirtí imréitigh eile sin, | |
[EN] | (b) ó chliant nó ó rannpháirtí neamh-imréitigh nó ó ainmnitheach rannpháirtí neamh-imréitigh, chuig rannpháirtí imréitigh nó chuig ainmnithigh rannpháirtí imréitigh, | |
[EN] | (c) ó rannpháirtí neamh-imréitigh nó ó ainmnitheach rannpháirtí neamh-imréitigh nó ó rannpháirtí imréitigh nó ó ainmnitheach rannpháirtí imréitigh, chuig teach imréitigh aitheanta nó chuig ainmnitheach tí imréitigh aitheanta, | |
[EN] | (d) ó dhuine seachas rannpháirtí imréitigh, chuig teach imréitigh aitheanta nó chuig ainmnitheach tí imréitigh aitheanta, de thoradh ar mhainneachtain ag rannpháirtí imréitigh oibleagáidí an rannpháirtí imréitigh sin a chomhlíonadh i leith aistriú urrús chuig an teach imréitigh aitheanta nó chuig ainmnitheach an tí imréitigh aitheanta, | |
[EN] | (e) ó theach imréitigh aitheanta nó ó ainmnitheach tí imréitigh aitheanta, chuig rannpháirtí imréitigh nó chuig ainmnitheach rannpháirtí imréitigh, nó | |
[EN] | (f) ó rannpháirtí imréitigh, nó ó ainmnitheach rannpháirtí imréitigh chuig rannhpáirtí neamh-imréitigh nó chuig ainmnitheach rannpháirtí neamh-imréitigh. | |
[EN] | (4) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear san fho-alt seo ná go gceanglaítear ar an duine a ndéantar na hurrúis a aistriú chuige nó chuici faoi aistriú urrús dá dtagraítear i míreanna (a) go (f) d’fho-alt (3) (dá ngairtear ‘aistriú iomchuí’ san alt seo) tar éis na hurrúis sin a fháil urrúis a aistriú faoi aistriú meaitseála chuig duine eile, nó i gcás aistrithe iomchuí a thagann faoi réim mhír (d), go gceanglófaí air nó uirthi déanamh amhlaidh dá mba rud é nár tharla an mhainneachtain dá dtagraítear sa mhír sin. | |
[EN] | (5) Chun críocha fho-alt (4), ciallaíonn ‘aistriú meaitseála’ aistriú urrús ar faoi— | |
[EN] | (a) atá na hurrúis a aistrítear den chineál céanna leis na hurrúis a aistríodh faoin aistriú iomchuí, agus | |
[EN] | (b) atá líon na n-urrús, an chomaoin a íocadh as na hurrúis, a aistríodh comhionann leis an líon urrús, agus leis an gcomaoin a íocadh as na hurrúis, a aistríodh faoin aistriú iomchuí. | |
[EN] | (6) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí, ó am go ham, rialacháin a dhéanamh chun teach imréitigh a ainmniú mar theach imréitigh aitheanta chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (b) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”. | |
[EN] | (2) (a) Faoi réir mhír (b), tagann an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. | |
[EN] | (b) Féadfaidh na Coimisinéirí, sula dtagann an t-alt seo i ngníomh, socruithe a dhéanamh le malartán nó le margadh ar socruithe iad ina leagfar amach conas atá ballghnólacht le ceadú mar idirghabhálaí aitheanta ag na Coimisinéirí nuair a thagann an t-alt seo i ngníomh. | |
Talamh: forálacha speisialta. |
110 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht― | |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 31: | |
[EN] | “Bunaithe i gconradh. | |
[EN] | 31A.― (1) Más rud é― | |
[EN] | (a) go ndéanfaidh sealbhóir eastáit nó leasa i dtalamh sa Stát conradh nó comhaontú le duine eile chun an t-eastát nó an leas a dhíol leis an duine eile sin nó le hainmnitheach de chuid an duine eile sin, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh íocaíocht arb é a méid, nó íocaíochtaí arb é a méid iomlán, 25 faoin gcéad nó níos mó den chomaoin i leith an díola déanta le sealbhóir an eastáit nó an leasa aon tráth de bhun an chonartha nó an chomhaontaithe nó go mbeidh íocaíocht nó íocaíochtaí den sórt sin de rogha an tsealbhóra sin, agus | |
[EN] | (c) laistigh de 30 lá ón gcéad tráth den sórt sin nach mbeifear tar éis tíolacadh nó aistriú, arna dhéanamh i gcomhréir leis an gconradh nó leis an aistriú, agus arna fhorghníomhú ag na páirtithe sa chonradh nó sa chomhaontú, a thíolacadh do na Coimisinéirí lena stampáil le dleacht ad valorem is inmhuirearaithe air, | |
[EN] | ansin beidh an dleacht chéanna ad valorem inmhuirearaithe ar an gconradh nó ar an gcomhaontú ar dleacht í atá le híoc ag an duine eile amhail is dá mba rud é gur tíolacadh nó aistriú é i ndáil leis an eastát nó an leas sa talamh. | |
[EN] | (2) I gcás ina mbeifear tar éis dleacht a íoc, i leith conartha nó comhaontaithe, de réir fho-alt (1), ní bheidh aon dleacht inmhuirearaithe ar thíolacadh nó ar aistriú arna dhéanamh i gcomhréir leis an gconradh nó leis an gcomhaontú, agus déanfaidh na Coimisinéirí, ar iarratas a fháil, íoc na dleachta ad valorem ar an tíolacadh nó ar an aistriú a shonrú nó aistreoidh siad an dleacht ad valorem chuig an tíolacadh nó chuig an aistriú tar éis an conradh nó an comhaontú, arna stampáil go cuí, a thabhairt ar aird dóibh. | |
[EN] | Comhaontuithe ceadúnais. | |
[EN] | 31B.― (1) San alt seo, ciallaíonn ‘forbairt’, i ndáil le haon talamh― | |
[EN] | (a) foirgniú, scartáil, méadú, athrú nó athfhoirgniú aon fhoirgnimh ar an talamh, nó | |
[EN] | (b) aon oibríocht innealtóireachta nó aon oibríocht eile sa talamh, ar an talamh, thar an talamh nó faoin talamh chun é a oiriúnú le haghaidh úsáide atá athraithe go hábhartha. | |
[EN] | (2) Más rud é― | |
[EN] | (a) go ndéanfaidh sealbhóir eastáit nó leasa i dtalamh sa Stát comhaontú le duine eile ar faoi atá an duine eile sin, nó ainmnitheach de chuid an duine eile sin, i dteideal dul isteach sa talamh chun aon fhorbairt a dhéanamh ar an talamh sin, agus | |
[EN] | (b) de bhua an chomhaontaithe, seachas mar chomaoin i leith dhíol an eastáit nó an leasa uile sa talamh, nó cuid de, go bhfaigheann sealbhóir an eastáit nó an leasa sa talamh, aon tráth, íocaíocht arb é a méid, nó de réir mar a bheidh íocaíochtaí arb é a méid iomlán, 25 faoin gcéad nó níos mó de mhargadhluach na talún lena mbaineann, | |
[EN] | ansin laistigh de 30 lá ón gcéad tráth den sórt sin, beidh an dleacht chéanna ad valorem inmhuirearaithe ar an gcomhaontú ar dleacht í atá le híoc ag an duine eile sin amhail is dá mba rud é gur tíolacadh nó aistriú é i ndáil leis an eastát nó an leas sa talamh.”, | |
[EN] | (b) trí alt 36 a scriosadh, | |
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 50: | |
[EN] | “Comhaontuithe ar feadh níos mó ná 35 bliana le muirearú mar léasanna. | |
[EN] | 50A.― Aon chomhaontú maidir le léasú nó ligean aon tailte, tionóntán, nó ábhar inoidhrithe ar feadh téarma nach faide ná 35 bliana, muirearófar an dleacht chéanna air amhail is dá mba rud é gur léas iarbhír é arna dhéanamh ar feadh an téarma agus i leith na comaoine a luaitear sa chomhaontú i gcás 25 faoin gcéad nó níos mó den chomaoin sin a bheith íoctha.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (d) trí “alt 50 nó 50A” a chur in ionad “alt 50” i mír (4) den Cheannteideal “LÉAS” i Sceideal 1. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. | |
Leasú ar alt 159A (teorainneacha ama chun aisíocaíocht dleachta stampa a éileamh) den Phríomh-Acht. |
111 .— Leasaítear alt 159A den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “ón dáta ar seachadadh an ráiteas dliteanais ar na Coimisinéirí, ón dáta a ndearnadh an treoir oibritheora dá dtagraítear in alt 69 nó ón dáta a mbaineann an duine an caighdeán amach de réir bhrí alt 81AA(11)(a).” a chur in ionad “ón dáta ar seachadadh an ráiteas dliteanais ar na Coimisinéirí nó ón dáta a ndearnadh an treoir oibritheora dá dtagraítear in alt 69.”. |