An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Cumann Cógaiseoirí na hÉireann ) Ar Aghaidh (CUID 4 Córas Clárúcháin Cógaisíochta )

20 2007

TODO

CUID 3

Comhairle an Chumainn

Comhairle an Chumainn.

10 .— (1) Beidh Comhairle ag an gCumann.

(2) 21 duine a bheidh sa Chomhairle ar daoine iad a bheidh ceaptha ag an Aire.

(3) Maidir leis an 21 duine sin—

(a) ainmneoidh Bord Leigheasra na hÉireann duine díobh mar ionadaí do bhainistíocht rialáil táirgí íocshláinte,

(b) ainmneoidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte duine díobh mar ionadaí do bhainistíocht na hearnála sláinte poiblí,

(c) beidh duine amháin díobh ina dhuine nó ina duine ar dealraitheach don Aire é nó í a bheith ionadaitheach do sholáthar na forbartha gairmiúla leanúnaí i ndáil le cógaisíocht,

(d) beidh 3 díobh ina ndaoine ag a bhfuil cibé cáilíochtaí, saineolas, leasanna nó taithí (nó cibé teaglaim de chinn díobh) a chuirfeadh ar a gcumas, i dtuairim an Aire, fónamh go substaintiúil do chomhlíonadh fheidhmeanna an Chumainn,

(e) beidh 11 díobh (lena n-áirítear na daoine dá dtagraítear i míreanna (a) go (d)) ina ndaoine nach bhfuil agus nach raibh riamh—

(i) cláraithe mar chógaiseoirí ná (roimh theacht i ngníomh do Chuid 4) mar phoitigéirí cógaisíochta ná mar phoitigéirí agus drugadóirí urghnaimh, ná

(ii) cláraithe lasmuigh den Stát, nó cáilithe ansin ar shlí eile, mar chógaiseoirí,

(f) beidh 9 díobh ina gcomhaltaí, de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 11(2)(b), den Chumann arna roghnú ag a chomhaltaí, agus

(g) beidh duine díobh ina chomhalta nó ina comhalta den Chumann arna roghnú mar ionadaí do bhunachais oideachais tríú leibhéal a sheolann oideachas, oiliúint nó taighde sa chógaisíocht—

(i) ag déin scoileanna cógaisíochta na mbunachas sin (lena n-áirítear, i gcás nach mbeidh aon déan den sórt sin ann, ag an duine arb ionann a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus feidhmeanna a d’fhéadfadh déan a chomhall, nó arb iad a fheidhmeanna nó a feidhmeanna is mó a d’fhreagródh dóibh siúd a d’fhéadfadh déan a chomhall), agus

(ii) ag cinn na mbunachas sin.

(4) Le linn—

(a) ainmniúcháin a dhéanamh faoi fho-alt (3)(a) agus (b), déanfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear ansin, agus

(b) ceapacháin a dhéanamh a dhéanamh de bhun fho-alt (3)(c), (d) agus (e), déanfaidh an tAire,

aird a thabhairt ar a inmhianaithe a bheidh sé a chinntiú go mbeidh na daoine a ainmneofar nó, de réir mar a bheidh, a cheapfar ionadaitheach do leas an phobail freisin.

(5) I ndáil leis an gcéad Chomhairle a cheapfar i ndiaidh bhunú an Chumainn, is comhaltaí de Chomhairle an tsean-Chumainn iad an 9 nduine dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(f) arna roghnú chun críocha an ailt seo ag comhaltaí Chomhairle an tsean-Chumainn roimh a urscaoileadh.

(6) Beidh feidhm ag Sceideal 1 i ndáil leis an gComhairle agus lena cuid comhaltaí agus le fostaithe an Chumainn.

(7) Ní ceadmhach don Aire diúltú duine a cheapadh chun na Comhairle is duine a ainmníodh faoi mhír (a)(b) d’fho-alt (3) nó faoi mhír (f) (arna léamh le fo-alt (5)) nó (g) d’fho-alt (3).

Feidhmeanna na Comhairle agus iad a tharmligean.

11 .— (1) Faoi réir an Achta seo, is í an Chomhairle a chomhlíonfaidh feidhmeanna an Chumainn thar a cheann.

(2) Féadfaidh an Chomhairle rialacha a dhéanamh—

(a) chun aon rud a rialáil nó a fhorordú, is rud a fhéadfar a fhorordú de réir aon fhorála den Acht seo,

(b) chun cibé foráil is cuí léi a dhéanamh chun comhlíonadh a cuid feidhmeanna faoin Acht seo a éascú.

(3) Déanfaidh an Chomhairle rialacha chun aon rud a bhaineann le hoideachas nó le hoiliúint agus a bheidh le forordú de réir an Achta seo a rialáil nó a fhorordú.

(4) Ní ceadmhach don Chomhairle rialacha a dhéanamh faoi fho-alt (2)(3) chun aon chríche dá bhféadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh faoi alt 18 .

(5) Beidh rialacha arna ndéanamh faoi fho-alt (2)(3) faoi réir thoiliú an Aire agus, nuair a bheidh siad déanta ag an gComhairle, déanfaidh sí—

(a) iad a chur faoi bhráid an Aire lena leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(b) iad a fhoilsiú ar cibé modh a chinnfidh sí.

(6) Déanfaidh an Chomhairle, ar an modh forordaithe—

(a) dréacht a fhoilsiú de na rialacha a bheartaíonn sí a dhéanamh faoin alt seo, agus

(b) mar aon leis an dréacht, iarraidh a fhoilsiú don phobal chun go ndéanfaidís trácht ar an dréacht faoi cibé dáta a shonraítear san iarraidh.

(7) Beidh cibé feidhmeanna breise ag an gComhairle a shanntar di leis an Acht seo nó faoi.

(8) Féadfaidh an Chomhairle aon cheann dá feidhmeanna a tharmligean chuig aon cheann dá coistí nó chuig an gcláraitheoir nó chuig aon fhostaí eile den Chumann agus, i gcás go dtarmligfidh sí feidhm do choiste, leathnófar sainchúram an choiste faoin Acht seo dá réir sin.

Cóid iompair: tagairt don Údarás Iomaíochta agus do thoiliú an Aire.

12 .— (1) Le linn an fheidhm dá dtagraítear in alt 7 (2)(a)(iii) a chomhlíonadh, déanfaidh an Chomhairle—

(a) sula dtabharfaidh sí éifeacht do chód iompair, dréacht de a chur faoi bhráid an Údaráis Iomaíochta chun a thuairim a fháil faoin dóigh go ndéanfaí iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh de thoradh aon fhorála den dréachtchód, dá dtabharfaí éifeacht di, agus

(b) a iarraidh go dtabharfar an tuairim i scríbhinn don Chomhairle roimh an dáta a bheidh sonraithe san iarraidh.

(2) Más rud é, roimh an dáta sin, go bhfaigheann an Chomhairle tuairim scríofa ón Údarás Iomaíochta gur dóigh go mbeadh an toradh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar fhoráil den dréachtchód, dá dtabharfaí éifeacht di, déanfaidh an Chomhairle—

(a) agus an tuairim á cur i gcuntas, an dréachtchód a athrú ionas go gcuirfear an toradh sin ar ceal, nó

(b) mura n-athraíonn siad an dréachtchód amhlaidh, cóip den tuairim, agus ráiteas scríofa ar na cúiseanna a bhí aici gan an dréachtchód a athrú faoi mhír (a), a sholáthar don Aire nuair a bheidh sé á chur faoi bhráid an Aire le haghaidh a thoilithe nó a toilithe faoi fho-alt (3).

(3) Beidh cód iompair faoi réir thoiliú an Aire.

(4) Beidh feidhm freisin ag fo-ailt (1) go (3) i ndáil le leasú ar chód iompair agus (ach tagairtí do thogra chun cód iompair a chúlghairm a chur in ionad na dtagairtí sna fo-ailt sin don dréachtchód nó aon d’fhoráil a bheidh ann) i ndáil le cód iompair a chúlghairm.

(5) A luaithe is indéanta tar éis éifeacht a thabhairt do chód iompair, déanfaidh an Chomhairle—

(a) é a fhoilsiú ar cibé modh a chinnfidh sí, agus

(b) é a chur faoi bhráid an Aire lena leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.