13 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 2007


AN tACHT UM URRÚIS FAOI CHUMHDACH SÓCMHAINNE (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú ar “Príomh-Acht”.

2 . Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

3 . Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

4 . Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

5 . Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

6 . Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

7 . Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

8 . Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

9 . Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

10 . Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

11 . Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

12 . Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

13 . Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

14 . Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht.

15 . Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

16 . Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

17 . Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

18 . Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

19 . Leasu ar alt 30 den Phríomh-Acht.

20 . Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht.

21 . Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht.

22 . Leasú ar alt 34 den Phríomh-Acht.

23 . Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht.

24 . Leasú ar alt 36 den Phríomh-Acht.

25 . Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht.

26 . Srianta áirithe ar linn sócmhainní cumhdaigh de chuid forais creidmheasa morgáiste ainmnithe a chur i leataobh.

27 . Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht.

28 . Leasú ar alt 41 den Phríomh-Acht.

29 . Modhnuithe ar Chaibidil 1 de Chuid 4 den Phríomh-Acht ina fheidhm maidir le sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe.

30 . Caibidil 1A— Forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe d’eisiúint urrúis faoi chumhdach sócmhainne.

31 . Leasú ar alt 42 den Phríomh-Acht.

32 . Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht.

33 . Leasú ar alt 45 den Phríomh-Acht.

34 . Leasú ar alt 46 den Phríomh-Acht.

35 . Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht.

36 . Ar féidir a áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag foras creidmheasa phoiblí ainmnithe.

37 . Leasú ar alt 49 den Phríomh-Acht.

38 . Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

39 . Leasú ar alt 51 den Phríomh-Acht.

40 . Leasú ar alt 53 den Phríomh-Acht.

41 . Srianta áirithe ar linn sócmhainní cumhdaigh de chuid forais creidmheasa phoiblí ainmnithe a chur i leataobh.

42 . Leasú ar alt 55 den Phríomh-Acht.

43 . Leasú ar alt 56 den Phríomh-Acht.

44 . Leasú ar alt 58 den Phríomh-Acht.

45 . Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht.

46 . Leasú ar alt 62 den Phríomh-Acht.

47 . Leasú ar alt 66 den Phríomh-Acht.

48 . Leasú ar alt 71 den Phríomh-Acht.

49 . Leasú ar alt 72 den Phríomh-Acht.

50 . Leasú ar alt 78 den Phríomh-Acht.

51 . Leasú ar alt 81 den Phríomh-Acht.

52 . Leasú ar alt 83 den Phríomh-Acht.

53 . Leasú ar alt 85 den Phríomh-Acht.

54 . Leasú ar alt 88 den Phríomh-Acht.

55 . Leasú ar alt 89 den Phríomh-Acht.

56 . Forálacha is infheidhme i gcás gur de bhreis agus cineál forais creidmheasa ainmnithe amháin é foras creidmheasa.

57 . Leasú ar alt 91 den Phríomh-Acht.

58 . Prionsabail agus beartais is infheidhme maidir le horduithe, etc., a dhéanamh faoin bPríomh-Acht.

59 . Leasuithe breise ar an bPríomh-Acht.

60 . Sceideal 3 — leasuithe breise ar an bPríomh-Acht.

61 . Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001

2001, Uimh. 47

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 2007


AN tACHT UM URRÚIS FAOI CHUMHDACH SÓCMHAINNE (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM URRÚIS FAOI CHUMHDACH SÓCMHAINNE 2001.

[9 Aibreán, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú ar “Príomh-Acht”.

1 .— San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 3(1) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “talamh talmhaíochta”:

“ciallaíonn ‘urrúis de chuid airteagal 22(4)’ bannaí a thagann faoi réim théarmaí na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(4) de Threoir 85/611/CEE an 20 Nollaig 1985 ón gComhairle, maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) 1 (a cuireadh isteach le Treoir 88/220/CE an 22 Márta 1988 ón gComhairle, lena leasaítear, i dtaca le beartais infheistíochta de chuid UCITS áirithe, Treoir 85/611/CEE maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) 2 );”,

(b) sa mhíniú ar “urrúis faoi chumhdach sócmhainne”—

(i) i mír (a), trí “agus” a scriosadh, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(ab) i ndáil le foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, urrúis faoi chumhdach morgáiste tráchtála arna n-eisiúint ag an bhforas, agus”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tír de chuid earnáil A”:

“ciallaíonn ‘tír de chuid earnáil A’ tír lena mbaineann alt 5(1)(b) nó (c);”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tír de chuid earnáil B”:

“ciallaíonn ‘ tír de chuid earnáil B ’ tír (seachas tír de chuid LEE nó tír de chuid earnáil A)—

(a) is lánbhall den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus

(b) nach mbeidh tar éis a fiach eachtrach a athsceidealú aon tráth le linn na 5 bliana díreach roimhe sin;”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “Treoir Chódaithe Baincéireachta” agus “maoin tráchtála”:

“ciallaíonn ‘ Treoir Chódaithe Baincéireachta ’ Treoir 2006/48/CE an 14 Meitheamh 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le gnó foras creidmheasa a thosú agus a shaothrú (athmhúnlú) 3 arna leasú nó arna hionadú ó am go ham le haon treoir nó rialachán a rinne orgain inniúla de chuid an Aontais Eorpaigh agus a cuireadh i ngníomh faoi dhlíthe an Stáit;

ciallaíonn ‘ urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála ’ i ndáil le foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, urrús—

(a) arna eisiúint ag an bhforas de réir an Achta seo, agus

(b) arna urrú thar na sócmhainní cumhdaigh atá cuimsithe i linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas;

ciallaíonn ‘ creidmheas morgáiste tráchtála ’ creidmheas morgáiste atá urraithe ar mhaoin tráchtála;

maidir le ‘ sócmhainn creidmheasa morgáiste tráchtála ’—

(a) faoi réir mhír (b), ciallaíonn sé maoin nó sócmhainn—

(i) atá ar seilbh nó a bheidh ar seilbh ag foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, agus

(ii) a chuimsíonn aon chreidmheas morgáiste tráchtála amháin nó níos mó,

(b) ní fholaíonn sé maoin nó sócmhainn a chuimsíonn iomlán aon chomhthaobhachta fálaithe linne, ná aon chuid den chéanna;

maidir le ‘ maoin tráchtála ’—

(a) faoi réir mhír (b)—

(i) ciallaíonn sé foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh atá daingnithe de thalamh a úsáidtear, nó atá curtha i leataobh lena úsáid, go príomha chun críche aon tionscail, trádála nó gnóthais gnó eile, agus

(ii) folaíonn sé—

(I) an talamh ar a bhfuil an foirgneamh sin nó an chuid sin d’fhoirgneamh, de réir mar a bheidh, suite, agus

(II) na daingneáin a úsáidtear i dteannta an fhoirgnimh sin nó na coda sin d’fhoirgneamh, de réir mar a bheidh,

(b) ní fholaíonn sé—

(i) foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh atá daingnithe de thalamh a úsáidtear, nó atá curtha i leataobh lena úsáid, chun críche aon mhianaigh, cairéil nó talmhaíochta, ná

(ii) faoi réir alt 4(6) agus (7), foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh is maoin chónaithe;”,

(f) sa mhíniú ar “sócmhainní cumhdaigh”—

(i) i mír (a), trí “agus” a scriosadh,

(ii) i mír (b), trí “ag an bhforas, agus” a chur in ionad “ag an bhforas;”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i ndáil le foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, ciallaíonn sé sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála, conarthaí fálaithe sócmhainní cumhdaigh nó sócmhainní ionaid a shealbhaítear i linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas;”,

(g) sa mhíniú ar “conradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh”—

(i) i mír (a), trí “agus” a scriosadh,

(ii) i mír (b), trí “alt 45(3), agus” a chur in ionad “alt 45(3);”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i ndáil le foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, conradh de chineál arna dhéanamh de réir alt 30(3) arna chur i bhfeidhm agus arna mhodhnú le halt 41B;”,

(h) sa mhíniú ar “linn sócmhainní cumhdaigh”—

(i) i mír (a), trí “foras,” a chur in ionad “foras, agus”,

(ii) i mír (b) trí “foras, agus” a chur in ionad “foras;”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i ndáil le foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, na sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála, na conarthaí fálaithe sócmhainní cumhdaigh agus na sócmhainní ionaid a shealbhaíonn an foras agus atá taifeadta sa chlár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála a choimeádann an foras;”,

(i) sa mhíniú ar “foras creidmheasa”, trí mhír (d) a scriosadh,

(j) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras creidmheasa ainmnithe”:

“ciallaíonn ‘ foras creidmheasa ainmnithe ’—

(a) foras creidmheasa morgáiste ainmnithe,

(b) foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó

(c) foras creidmheasa phoiblí ainmnithe;”,

(k) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “déileáil”:

“ciallaíonn ‘ foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe ’ foras atá ainmnithe ag an Údarás de réir Chuid 3 chun na gníomhaíochtaí gnó ceadaithe dá dtagraítear in alt 27(1) arna gcur i bhfeidhm agus arna modhnú le halt 41B a sheoladh;”,

(l) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Banc Ceannais Eorpach”:

“tá le ‘risíocht’ an bhrí a thugtar dó le Rialachán 20 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leordhóthanacht Caipitil Foras Creidmheasa) 2006 (I.R. Uimh. 661 de 2006);”,

(m) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras creidmheasa a bhí ainmnithe tráth”:

“ciallaíonn ‘ foras creidmheasa a bhí ainmnithe tráth ’ foras a bhíodh cláraíodh—

(a) mar fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe,

(b) mar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó

(c) mar fhoras creidmheasa phoiblí ainmnithe;”,

(n) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sealbhóir”:

“maidir le ‘ áirigh’, i ndáil le sócmhainn nó maoin agus linn sócmhainní cumhdaigh, clár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste, clár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála nó clár gnó urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí—

(a) faoi réir mhír (b), ciallaíonn sé—

(i) an tsócmhainn sin nó an mhaoin sin, de réir mar a bheidh, a chur isteach sa linn sin, nó

(ii) taifead a chur sa chlár sin i leith na sócmhainne sin nó na maoine sin, de réir mar a bheidh,

de réir mar a éilíonn an cás,

(b) ní fholaíonn sé—

(i) más infheidhme mír (a)(i), leanúint den tsócmhainn nó den mhaoin sin, de réir mar a bheidh, a choinneáil sa linn sin, tar éis í a chur isteach ann,

(ii) más infheidhme mír (a)(ii), leanúint den taifead sin a choinneáil sa chlár sin, tar éis é a chur isteach ann,

agus forléireofar “ar áireamh” agus “áireamh” dá réir sin;”,

(o) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “sócmhainn creidmheasa morgáiste”:

“maidir le ‘ sócmhainn creidmheasa morgáiste ’—

(a) faoi réir mhír (b), ciallaíonn sé—

(i) sócmhainn nó maoin—

(I) atá á sealbhú nó atá le sealbhú ag foras creidmheasa morgáiste ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, agus

(II) arb éard atá inti creidmheas morgáiste amháin nó níos mó, nó

(ii) sócmhainn nó maoin—

(I) atá á sealbhú nó atá le sealbhú ag foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, agus

(II) arb éard atá inti creidmheas morgáiste tráchtála amháin nó níos mó,

(b) ní fholaíonn sé sócmhainn nó maoin arb éard atá inti iomlán aon chomhthaobhachta fálaithe linne nó aon chuid di;”,

(p) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “banc ceannais náisiúnta”:

“folaíonn ‘ comhlachtaí riaracháin neamhthráchtála ’ gnóthais tráchtála, nó gnóthais a bhfuil gníomhaíochtaí neamhthráchtála agus tráchtála acu, atá ar úinéireacht nó á rialú ag rialtais láir nó rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla i gcás go n-úsáidtear an fiach lena mbaineann de chuid an ghnóthais go díreach nó go neamhdhíreach chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh;”,

(q) i mír (b), sa mhíniú ar “neamhthuillmheach”, trí “(ach gan aird a thabhairt, chun críche na míre seo, ar alt 4(4)) a chur isteach i ndiaidh “alt 4(1)”,

(r) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tuillmheach”:

ciallaíonn ‘comhthaobhacht fálaithe linne’, i ndáil le conradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh aon sócmhainn nó maoin a sholáthraíonn aon pháirtí conarthach eile sa chonradh sin d’fhoras creidmheasa ainmnithe nó a sholáthraítear dó thar a cheann más rud é maidir le téarmaí an chonartha—

(a) go ndéantar socrú leo maidir le haistriú iomlán na sócmhainne nó na maoine, de réir mar a bheidh, chuig an bhforas ar mhodh comhthaobhachta ach ní ar mhodh urrúis de réir bhrí alt 58, nó

(b) go ndéantar leis na téarmaí sin—

(i) socrú maidir le haistriú na sócmhainne nó na maoine, de réir mar a bheidh, chuig an bhforas ar mhodh urrúis de réir bhrí alt 58, agus

(ii) an ceart a thabhairt don fhoras déileáil leis an tsócmhainn nó leis an maoin, de réir mar a bheidh, faoin urrús sin amhail is dá mba é an foras úinéir iomlán na sócmhainne nó na maoine sin, de réir mar a bheidh;”,

(s) sa mhíniú ar “margadhluach críonna”—

(i) i mír (a), trí “agus” a scriosadh, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(ab) i ndáil le sócmhainn creidmheasa morgáiste tráchtála nó sócmhainn ionaid a shealbhaíonn foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe nó a bheartaíonn sé a shealbhú—an margadhluach críonna arna chinneadh de réir alt 41 arna chur chun feidhme agus arna mhodhnú le halt 41B, agus”,

(t) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “sócmhainn creidmheasa phoiblí”:

“maidir le ‘sócmhainn creidmheasa phoiblí’—

(a) faoi réir mhír (b), ciallaíonn sé sócmhainn nó maoin a shealbhaíonn foras creidmheasa phoiblí ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, agus a chuimsíonn creidmheas poiblí amháin nó níos mó,

(b) ní fholaíonn sé sócmhainn nó maoin a chuimsíonn iomlán aon chomhthaobhachta fálaithe linne nó aon chuid di;

ciallaíonn ‘eintitis earnála poiblí’—

(a) comhlachtaí riaracháin neamhthráchtála atá freagrach—

(i) do rialtais láir, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla, nó

(ii) d’údaráis a measann an t-údarás inniúil (de réir bhrí Rialachán 2 de Rialacháin na hEorpa na gComhphobal Eorpach (Leordhóthanacht Caipitil Foras Creidmheasa) 2006), chun críocha na Treorach Códaithe Baincéireachta, iad a bheith ag feidhmiú na bhfreagrachtaí céanna le rialtais réigiúnacha nó le húdaráis áitiúla,

(b) gnóthais neamhthráchtála atá ar úinéireacht ag rialtais láir ag a bhfuil socruithe ráthaíochta follasacha, nó

(c) comhlachtaí féinriartha a rialaítear le dlí agus atá faoi mhaoirseacht phoiblí;”,

(u) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “taifead”:

“ciallaíonn ‘clár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála’, i ndáil le foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, nó a bhí ainmnithe tráth, an clár a cheanglaítear ar an bhforas sin a choimeád faoi alt 38 arna chur i bhfeidhm agus arna mhodhnú le halt 41B;

ciallaíonn ‘an clár foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe’ an clár arna bhunú de réir alt 17(1A);”,

(v) sa mhíniú ar “maoin chónaithe”, trí “, faoi réir alt 4(6) agus (7),” a chur isteach i ndiaidh “maoin chónaithe”,

(w) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “urraithe”:

“ciallaíonn ‘sócmhainn creidmheasa morgáiste urrúsaithe’ sócmhainn a cháilíonn mar shócmhainn creidmheasa morgáiste de bhua alt 4(4);”,

(x) sa mhíniú ar “creidiúnaí forthosaíochta”, trí “, faoi réir alt 88(5),” a chur isteach i ndiaidh “creidiúnaí forthosaíochta”, agus

(y) sa mhíniú ar “achtachán maoirseachta”, trí mhír (d) a scriosadh.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Chun críocha fho-alt (1), folaíonn oibleagáid airgeadais oibleagáid airgeadais atá i bhfoirm urrúis atá in ionannas do leas i gcreidmheas morgáiste eile atá urrúsaithe.”,

(b) i bhfo-alt (5), trí “is féidir a chuimsiú” a chur in ionad “is féidir a áireamh” agus trí “atá cuimsithe” a chur in ionad “atá ar áireamh”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) I gcás go mbeadh sócmhainn creidmheasa morgáiste, atá urraithe ar mhaoin chónaithe, urraithe ar mhaoin tráchtála freisin, ach amháin go bhfuil maoin chónaithe eisiata sa mhíniú ar ‘maoin tráchtála’ in alt 3(1), féadfaidh foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, chun críocha an Achta seo, déileáil leis an tsócmhainn sin amhail is dá mbeadh sí urraithe ar mhaoin tráchtála seachas ar mhaoin chónaithe.

(7) I gcás go bhfuil sócmhainn creidmheasa morgáiste urraithe ar shócmhainn maoine aonair arbh é a bheadh inti, murach an fo-alt seo, maoin tráchtála go páirteach agus maoin chónaithe go páirteach, ansin, chun críocha an Achta seo, measfar gur ar mhaoin tráchtála amháin atá an tsócmhainn creidmheasa morgáiste sin urraithe, i ndáil leis an tsócmhainn maoine sin.

(8) San alt seo—

ciallaíonn ‘urrús eile’, i ndáil le maoin chónaithe nó tráchtála atá suite lasmuigh den Stát, cineál urrúis leasa thar an maoin sin a aithnítear mar leas urrúis bailí faoi lex situs na maoine sin;

forléireofar ‘urrúsaithe’ de réir Airteagal 4(36) den Treoir Chódaithe Baincéireachta.”.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

4 .— Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “i gcás gur aon cheann de na nithe seo a leanas an duine ag a bhfuil an oibleagáid” a chur in ionad “i gcás gurb é an duine ag a bhfuil an oibleagáid—”

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) go (f):

“(a) rialtais láir, bainc cheannais, eintitis earnála poiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla sa Stát nó in aon tír eile de chuid LEE,

(b) rialtais láir agus bainc cheannais san Astráil, i gCeanada, sa tSeapáin, sa Nua-Shéalainn, i gCónaidhm na hEilvéise, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó i dtír a shonraítear in ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (3),

(c) eintitis earnála poiblí, rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla san Astráil, i gCeanada, sa tSeapáin, sa Nua-Shéalainn, i gCónaidhm na hEilvéise, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó i dtír a shonraítear in ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (3),

(d) (i) bainc forbartha iltaobhaí tá cáilithe mar bhainc forbartha iltaobhaí chun críocha na Treorach Códaithe Baincéireachta, nó

(ii) eagraíochtaí idirnáisiúnta atá cáilithe mar eagraíochtaí idirnáisiúnta chun críocha na Treorach Códaithe Baincéireachta,

(e) rialtais láir, bainc cheannais, eintitis de chuid na hearnála poiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla i dtír de chuid earnáil B, nó

(f) aon eintiteas eile arna bhunú i dtír lena mbaineann mír (a), (b) nó (e) agus atá forordaithe le hordú ón Aire chun críocha an ailt seo.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “arb ionannas dó leas i gcreidmheas poiblí eile” a chur in ionad “arb ionannas dó creidmheas poiblí eile”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Féadfaidh an tAire, le hordú arna fhógairt san Iris Oifigiúil, tír a shonrú, chun críocha mhír (b) nó (c) d’fho-alt (1), is tír seachas—

(a) tír dá dtagraítear sa mhír lena mbaineann, nó

(b) tír de chuid LEE.”,

(d) trí fho-ailt (4) agus (5) a scriosadh, agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (7) agus (8):

“(7) Faoi réir fho-alt (8), más rud é, murach an fo-alt seo, nach mbeidh ach cuid de chreidmheas cáilithe mar chreidmheas poiblí, féadfaidh foras creidmheasa phoiblí ainmnithe déileáil leis an gcreidmheas sin go léir mar chreidmheas poiblí chun críocha an Achta seo.

(8) Chun críocha—

(a) alt 47(8) agus (11),

(b) aon ghnóthais chonarthaigh dá dtagraítear in alt 47(13) de chuid an fhorais, nó

(c) alt 56(1),

ní dhéileálfaidh foras creidmheasa phoiblí ainmnithe, mar chreidmheas poiblí de bhun fho-alt (7), aon chuid d’aon chreidmheas nach gcáileodh mar chreidmheas poiblí murach an fo-alt sin.”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “(seachas cibé sócmhainní is comhthaobhacht fálaithe linne”) a chur isteach i ndiaidh “sócmhainní seo a leanas”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Is risíocht d’fhoras de réir bhrí Airteagal 4(6) den Treoir Chódaithe Baincéireachta maoin dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(a).”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 11(1) den Phríomh-Acht trí “tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás,” a chur isteach i ndiaidh “Féadfaidh an tAire,”.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Maidir le duine—

(a) ní airbheartóidh sé nó sí urrúis faoi chumhdach morgáiste tráchtála a eisiúint de réir an Achta seo,

(b) ní thabharfaidh sé nó sí le fios ná ní fhógróidh sé nó sí gur foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe an duine, ná go bhfuil sé nó sí údaraithe leis an Acht seo chun gnó a sheoladh lena ngabhann eisiúint urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála, ná

(c) ní mhaífidh sé nó sí go bhfuil na sochair aige nó aici a thugtar d’fhorais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe leis an Acht seo nó faoi,

mura rud é go bhfuil an duine cláraithe mar fhoras creidmheasa tráchtála ainmnithe de réir na Coda seo.”,

agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “, (1A)” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (1)”.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear alt 13 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “, mar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe” a chur isteach i ndiaidh “mar fhoras creidmheasa morgáiste”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Ní choisctear le haon ní san alt seo ar an duine céanna iarratas a dhéanamh ar chlárú mar fhoras creidmheasa ainmnithe de níos mó ná aon chineál amháin.”.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

9 .— Leasaítear alt 14 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Ní ceadmhach don Údarás iarratasóir a chlárú mar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe ach amháin gur deimhin leis i leith an iarratasóra—

(a) go bhfuil nó go mbeidh an t-iarratasóir in ann, ar mhodh cuí, na freagrachtaí a chomhall a cheanglaítear leis an Acht seo ar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe iad a chomhall, agus

(b) go gcomhlíonann an t-iarratasóir nó go mbeidh an t-iarratasóir in ann a chomhlíonadh cibé ceanglais (más ann) a bhaineann le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe agus a fhorordaítear leis na rialacháin agus leis na fógraí rialaitheacha.”.

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Ar iarratas ar chlárú mar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe a dheonú, déanfaidh an tÚdarás—

(a) sonraí cuí an iarratasóra a thaifeadadh i gclár na bhforas creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, agus

(b) deimhniú clárúcháin mar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe a eisiúint don iarratasóir, agus

agus, más rud é go bhfuil an tÚdarás tar éis coinníollacha a fhorchur ar an iarratasóir faoi fho-alt (3), na coinníollacha sin a shonrú sa deimhniú nó i ndoiciméad amháin nó níos mó atá i dteannta an deimhnithe sin.”,

agus

(c) i bhfo-alt (6), trí “, mar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe” a chur isteach i ndiaidh “mar fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Le clárú mar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, údaraítear don fhoras arna ainmniú sa deimhniú clárúcháin gnó forais creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe a sheoladh de réir an Achta seo.”,

(b) i bhfo-alt (5), trí “, forais creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe” a chur isteach i ndiaidh “forais creidmheasa morgáiste”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Maidir le clárú duine faoin Acht seo mar chineál áirithe forais creidmheasa ainmnithe arna cheadú leis an Acht seo ní cheadaítear leis don duine sin gníomhú mar chineál eile forais creidmheasa ainmnithe arna cheadú leis an Acht seo mura rud é go bhfuil an duine sin cláraithe faoin Acht seo freisin mar an cineál eile forais creidmheasa ainmnithe sin.”.

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

11 .— Leasaítear alt 16 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2), trí “, ar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe” a chur isteach i ndiaidh “ar fhoras creidmheasa morgáiste”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Gan fo-alt (1) nó cumhachtaí an Údaráis a theorannú faoi fhorálacha eile den Acht seo, féadfaidh an tÚdarás coinníoll arna fhorchur a athrú, nó coinníoll a fhorchur, de bhun fho-alt (1) a mheasfaidh an tÚdarás a bheith riachtanach, teagmhasach, iarmhartach nó forlíontach i leith chur i ngníomh nó chomhlíonadh na Treorach Códaithe Baincéireachta nó aon treorach nó aon rialacháin a rinne orgain inniúla de chuid an Aontais Eorpaigh agus atá curtha i ngníomh faoi dhlíthe an Stáit, agus atá iomchuí maidir le hurrúis airteagal 22(4) atá cáilithe mar bhannaí faoi chumhdach chun críocha na Treorach Códaithe Baincéireachta.”.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

12 .— Leasaítear alt 17 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Ceanglaítear ar an Údarás clár foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe a bhunú agus a choimeád.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Ní mór ainm agus seoladh phríomháit ghnó gach forais creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe agus cibé faisnéis eile a chinnfidh an tÚdarás a bheith sa chlár foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe.”.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

13 .— Leasaítear alt 18 den Phríomh-Acht trí “forais creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe” a chur isteach i ndiaidh “forais creidmheasa morgáiste ainmnithe,”.

Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht.

14 .— Leasaítear alt 21(2) den Phríomh-Acht trí “chun sástacht an Údaráis” a scriosadh.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

15 .— Leasaítear alt 22(3) den Phríomh-Acht trí “faoi alt 20 nó 21” a chur in ionad “faoin alt seo”.

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

16 .— Leasaítear alt 25 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b), (c) agus (d):

“(b) gur banc taisce iontaobhais é, nó

(c) gur cumann foirgníochta é,”.

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

17 .— Leasaítear alt 27 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) creidmheas morgáiste a sholáthar, déileáil i sócmhainní creidmheasa morgáiste agus iad a shealbhú agus seirbhísí iontaobhais grúpmhorgáiste a sholáthar,”,

(ii) i mír (f), trí “sócmhainní nó gníomhaíochtaí a cheadaítear leis an bhfo-alt seo” a chur in ionad “sócmhainní de chineál a luaitear i míreanna (a) go (e)”, agus

(iii) i mír (g), trí “agus déileáil i gcomhthaobhacht fálaithe linne agus í a shealbhú” a chur isteach i ndiaidh “go (f)”,

(b) i bhfo-alt (2)(b), trí “morgáiste” a chur in ionad “sócmhainne”,

(c) i bhfo-alt (3), sa mhíniú ar “sócmhainn idirbhirt creidmheasa”, trí “aon sócmhainn a eascraíonn as na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in alt 27(1)(c) nó (f), sócmhainn creidmheasa morgáiste” a chur in ionad “sócmhainn creidmheasa morgáiste”, agus

(d) tríd an méid seo a leanas a cur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) I gcás go sealbhaíonn foras creidmheasa morgáiste ainmnithe urrús morgáiste agus, más infheidhme, urrús comhthaobhach faoi réir iontaobhais de dhroim an t-iontaobhas do sholáthar seirbhísí iontaobhais grúpmhorgáiste do ghrúpeintiteas amháin nó níos mó—

(a) ní fholóidh na sócmhainní creidmheasa morgáiste a shealbhaíonn an foras aon sócmhainní grúpeintitis,

(b) chun críocha alt 81(4), ní chuimseofar i linn sócmhainní cumhdaigh an fhorais ach urrús morgáiste agus, más infheidhme, urrús comhthaobhach a mhéid a urraíonn urrús den sórt sin sócmhainní creidmheasa morgáiste a shealbhaíonn an foras agus is é a bheidh i sócmhainní cumhdaigh urrús morgáiste agus urrús comhthaobhach den sórt sin, agus é sin amháin, agus

(c) maidir leis an bhforas nó na grúpeintitis sin do dhul i gcúlárach cibé urrúis chun a éileamh nó a n-éileamh faoi seach, de réir mar a bheidh, a shásamh, faoi aon sócmhainní creidmheasa morgáiste a shealbhaíonn an foras nó aon sócmhainní grúpeintitis a shealbhaíonn grúpeintiteas amháin nó níos mó—

(i) beidh tosaíocht ar gach slí ag na héilimh sin a shealbhaíonn an foras chun a shochair féin gach tráth go dtí go n-urscaoilfear iad go hiomlán agus i dtosaíocht ar na héilimh sin a shealbhaíonn na grúpeintitis sin maidir leis an gcúlárach sin, agus

(ii) beidh aon téarmaí den iontaobhas nó d’aon chomhaontú idir an foras agus grúpeintiteas amháin nó níos mó a airbheartaíonn socrú a dhéanamh maidir le tosaíocht éagsúil idir na héilimh sin a shealbhaíonn an foras agus na héilimh sin a shealbhaíonn na grúpeintitis sin ar neamhní.

(7) San alt seo—

ciallaíonn ‘urrús comhthaobhach’ aon urrús, ráthaíocht, slánaíocht nó árachas lena n- urraítear, i dteannta urrúis morgáiste, sócmhainní a chuimsíonn creidmheas morgáiste amháin nó níos mó;

ciallaíonn ‘ grúpeintiteas ’, i ndáil le foras creidmheasa morgáiste ainmnithe—

(a) máthair-eintiteas den fhoras,

(b) fochuideachta den fhoras, nó

(c) fochuideachta, seachas an foras, de mháthair-eintiteas den fhoras;

ciallaíonn ‘sócmhainní grúpeintitis ’ aon sócmhainní a chuimsíonn creidmheas morgáiste amháin nó níos mó a shealbhaíonn grúpeintiteas amháin nó níos mó más rud é—

(a)go n-urraítear na sócmhainní sin le hurrús morgáiste agus, más infheidhme, le hurrús comhthaobhach, agus

(b)go bhfuil an t-urrús sin cuimsithe in iontaobhas arna chomhdhéanamh chun críocha grúpsheirbhísí iontaobhais morgáiste;

ciallaíonn ‘ grúpsheirbhísí iontaobhais morgáiste ’ seirbhísí a sholáthraíonn foras creidmheasa morgáiste ainmnithe do ghrúpeintiteas amháin nó níos mó—

(a)ina bhfuil i gceist an foras do shealbhú urrúis morgáiste agus, más infheidhme, urrúis chomhthaobhaigh ar iontaobhas thar ceann grúpeintitis amháin nó níos mó den sórt sin, agus

(b)i gcás go sealbhaíonn an foras, faoin iontaobhas sin, leas san urrús sin thar ceann grúpeintitis amháin nó níos mó den sórt sin (cibé acu mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire) agus thar a cheann féin;

ciallaíonn ‘urrús morgáiste’ morgáiste, muirear nó urrús eile dá dtagraítear in alt 4(1) lena n-urraítear sócmhainní a chuimsíonn creidmheas morgáiste amháin nó níos mó;

tá le ‘fochuideachta’ an bhrí chéanna atá tugtha le halt 3(7).”.

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

18 .— Leasaítear alt 28 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an dara habairt:

“Ní choisctear leis an alt seo, áfach, ar fhoras den sórt sin atá cláraithe freisin mar fhoras creidmheasa ainmnithe de chineál éagsúil a cheadaítear leis an Acht seo gníomhaíochtaí gnó a sheoladh ar féidir le foras creidmheasa ainmnithe den sórt sin iad a sheoladh go dleathach.”.

Leasu ar alt 30 den Phríomh-Acht.

19 .— Leasaítear alt 30 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)(b), trí “(lena n-áirítear na conarthaí sin a bhaineann le comhthaobhacht fálaithe linne)” a chur isteach i ndiaidh “a dhéanamh”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

“(3) Más rud é nach mbaineann conradh de chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ach amháin leis na nithe seo—

(a) urrúis faoi chumhdach morgáiste arna n-eisiúint ag foras creidmheasa morgáiste ainmnithe,

(b) sócmhainní creidmheasa morgáiste nó sócmhainní ionaid, nó iad araon, atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag foras creidmheasa morgáiste ainmnithe, nó

(c) urrúis faoi chumhdach morgáiste arna n-eisiúint ag foras creidmheasa morgáiste ainmnithe agus sócmhainní creidmheasa morgáiste nó sócmhainní ionaid, nó iad araon, atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag foras creidmheasa morgáiste ainmnithe,

agus gur chomhaontaigh an foras agus gach páirtí eile sa chonradh go mbeidh an conradh ar áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh mar shócmhainn chumhdaigh, cinnteoidh an foras go gcomhlíonfaidh an conradh ceanglais fho-ailt (4) agus (5).

(4) Ní ceadmhach conradh den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a bheith ag baint ach amháin leis na nithe seo—

(a) urrúis faoi chumhdach morgáiste arna n-eisiúint ag an bhforas,

(b) sócmhainní creidmheasa morgáiste nó sócmhainní ionaid, nó iad araon, atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil aige, nó

(c) urrúis faoi chumhdach morgáiste arna n-eisiúint ag an bhforas agus sócmhainní creidmheasa morgáiste nó sócmhainní ionaid, nó iad araon, atá ar áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil aige,

agus féadfaidh gurb é a bheidh ann conradh nó idirbheart amháin nó níos mó a bhainfidh amhlaidh go díreach nó go neamhdhíreach nuair a ghlactar le chéile iad.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Bunóidh agus coimeádfaidh foras creidmheasa morgáiste ainmnithe clár i leith aon chomhthaobhachta fálaithe linne a shealbhaíonn sé ó am go ham.

(11) Tabharfar an clár comhthaobhachta fálaithe linne ar an gclár dá dtagraítear i bhfo-alt (10) agus coimeádfar é ar leithligh ón gclár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste.

(12) Féadfar an clár comhthaobhachta fálaithe linne a choimeád i bhfoirm leabhair, i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm eile fad agus gur féidir an clár a atáirgeadh ar shlí infheicthe.

(13) Áireoidh an foras na sonraí seo a leanas sa chlár comhthaobhachta fálaithe linne:

(a) sonraí faoin gcomhthaobhacht fálaithe linne a shealbhaíonn sé ó gach cuntrapháirtí i gconradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh;

(b) sonraí faoi na conarthaí fálaithe sócmhainní cumhdaigh a bhaineann leis an gcomhthaobhacht fálaithe linne;

(c) i gcás go bhfuil an foras cláraithe mar fhoras creidmheasa ainmnithe de níos mó ná cineál amháin, sonraí faoin linn sócmhainní cumhdaigh iomchuí lena mbaineann an chomhthaobhacht fálaithe linne; agus

(d) cibé sonraí eile atá forordaithe le fógra rialaitheach arna dhéanamh de réir fho-alt (15).

(14) Mura rud é—

(a) go gceanglóidh an tÚdarás a mhalairt, le hordachán i scríbhinn, cibé acu d’fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe aonair nó d’fhorais chreidmheasa morgáiste ainmnithe i gcoitinne, nó de bhun fógra rialaithigh arna dhéanamh de réir fho-alt (15), nó

(b) go bhfuil foras creidmheasa morgáiste ainmnithe dócmhainneach nó go bhfuil sé dócmhainneach go hionchasach,

ní bheidh toiliú an fhaireora sócmhainní cumhdaigh ag teastáil chun foras do dhéanamh, do leasú nó do scriosadh taifid ina chlár comhthaobhachta fálaithe linne.

(15) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra rialaitheach a fhoilseofar san Iris Oifigiúil, ceanglais a shonrú i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) an cineál sócmhainní nó maoine a cháilíonn mar chomhthaobhacht fálaithe linne,

(b) an clár comhthaobhachta fálaithe linne a chothabháil agus a oibriú,

(c) sonraí a áireoidh foras sa chlár comhthaobhachta fálaithe linne chun críocha mhír (d) d’fho-alt (13),

(d) na himthosca ina mbeidh toiliú an fhaireora sócmhainní cumhdaigh ag teastáil, de bhun fho-alt (14), chun foras creidmheasa morgáiste ainmnithe do dhéanamh, do leasú nó do scriosadh taifid ina chlár comhthaobhachta fálaithe linne.

(16) Féadfaidh an tÚdarás nó aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás an clár comhthaobhachta fálaithe linne a iniúchadh agus cóipeanna de a thógáil.

(17) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe cibé faisnéis i ndáil le comhthaobhacht fálaithe linne a shealbhóidh an foras sin a sholáthar don Údarás nó don fhaireoir sócmhainní cumhdaigh, nó dóibh araon, agus í a sholáthar ar cibé eatraimh, a shonróidh an tÚdarás don fhoras.”.

Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht.

20 .— Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5)(a), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

(b) i bhfo-alt (8)—

(i) i mír (d), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”, agus

(ii) trí “(ach amháin, chun críocha an fho-ailt seo, tar éis neamhaird a thabhairt ar éifeacht aon chomhthaobhachta fálaithe linne)” a chur isteach i ndiaidh “i gcás mhíreanna (b), (c) agus (d)”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Chun críocha fho-alt (8)(a), ciallaíonn ‘ré’, i ndáil leis an linn sócmhainní cumhdaigh nó leis na hurrúis faoi chumhdach morgáiste arna n-urrú ar an linn, meántéarma ualaithe go dtí aibíocht phríomh-mhéid iomchuí na sócmhainní creidmheasa morgáiste agus na sócmhainní ionaid atá cuimsithe sa linn nó na n-urrús sin, de réir mar a bheidh, a chinnfear de réir foirmle nó critéar a bheidh sonraithe i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha an fho-ailt seo, agus an éifeacht a bheidh ag aon chonradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh iomchuí a dhéanfaidh an foras i ndáil leis an linn nó leis na hurrúis sin, nó leo araon, de réir mar a bheidh á cur i gcuntas.”,

(d) i bhfo-alt (11)—

(i) trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”, agus

(ii) trí “na sócmhainne maoine gaolmhaire” a chur in ionad “na sócmhainní maoine gaolmhara”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (12):

“(12) Chun críocha an ailt seo, ceanglaítear margadhluach críonna sócmhainne maoine a bhaineann le sócmhainn creidmheasa morgáiste a ríomh cibé tráthanna a shonróidh an tÚdarás, tar éis aird a thabhairt ar na ceanglais luachála is infheidhme maidir le bannaí faoi chumhdach faoin Treoir Chódaithe Baincéireachta, de réir fógra rialaithigh, nó faoi fhógra rialaitheach, arna thabhairt de réir alt 41(1).”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (14):

“(15) Chun críocha fho-alt (8)(b) ach faoi réir fho-alt (16), ceanglaítear ar fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe leibhéal íosta ró-chomhthaobhúcháin rialaithigh a chothabháil maidir lena linn sócmhainní cumhdaigh i leith na n-urrús faoi chumhdach morgáiste a eisíodh agus atá urraithe ar an linn.

(16) Ní dhéanfaidh fo-alt (15) difear d’aon ghealltanas conarthach arna dhéanamh ag an bhforas i leith mhargadhluach críonna na linne sócmhainní cumhdaigh a bheith níos mó ná iomlán phríomh-mhéideanna na n-urrús faoi chumhdach morgáiste a eisíodh agus atá urraithe ar an linn sin agus is ábhar d’fheidhmeanna faireora sócmhainní cumhdaigh faoi na Rialacháin fán Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001 (Ailt 61(1), 61(2) agus 61(3)) (Ró-Chomhthaobhúchán) 2004 (I.R. Uimh. 419 de 2004), i gcás gur airde an leibhéal sócmhainní cumhdaigh a cheanglaítear a chothabháil sa linn leis an ngealltanas sin ná mar a cheanglaítear le fo-alt (15).

(17) Chun críocha fho-alt (15), ciallaíonn ‘ró-chomhthaobhúchán rialaitheach’ gur íosmhéid 103 faoin gcéad margadhluach críonna na sócmhainní creidmheasa morgáiste agus na sócmhainní ionaid atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh, arna shloinneadh mar chéatadán d’iomlán mhéideanna ainmniúla nó phríomh-mhéideanna na n-urrús faoi chumhdach morgáiste a eisíodh agus atá urraithe ar an linn sin, tar éis an éifeacht atá ag aon chonradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh a chur i gcuntas.”.

Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht.

21 .— Leasaítear alt 33 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad ailt (2), (3) agus (4):

“(2) Maidir le foras creidmheasa morgáiste ainmnithe—

(a) féadfaidh sé sócmhainn creidmheasa morgáiste nó sócmhainn ionaid atá suite laistigh de thír amháin de chuid earnáil A nó níos mó a áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas, agus

(b) ní áireoidh sé sócmhainn creidmheasa cumhdaigh nó sócmhainn ionaid atá suite i dtír amháin de chuid earnáil B nó níos mó sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Faoi réir fho-alt (7), ní ceadmhach d’fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe sócmhainn creidmheasa morgáiste a áireamh i linn sócmhainní cumhdaigh má tá foirgneamh a bhaineann leis an tsócmhainn creidmheasa morgáiste sin, nó má tá foirgneamh den sórt sin le bheith, á fhoirgniú, mura rud é go gcuirfidh an foras na nithe seo a leanas i leith na sócmhainne creidmheasa morgáiste sin—

(a) margadhluach críonna nialais chun críocha alt 32(8) agus (15), agus

(b) aon ghealltanas conarthach dá dtagraítear in alt 32(16) arna dhéanamh ag an bhforas.

(7) Scoirfidh fo-alt (6) d’fheidhm a bheith aige i gcás foirgnimh dá dtagraítear san fho-alt sin díreach ar an bhfoirgneamh a bheith ullamh lena áitiú mar mhaoin tráchtála nó mar mhaoin chónaithe.”.

Leasú ar alt 34 den Phríomh-Acht.

22 .— Leasaítear alt 34 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “alt 32(1), (4), (5), (7) nó (15), gealltanas conarthach dá dtagraítear in alt 32(16) nó alt 33(5) nó (6)” a chur in ionad “alt 32(1), (4), (5) nó (7) nó alt 33(2), (3), (5) nó (6)”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Déanfaidh foras creidmheasa morgáiste ainmnithe, a luaithe is indéanta tar éis dó a fháil amach go ndéanfadh sócmhainn cumhdaigh atá ina linn sócmhainní cumhdaigh, dá n-áireodh an foras an tsócmhainn sin an tráth sin ina linn, alt 35(8)(a) nó 41A(1)(c)(iii) a shárú, an tsócmhainn cumhdaigh sin a bhaint as a linn sócmhainní cumhdaigh agus, i gcás go gceanglaítear leis an Acht seo, í a ionadú de réir alt 35. Go dtí go ndéanfar na bearta sin, ní ceadmhach don fhoras aon urrúis faoi chumhdach morgáiste breise a eisiúint.”.

Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht.

23 .— Leasaítear alt 35 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

(b) i bhfo-alt (3), trí “nuair a áireofar í” a chur isteach in ionad “atá ar áireamh” i ndiaidh “sócmhainn fholuiteach”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) Ní ceadmhach d’fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe, aon tráth, sócmhainn ionaid a áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas—

(a) ach amháin go bhfuil an tsócmhainn ionaid lena mbaineann ag teacht leis na caighdeáin nó na critéir maidir le hacmhainneacht creidmheasa is infheidhme ina leith agus a shonróidh an tÚdarás i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha an fho-ailt seo, nó

(b) más rud é, tar éis an tsócmhainn ionaid lena mbaineann a áireamh sa linn, gur mhó, an tráth iomchuí, margadhluach críonna iomlán na sócmhainní ionaid go léir atá cuimsithe sa linn an uair sin ná an céatadán forordaithe de chomhiomlán mhéid ainmniúil nó phríomh-mhéid na n-urrús faoi chumhdach morgáiste neamhíoctha atá urraithe ar an linn. Chun críocha an fho-ailt seo, is 15 faoin gcéad nó, má shonraítear céatadán éigin eile in ordú faoi fho-alt (9), an céatadán eile sin, an céatadán forordaithe.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(9A) Chun críocha fho-alt (8), le linn mhargadhluach críonna iomlán na sócmhainní ionaid go léir atá cuimsithe i linn sócmhainní cumhdaigh aon tráth a chinneadh, tabharfar neamhaird ar aon sócmhainní ionaid arb ionannas dóibh risíochtaí mar gheall ar tharchur agus bainistiú íocaíochtaí de chuid na n-oibleagáideoirí, faoi shócmhainní creidmheasa morgáiste atá cuimsithe sa linn, nó fáltais um leachtú i leith na sócmhainní sin.

(9B) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra rialaitheach a fhoilseofar san Iris Oifigiúil, caighdeáin nó critéir acmhainneachta creidmheasa a shonrú chun críocha fho-alt (8) agus sna caighdeáin nó sna critéir sin—

(a) beidh aird acu ar chaighdeáin nó ar chritéir acmhainneachta creidmheasa is infheidhme maidir le sócmhainní ionaid mar chomhthaobhacht cháilithe le haghaidh bannaí cumhdaithe faoin Treoir Chódaithe Baincéireachta, agus

(b) féadfar idirdhealú a dhéanamh idir sócmhainní ionaid ar 100 lá ar a mhéad a ré aibíochta agus na sócmhainní sin ar faide a ré aibíochta.”.

Leasú ar alt 36 den Phríomh-Acht.

24 .— Leasaítear alt 36(4) den Phríomh-Acht trí “a chuimsiú” a chur in ionad “a áireamh”.

Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht.

25 .— Leasaítear alt 38 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5), trí “, a scriosadh” a chur isteach i ndiaidh “a dhéanamh”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Más foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe nó foras creidmheasa phoiblí ainmnithe fosta foras creidmheasa morgáiste ainmnithe, ceanglaítear ar an bhforas a chlár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste a choimeád ar leithligh ó na cláir seo a leanas, de réir mar is infheidhme—

(a) a chlár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála,

(b) a chlár gnó urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí.”.

Srianta áirithe ar linn sócmhainní cumhdaigh de chuid forais creidmheasa morgáiste ainmnithe a chur i leataobh.

26 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 39:

“Srianta áirithe ar linn sócmhainní cumhdaigh forais creidmheasa morgáiste ainmnithe a chur i leataobh.

39A.— Fad—

(a) a chuimsíonn linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag foras creidmheasa morgáiste ainmnithe sócmhainní cumhdaigh a chomhlíonann ceanglais alt 32(8) agus (15) agus ceanglais aon ghealltanais chonarthaigh a dhéanfaidh an foras agus dá dtagraítear in alt 32(16), agus

(b) a chomhlíonann na sócmhainní cumhdaigh sin ceanglais eile na Coda seo,

ansin, maidir le haon fhoráil den Chuid seo lena sriantar cion nó céatadán na linne sócmhainní cumhdaigh arb é a fhéadfaidh a bheith ann sócmhainní cumhdaigh nó critéir áirithe nó caighdeáin áirithe is infheidhme maidir le sócmhainní cumhdaigh, ní bheidh feidhm aige maidir le haon sócmhainní cumhdaigh breise den sórt sin atá cuimsithe nó atá le bheith cuimsithe ó am go ham sa linn sócmhainní cumhdaigh sin, agus forléireofar forálacha na Coda seo dá réir sin.”.

Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht.

27 .— Leasaítear alt 40 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(c), trí “sócmhainní creidmheasa morgáiste agus sócmhainní ionaid atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh” a chur in ionad “linnte sócmhainní cumhdaigh”, agus

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (c), trí “an bhfuil sócmhainní creidmheasa morgáiste neamhthuillmheach amhail ag an dáta sin, agus má tá” a chur in ionad “a mhainnigh nó nár mhainnigh aon daoine a mbeidh airgead dlite díobh faoi shócmhainní creidmheasa morgáiste íocaíochtaí a dhéanamh i leith na n-urrús sin nuair a bhí siad dlite agus iníoctha, agus más rud é gur mhainnigh”,

(ii) i mír (d), trí “d'fhonn iad a dhéanamh neamhthuillmheach chun críocha an Achta seo” a chur isteach i ndiaidh “(£787.56)”, agus

(iii) i mír (h), trí “agus ní ar mhaoin chónaithe” a chur isteach i ndiaidh “ar mhaoin tráchtála”.

Leasú ar alt 41 den Phríomh-Acht.

28 .— Leasaítear alt 41 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Féadfar, agus measfar gurbh fhéidir riamh, le fógra rialaitheach arna dhéanamh faoin alt seo ceanglais a shonrú i ndáil le sócmhainní nó maoine áirithe nó le cineálacha éagsúla sócmhainní nó maoine (lena n-áirítear cineálacha a bhaineann le cén áit a bhfuil sócmhainní nó maoine nó le cásanna ina bhfuil na sócmhainní nó na maoine urraithe ar mhaoine tráchtála nó cónaithe).”.

Modhnuithe ar Chaibidil 1 de Chuid 4 den Phríomh-Acht ina fheidhm maidir le sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe.

29 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 41 ach i gCaibidil 1 de Chuid 4:

“Modhnuithe ar an gCaibidil seo ina feidhm maidir le sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe.

41A.— (1) Modhnófar an Chaibidil seo mar a leanas i ndáil le sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe:

(a) tabharfar neamhaird ar shócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe chun críocha ailt 31(1), 32(11), (12) agus (13) agus 40(2);

(b) cinnfear suíomh sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe chun críocha alt 33(1) agus (2) faoi threoir shuíomh na sócmhainní maoine a bhaineann leis na sócmhainní creidmheasa morgáiste atá urrúsaithe;

(c) ní ceadmhach d’fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe a áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh ach amháin más rud é go gcomhlíonann na sócmhainní sin na ceanglais seo a leanas:

(i) tá an t-eintiteas urrúsúcháin, arb é eisitheoir na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe é, bunaithe faoi réim agus faoi réir dlíthe tíre de chuid LEE,

(ii) is sócmhainní a chuimsíonn creidmheas morgáiste amháin nó níos mó atá i 90 faoin gcéad ar a laghad de na sócmhainní a shealbhaíonn an t-eintiteas urrúsúcháin, go díreach nó go neamhdhíreach, ach tabharfar neamhaird chun críocha an fho-ailt seo—

(I) ar shócmhainní a chuimsíonn creidmheas morgáiste amháin nó níos mó nach gcáileodh mar shócmhainní creidmheasa morgáiste ach amháin faoi alt 4(4) dá mba fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe a shealbhódh iad, agus

(II) ar shócmhainní den sórt sin arb ionannas dóibh risíochtaí mar gheall ar tharchur agus bainistiú íocaíochtaí na n-oibleagáideoirí, faoi shócmhainní a chuimsíonn creidmheas morgáiste amháin nó níos mó, nó fáltais um leachtú i leith na sócmhainní sin;

(iii) is éilimh shinsearacha de chuid an eintitis urrúsúcháin na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe sa mhéid is go gcomhlíonann siad aon chaighdeáin nó critéir acmhainneachta creidmheasa a shonróidh an tÚdarás i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha na míre seo;

(iv) ní bheidh méid ainmniúil nó príomh-mhéid neamhíoctha na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh níos mó, aon tráth, ná aon chéatadán infheidhme, a shonróidh an tÚdarás le fógra rialaitheach, de mhéid ainmniúil nó de príomh-mhéid na n-urrús faoi chumhdach morgáiste neamhíoctha a bheidh eisithe ag an bhforas; agus

(v) nach mó margadhluach críonna na sócmhainní morgáiste urrúsaithe ná an méid a chinnfear faoi fho-alt (2) i leith na sócmhainní sin.

(2) Chun críocha—

(a) ailt 32(8) agus (15),

(b) aon ghealltanas conarthach a dhéanfaidh an foras dá dtagraítear in alt 32(16), agus

(c) alt 41(1) agus (2),

beidh ag sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe margadhluach críonna nach mó ná méid atá comhionann leis an gceann is lú díobh seo a leanas:

(i) príomh-mhéid nó méid ainmniúil neamhíoctha na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe lena mbaineann;

(ii) faoi réir fho-alt (3), príomh-mhéid nó méid ainmniúil sócmhainní arb éard atá iontu creidmheas morgáiste amháin nó níos mó a bheidh i seilbh an eintitis urrúsúcháin lúide aon chreidmheasanna a mbeidh urrús acu thar na sócmhainní maoine, is ábhar freisin do na sócmhainní creidmheasa morgáiste sin atá chun tosaigh ar an urrús thar na sócmhainní creidmheasa morgáiste sin atá i seilbh an eintitis urrúsúcháin; agus

(iii) faoi réir fho-alt (3), méid atá comhionann leis an gcéatadán is infheidhme de luach na sócmhainní maoine is ábhar do shócmhainní creidmheasa morgáiste ata i seilbh an eintitis urrúsúcháin.

(3) Chun príomh-mhéid nó méid ainmniúil creidmheasanna (lena n-áirítear sócmhainní creidmheasa morgáiste) a chinneadh chun críocha fho-alt (2)(ii) nó chun luach sócmhainní maoine a chinneadh chun críocha fho-alt (2)(iii), úsáidfear bonn comhiomláin, agus aird á tabhairt ar na nithe seo a leanas—

(a) an cion a bheidh i bpríomh-mhéid nó i méid ainmniúil na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe lena mbaineann i gcomparáid le comhiomlán mhéid ainmniúil nó phríomh-mhéid na sócmhainní urrúsaithe arb éard atá iontu creidmheas morgáiste amháin nó níos mó arna eisiúint nó arna n-eisiúint ag an eintiteas urrúsúcháin agus atá urrúsaithe ar na sócmhainní céanna a bhfuil na sócmhainní creidmheasa morgáiste lena mbaineann urrúsaitheorthu, agus

(b) rangú i dtéarmaí sinsearachta na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe lena mbaineann amhail in aghaidh na sócmhainní urrúsaithe uile arb éard atá iontu creidmheas morgáiste amháin nó níos mó arna eisiúint nó arna n-eisiúint ag an eintiteas urrúsúcháin iomchuí agus atá urrúsaithe ar na sócmhainní céanna a bhfuil na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe lena mbaineann urrúsaithe orthu.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra rialaitheach arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil, caighdeáin nó critéir acmhainneachta creidmheasa a shonrú i gcomhair sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe chun críocha fho-alt (1)(c)(iii).

(5) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra rialaitheach arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil, na nithe seo a leanas a shonrú—

(a) céatadán chun críocha fho-alt (1)(c)(iv), agus

(b) aon imthosca a bhaineann le hacmhainneacht creidmheasa na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe lena mbaineann an céatadán sin.

(6) Is é an céatadán is infheidhme chun críocha fho-alt (2)(iii)—

(a) i gcás nach gcuimseoidh na sócmhainní maoine a bhaineann leis na sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe ach maoin chónaithe, 80 faoin gcéad,

(b) in aon chás eile, 60 faoin gcéad.

(7) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra rialaitheach arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil, ceanglais nó critéir a shonrú—

(a) maidir le hacmhainneacht creidmheasa sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe is féidir le foras creidmheasa morgáiste ainmnithe a fháil agus a shealbhú lasmuigh dá linn sócmhainní cumhdaigh, nó

(b) maidir le haon ní dá dtagraítear san alt seo.

(8) Beidh aird ag an Údarás, le linn dó aon fhógra rialaitheach a dhéanamh chun críocha an ailt seo, ar aon chaighdeáin nó critéir is infheidhme maidir le hurrúis lena mbaineann airteagal 22(4) ar urrúis iad a cháilíonn mar bhannaí cumhdaithe faoin Treoir Chódaithe Baincéireachta.

(9) Déanfaidh foras creidmheasa morgáiste ainmnithe an fhaisnéis seo a leanas i leith sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe atá cuimsithe ina linn sócmhainní cumhdaigh a áireamh ina ráiteas airgeadais bliantúil nó i ndoiciméad a bheidh ag gabháil leis an ráiteas:

(a) ainm na n-eintiteas urrúsúcháin is eisitheoirí na sócmhainní sin agus príomh-mhéid nó méid ainmniúil agus aicme nó teideal na sócmhainní sin, amhail ar an dáta ar go dtí é a bheidh an ráiteas déanta amach; agus

(b) aon fhaisnéis a bheidh forordaithe leis na rialacháin chun críocha an fho-ailt seo.

(10) I bhfo-alt (3), déanfar ‘urrúsaithe’ a fhorléiriú de réir Airteagal 4(36) den Treoir Chódaithe Baincéireachta.”.

Caibidil 1A— Forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe d’eisiúint urrús faoi chumhdach sócmhainne.

30 .— Leasaítear Cuid 4 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 1:

“Caibidil 1A

Forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe d’eisiúint urrús faoi chumhdach sócmhainne

Modhnuithe ar Chaibidil 1 agus ailt 4, 61 agus 91 chun a chumasú dóibh feidhm a bheith acu maidir le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe.

41B.— (1) Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil 1 agus ailt 4(2) go (5), 58, 61, 71 agus 91 maidir le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe fairis na modhnuithe seo a leanas:

(a) ciallóidh tagairtí iontu do ‘urrúis faoi chumhdach sócmhainne’ nó ‘urrúis faoi chumhdach morgáiste’ urrúis faoi chumhdach morgáiste tráchtála;

(b) ciallóidh tagairtí iontu do ‘forais chreidmheasa morgáiste ainmnithe’ nó, ach amháin in ailt 28 agus 38(7), do ‘forais chreidmheasa ainmnithe’ forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe;

(c) ciallóidh tagairtí iontu do ‘sócmhainní creidmheasa morgáiste’ sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála;

(d) ciallóidh tagairtí iontu do ‘sócmhainní maoine’ maoin tráchtála;

(e) ach amháin in alt 38(7), ciallóidh tagairtí iontu do ‘clár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste’ an clár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála;

(f) ach amháin in ailt 32(13)(a) agus 41A(6)(a), ciallóidh tagairtí iontu do ‘maoin chónaithe’ maoin tráchtála;

(g) ciallóidh tagairtí iontu do ‘sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe’ sócmhainní creidmheasa morgáiste urrúsaithe ar maoin tráchtála a sócmhainní maoine gaolmhara;

(h) ní bheidh feidhm ag ailt 32(13)(a), 33(5) ná 40(2) maidir le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe;

(i) i gcas go bhféadfar orduithe, rialacháin, fógraí rialaitheacha nó fógraí eile a dhéanamh nó a thabhairt faoi alt 4(3), 27(4) nó (5), 30(2) nó (15), 31(1), (4) nó (5), 32(10) nó (14), 35(9) nó (9B), 38(4), (5) nó (6), 39(2), 41(1), (3) nó (5), 41A, 61(1), (2) nó (3) nó 91(2), (2A) nó (3) i ndáil le forais chreidmheasa morgáiste ainmnithe—

(i) féadfar orduithe, rialacháin, fógraí rialaitheacha nó fógraí eile, de réir mar a bheidh, a dhéanamh i ndáil le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe, agus

(ii) féadfar orduithe, rialacháin, fógraí rialaitheacha nó fógraí eile, de réir mar a bheidh, a dhéanamh i ndáil le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe agus forais chreidmheasa morgáiste ainmnithe araon;

(j) i gcás go bhfuiltear tar eis orduithe, rialacháin, fógraí rialaitheacha nó fógraí eile a dhéanamh faoi aon fhoráil de Chaibidil 1 nó d’alt 4, 61 nó 91 roimh thosach feidhme na Caibidle seo, ní bheidh feidhm ag na horduithe, na rialacháin, na fógraí rialaitheacha nó na fógraí eile sin, de réir mar a bheidh, maidir le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe;

(k) i gcás go ndéantar orduithe, rialacháin, fógraí rialaitheacha nó fógraí eile faoi aon fhoráil de Chaibidil 1 nó d’alt 4, 61 nó 91 tar éis thosach feidhme na Caibidle seo, ní bheidh feidhm ag na horduithe, na rialacháin, na fógraí rialaitheacha nó na fógraí eile sin, de réir mar a bheidh, i ndáil le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe mura rud é go bhfuil an méid sin arna fhoráil go sainráite leis na horduithe, na rialacháin, na fógraí rialaitheacha nó na fógraí eile sin;

(l) in alt 32(17), leasófar an tagairt do 103 faoin gcéad go 110 faoin gcéad;

(m) in ailt 33(6)(b), 34(1), 39A(a) agus 41A(2)(b) leasófar aon tagairt d’alt 32(16) go fo-alt (4) den alt seo; agus

(n) in ailt 61 agus 91 is tagairtí d’fhorálacha Chaibidil 1 tagairtí do na forálacha sin arna leasú leis an alt seo.

(2) Más foras creidmheasa morgáiste ainmnithe nó foras creidmheasa phoiblí ainmnithe foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe freisin, ceanglaítear ar an bhforas a chlár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála a choimeád ar leithligh, mar is infheidhme—

(a) óna chlár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste,

(b) óna chlár gnó urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí.

(3) Cuirfidh foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe an fhaisnéis seo a leanas san áireamh ina ráiteas airgeadais bliantúil, nó i ndoiciméad a ghabhann leis an ráiteas, i leith sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála a thaifeadtar sa chlár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála de chuid an fhorais:

(a) an líon sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála, amhail ag an dáta a chuirfear an ráiteas le chéile, agus méideanna na príomhshuime a neamhíoctha i leith na gcreidmheasanna gaolmhara á sonrú i dtráinsí ina mbeidh—

(i) €2,500,000 nó méid is lú ná sin,

(ii) méid is mó ná €2,500,000, ach nach mó ná €5,000,000,

(iii) méid is mó ná €5,000,000, ach nach mó ná €25,000,000,

(iv) méid is mó ná €25,000,000, ach nach mó ná €50,000,000, agus

(v) méid is mó ná €50,000,000;

(b) na limistéir gheografacha ina bhfuil na sócmhainní maoine gaolmhara suite agus líon agus céatadán na sócmhainní sin a shealbhaítear i ngach ceann de na limistéir sin;

(c) cibé acu atá aon sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála den sórt sin neamhthuillmheach amhail ar an dáta sin nó nach bhfuil, agus—

(i) líon na sócmhainní sin amhail ar an dáta sin, agus

(ii) méid iomlán na príomhshuime atá neamhíoctha i leith na sócmhainní sin ar an dáta sin;

(d) cibé acu a mhainnigh aon daoine a dhligh airgead faoi shócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála, le linn na bliana airgeadais de chuid an fhorais (más ann) díreach roimhe sin, íocaíochtaí a dhéanamh i leith na sócmhainní sin de bhreis ar €25,000 d’fhonn sócmhainní neamhthuillmheacha a dhéanamh díobh chun críocha an Achta seo aon tráth i gcaitheamh na bliana sin, agus má mhainnigh aon daoine den sórt sin, líon na sócmhainní sin a bhí á sealbhú i linn na sócmhainní faoi chumhdach ag an dáta ar chuige a leagadh amach an ráiteas airgeadais i gcomhair na bliana sin;

(e) líon na gcásanna ina bhfuil an foras tar éis sócmhainní eile a chur in ionad sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála toisc go raibh na sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála sin neamhthuillmheach;

(f) an méid iomlán úis i riaráiste i leith sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála den sórt sin nach bhfuil díscríofa ar an dáta sin;

(g) méid iomlán na n-íocaíochtaí príomhshuime a bheidh aisíoctha agus an méid iomlán úis a bheidh íoctha i leith na sócmhainní creidmheasa morgáiste tráchtála sin; agus

(h) aon fhaisnéis eile a bheidh forordaithe leis na rialacháin chun críocha an fho-ailt seo.

(4) Ní choiscfear le halt 32(15), arna chur chun feidhme maidir le forais chreidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe agus arna mhodhnú le fo-alt (1)(l), ar fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe gealltanas conarthach a thabhairt i leith mhargadhluach críonna na linne sócmhainní cumhdaigh a bheith níos mó ná iomlán mhéideanna ainmniúla nó príomh-mhéideanna na n-urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála arna n-eisiúint agus arna n-urrú ar an linn sin i gcás gur airde an leibhéal sócmhainní cumhdaigh a cheanglaítear a chothabháil sa linn leis an ngealltanas sin ná mar a cheanglaítear le halt 32(15) arna chur chun feidhme amhlaidh, ná ní dhéanfar difear don ghealltanas sin leis.”.

Leasú ar alt 42 den Phríomh-Acht.

31 .— Leasaítear alt 42 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (f), trí “agus do ghníomhaíochtaí eile a cheadaítear leis an bhfo-alt seo” a chur isteach i ndiaidh “(e)”, agus

(ii) i mír (g), trí “agus déileáil i gcomhthaobhacht fálaithe linne agus í a shealbhú” a chur isteach i ndiaidh “(f)”,

(b) i bhfo-alt (2)(b), trí “creidmheasa phoiblí” a chur in ionad “sócmhainne”, agus

(c) i bhfo-alt (3), sa mhíniú ar “sócmhainn idirbhirt creidmheasa”, trí “aon sócmhainn de dhroim na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(c) nó (f), sócmhainn creidmheasa phoiblí” a chur in ionad “sócmhainn creidmheasa phoiblí”.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht.

32 .— Leasaítear alt 43 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an dara habairt:

“Ach ní choisctear, leis an alt seo, ar fhoras den sórt sin, is foras creidmheasa ainmnithe a cheadaítear leis an Acht seo freisin, gníomhaíochtaí gnó a sheoladh ar féidir le foras creidmheasa morgáiste ainmnithe iad a sheoladh go dleathach.”.

Leasú ar alt 45 den Phríomh-Acht.

33 .— Leasaítear alt 45 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)(b), trí “(lena n-áirítear na conarthaí sin a bhaineann le comhthaobhacht fálaithe linne)” a chur isteach i ndiaidh “a dhéanamh”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

“(3) Más rud é—

(a) nach mbaineann conradh de shórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ach amháin leis na nithe seo a leanas—

(i) urrúis chreidmheasa phoiblí arna n-eisiúint ag foras creidmheasa phoiblí ainmnithe,

(ii) urrúis chreidmheasa phoiblí nó urrúis ionaid, nó iad araon, atá cuimsithe i linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag foras creidmheasa phoiblí ainmnithe, nó

(iii) na nithe seo a leanas araon—

(I) urrúis chreidmheasa arna n-eisiúint ag foras creidmheasa phoiblí ainmnithe, agus

(II) sócmhainní creidmheasa phoiblí nó sócmhainní ionaid, nó iad araon, atá cuimsithe i linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas sin,

agus

(b) gur chomhaontaigh an foras agus gach páirtí eile sa chonradh go bhfuil an conradh le cuimsiú sa linn sócmhainní cumhdaigh mar shócmhainn cumhdaigh,

cinnteoidh an foras go gcomhlíonfaidh an conradh ceanglais fho-ailt (4) agus (5).

(4) Maidir le conradh den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (3)—

(a) ní ceadmhach é a bheith ag baint ach amháin leis na nithe seo a leanas—

(i) urrúis faoi chumhdach creidmheasa phoiblí, arna n-eisiúint ag an bhforas,

(ii) sócmhainní creidmheasa phoiblí sócmhainní ionaid, nó iad araon, atá cuimsithe i linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil aige, nó

(iii) an dá ní seo a leanas araon—

(I) urrúis faoi chumhdach creidmheasa phoiblí, arna n-eisiúint ag an bhforas, agus

(II) sócmhainní creidmheasa phoiblí nó sócmhainní ionaid, nó iad araon, atá cuimsithe i linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil aige,

agus

(b) féadfar gurb é a bheidh ann conradh nó idirbheart amháin nó níos mó a bhainfidh amhlaidh leis na nithe sin, nuair a ghlactar le chéile iad go díreach nó go neamhdhíreach.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Déanfaidh foras ainmnithe creidmheasa phoiblí clár a bhunú agus a choimeád i leith aon chomhthaobhachta fálaithe linne a bheidh á sealbhú aige ó am go ham.

(11) Tabharfar an clár comhthaobhachta fálaithe linne ar an gclár dá dtagraítear i bhfo-alt (10) agus coimeádfar é ar leithligh ón gclár gnó urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí.

(12) Féadfar an clár comhthaobhachta fálaithe linne a choimeád i bhfoirm leabhair, i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm eile a fhad is gur féidir an clár a atáirgeadh ar shlí infheicthe.

(13) Déanfaidh an foras na sonraí seo a leanas a áireamh sa chlár comhthaobhachta fálaithe linne:

(a) sonraí na comhthaobhachta fálaithe linne a shealbhaíonn sé ó gach cuntrapháirtí i gconradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh;

(b) sonraí na gconarthaí fálaithe sócmhainní cumhdaigh a bhaineann leis an gcomhthaobhacht fálaithe linne;

(c) i gcás go bhfuil an foras cláraithe ina fhoras creidmheasa ainmnithe faoin Acht seo de níos mó ná cineál amháin, sonraí faoin linn iomchuí sócmhainní cumhdaigh lena mbaineann an chomhthaobhacht fálaithe linne; agus

(d) cibé sonraí eile a fhorordaítear leis na rialacháin arna ndéanamh ag an Údarás de bhun fho-alt (15).

(14) Mura rud é—

(a) go gceanglaíonn an tÚdarás a mhalairt, le hordachán i scríbhinn, cibé acu d’fhoras creidmheasa phoiblí ainmnithe aonair nó d’fhorais creidmheasa phoiblí ainmnithe i gcoitinne, nó de bhun fógra rialaithigh arna thabhairt de réir fho-alt (15), nó

(b) go bhfuil foras creidmheasa phoiblí ainmnithe dócmhainneach nó go bhfuil sé dócmhainneach go hionchasach,

ní gá toiliú an fhaireora sócmhainní cumhdaigh chun foras do dhéanamh, do leasú nó do scriosadh iontrála ina chlár comhthaobhachta fálaithe linne.

(15) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra rialaitheach a fhoilseofar san Iris Oifigiúil ceanglais i ndáil leis na nithe seo a leanas a shonrú—

(a) an cineál sócmhainní nó maoine a cháilíonn mar chomhthaobhacht fálaithe linne,

(b) an clár comhthaobhachta fálaithe linne a choimeád agus a oibriú,

(c) sonraí a áireoidh foras sa chlár comhthaobhachta fálaithe linne chun críocha mhír (d) d’fho-alt (13),

(d) na himthosca, de bhun fho-alt (14), ina bhfuil toiliú an fhaireora sócmhainní cumhdaigh ag teastáil chun foras creidmheasa phoiblí ainmnithe do dhéanamh, do leasú nó do scriosadh taifid ina chlár comhthaobhachta fálaithe linne.

(16) Féadfaidh an tÚdarás nó aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás an clár comhthaobhachta fálaithe linne a iniúchadh agus cóipeanna de a thógáil.

(17) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar fhoras creidmheasa phoiblí ainmnithe cibé faisnéis i ndáil le comhthaobhacht fálaithe linne a shealbhaíonn an foras sin a sholáthar don Údarás nó don fhaireoir sócmhainní cumhdaigh, nó dóibh araon, agus í a sholáthar ag cibé eatraimh a shonróidh an tÚdarás don fhoras.”.

Leasú ar alt 46 den Phríomh-Acht.

34 .— Leasaítear alt 46 den Phríomh-Acht trí fho-ailt (5), (6) agus (7) a scriosadh.

Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht.

35 .— Leasaítear alt 47 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5)(a), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

(b) i bhfo-alt (8)—

(i) i mír (d), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

(ii) trí “(ach, chun críocha an fho-ailt seo, gan aird a thabhairt ar éifeacht aon chomhthaobhachta fálaithe linne” a chur isteach i ndiaidh “na n-urrús sin”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Chun críocha fho-alt (8)(a), ciallaíonn ‘ré’, i ndáil leis an linn sócmhainní cumhdaigh nó na hurrúis faoi chumhdach creidmheasa phoiblí atá urraithe ar an linn, faoi réir fho-alt (9A), meántéarma ualaithe go haibiú phríomh-mhéid iomchuí na sócmhainní creidmheasa phoiblí agus na sócmhainní ionaid atá cuimsithe sa linn nó na n-urrús sin, de réir mar a bheidh, arna gcinneadh de réir foirmle nó critéar a shonraítear i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha an fho-ailt seo, tar éis éifeacht aon chonartha fálaithe sócmhainní faoi chumhdach iomchuí a dhéanfaidh an foras i ndáil leis an linn nó leis na hurrúis sin, nó leo araon, de réir mar a bheidh, a chur i gcuntas.

(9A) Chun críocha an mhínithe ar ‘ré’ i bhfo-alt (9), ní ceadmhach meántéarma ualaithe go haibiú phríomh-mhéid nó mhéid ainmniúil na sócmhainní creidmheasa phoiblí agus na sócmhainní ionaid atá cuimsithe sa linn sócmhainní faoi chumhdach a bheith níos mó ná 3 bliana níos mó ná meántéarma ualaithe go aibiú na n-urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí atá urraithe ar an linn sin tar éis éifeacht aon chonartha fálaithe sócmhainní faoi chumhdach iomchuí arna dhéanamh ag an bhforas i ndáil leis an linn nó leis na hurrúis sin, nó leo araon, de réir mar a bheidh, a chur i gcuntas.”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

“(11) Chun críche fho-alt (8)(b), ceanglaítear ar fhoras creidmheasa phoiblí ainmnithe leibhéal íosta ró-chomhthaobhachta rialaithí ar a linn sócmhainní cumhdaigh a chothabháil maidir leis na hurrúis chreidmheasa phoiblí faoi chumhdach arna n-eisiúint atá urraithe ar an linn.

(12) Chun críocha fho-alt (11), féadfaidh an tÚdarás, le fógra rialaitheach a dtabharfar fógra ina thaobh san Iris Oifigiúil

(a) foirmle nó critéar a shonrú—

(i) lena gcinnfear luach láithreach—

(I) sócmhainní creidmheasa phoiblí agus sócmhainní ionaid atá cuimsithe i linn sócmhainní cumhdaigh, agus

(II) urrúis faoi chumhdach creidmheasa phoiblí arna n-eisiúint atá urraithe ar an linn sin,

(ii) a fhéadfaidh conarthaí fálaithe sócmhainní cumhdaigh a bhaineann leis na sócmhainní nó na hurrúis sin, nó leo araon, a chur i gcuntas,

(b) minicíocht aon chinnidh ón bhforas creidmheasa phoiblí ainmnithe ar na luachanna láithreacha sin a shonrú.

(13) Ní dhéanfaidh fo-alt (11) difear d’aon ghealltanas ró-chomhthaobhúcháin conarthach arna thabhairt ag an bhforas agus is ábhar d’fheidhmeanna an fhaireora sócmhainní cumhdaigh faoi na Rialacháin fán Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne, 2001 (Ailt 61(1), 61(2) agus 61(3)) (Ró-Chomhthaobhúchán), 2002 (I.R. Uimh. 635 de 2002), i gcás gur gá, mar gheall ar an ró-chomhthaobhúchán conarthach sin, leibhéal sócmhainní cumhdaigh is airde a chothabháil sa linn sócmhainní cumhdaigh ná fo-alt (11).

(14) San alt seo—

ciallaíonn ‘gealltanas ró-chomhthaobhúcháin conarthach’ gealltanas conarthach arna thabhairt ag an bhforas creidmheasa phoiblí ainmnithe go ndéanfaidh an foras margadhluach críonna na linne sócmhainní cumhdaigh a chothabháil ag leibhéal sonraithe is mó ná iomlán phríomh-mhéideanna na n-urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí arna n-eisiúint atá urraithe ar an linn sin;

ciallaíonn ‘ró-chomhthaobhúchán rialaitheach’ gur méid nach lú ná 103 faoin gcéad ar a laghad, tar éis éifeacht aon chonartha fálaithe sócmhainní cumhdaigh atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh a chur i gcuntas, luach láithreach na sócmhainní creidmheasa phoiblí agus na sócmhainní ionaid atá sa linn sócmhainní cumhdaigh, arna shloinneadh mar chéatadán de luach láithreach na n-urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí arna n-eisiúint atá urraithe ar an linn sin.”.

Ar féidir a áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag foras creidmheasa phoiblí ainmnithe.

36 .— Aisghairtear alt 48 den Phríomh-Acht agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

“Ar féidir a áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag foras creidmheasa phoiblí ainmnithe.

48.— (1) Faoi réir fhorálacha eile na Caibidle seo, maidir le foras creidmheasa phoiblí ainmnithe—

(a) féadfaidh sé aon sócmhainn creidmheasa phoiblí nó sócmhainn ionaid atá suite laistigh de thír de chuid LEE nó de thír de chuid earnáil A a áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas,

(b) ní dhéanfaidh sé sócmhainn creidmheasa phoiblí ná sócmhainn ionaid nach bhfuil suite ach i dtír de chuid earnáil B amháin a áireamh sa linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní ceadmhach d’fhoras creidmheasa phoiblí ainmnithe na nithe seo a leanas a áireamh ina linn sócmhainní cumhdaigh—

(a) sócmhainn alt 5(1)(b) ná sócmhainn alt 5(1)(d) mura rud é go gcomhlíonann an tsócmhainn sin aon chaighdeáin nó critéir acmhainneachta creidmheasa a shonróidh an tÚdarás i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha na míre seo,

(b) sócmhainn alt 5(1)(c) mura rud é, maidir leis an tsócmhainn sin—

(i) go gcomhlíonann sí caighdeáin nó critéir ualaithe priacail maidir le leordhóthanacht chaipitiúil a shonróidh an tÚdarás i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha na míre seo, agus

(ii) go gcomhlíonann sí caighdeáin nó critéir acmhainneachta creidmheasa a shonróidh an tÚdarás i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha na míre seo.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), féadfaidh foras creidmheasa phoiblí ainmnithe sócmhainn alt 5(1)(b), sócmhainn alt 5(1)(c) nó sócmhainn alt 5(1)(d) a áireamh ina linn sócmhainní cumhdaigh ar choinníoll—

(a) go gcomhlíonann aon sócmhainní den sórt sin caighdeáin nó critéir acmhainneachta creidmheasa, nó caighdeáin nó critéir ualaithe priacail, a shonróidh an tÚdarás i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha na míre seo, agus

(b) nach mó ná 20% de mhéid ainmniúil nó de phríomh-mhéid chomhiomlán neamhíoctha na n-urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí arna n-eisiúint ag an bhforas méid ainmniúil nó príomh-mhéid comhiomlán na sócmhainní sin uile atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh aon tráth.

(4) Féadfaidh an tÚdarás a shonrú, le fógra rialaitheach arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil, caighdeáin nó critéir acmhainneachta creidmheasa nó, de réir mar is infheidhme, caighdeáin nó critéir ualaithe priacail chun críocha fho-ailt (2) agus (3)(a).

(5) Beidh aird ag an Údarás, le linn dó aon fhógra rialaitheach dá bhforáiltear i bhfo-alt (4) a dhéanamh, ar aon chaighdeáin nó critéir iomchuí is infheidhme faoin Treoir Chódaithe Baincéireachta atá iomchuí maidir le hurrúis airteagal 22(4) a cháilíonn mar bhannaí cumhdaigh chun críocha na Treorach sin.

(6) San alt seo—

ciallaíonn ‘ sócmhainn alt 5(1)( b ) ’ sócmhainn nó maoin a cháilíonn mar shócmhainn creidmheasa phoiblí de bhua alt 5(1)(b);

ciallaíonn ‘ sócmhainn alt 5(1)( c ) ’ sócmhainn nó maoin a cháilíonn mar shócmhainn creidmheasa phoiblí de bhua alt 5(1)(c);

ciallaíonn ‘ sócmhainn alt 5(1)( d ) ’ sócmhainn nó maoin a cháilíonn mar shócmhainn creidmheasa phoiblí de bhua alt 5(1)(d).”.

Leasú ar alt 49 den Phríomh-Acht.

37 .— Leasaítear alt 49 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “, (7) nó (11) nó aon ghealltanas conarthach dá dtagraítear in alt 32(14)” a chur in ionad “nó (7)”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Déanfaidh foras creidmheasa phoiblí ainmnithe, a luaithe is indéanta tar éis dó a fháil amach go ndéanfadh sócmhainn cumhdaigh atá á cuimsiú ina linn sócmhainní cumhdaigh alt 48(2) nó 50(8)(a) a shárú, dá n-áireodh an foras an tsócmhainn sin ina linn an tráth sin, an tsócmhainn cumhdaigh sin a bhaint as a linn sócmhainní cumhdaigh agus, i gcás go gceanglaítear sin leis an Acht seo, í a ionadú de réir alt 50. Ní ceadmhach don fhoras aon urrúis bhreise faoi chumhdach creidmheasa phoiblí a eisiúint go dtí go mbeidh na bearta sin déanta.”.

Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

38 .— Leasaítear alt 50 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

(b) i bhfo-alt (3), trí “nuair atá sí ar áireamh” a chur in ionad “ atá ar áireamh”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (8) agus (9):

“(8) Ní ceadmhach d’fhoras creidmheasa phoiblí ainmnithe, aon tráth, sócmhainn ionaid a áireamh i linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag an bhforas—

(a) mura rud é go gcomhlíonann an tsócmhainn ionaid lena mbaineann na caighdeáin nó na critéir acmhainneachta creidmheasa is infheidhme maidir léi agus a shonróidh an tÚdarás i bhfógra rialaitheach arna dhéanamh chun críocha an fho-ailt seo, nó

(b) más rud é, tar éis an tsócmhainn ionaid lena mbaineann a áireamh sa linn, go mba mhó margadhluach críonna iomlán na sócmhainní ionaid go léir a bheadh ansin ar áireamh sa linn an tráth iomchuí ná céatadán forordaithe méid ainmniúil chomhiomláin nó príomh-mhéid comhiomláin urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí neamhíoctha atá urraithe ar an linn. Chun críocha an fho-ailt seo, is é 15 faoin gcéad an céatadán forordaithe.

(9) Féadfaidh an tÚdarás, trí fhógra rialaitheach a fhoilseofar san Iris Oifigiúil, caighdeáin nó critéir maidir le hacmhainneacht creidmheasa a shonrú chun críocha fho-alt (8) agus maidir leis na caighdeáin nó na critéir sin—

(a) féadfar aird a thabhairt leo ar chaighdeáin nó ar chritéir maidir le hacmhainneacht creidmheasa faoin Treoir Chódaithe Baincéireachta atá iomchuí maidir le sócmhainní ionaid agus sócmhainní airteagal 22(4) atá cáilithe mar bhannaí cumhdaithe chun críocha na Treorach sin, agus

(b) féadfar idirdhealú a dhéanamh leo idir sócmhainní ionaid a bhfuil ré aibíochta uasta 100 lá acu agus na sócmhainní ionaid sin a bhfuil ré aibíochta níos faide acu.”.

Leasú ar alt 51 den Phríomh-Acht.

39 .— Leasaítear alt 51(4) den Phríomh-Acht trí “cuimsithe sa” a chur in ionad “ar áireamh sa”.

Leasú ar alt 53 den Phríomh-Acht.

40 .— Leasaítear alt 53(5) den Phríomh-Acht trí “, a scriosadh” a chur isteach i ndiaidh “a dhéanamh”.

Srianta áirithe ar linn sócmhainní cumhdaigh de chuid forais creidmheasa phoiblí ainmnithe a chur i leataobh.

41 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 54:

“Srianta áirithe ar linn sócmhainní cumhdaigh de chuid forais creidmheasa phoiblí ainmnithe a chur i leataobh.

54A.— Fad—

(a) a bheidh linn sócmhainní cumhdaigh arna cothabháil ag foras creidmheasa phoiblí ainmnithe comhdhéanta, go páirteach, de shócmhainní cumhdaigh a chomhlíonann ceanglais alt 47(8) agus (11) agus ceanglais aon ghealltanais chonarthaigh ró-chomhthaobhúcháin arna thabhairt ag an bhforas dá dtagraítear in alt 47(13), agus

(b) a chomhlíonfaidh na sócmhainní cumhdaigh sin ceanglais eile na Coda seo,

ansin ní bheidh feidhm ag aon fhoráil den Chuid seo lena gcuirtear srian leis an gcion nó leis an gcéatadán den linn sócmhainní cumhdaigh a fhéadfaidh a bheith comhdhéanta de shócmhainní cumhdaigh áirithe ná ní bheidh feidhm ag critéir ná ag caighdeáin is infheidhme i leith sócmhainní cumhdaigh maidir le haon sócmhainní cumhdaigh eile den sórt sin atá cuimsithe nó a bheidh cuimsithe ó am go ham sa linn sócmhainní cumhdaigh sin, agus déanfar forálacha na Coda seo a fhorléiriú dá réir sin.”.

Leasú ar alt 55 den Phríomh-Acht.

42 .— Leasaítear alt 55 den Phríomh-Acht—

(a) i mír (a), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(ab) i gcás sócmhainní creidmheasa phoiblí atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh ar oibleagáidí airgeadais de chuid eintitis dá dtagraítear in alt 5(1)(d) iad, tagairt do na cineálacha sin sócmhainní creidmheasa phoiblí agus líon agus céatadán na sócmhainní sin is inchurtha i leith na hearnála sin,”,

agus

(c) i mír (b), trí “chun críocha an ailt seo” a chur in ionad “chun críocha an fho-ailt seo”.

Leasú ar alt 56 den Phríomh-Acht.

43 .— Leasaítear alt 56(1) den Phríomh-Acht—

(a) trí “sócmhainne creidmheasa atá cuimsithe” a chur in ionad “sócmhainne creidmheasa atá ar áireamh”, agus

(b) trí “an dáta lena mbaineann” a chur in ionad “an dáta a dhéantar an tsócmhainn a áireamh sa linn”.

Leasú ar alt 58 den Phríomh-Acht.

44 .— Leasaítear alt 58 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12):

“(12A) Beidh, agus measfar go raibh riamh, teideal ag foras creidmheasa ainmnithe a shócmhainní nó a ghnó a aistriú ar aon mhodh a cheadaítear le dlí seachas an t-alt seo.”.

Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht.

45 .— Leasaítear alt 61 den Phríomh-Acht —

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “32(8) agus (15)” a chur in ionad “32(8)”, agus

(ii) trí “, 38(4) agus (5) agus 41A(1)(c)” a chur in ionad “agus 38(4) agus (5)”, agus

(b) i bhfo-alt (2)(b), trí “agus” a chur in ionad “nó”.

Leasú ar alt 62 den Phríomh-Acht.

46 .— Leasaítear alt 62(1) den Phríomh-Acht trí “47(8) agus (11)” a chur in ionad “47(8)”.

Leasú ar alt 66 den Phríomh-Acht.

47 .— Leasaítear alt 66 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)(a), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”, agus

(b) i bhfo-alt (3)(b), trí “, sócmhainne ionaid nó conartha fálaithe sócmhainní cumhdaigh” a chur in ionad “nó sócmhainne ionaid”.

Leasú ar alt 71 den Phríomh-Acht.

48 .— Leasaítear alt 71(c) den Phríomh-Acht trí “agus sócmhainní ionaid” a chur in ionad “, nó sócmhainní ionaid cuí”.

Leasú ar alt 72 den Phríomh-Acht.

49 .— Leasaítear alt 72 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Féadfaidh an tÚdarás, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt do bhainisteoir arna cheapadh nó arna ceapadh i leith forais creidmheasa ainmnithe, cibé freagrachtaí nó cumhachtaí breise a thabhairt don bhainisteoir sin is dóigh leis is cuí chun gníomhaíochtaí gnó urrús faoi chumhdach sócmhainne de chuid an fhorais a bhainistiú go héifeachtach.

(7) Má dhéantar leachtaitheoir, scrúdaitheoir nó glacadóir a cheapadh i leith forais creidmheasa ainmnithe dá mbeidh bainisteoir ceaptha, féadfaidh an bainisteoir socruithe a dhéanamh maidir le bainistiú an fhorais, lena n-áirítear cibé nithe a shonrófar san fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (6). Maidir leis na socruithe sin—

(a) ní mór socruithe a bheith ar áireamh iontu a bhaineann le luach saothair an bhainisteora agus leis na costais a thabhóidh sé nó sí a íoc, agus

(b) beidh siad faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonrófar san fhógra sin nó a chuirfidh an tÚdarás in iúl don bhainisteoir i scríbhinn.

(8) Gan fo-alt (6) a theorannú, i gcás go bhfuil maoin nó sócmhainní, atá suite chun críocha an Achta seo lasmuigh den Stát, ag foras creidmheasa ainmnithe a bhfuil bainisteoir ceaptha ina leith agus go bhfuil na sócmhainní sin nó an mhaoin sin iomchuí maidir le feidhmeanna an bhainisteora faoin Acht seo, féadfaidh an bainisteoir, le toiliú i scríbhinn roimh ré ón Údarás, gníomhairí a cheapadh ag a mbeidh cibé cumhachtaí de chuid an bhainisteora, agus féadfaidh sé nó sí iad a cheapadh ar cibé téarmaí, a mheasfaidh an bainisteoir is gá chun a chumasú don bhainisteoir feidhmeanna an bhainisteora faoin Acht seo a chomhlíonadh agus measfar, chun críocha an Achta seo, gur éilimh ón mbainisteoir na héilimh ó aon ghníomhaire den sórt sin.”.

Leasú ar alt 78 den Phríomh-Acht.

50 .— Leasaítear alt 78(a) den Phríomh-Acht trí “nó i bhfógra dá dtagraítear in alt 72(6)” a chur isteach i ndiaidh “i bhfógra ceapacháin an bhainisteora”.

Leasú ar alt 81 den Phríomh-Acht.

51 .— Leasaítear alt 81 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Faoi réir alt 27(6), sa Chuid seo folaíonn aon tagairt do ‘ sócmhainní cumhdaigh ’ nó do ‘ linn sócmhainní cumhdaigh ’—

(a) i gcás sócmhainní creidmheasa morgáiste, sócmhainní creidmheasa phoiblí agus sócmhainní ionaid arb éard iad sócmhainní cumhdaigh nó atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh, aon urrús de réir bhrí alt 58, ráthaíocht, slánaíocht agus árachas atá ar seilbh ag an bhforas creidmheasa ainmnithe i leith na sócmhainní sin,

(b) i gcás conarthaí fálaithe sócmhainní cumhdaigh, aon urrús de réir bhrí alt 58, ráthaíocht, slánaíocht agus árachas atá ar seilbh ag an bhforas creidmheasa ainmnithe le haghaidh na gconarthaí sin, nó aon chomhthaobhacht fálaithe linne a sholáthraítear don fhoras faoi na conarthaí sin.

(5) Aon tagairt sa Chuid seo do ‘conradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh’ folaíonn sé aon chearta, oibleagáidí agus teideal de chuid an fhorais creidmheasa ainmnithe chun comhthaobhachta fálaithe linne nó chun urrúis de réir bhrí alt 58, nó sa chéanna, nó a eascraíonn as an gcéanna, a sholáthraítear don fhoras faoin gconradh sin nó le haghaidh an chonartha sin.”.

Leasú ar alt 83 den Phríomh-Acht.

52 .— Leasaítear alt 83 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “, nó a bhí ainmnithe tráth,” a chur isteach i ndiaidh “ainmnithe”, agus

(ii) trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

agus

(b) i bhfo-alt (5)—

(i) trí “nó a chur chun feidhme” a chur isteach i ndiaidh “a dhiúscairt”, agus

(ii) trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”.

Leasú ar alt 85 den Phríomh-Acht.

53 .— Leasaítear alt 85(2) agus (3) den Phríomh-Acht trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”.

Leasú ar alt 88 den Phríomh-Acht.

54 .— Leasaítear alt 88 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “, nó a bhí ainmnithe tráth,” a chur isteach i ndiaidh “ainmnithe”, agus

(ii) trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) trí “, nó a bhí ainmnithe tráth,” a chur isteach i ndiaidh “ainmnithe”,

(ii) trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”, agus

(iii) i mír (b), trí “(ach gan aird a thabhairt, chun críocha an fho-ailt seo, ar aon éilimh ar na sócmhainní sin a eascróidh as dlíthe sainordaitheacha sna dlínsí iomchuí ná ar aon chostais a bhainfidh leis an leas urrúis a riaradh agus le sócmhainní a réadú faoin leas urrúis)” a chur isteach i ndiaidh “leis an gCuid seo”,

(c) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “, nó a bhí ainmnithe tráth,” a chur isteach i ndiaidh “ainmnithe”, agus

(ii) trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás go ndeonaítear leas urrúis den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i bhfabhar iontaobhaí nó ionadaí eile ar mhaithe leis na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) (a bhféadfadh éilimh an iontaobhaí sin nó an ionadaí eile sin ina cheart féin a bheith ar áireamh ann), ansin measfar, chun críocha an Achta seo, gur éilimh creidiúnaithe forthosaíochta iad éilimh an iontaobhaí sin nó an ionadaí eile sin ina cheart féin arna gcomhaontú ag an mbainisteoir, nó i gcás nach mbeidh aon bhainisteoir ceaptha chun an fhorais, ag an bhfaireoir sócmhainní cumhdaigh.

(3B) Féadfaidh an faireoir sócmhainní cumhdaigh nó aon bhainisteoir socruithe a dhéanamh le haon iontaobhaí nó ionadaí eile dá dtagraítear i bhfo-alt (5)—

(a) i dtaca lena bhfeidhmeanna faoi seach faoin Acht seo agus le hoibríochtaí a bhaineann le sócmhainní cumhdaigh atá freisin faoi réir na socruithe slándála dá dtagraítear i bhfo-alt (2),

(b) i dtaca lena bhfeidhmeanna faoi seach faoin Acht seo agus forfheidhmiú nó riaradh sócmhainní cumhdaigh atá freisin faoi réir socruithe slándála dá dtagraítear i bhfo-alt (2).”.

Leasú ar alt 89 den Phríomh-Acht.

55 .— Leasaítear alt 89(2)(a) den Phríomh-Acht trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”.

Forálacha is infheidhme i gcás gur de bhreis agus cineál forais creidmheasa ainmnithe amháin é foras creidmheasa.

56 .— Aisghairtear alt 90 den Phríomh-Acht agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

“Forálacha is infheidhme i gcás gur de bhreis agus cineál forais creidmheasa ainmnithe amháin é foras creidmheasa.

90.— (1) Más rud é, maidir le foras creidmheasa is foras creidmheasa morgáiste ainmnithe agus foras creidmheasa ainmnithe de chineál eile a cheadaítear faoin Acht seo araon, nó b’fhoras creidmheasa morgáiste ainmnithe agus foras creidmheasa ainmnithe de chineál eile a cheadaítear faoin Acht seo araon tráth—

(a) go bhfuil urrúis faoi chumhdach morgáiste eisithe aige, nó

(b) go bhfuil conradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh déanta aige atá cuimsithe ina chlár gnó sócmhainní faoi chumhdach creidmheasa morgáiste,

ní urraítear cearta shealbhóir na sócmhainní sin ná cearta gach páirtí eile sa chonradh, ach amháin ar na sócmhainní cumhdaigh atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh iomchuí.

(2) Más rud é, maidir le foras creidmheasa is foras creidmheasa phoiblí ainmnithe agus foras creidmheasa ainmnithe de chineál eile a cheadaítear faoin Acht seo araon, nó b’fhoras creidmheasa phoiblí ainmnithe agus foras creidmheasa ainmnithe de chineál eile a cheadaítear faoin Acht seo araon tráth—

(a) go bhfuil urrúis faoi chumhdach creidmheasa phoiblí eisithe aige, nó

(b) go bhfuil conradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh déanta aige atá cuimsithe ina chlár gnó urrús faoi chumhdach creidmheasa phoiblí,

ní urraítear cearta shealbhóirí na n-urrús sin ná cearta gach páirtí eile sa chonradh, ach amháin ar na sócmhainní cumhdaigh atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh iomchuí.

(3) Más rud é, maidir le foras creidmheasa is foras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe agus foras creidmheasa ainmnithe de chineál eile a cheadaítear leis an Acht seo araon, nó b’fhoras creidmheasa morgáiste tráchtála ainmnithe agus foras creidmheasa ainmnithe de chineál eile a cheadaítear leis an Acht seo araon tráth—

(a) go bhfuil urrúis faoi chumhdach morgáiste tráchtála eisithe aige, nó

(b) go bhfuil conradh fálaithe sócmhainní cumhdaigh déanta aige atá cuimsithe ina chlár gnó urrús faoi chumhdach morgáiste tráchtála,

ní urraítear cearta shealbhóirí na n-urrús sin ná cearta gach páirtí eile sa chonradh, ach amháin ar na sócmhainní cumhdaigh atá cuimsithe sa linn sócmhainní cumhdaigh iomchuí.”.

Leasú ar alt 91 den Phríomh-Acht.

57 .— Leasaítear alt 91 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)—

(i) i míreanna (b) agus (c), trí “linn” a chur in ionad “linnte”,

(ii) i mír (e), trí “cuimsithe” a chur in ionad “ar áireamh”,

(iii) i mír (k), trí “ceanglais a fhorordú” a chur in ionad “na forálacha den Acht seo a fhorlíonadh”, agus

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (l):

“(l) ceanglais a fhorordú a bhaineann le socruithe cómhalartacha a dhéanamh le tíortha cáilitheacha de réir alt 102.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfaidh an tÚdarás, le fógra rialaitheach arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil, ceanglais a bheidh de réir fhorálacha an Achta seo a fhorchur chun a chinntiú go gcomhlíonann urrúis faoi chumhdach sócmhainne critéir a bhfuil feidhm acu maidir le hurrúis airteagal 22(4) a cháilíonn mar bhannaí faoi chumhdach faoi cheann amháin de na nithe seo a leanas—

(a) an Treoir Chódaithe Baincéireachta, nó

(b) aon treoir nó rialachán arna déanamh nó arna dhéanamh ag orgain inniúla den Aontas Eorpach a bheidh curtha i ngníomh faoi dhlíthe an Stáit.”.

Prionsabail agus beartais is infheidhme maidir le horduithe, etc., a dhéanamh faoin bPríomh-Acht.

58 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 95:

“Prionsabail agus beartais is infheidhme maidir le horduithe, etc. a dhéanamh faoin Acht seo.

95A.— Nuair a dhéanfaidh an tAire nó an tÚdarás ordú, rialachán, fógra rialaitheach nó fógra eile faoin Acht seo, beidh aird ag an Aire nó ag an Údarás, de réir mar a bheidh, ar na prionsabail agus na beartais seo a leanas a mhéid is infheidhme maidir leis an ordú, leis an rialachán, leis an bhfógra rialaitheach nó leis an bhfógra eile lena mbaineann, de réir mar a bheidh:

(a) críocha an Achta seo mar a leagtar amach iad in alt 2;

(b) an gá atá ann gnó de chineál amháin nó níos mó d’fhorais chreidmheasa ainmnithe a cheadaítear leis an Acht seo a fhorbairt ag féachaint do mhargaí baile nó idirnáisiúnta ina n-oibríonn na forais nó ina mbeartaíonn siad oibriú;

(c) an gá atá ann leasanna creidiúnaithe tosaíochta nó creidiúnaithe eile de chineál amháin nó níos mó d’fhorais chreidmheasa ainmnithe a cheadaítear leis an Acht seo a chosaint;

(d) an gá atá le rialáil chomhréireach chuí cineál amháin nó níos mó d’fhorais chreidmheasa ainmnithe a cheadaítear leis an Acht seo; agus

(e) an Treoir Chódaithe Baincéireachta agus aon rialacháin agus treoracha arna ndéanamh ag orgain inniúla den Aontas Eorpach a cuireadh i bhfeidhm faoi dhlíthe an Stáit a bhaineann le hurrúis airteagal 22(4) agus le hurrúis faoi chumhdach sócmhainne.”.

Leasuithe breise ar an bPríomh-Acht.

59 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 106:

“Leasuithe breise ar an Acht seo.

107.— (1) Féadfaidh an tAire, le hordú arna chur in iúl san Iris Oifigiúil, dáta a cheapadh chun críocha Chuid 1, 2 nó 3 de Sceideal 3.

(2) Ar an dáta a cheapfar faoi fho-alt (1) i gcomhair Coda de Sceideal 3, leasaítear an tAcht seo mar a shonraítear sa Chuid sin.”.

Sceideal 3 — leasuithe breise ar an bPríomh-Acht.

60 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 2:

“SCEIDEAL 3

LEASUITHE BREISE AR AN ACHT SEO

Alt 107 .

CUID 1

Tagairtí do shócmhainn de chuid shraith 2 a scriosadh

Mír Uimh.

An t-alt dá ndéantar difear

Leasú

1.

Alt 3

(a) I bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “sócmhainn de chuid shraith 1”, “poiblí.” a chur in ionad “poiblí; agus”.

(b) I bhfo-alt (1), an míniú ar “sócmhainn de chuid shraith 2” a scriosadh.

2.

Alt 27

(a) I bhfo-alt (1), mír (e) a scriosadh.

(b) I bhfo-alt (3), sa mhíniú ar “sócmhainn idirbhirt creidmheasa”, “nó sócmhainn ionaid” a chur in ionad “, sócmhainn ionaid nó sócmhainn de chuid shraith 2”.

3.

Alt 31

(a) I bhfo-alt (3), “agus sócmhainní de chuid shraith 2” a scriosadh.

(b) I bhfo-alt (5), “nó sócmhainní de chuid shraith 2” a scriosadh.

4.

Alt 41

I bhfo-alt (5), “sócmhainní de chuid shraith 2,” a scriosadh.

5.

Alt 42

(a) I bhfo-alt (1), mír (e) a scriosadh.

(b) I bhfo-alt (3), sa mhíniú ar “sócmhainn idirbhirt creidmheasa”, “nó sócmhainn ionaid” a chur in ionad “, sócmhainn ionaid nó sócmhainn de chuid shraith 2”.

6.

Alt 46

I bhfo-alt (4), “nó sócmhainní de chuid shraith 2” a scriosadh.

7.

Alt 56

I bhfo-alt (5), “sócmhainní de chuid shraith 2” a scriosadh.

CUID 2

Tagairtí do shócmhainn de chuid shraith 1 a scriosadh

Mír Uimh.

An t-alt dá ndéantar difear

Leasú

1.

Alt 3

(a) I bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “achtachán maoirseachta”, “sin.” a chur in ionad “sin;”.

(b) I bhfo-alt (1), an míniú ar “sócmhainn de chuid shraith 1” a scriosadh.

(c) I bhfo-alt (2)—

(i) mír (b) a scriosadh, agus

(ii) i mír (c)—

(I) “risíocht” a chur in ionad “taisce airgid”, agus

(II) “is ábhar don risíocht” a chur in ionad “a shealbhaíonn an taisce”.

(d) Fo-alt (3) a scriosadh.

(e) I bhfo-alt (4)—

(i) mír (b) a scriosadh, agus

(ii) i mír (c)—

(I) “risíocht” a chur in ionad “taisce airgid”, agus

(II) “is ábhar don risíocht” a chur in ionad “a shealbhaíonn an taisce”.

(f) an méid seo a leanas a chur isteach in ionad fho-alt (5):

“(5) I bhfo-alt (4), ciallaíonn ‘príomh-oibleagáid airgeadais’ na hoibleagáidí airgeadais lena gcumasaítear don tsócmhainn cáiliú mar shócmhainn creidmheasa phoiblí.”.

2.

Alt 6

I bhfo-alt (1), mír (b) a scriosadh.

CUID 3

Na mínithe ar “Banc Ceannais Eorpach” agus “banc ceannais náisiúnta” a scriosadh

Mír-Uimh.

An t-alt dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 3

I bhfo-alt (1), na mínithe ar “Banc Ceannais Eorpach” agus “banc ceannais náisiúnta” a scriosadh.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

61 .— (1) Féadfar an tAcht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001 agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001 agus 2007 a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

1 IO Uimh. L 375, 31.12.1985, lch. 03

2 IO Uimh. L 100, 19.04.1988, lch. 31

3 IO L 177, 30.06.2006, lch. 1