Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear )

15 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2007


AN tACHT CRAOLACHÁIN (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

2 . Léiriú.

3 . Feidhmeanna breise de chuid an Údaráis.

4 . Feidhmeanna breise de chuid an Choimisiúin.

5 . Dualgas an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide i leith ilphléacsanna teilifíse digití trastíre.

6 . Dualgas an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide i leith ilphléacsanna craolacháin fuaime trastíre digiteacha.

7 . Rialacháin lena bhforordaítear táillí.

8 . Iarratais ar chonarthaí ilphléacs.

9 . Cinneadh ar iarratais ar chonarthaí ilphléacs a dheonú.

10 . Téarmaí agus coinníollacha conarthaí ilphléacs.

11 . Analóg a mhúchadh.

12 . Leasuithe ar alt 12 d’Acht 2001.

13 . Leasuithe ar alt 16 d’Acht 2001.

14 . Leasuithe ar alt 28 d’Acht 2001.

15 . Leasú ar alt 32 d’Acht 2001.

16 . Leasuithe ar alt 45 d’Acht 2001.

17 . Aisghairm.

18 . Caiteachais.

AN SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Craolacháin 1990

1990, Uimh. 24

An tAcht Craolacháin 2001

2001, Uimh. 4

An tAcht um Údarás Craolacháin 1960

1960, Uimh. 10

Na nAchtanna um Údarás Craolacháin 1960 go 2001

An tAcht um Rialáil Cumarsáide 2002

2002, Uimh. 20

An tAcht Raidió agus Teilifíse 1988

1988, Uimh. 20

An tAcht Radio-Thelegrafaíochta 1926

1926, Uimh. 45

Na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2007


AN tACHT CRAOLACHÁIN (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE CRAOLACHÁN, CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE hÁBHAR CLÁR A SHOLÁTHAR CHUN CRÍCHE A THARCHURTHA AGUS TARCHUR AN ÁBHAIR SIN AGUS SONRAÍ GAOLMHARA AGUS EILE AR MHODH DIGITEACH, I nDÁIL LE CÓNASCADH ÁBHAIR CLÁR DEN SÓRT SIN, I nDÁIL LE SEIRBHÍSÍ ÁIRITHE A CHRAOLADH CHUIG POBAIL ÉIREANNACHA LASMUIGH D’OILEÁN NA hÉIREANN, I nDÁIL LE SCOR DE SHEIRBHÍSÍ ÁIRITHE CRAOLACHÁIN A THARCHUIRTEAR AR MHODH ANALÓIGE, DO THABHAIRT FEIDHMEANNA BREISE DON CHOIMISIÚN UM RIALÁIL CUMARSÁIDE, DO RADIO TELEFÍS ÉIREANN, DO CHOIMISIÚN CRAOLACHÁIN NA hÉIREANN AGUS DO THEILIFÍS NA GAEILGE, DO THABHAIRT CUMHACHTA FAOI RÉIR CEADÚNAIS DO THEILIFÍS NA GAEILGE, DO LEASÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN 1960 GO 2001 AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[10 Aibreán, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Craolacháin (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin 1960 go 2007 a ghairm de na hAchtanna um Údarás Craolacháin 1960 go 2001 agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Craolacháin, 1960 go 2001, agus an tAcht seo (a mhéid a leasaítear nó a leathnaítear na hAchtanna sin leis) a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht um Údarás Craolacháin 1960;

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Raidió agus Teilifíse 1988;

ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht Craolacháin 1990;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Craolacháin 2001;

ciallaíonn “an tÚdarás” Radio Telefís Éireann;

ciallaíonn “an Coimisiún” an comhlacht arna bhunú le halt 3 (arna oiriúnú le halt 10 d’Acht 2001) d’Acht 1988;

tá le “conradh lánais dhigitigh” an bhrí a shanntar dó le halt 12 d’Acht 2001;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha;

ciallaíonn “ilphléacs” córas leictreonach lena gcumasctar ábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile i bhfoirm dhigiteach agus tarchur an ábhair sin agus na sonraí sin arna gcumasc amhlaidh trí radaitheileagrafaíocht go díreach nó go neamhdhíreach lena ghlacadh ag an bpobal i gcoitinne;

ciallaíonn “ábhar clár” ábhar closamhairc nó closábhar agus folaíonn sé fógráin agus ábhar arb é a bheidh ann, nuair a tharchuirtear é, earraí nó maoin eile (cibé acu réadach nó pearsanta) nó seirbhísí a thairiscint go díreach lena ndíol leis an bpobal nó lena soláthar don phobal;

ciallaíonn “ilphléacs fuaimchraolacháin” ilphléacs ar fuaimábhar is mó atá san ábhar clár atá ann;

ciallaíonn “Teilifís na Gaeilge” an comhlacht arna bhunú le halt 44 d’Acht 2001;

ciallaíonn “ilphléacs teilifíse” ilphléacs ar ábhar teilifíse is mó atá san ábhar clár atá ann;

tá le “conradh seirbhíse clár teilifíse” agusconraitheoir seirbhíse clár teilifíse an bhrí chéanna atá leo in alt 4(2)(b) d’Acht 1988.

Feidhmeanna breise de chuid an Údaráis.

3 .— (1) Leasaítear leis seo alt 16 d’Acht 1960—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh an tÚdarás seirbhís náisiúnta craolacháin teilifíse agus fuaime agus déanfaidh sé ilphléacs náisiúnta amháin nó níos mó a bhunú, a chothabháil agus a oibriú agus féadfaidh sé seirbhísí craolacháin de chineál áitiúil, pobail nó réigiúnach a bhunú agus a chothabháil agus beidh na cumhachtaí sin go léir aige is gá chun na gcríoch sin nó a ghabhann leis na críocha sin.”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Bunóidh agus cothabhálfaidh an tÚdarás seirbhís craolacháin teilifíse agus seirbhís craolacháin fuaime ar seirbhísí iad a chuirfear ar fáil, a mhéid a mheasann an tÚdarás a bheith indéanta le réasún, do phobail Éireannacha lasmuigh d’oileán na hÉireann agus beidh na cumhachtaí sin go léir ag an Údarás is gá chun na críche sin nó a ghabhann leis na críocha sin.

(1B) Beidh an tseirbhís craolacháin teilifíse agus an tseirbhís craolacháin fuaime a bhunófar agus a chothabhálfar de bhun fho-alt (1A) de chineál seirbhíse poiblí.

(1C) Féachfaidh an tÚdarás lena chinntiú, maidir le clársceidil na seirbhíse craolacháin teilifíse agus na seirbhíse craolacháin fuaime a bhunófar agus a cothabhálfar de bhun fho-alt (1A), go mbeidh siad, a mhéid is indéanta le réasún, ionadaitheach do chlársceidil na seirbhísí náisiúnta craolacháin teilifíse agus craolacháin fuaime dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus i bhfo-alt (1) d’alt 45 d’Acht 2001.

(1D) Chun críocha fho-alt (1C), déanfaidh Teilifís na Gaeilge ábhar clár atá ionadaitheach do chlársceidil na seirbhíse náisiúnta craolacháin teilifíse dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’alt 45 d’Acht 2001 a sholáthar don Údarás, i cibé méideanna agus ag cibé tráthanna a chomhaontófar eatarthu.”,

agus

(c) i bhfo-alt (3) den alt sin trí “an fheidhm a thugtar don Údarás de bhua fho-alt (1) den alt seo chun ilphléacs náisiúnta amháin nó níos mó a bhunú, a chothabháil agus a oibriú agus” a chur isteach i ndiaidh “Ní dhéanfar”.

(2) (a) Déanfar socrú le hilphléacs náisiúnta arna bhunú, arna chothabháil agus arna bhunú ag an Údarás faoi alt 16(1) d’Acht 1960 maidir le craoladh na seirbhísí seo a leanas i bhfoirm dhigiteach—

(i) an tseirbhís náisiúnta craolacháin teilifíse ar a dtugtar RTÉ a hAon agus RTÉ a Dó de ghnáth;

(ii) an tseirbhís náisiúnta chraolacháin teilifíse arna bunú agus arna cothabháil ag Teilifís na Gaeilge faoi alt 45(1) d’Acht 2001.

(b) Déanfar an t-ilphléasc náisiúnta teilifíse dá dtagraítear i mír (a) a bhunú mar ábhar tosaíochta agus áiritheofar leis, in am trátha, go mbeidh an tseirbhís náisiúnta craolacháin teilifíse dá dtagraítear i mír (a)(i) ar fáil i bhfoirm dhigiteach saor go haer go feadh méid atá den tsamhail atá ar fáil faoi láthair i bhfoirm analóige saor go haer.

(c) Ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo an tÚdarás ar shocrú a dhéanamh in ilphléacs arna bhunú, arna chothabháil agus arna oibriú ag an Údarás faoi alt 16(1) d’Acht 1960 chun ábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile seachas sonraí a chraoltar mar chuid de sheirbhís a shonraítear i mír (a) a chraoladh i bhfoirm digiteach.

(3) Déanfaidh Teilifís na Gaeilge cibé íocaíochtaí tréimhsiúla nó íocaíochtaí eile i leith aon seirbhíse a sholáthraíonn an tÚdarás chun críocha fho-alt (2)(a)(ii) a thabhairt don Údarás de réir mar a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás agus le Teilifís na Gaeilge.

(4) I gcás nach measann Teilifís na Gaeilge gur leor an cumas digiteach a úsáideann an tÚdarás chun críocha fho-alt (2)(a)(ii), féadfaidh an tAire, ar iarraidh a fháil ó Theilifís na Gaeilge, a ordú don Údarás méid sonrach cumais dhigitigh a úsáid.

(5) Déanfaidh an tAire, ar iarraidh a fháil ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, a cheangal ar an Údarás socrú a dhéanamh in ilphléacs arna bhunú, arna chothabháil agus arna oibriú ag an Údarás faoi alt 16(1) d’Acht 1960 maidir leis an tseirbhís clár teilifíse a sholáthraíonn an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse faoin gconradh seirbhíse clár teilifíse a chraoladh ar mhodh digiteach.

(6) Má chuireann an tAire ceanglas ar an Údarás faoi fho-alt (5), déanfaidh an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse leis an Údarás cibé íocaíochtaí tréimhsiúla nó íocaíochtaí eile a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás agus leis an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse, i leith aon seirbhíse a sholáthróidh an tÚdarás chun an ceanglas sin a chomhall.

(7) Má chuireann an tAire ceanglas ar an Údarás faoi fho-alt (5) agus más rud é nach measann an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse gur leor an cumas digiteach a úsáideann an tÚdarás i leith aon seirbhíse a sholáthraíonn an tÚdarás chun an ceanglas a chomhall, féadfaidh an tAire, ar iarraidh a fháil ón gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, a ordú don Údarás méid sonrach cumais dhigitigh a úsáid.

Feidhmeanna breise de chuid an Choimisiúin.

4 .— (1) Is é feidhm an Choimisiúin é socrú a dhéanamh, de réir an Achta seo, maidir le hilphléacsanna a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, lena n-áirítear ilphléacsanna náisiúnta, de bhreis ar aon ilphléacsanna arna mbunú, arna gcothabháil agus arna n-oibriú ag an Údarás faoi alt 16(1) d’Acht 1960.

(2) Chun críocha fho-alt (1) déanfaidh an Coimisiún conarthaí (dá ngairtear ‘conarthaí ilphléacs’ san Acht seo) le daoine (dá ngairtear ‘conraitheoirí ilphléacs’ san Acht seo) faoina mbeidh sé de cheart ag na conraitheoirí ilphléacs, agus de dhualgas orthu, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ilphléacs a bhunú, a chothabháil agus a oibriú sa limistéar a shonraítear sa chonradh ilphléacs.

(3) Is dualgas de chuid an Choimisiúin é a chinntiú go gcomhlíonfaidh gach conraitheoir ilphléacs forálacha an Achta seo.

(4) Is dualgas de chuid an Choimisiúin é féachaint le socrú a dhéanamh go ndéanfar, mar ábhar tosaíochta, trí ilphléacs náisiúnta teilifíse a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, ar ilphléacsanna iad a bheidh inchraolta, a mhéid is indéanta le réasún, ar mhodh digiteach trastíre chuig an pobal ar fad sa Stát.

(5) Is dualgas de chuid an Choimisiúin é féachaint le socrú a dhéanamh chun aon seirbhís craolacháin teilifíse a bhfaigheann sé fógra ina leith ón Aire, a chraoladh i dTuaisceart Éireann ar seirbhís í a bheidh inghlactha ar fud Thuaisceart Éireann ina iomláine agus a sholáthrófar ar mhodh digiteach faoi chonradh ilphléacs.

(6) Beidh na cumhachtaí sin go léir ag an gCoimisiún is gá chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh nó a ghabhann le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin, lena n-áirítear, go háirithe, an chumhacht chun dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide de réir mar is cuí leis.

Dualgas an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide i leith ilphléacsanna teilifíse digití trastíre.

5 .— (1) Is dualgas de chuid an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide, ar iarraidh a fháil ón Údarás, ceadúnas a eisiúint chuig an Údarás faoi alt 16(3)(a) d’Acht 1960 i leith ilphléacs teilifíse aonair a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh an t-ilphléacs sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad sa Stát.

(2) Is dualgas de chuid an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide é, ar dualgas é nach mbeidh infheidhmithe ach amháin ar iarraidh a fháil ón Údarás agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an gCoimisiún maidir le riachtanais chumas digiteach Theilifís na Gaeilge agus an chonraitheora seirbhíse clár teilifíse, ceadúnas a eisiúint chuig an Údarás faoi alt 16(3)(a) d’Acht 1960 i leith ilphléacs teilifíse amháin eile a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh an t-ilphléacs sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad sa Stát.

(3) Is dualgas de chuid an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide é, ar iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ceadúnais a eisiúint chuig an gCoimisiún faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 1988, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ar ceadúnais iad i leith ceithre ilphléacs teilifíse a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh na hilphléacsanna sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad sa Stát, de réir conarthaí a dhéanfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (2) d’alt 4.

(4) Rachaidh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir lena inmhianaithe atá sé go n-eiseoidh sé ceadúnais bhreise chuig an gCoimisiún faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 1988, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ar ceadúnais iad i leith ilphléacsanna breise teilifíse a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh na hilphléacsanna sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad sa Stát, de réir conarthaí breise a dhéanfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (2) d’alt 4.

(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an gCoimisiún, ceadúnais eile a eisiúint faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 1988, ar ceadúnais iad lena n-údarófar ábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile i bhfoirm dhigiteach a chumasc, ar mhodh ilphléacs seachas ilphléacs lena mbaineann fo-ailt (1), (2) agus (3), faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an Coimisiún is gá a fhorchur i gconradh a dhéanfar faoi alt 12 d’Acht 2001.

(6) Fad a mhairfidh aon éigeandáil arna fógairt faoi alt 10 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926, féadfaidh an tAire aon cheadúnas a eisíodh faoin alt seo a chur ar fionraí agus, fad a leanfaidh aon fhionraí den sórt sin, féadfaidh an tAire aon seirbhís a bhí á soláthar faoin gceadúnas fionraithe a oibriú nó féadfaidh sé nó sí a cheangal an tseirbhís sin a oibriú de réir mar a ordóidh sé.

Dualgas an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide i leith ilphléacsanna craolacháin fuaime trastíre digiteacha.

6 .— (1) Is dualgas de chuid an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide é, ar iarraidh a fháil ón Údarás, ceadúnas a eisiúint chuig an Údarás faoi alt 16(3)(a) d’Acht 1960 i leith ilphléacs craolacháin fuaime aonair a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh an t-ilphléacs sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad sa Stát.

(2) Is dualgas de chuid an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide é, ar dualgas é nach infheidhmithe ach amháin ar iarraidh a fháil ón Údarás agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an gCoimisiún, ceadúnas a eisiúint chuig an Údarás faoi alt 16(3)(a) d’Acht 1960 i leith ilphléacs craolacháin fuaime amháin eile a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh an t-ilphléacs sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad sa Stát.

(3) Is dualgas de chuid an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide é, ar iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ceadúnais a eisiúint chuig an gCoimisiún faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 1988, faoi réir fhorálacha an Achta seo, i leith ilphléacs craolacháin fuaime amháin a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh an t-ilphléacs sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad sa Stát, de réir conarthaí a dhéanfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (2) d’alt 4.

(4) Is dualgas de chuid an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide é, ar iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ceadúnais a eisiúint chuig an gCoimisiún faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 1988, faoi réir fhorálacha an Achta seo, i leith ilphléacs craolacháin fuaime amháin nó níos mó a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh na hilphléacsanna sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad sa limistéar de chuid an Stáit a shonróidh an Coimisiún, de réir conarthaí a dhéanfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (2) d’alt 4 agus féadfaidh an Stát ar fad nó aon chuid de a bheith san áireamh sa limistéar sin.

(5) Rachaidh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir lena inmhianaithe atá sé go n-eiseoidh sé ceadúnais bhreise chuig an gCoimisiún faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 1988, faoi réir fhorálacha an Achta seo, i leith ilphléacsanna breise craolacháin fuaime a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, agus beidh na hilphléacsanna sin, a mhéid is indéanta le réasún, intarchurtha ar mhodh trastíre digiteach chuig an bpobal ar fad i limistéar de chuid an Stáit a shonróidh an Coimisiún de réir conarthaí breise a dhéanfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (2) d’alt 4 agus féadfaidh an Stát ar fad nó aon chuid de a bheith san áireamh sa limistéar sin.

(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an gCoimisiún, ceadúnais eile a eisiúint faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta, 1926 go 1988, ar ceadúnais iad lena n-údaraítear ábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile a chumasc ar mhodh ilphléacs seachas ilphléacs lena mbaineann fo-ailt (1), (2), (3) agus (4), faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an Coimisiún is gá a fhorchur i gconradh a dhéanfar faoi alt 12 d’Acht 2001.

(7) Fad a mhairfidh aon éigeandáil arna fógairt faoi alt 10 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926, féadfaidh an tAire aon cheadúnas a eiseofar faoin alt seo a chur ar fionraí agus, fad a leanfaidh aon fhionraí den sórt sin, féadfaidh an tAire aon seirbhís a bhí á soláthar faoin gceadúnas fionraithe a oibriú nó féadfaidh sé nó sí a cheangal an tseirbhís sin a oibriú de réir mar a ordóidh sé nó sí.

Rialacháin lena bhforordaítear táillí.

7 .— (1) Déanfar gach ceadúnas faoi Acht 1960, faoi Acht 1988, faoi Acht 1990 agus faoin Acht seo a eisiúint tar éis cibé táillí a íoc a fhorordóidh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide, le toiliú an Aire, i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo.

(2) Féadfar na nithe seo a leanas a fhorordú le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, i ndáil leis na ceadúnais sin go léir nó le haon aicme nó aicmí áirithe ceadúnas den sórt sin—

(a) na táillí atá le híoc ar cheadúnais den sórt sin a dheonú nó a athnuachan, agus

(b) an tráth agus an modh a bhfuil táillí den sórt sin le híoc.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh ceachtar Teach acu sin tar éis an rialachán a leagan faoi bhráid na dTithe sin, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Iarratais ar chonarthaí ilphléacs.

8 .— (1) D’fhonn bunú, cothabháil agus oibriú ordúil ilphléacsanna a áirithiú, agus faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir tar éis an t-alt seo do theacht i bhfeidhm, agus féadfaidh sé ina dhiaidh sin, ó am go ham, ag féachaint do na minicíochtaí raidió atá ar fáil i gcomhair ilphléacsanna, iarratais ar chonarthaí ilphléacs a lorg agus, faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh sé conarthaí den sórt sin a dhéanamh.

(2) Gan dochar d’fho-alt (1), féachfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a thagann an t-alt seo i bhfeidhm, le hiarratais a lorg ar chonarthaí ilphléacs i leith na dtrí chonradh ilphléacs náisiúnta teilifíse dá dtagraítear in alt 4(4).

(3) I gcás ina lorgaíonn an Coimisiún iarratais ar chonradh ilphléacs, déanfaidh sé, trí fhógra poiblí, an limistéar clúdaithe (ar limistéar é a bhféadfaidh an Stát ar fad nó aon chuid de a bheith san áireamh ann) a shonrú ar limistéar é ina ndéanfar an t-ábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile a chraoladh de bhun an chonartha sin (dá ngairtear “an limistéar clúdaithe uasta” san alt seo) agus déanfaidh sé, tríd an bhfógra sin, cuireadh a thabhairt do dhaoine ar spéis leo ilphléacs a bhunú agus a chothabháil iarratas a dhéanamh ar an gconradh sin.

(4) Maidir le gach fógra faoi fho-alt (3)

(a) foilseofar i nuachtán náisiúnta amháin ar a laghad é;

(b) sonrófar ann an nós imeachta atá le leanúint d’fhonn iarratas a dhéanamh, agus

(c) sonrófar ann aon nithe eile is dealraitheach don Choimisiún a bheith riachtanach nó iomchuí.

(5) Féadfaidh an Coimisiún, i bhfógra faoi fho-alt (3), an limistéar clúdaithe íosta a shonrú ina ndéanfar an t-ábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile a chraoladh faoin gconradh, agus féadfaidh an limistéar clúdaithe sin a bheith níos lú ná an limistéar clúdaithe uasta a bheidh sonraithe san fhógra.

(6) D’ainneoin fho-alt (3), i gcás ina ndéanfar limistéar clúdaithe íosta a shonrú bhfógra faoin bhfo-alt sin is é a bheidh sa limistéar clúdaithe ina ndéanfar an t-ábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile a chraoladh de bhun aon chonartha arna dhéanamh ar scór an fhógra sin ná an limistéar clúdaithe íosta arna shonrú amhlaidh, faoi réir an cheanglais go ndéanfaidh an duine dá ndeonófar an conradh gach iarracht chun a chinntiú go ndéanfar an t-ábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile a chraoladh sa mhéid is mó is indéanta den limistéar clúdaithe uasta.

Cinneadh ar iarratais ar chonarthaí ilphléacs a dheonú.

9 .— (1) Déanfaidh an Coimisiún, de réir fhorálacha an Achta seo, gach iarratas ar chonradh ilphléacs a fhaigheann sé de bhun fógra faoi alt 8 a bhreithniú d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratasóir is oiriúnaí, más ann, chun conradh ilphléacs a dheonú dó nó di.

(2) Le linn breithniú a dhéanamh ar iarratais a fhaigheann sé agus le linn cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratasóir is oiriúnaí chun conradh ilphléacs a dheonú dó nó di, tabharfaidh an Coimisiún aird ar na nithe seo a leanas—

(a) carachtar an iarratasóra nó, más comhlacht corpraithe an t-iarratasóir, carachtar an chomhlachta agus a stiúrthóirí, a bhainisteora, a rúnaí nó a cuid oifigeach eile den tsamhail chéanna agus carachtar a chomhaltaí agus na ndaoine a bhfuil teideal acu chuig úinéireacht thairbhiúil a chuid scaireanna,

(b) leordhóthanacht an tsaineolais agus na taithí agus na n-acmhainní airgeadais a bheidh ar fáil do gach iarratasóir agus a mhéid atá an t-iarratas ag teacht le dea-phrionsabail eacnamaíochta’

(c) réimse agus cineál an ábhair clár nó na dteaglamaí ábhair clár a bheartaíonn an t-iarratasóir a chur san áireamh san ilphléacs agus conas a bheartaíonn an t-iarratasóir a áirithiú go leantar den ábhar sin a chur san áireamh ann,

(d) i gcás ilphléacs teilifíse, na tograí ón iarratasóir chun cur chun cinn a dhéanamh i leith daoine d’fháil trealaimh sa limistéar clúdaithe atá beartaithe ar trealamh é atá in ann—

(i) na hilphléacsanna go léir atá ar fáil, nó a bhfuiltear ag súil ina leith go mbeidh siad ar fáil, sa limistéar sin a ghlacadh, lena n-áirítear an t-ilphléacs náisiúnta dá dtagraítear in alt 3(2)(a), agus

(ii) a chumasú do na daoine sin iad féin a choimeád ar an eolas faoin rogha ábhair clár atá san áireamh sna hilphléacsanna sin,

(e) i gcás an Coimisiún a bheith tar éis limistéar clúdaithe íosta a shonrú de bhun alt 8(5), an méid den limistéar clúdaithe sin a bheartaíonn an t-iarratasóir a bhaint amach;

(f) an togra teicniúil, lena n-áirítear amchlár chun é a chur i ngníomh, maidir le bunú, cothabháil agus oibriú an ilphléacs atá beartaithe;

(g) an dualgas a fhorchuirtear ar an gCoimisiún faoi alt 4(5), agus

(h) aon nithe eile a mheasann an Coimisiún is gá chun bunú, cothabháil agus oibriú ordúil ilphléacsanna a áirithiú.

Téarmaí agus coinníollacha conarthaí ilphléacs.

10 .— (1) Féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasann an Coimisiún is cuí agus a shonróidh sé sa chonradh a bheith i ngach conradh ilphléacs.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Coimisiún na téarmaí nó na coinníollacha seo a leanas go léir nó aon cheann díobh a shonrú i gconradh ilphléacs:

(a) an tréimhse ar lena linn a leanfaidh an conradh i bhfeidhm;

(b) an bhféadfar an conradh a athnuachan agus, má fhéadtar, an modh inar féidir, na téarmaí ar dá réir a fhéadfar, agus an tréimhse ar lena linn a fhéadfar, an conradh a athnuachan amhlaidh;

(c) coinníoll á thoirmeasc an conradh, nó aon leas ann, a shannadh gan toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ón gCoimisiún;

(d) más cuideachta an conraitheoir ilphléacs, coinníoll á thoirmeasc aon athrú a dhéanamh ar Mheabhrán Comhlachais nó ar Airteagail Chomhlachais na cuideachta nó ar cibé méid den Mheabhrán sin nó de na hAirteagail sin a bheidh sonraithe, nó á thoirmeasc aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úinéireacht na cuideachta, gan ceadú a fháil roimh ré ón gCoimisiún;

(e) coinníoll á cheangal ar an gconraitheoir ilphléacs an réimse agus an cineál clár a sholáthar de réir mar a bheartaigh sé a thairiscint ina iarratas ar dheonú an chonartha;

(f) coinníoll á cheangal ar an gconraitheoir ilphléacs aon tograí a rinneadh ina iarratas maidir le limistéar clúdaithe na n-ilphléacsanna a chur i ngníomh;

(g) tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, coinníoll á cheangal ar an gconraitheoir ilphléacs na tograí a chur i ngníomh a rinne sé ina iarratas ar dheonú an chonartha, ar tograí iad maidir le cur chun cinn a dhéanamh i leith daoine i limistéar clúdaithe beartaithe an ilphléacs d’fháil trealaimh atá in ann na hilphléacsanna go léir a bheidh ar fáil sa limistéar sin a ghlacadh;

(h) aon choinníoll a mheasann an Coimisiún is cuí ag féachaint dá dhualgas faoi alt 4(5);

(i) tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, aon choinníoll á cheangal ar an gconraitheoir ilphléacs aon choinníoll teicniúil a chomhlíonadh de réir mar a cheanglóidh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide i bhfeidhmiú a fheidhmeanna.

(3) Más rud é nach bhfuil coinníoll den chineál a shonraítear i mír (c)(d) d’fho-alt (2) i gconradh ilphléacs, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) ní bheidh conradh ilphléacs, nó aon leas i gconradh ilphléacs, insannta, ná ní dhéanfar aon athrú ar Mheabhrán Comhlachais nó ar Airteagail Chomhlachais aon chuideachta ar conraitheoir ilphléacs í, ná ní bheidh aon athrú ábhartha ar úinéireacht cuideachta den sórt sin, gan toiliú a fháil roimh ré i scríbhinn ón gCoimisiún, agus féadfaidh an Coimisiún, má mheasann sé gur réasúnach déanamh amhlaidh, diúltú an toiliú sin a thabhairt agus luafaidh sé na forais leis an diúltú sin;

(b) le linn don Choimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndeonóidh sé a thoiliú le sannadh conartha ilphléacs, le hathrú ar Mheabhrán Comhlachais nó ar Airteagail Chomhlachais cuideachta ar conraitheoir ilphléacs í, nó le hathrú ábhartha ar úinéireacht cuideachta den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún aird ar na critéir a shonraítear in alt 9(2).

(4) Maidir le gach conradh ilphléacs—

(a) déanfar foráil leis go bhféadfaidh an Coimisiún, dá rogha féin agus ar fhorais shonraithe, an conradh a fhionraí, téarma an chonartha a laghdú nó an conradh a fhoirceannadh—

(i) más rud é gur ndearna an conraitheoir ilphléacs faisnéis bhréagach nó míthreorach, nó go ndearnadh faisnéis den sórt sin a thabhairt thar a cheann, don Choimisiún sula ndearnadh an conradh,

(ii) más rud é, i dtuairim an Choimisiúin, go bhfuil sáruithe tromaí nó sáruithe leanúnacha déanta ag an gconraitheoir ilphléacs ar a oibleagáidí faoin gconradh ilphléacs nó faoin Acht seo;

(b) déanfar foráil leis go ndéanfaidh conraitheoir ilphléacs na táillí (más ann) a shonrófar sa chonradh a íoc leis an gCoimisiún, lena n-áirítear aon táillí is iníoctha ag an gCoimisiún leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide faoi alt 7 agus faoi aon rialacháin arna ndéanamh faoi;

(c) déanfar fhoráil leis go soláthróidh an conraitheoir ilphléacs cibé faisnéis (lena n-áirítear cóipeanna dá chuntais) a mheasann an Coimisiún a theastaíonn uaidh d’fhonn a chumasú dó a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(5) Beidh gach conradh ilphléacs ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal in oifig chláraithe an Choimisiúin agus déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil ó aon duine agus ar cibé suim (más ann) a éileoidh an Coimisiún le réasún a íoc, cóip den chonradh sin a thabhairt don duine sin.

Analóg a mhúchadh.

11 .— (1) D’fhonn breithniú a dhéanamh i dtaobh cén fhad ar chuí leanúint de sheirbhísí craolacháin teilifíse a sholáthar ar mhodh analóige, déanfaidh an tAire—

(a) na nithe seo a leanas a choinneáil faoi athbhreithniú—

(i) infhaighteacht ilphléacsanna sa Stát,

(ii) infhaighteacht na seirbhísí a shonraítear i bhfo-alt (2) sa Stát ar mhodh digiteach,

(iii) úinéireacht nó seilbh trealaimh sa Stát ar trealamh é atá in ann na seirbhísí a shonraítear i bhfo-alt (2) a ghlacadh nuair a tharchuirtear iad ar mhodh digiteach,

(iv) méid ionchasach na hinfhaighteachta sin agus na húinéireachta agus na seilbhe sin sa todhchaí,

agus

(b) cibé tráth nó tráthanna is cuí leis nó léi agus, in aon chás, tráth chothrom dhá bhliain an lae a ndéantar an chéad chonradh ilphléacs a dheonú faoin Acht seo, nó roimhe sin, a cheangal ar an gCoimisiún agus ar an Údarás tuarascáil a thabhairt dó nó di faoi na nithe dá dtagraítear i mír (a).

(2) Is iad seo a leanas na seirbhísí a shonraítear chun críocha fho-alt (1)(a)(ii):

(a) an tseirbhís craolacháin teilifíse náisiúnta ar a dtugtar RTÉ a hAon agus RTÉ a Dó de ghnáth ar seirbhís í arna bunú agus arna cothabháil ag an Údarás,

(b) an tseirbhís craolacháin teilifíse náisiúnta arna bunú agus arna cothabháil ag Teilifís na Gaeilge faoi alt 45(1) d’Acht 2001, agus

(c) an tseirbhís clár teilifíse arna soláthar ag an gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse faoin gconradh seirbhíse clár teilifíse.

(3) Más rud é go gceanglaítear ar an gCoimisiún nó ar an Údarás tuarascáil a thabhairt faoi fho-alt (1)(b), tabharfaidh siad an tuarascáil laistigh de shé mhí ón dáta a cheanglaítear amhlaidh.

(4) Sula ndéanfaidh an Coimisiún aon tuarascáil faoi fho-alt (1)(b), rachaidh sé i gcomhairle leis na daoine seo a leanas—

(a) sealbhóirí na gconarthaí ilphléacs teilifíse go léir,

(b) sealbhóirí na gconarthaí lánais dhigitigh go léir,

(c) an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse,

(d) an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide, agus

(e) cibé daoine eile is cuí leis an gCoimisiún,

agus déanfaidh an Coimisiún achoimre ar aon uiríll arna ndéanamh chucu ag na daoine a ndeachaigh siad i gcomhairle leo a chur san áireamh ina dtuarascáil.

(5) Chun na críche atá luaite i bhfo-alt (1), tar éis don Aire a cheangal tuarascálacha a thabhairt faoi fho-alt (1)(b), rachaidh sé nó sí i gcomhair leis na daoine seo a leanas—

(a) cibé daoine is dealraitheach don Aire a bheith ionadaitheach don lucht féachana de réir mar is cuí leis an Aire, agus

(b) cibé daoine eile is cuí leis an Aire,

maidir leis na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) agus freisin, más cuí leis an Aire, maidir leis na héifeachtaí dóchúla a bheadh ar an lucht féachana dá scoirfí d’aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a chraoladh ar mhodh analóige.

(6) Féadfaidh an tAire, aon tráth nó tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil faoi fho-alt 1(b), ordachán beartais a eisiúint faoi alt 13 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 maidir leis an dáta nó na dátaí nach bhféadfaidh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide ceadúnais a dheonú dá éis faoi alt 16(3) d’Acht 1960 nó faoi alt 4(3) d’Acht 1988 i leith aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sholáthar ar mhodh analóige.

(7) Féadfaidh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide, faoi alt 7(1) d’Acht 1988, téarma nó coinníoll de chuid ceadúnais arna eisiúint faoi alt 4(3) den Acht sin a athrú chun a chinntiú—

(a) maidir le haon chonradh chun seirbhís dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c) a sholáthar ar mhodh analóige ar conradh é a dhéanfaidh an Coimisiún a athnuachan, go mbeidh coinníoll san áireamh ann á rá nach bhféadfar an tseirbhís a sholáthar a thuilleadh ar mhodh analóige tar éis dáta a shonrófar sa chonradh, agus

(b) maidir le haon chonradh nua a dhéanfaidh an Coimisiún chun seirbhís den sórt sin a sholáthar ar mhodh analóige nó, mura mbeidh cinneadh déanta faoi dháta den sórt sin, go mbeidh coinníoll san áireamh ann á rá nach bhféadfar an tseirbhís a sholáthar a thuilleadh ar mhodh analóige tar éis dáta atá le fógairt ag an Aire in am trátha.

(8) Féachfaidh an tÚdarás lena chinntiú go ndéanfar gach duine de lucht féachana na seirbhísí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (2) agus a sholáthraítear ar mhodh analóige a chur ar an eolas, i dtéarmaí ginearálta, faoi dháta nó faoi dhátaí an aistrithe dhigitigh, faoi na cúiseanna leis nó leo, faoi na hiarmhairtí, agus faoi fhaisnéis phraiticiúil i dtaobh conas is féidir le daoine den lucht féachana sin na seirbhísí sin a ghlacadh ar mhodh digiteach tar éis an dáta sin nó na ndátaí sin.

(9) Chun críche fho-alt (8), ciallaíonn “ dáta nó dátaí an aistrithe dhigitigh” an dáta nó na dátaí ar dá éis nó dá n-éis nach bhféadfaidh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide aon cheadúnais a shonraítear i bhfo-alt (6) a dheonú a thuilleadh

(10) Déanfaidh an tÚdarás, tráth chothrom dhá bhliain, ceithre bliana agus sé bliana dháta thosach feidhme an ailt seo, nó roimhe, tuarascáil a thabhairt don Aire maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Údarás i dtaca le hábhar clár agus sonraí gaolmhara agus sonraí eile a chraoladh i bhfoirm dhigiteach trí na hilphléacsanna náisiúnta arna mbunú, arna gcothabháil agus arna n-oibriú ag an Údarás faoi fho-alt (1) d’alt 16 d’Acht 1960.

(11) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de gach tuarascáil a thabharfar dó nó di faoi fho-ailt (1) agus (10) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Leasuithe ar alt 12 d’Acht 2001.

12 .— Leasaítear leis seo alt 12 d’Acht 2001—

(a) i bhfo-alt (1), trí “a bheidh le cur san áireamh mar chuid d’ilphléacs” a chur in ionad “chun críche aon socruithe a bheidh le déanamh aige nó aici faoi mhír (a) nó (b) d’alt 14(1)”, agus

(b) i mír (b) d’fho-alt (2), trí “chun go ndéanfar” a chur in ionad “chun go ndéanfaidh an comhlacht ainmnithe”.

Leasuithe ar alt 16 d’Acht 2001.

13 .— Leasaítear leis seo alt 16 d’Acht 2001—

(a) i bhfo-alt (7), trí “arna gcur san áireamh mar chuid d’ilphléacs, de réir bhrí an Achta Craolacháin (Leasú) 2007, agus arna dtarchur ag” a chur in ionad “arna dtarchur ag an gcuideachta tarchuir de bhun socruithe faoi alt 14(1) agus”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Féadfaidh an Coimisiún ordachán a thabhairt—

(a) do chonraitheoir ilphléacs, de réir bhrí an Achta Craolacháin (Leasú) 2007, á cheangal go ndéanfaidh an conraitheoir sin an chlárthreoir leictreonach nó na clárthreoracha leictreonacha arna n-ullmhú faoin gconradh clárthreorach dá dtagraítear i bhfo-alt (8) a chur san áireamh mar chuid d’ilphléacs, de réir bhrí an Achta sin, agus

(b) do gach sealbhóir ceadúnais dá dtagraítear in alt 37(1), á cheangal air nó uirthi an treoir sin nó na treoracha sin a tharchur,

agus déanfaidh an conraitheoir sin agus gach sealbhóir den sórt sin ordachán den sórt sin a chomhlíonadh.”.

Leasuithe ar alt 28 d’Acht 2001.

14 .— Leasaítear leis seo alt 28 d’Acht 2001—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (c) agus (d) d’fho-alt (8):

“(c) na cumhachtaí go léir, nó aon cheann de na cumhachtaí, a thugtar dó le fo-alt (2) (seachas míreanna (bb) agus (bbb) (arna gcur isteach leis an Acht seo) den fho-alt sin) d’alt 16 d’Acht 1960,

(d) aon seirbhís (seachas seirbhís craolacháin) a sholáthar ar mhaithe leis an bpobal, de bhun a chumhachtaí faoi na hAchtanna Craolacháin 1960 go 2001,

(e) seirbhís a sholáthar faoi fho-alt (1A) d’alt 16 d’Acht 1960, agus

(f) ilphléacs náisiúnta amháin nó níos mó a bhunú, a chothabháil agus a oibriú de bhun fho-alt (1) d’alt 16 d’Acht 1960.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):

“(10) Gan dochar d’ailt 25(1) agus 26 d’Acht 1960, déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, tuarascáil a thabhairt don Aire faoin úsáid a bhain sé, maidir leis an tseirbhís craolacháin teilifíse agus an tseirbhís craolacháin fuaime dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus an tseirbhís craolacháin teilifíse dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 16 d’Acht 1960, faoi seach, as an airgead a íocadh leis faoi alt 8 d’Acht 1976 sa bhliain sin chun críche na ngníomhaíochtaí, i gcaitheamh na bliana sin, dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (2) agus i míreanna (d) agus (e) d’fho-alt (8).”,

agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11):

“(10A) Déanfaidh an tÚdarás, tráth chothrom trí bliana agus cúig bliana dháta thosach feidhme an ailt seo, nó roimhe, athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhíse craolacháin teilifíse agus na seirbhíse craolacháin fuaime dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 16 d’Acht 1960.

(10B) Tabharfaidh an tÚdarás tuarascáil don Aire faoi gach athbhreithniú a dhéanfaidh sé faoi fho-alt (10A).

(11) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cóipeanna de gach tuarascáil a thabharfar dó nó di faoi fho-alt (10) agus (10B) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.”.

Leasú ar alt 32 d’Acht 2001.

15 .— Leasaítear leis seo alt 32 d’Acht 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Maidir leis an bhfeidhm a thugtar don Aire le halt 25(1) d’Acht 1960 maidir le hordú a thabhairt (cibé acu ar thionscnamh an Aire nó ar iarraidh ón Aire Airgeadais) don Údarás cuntais speisialta a choimeád, folaíonn sí cumhacht (is infheidhmithe ar ordú ar thionscnamh an Aire nó ar iarraidh ón Aire Airgeadais) chun ordú a thabhairt don Údarás cuntas speisialta a choimeád ina ndéanfar, maidir leis an tseirbhís craolacháin teilifíse agus an tseirbhís craolacháin fuaime dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’alt 28, agus maidir leis an tseirbhís craolacháin teilifíse agus an tseirbhís craolacháin fuaime dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 16 d’Acht 1960, faoi seach, an modh a thaispeáint ina ndearnadh an t-airgead a íocadh leis faoi alt 8 d’Acht 1976 sa bhliain lena mbaineann a leithreasú chun críche ghníomhaíochtaí an Údaráis, i gcaitheamh na bliana sin, dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (2) agus i míreanna (d) agus (e) d’fho-alt (8) d’alt 28.”.

Leasuithe ar alt 45 d’Acht 2001.

16 .— Leasaítear leis seo alt 45 d’Acht 2001—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j) d’fho-alt (8):

“(k) stáisiúin chraolacháin a bhunú, a chothabháil agus a oibriú agus gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a fháil, a shuiteáil agus a oibriú.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) (a) Ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar do Theilifís na Gaeilge de bhua mhír (k) d’fho-alt (8) den alt seo a fheidhmiú ach amháin faoi cheadúnas arna eisiúint ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide agus de réir aon choinníollacha arna gcur ag gabháil leis an gceadúnas sin ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide.

(b) Fad a leanfaidh aon éigeandáil arna fógairt faoi alt 10 den Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 ar aghaidh, féadfaidh an tAire aon cheadúnas faoin bhfo-alt seo a fhionraí agus, fad a leanfaidh aon fhionraí den sórt sin ar aghaidh, féadfaidh an tAire aon seirbhís a bhí á soláthar ag Teilifís na Gaeilge faoin gceadúnas fionraithe a oibriú nó féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar an tseirbhís sin a oibriú de réir mar a ordóidh sé.

(c) Déanfar cóip de gach ceadúnas faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an ceadúnas a eisiúint.”.

Aisghairm.

17 .— Aisghairtear leis seo an t-achtachán a luaitear sa Sceideal a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal.

Caiteachais.

18 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.