|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) | Ar Aghaidh ( CUID 3 Ailtirí a Chlárú ) |
An tAcht um Rialú Foirgníochta 2007
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 Leasú ar an Acht um Rialú Foirgníochta 1990 | |
Leasú ar alt 1 (léiriú) d’Acht 1990. |
3 .— Leasaítear alt 1(3) d’Acht 1990 trí “, do mhír nó d’fhomhír” a chur in ionad “nó do mhír” agus “, don mhír nó don fhomhír” a chur in ionad “nó don mhír”. | |
Leasú ar alt 3 (rialacháin fhoirgníochta) d’Acht 1990. |
4 .— Leasaítear alt 3 d’Acht 1990 i bhfo-alt (2)— | |
[EN] | (a) i mír (e), trí “a spreagadh;” a chur in ionad “a spreagadh; agus”, agus | |
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e): | |
[EN] | “(ea) foráil a dhéanamh maidir le cleachtais fhoirgníochta a bheadh ina gcabhair maidir le coireacht a chosc nó a bhrath; agus” | |
Leasú ar alt 6 (rialacháin rialaithe foirgníochta) d’Acht 1990. |
5 .— Leasaítear alt 6 d’Acht 1990— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (2)(a)(ii), trí “agus” a scriosadh i ndiaidh “ar géilleadh dó),”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2)(a)(iii), trí “ar géilleadh dó),” a chur in ionad “ar géilleadh dó);”, | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (2)(a), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii): | |
[EN] | “(iv) go ndéanfaidh duine (roimh an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán iomchuí a dheonú) a bheartaíonn obair a thosú ar fhoirgniú foirgnimh nó ar mhéadú nó athrú ábhartha ar fhoirgneamh fógra i scríbhinn a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta (dá ngairtear ‘fógra 7 lá’ san Acht seo) ar fógra é ina dtugtar fógra 7 lá ar a laghad i dtaobh é a bheith beartaithe ag an duine sin na hoibreacha sin a dhéanamh, agus á cheangal go mbeidh iarratas bailí ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán ag gabháil leis an bhfógra sin, | |
[EN] | (v) go ndéanfaidh duine a chuireann fógra 7 lá faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta, dearbhú reachtúil (dá ngairtear ‘dearbhú reachtúil i dtaobh fógra 7 lá’ san Acht seo) a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta, is dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an duine sin agus á rá go bhfuil an t-iarratas ar an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán iomchuí comhlánaithe ar gach slí agus go gcomhlíonann sé na forálacha iomchuí de na rialacháin rialaithe foirgníochta, go gcomhlíonfaidh aon oibreacha arna dtosú roimh dheonú an deimhnithe sin na rialacháin foirgníochta agus go ndéanfaidh an duine, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an t-údarás rialaithe foirgníochta, aon mhodhnú a chur i gcrích ar na hoibreacha sin a cheanglaítear leis an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, nó a cheanglaítear faoi, lena n-áirítear aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis a chomhlíonadh, nuair a dheonaíonn an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann é, | |
[EN] | (vi) i gcás ina mbeifear tar éis iarratas ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán i leith foirgneamh a fhoirgniú, nó méadú a chur le foirgneamh nó athrú ábhartha a dhéanamh air, a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta sula mbeidh cead pleanála deonaithe i leith foirgnithe, méadaithe nó athraithe den sórt sin, iarratas breise a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta, má cheanglaítear sin a dhéanamh le deonú an cheada pleanála sin ina dhiaidh sin, ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán (dá ngairtear ‘deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán’ san Acht seo) d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaidh an dearadh athbhreithnithe a éireoidh as cead pleanála a dheonú (lena n-áirítear aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis) na forálacha de rialacháin fhoirgníochta a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán, | |
[EN] | (vii) i gcás ina mbeifear tar éis obair a thosú nó a chríochnú i leith foirgneamh a fhoirgniú, nó méadú a chur ar fhoirgneamh nó athrú ábhartha a dhéanamh air, agus nach mbeidh iarratas ar bith déanta ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán a éilítear faoi rialacháin rialaithe foirgníochta i leith foirgnithe den sórt sin, nó i leith méadaithe nó athraithe den sórt sin ar fhoirgneamh, iarratas a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta ar dheimhniú (‘deimhniú um thabhairt chun rialtachta’) ar iarratas é a gcuirfear na nithe seo a leanas in éineacht leis, is iad sin, líníochtaí de na hoibreacha iomchuí (mar a foirgníodh iad) agus dearbhú reachtúil ón iarratasóir ina luaitear go gcomhlíonann na hoibreacha sin na forálacha de na rialacháin fhoirgníochta a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán, agus á chumasú don údarás a shonrú i ndeimhniú um thabhairt chun rialtachta nach mbeidh éifeacht leis an deimhniú um thabhairt chun rialtachta mura rud é, laistigh de 4 mhí tar éis a dheonaithe, go gcomhlíonfar aon choinníollacha a chuirfidh an t-údarás ag gabháil leis (lena n-áirítear coinníollacha maidir hoibreacha breise a dhéanamh), | |
[EN] | (viii) go ndéanfaidh údarás rialaithe foirgníochta (sula ndéanfaidh sé cinneadh i dtaobh an ndeonóidh sé deimhniú den sórt sin) iniúchadh ar fhoirgneamh a mbeidh iarratas ar dheimhniú um thabhairt chun rialtachta curtha faoina bhráid ina leith, agus á chumasú don údarás deimhniú um thabhairt chun rialtachta a dheonú, más cuí leis, dá rogha féin, déanamh amhlaidh, ar deimhniú é ina sonrófar go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann na hoibreacha, arna bhfoirgniú de réir pleananna, doiciméad agus faisnéise a cuireadh faoi bhráid an údaráis i dteannta an iarratais ar an deimhniú, na forálacha de rialacháin fhoirgníochta a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán, ach sin faoi réir aon choinníollacha, den chineál dá dtagraítear i bhfomhír (vii), a bheidh ag gabháil leis an deimhniú, a chomhlíonadh (laistigh den tréimhse 4 mhí a luaitear ansin), | |
[EN] | (ix) iarratas a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta ar dheimhniú um chomhlíonadh i leith ceanglas faoi na rialacháin fhoirgníochta chun rochtain ar fhoirgneamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas (‘deimhniú rochtana míchumais’), agus á chumasú don údarás rialaithe foirgníochta deimhniú den sórt sin a dheonú más é a thuairim go gcomhlíonfadh dearadh an fhoirgnimh, nó an mhéadaithe nó an athraithe ábhartha air, a gcuirtear an t-iarratas faoina bhráid ina leith, na forálacha iomchuí de na rialacháin fhoirgníochta (faoi réir aon dispeansáid nó maolú iomchuí arna dheonú cheana féin faoi alt 4 nó 5 nó faoi réir aon achomhairc faoi alt 7 a bheidh lamháilte), | |
[EN] | (x) iarratas a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán (dá ngairtear ‘deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán’ freisin san Acht seo) nó ar dheimhniú rochtana míchumais (dá ngairtear ‘deimhniú athbhreithnithe rochtana mhíchumais’ freisin san Acht seo) más rud é go ndéantar athbhreithniú suntasach ar dhearadh nó ar oibreacha foirgnimh, nó méadaithe nó athraithe ábhartha ar fhoirgneamh, a mbeidh deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó deimhniú rochtana mhíchumais deonaithe ag údarás rialaithe foirgníochta ina leith, agus | |
[EN] | (xi) nach n-osclófar, nach n-oibreofar nó nach n-áiteofar foirgneamh nua, nó foirgneamh láithreach a mbeidh méadú nó athrú ábhartha déanta ina leith, nó nach gceadófar é a oscailt, a oibriú nó a áitiú— | |
[EN] | (I) mura rud é go mbeidh deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó deimhniú rochtana míchumais (nó, de réir mar is gá sa chás, deimhniú athbhreithnithe de cheachtar chineál) nó deimhniú um thabhairt chun rialtachta, mar a cheanglaítear le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, deonaithe ag an údarás rialaithe foirgníochta i ndáil leis an bhfoirgneamh, nó | |
[EN] | (II) má dhéantar achomharc den sórt sin chuige, go dtí go gcinnfidh an Bord Pleanála achomharc faoi alt 7, i ndáil le diúltú aon cheann de na deimhnithe nó de na deimhnithe athbhreithnithe dá dtagraítear i gclásal (I) nó i ndáil le coinníollacha a chur ag gabháil le haon cheann acu, a chinneadh;”, | |
[EN] | (d) i bhfo-alt (2)(b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i): | |
[EN] | “(i) foirm agus ábhar na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (I) deimhnithe um chomhlíonadh, | |
[EN] | (II) iarratais ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, ar dheimhnithe athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, ar dheimhnithe rochtana míchumais agus ar dheimhnithe athbhreithnithe rochtana míchumais, | |
[EN] | (III) gach ceann de na deimhnithe a luaitear i gclásal (II), | |
[EN] | (IV) fógraí 7 lá agus dearbhuithe reachtúla i dtaobh fógra 7 lá, | |
[EN] | (V) iarratais ar dheimhnithe formheasa agus deimhnithe formheasa,”, | |
[EN] | (e) i bhfo-alt (2)(b)(ii), trí “fógraí 7 lá, dearbhuithe reachtúla i dtaobh fógra 7 lá, deimhnithe athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhnithe um thabhairt chun rialtachta, deimhnithe rochtana míchumais, deimhnithe rátála fuinnimh foirgnimh, deimhnithe athbhreithnithe rochtana mhíchumais” a chur isteach i ndiaidh “ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán,” | |
[EN] | (f) i bhfo-alt (2)(h)(ii), trí “, fógraí 7 lá, dearbhuithe reachtúla i dtaobh fógra 7 lá, deimhnithe athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhnithe um thabhairt chun rialtachta, deimhnithe rochtana mhíchumais, deimhnithe athbhreithnithe rochtana mhíchumais” a chur isteach i ndiaidh “ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán”, | |
[EN] | (g) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h): | |
[EN] | “(ha) díolmhú, in imthosca sonraithe, ó tháillí dá dtagraítear i mír (h);”, | |
[EN] | (h) i bhfo-alt (2)(k), trí “rialacháin;” a chur in ionad “rialacháin.”, | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(2A) Folaíonn tagairtí i bhf0-alt (2)(a)(iv) go (xi) d’athrú ábhartha ar fhoirgneamh tagairtí d’athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh agus, chun críocha na bhforálacha sin mar atá feidhm ach i ndáil le hathrú ábhartha den sórt sin ar úsáid, déanfar tagairtí sna forálacha sin do na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) obair, | |
[EN] | (b) oibreacha iomchuí, nó | |
[EN] | (c) dearadh oibreacha, | |
[EN] | a mhéid atá siad infheidhme maidir le hathrú ábhartha ar úsáid, a fhorléiriú mar thagairtí do na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (i) déanamh na ngníomhartha arb é atá iontu an t-athrú ábhartha ar úsáid nó, de réir mar is cuí, na gníomhartha sin nuair a dhéantar iad, nó | |
[EN] | (ii) i gcás tagairtí do dhearadh oibreacha, na gnéithe éagsúla den athrú ábhartha ar úsáid nó, de réir mar is cuí, aon ghné áirithe den athrú sin ar úsáid. | |
[EN] | agus déanfar tagairtí d’fhoirgníocht oibreacha a fhorléiriú dá réir sin.”. | |
[EN] | (j) i bhfo-alt (5), trí “, fógra 7 lá, deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhniú um thabhairt chun rialtachta, deimhniú rochtana míchumais, deimhniú athbhreithnithe rochtana míchumais” a chur isteach i ndiaidh “ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán” agus trí “, an fógra 7 lá, an deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, an deimhniú um thabhairt chun rialtachta, an deimhniú rochtana míchumais, an deimhniú athbhreithnithe rochtana míchumais” a chur isteach i ndiaidh “an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán”, agus | |
[EN] | (k) i bhfo-alt (6), trí “, fógra 7 lá, deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhniú um thabhairt chun rialtachta, deimhniú rochtana míchumais, deimhniú athbhreithnithe rochtana míchumais” a chur isteach i ndiaidh “i ndáil le deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán”. | |
Leasú ar alt 7 (achomhairc) d’Acht 1990. |
6 .— Leasaítear alt 7 d’Acht 1990— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (i) i mír (c), trí “ formheasa, nó” a chur in ionad “formheasa,”, agus | |
[EN] | (ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): | |
[EN] | “(d) alt 6(2)(a)(vii), ar dheimhniú um thabhairt chun rialtachta, nó | |
[EN] | (e) alt 6(2)(a)(ix), ar dheimhniú rochtana mhíchumais,” | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (3), trí mhír (c) a scriosadh. | |
Leasú ar Acht 1990 — ailt 7A agus 7B nua. |
7 .— Leasaítear Acht 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7: | |
[EN] | “Táillí i leith achomhairc. | |
[EN] | 7A.— (1) Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh An Bord Pleanála (dá ngairtear ‘an Bord’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a chinneadh go mbeidh táillí iníoctha i ndáil le hachomhairc faoi alt 7 agus, faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an duine a dhéanann an achomharc faoi alt 7 táille den sórt sin arna cinneadh amhlaidh a íoc leis an mBord ag cibé tráth a shonróidh an Bord. | |
[EN] | (2) Folaíonn cumhacht an Bhoird i ndáil le táillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cumhacht a bheith ag an mBord— | |
[EN] | (a) chun a chinneadh go mbeidh táillí éagsúla den sórt sin iníoctha i leith aicmí éagsúla achomhairc faoi alt 7, | |
[EN] | (b) chun duine a dhíolmhú, i cibé imthosca a chinnfidh sé, ón gceanglas chun aon táille den sórt sin a íoc, agus | |
[EN] | (c) i cibé imthosca a chinnfidh sé, chun aon táille den sórt sin a bheidh íoctha a mhaitheamh nó a aisíoc go hiomlán nó go páirteach, | |
[EN] | agus ní bheidh gá le ceadú an Aire chun an chumhacht faoi mhír (b) nó (c) a fheidhmiú (ar leith ó na himthosca ina mbeidh an chumhacht infheidhmithe a chinneadh). | |
[EN] | (3) Déanfaidh an Bord na táillí a chinnfear faoi fho-alt (1) a athbhreithniú ó am go ham, ach ar a laghad gach trí bliana, ag féachaint d’aon athrú ar an treoir-phraghas do thomhaltóirí ón tráth a cinneadh na táillí atá i bhfeidhm de thuras na huaire, agus féadfaidh sé na táillí a leasú chun torthaí an athbhreithnithe sin a léiriú, gan aon ghá le ceadú an Aire faoi fho-alt (1). | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn ‘athrú ar an treoir-phraghas do thomhaltóirí’ an difríocht idir an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim is deireanaí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh dháta an chinnidh faoin alt seo agus an uimhir sin is deireanaí a foilsíodh roimh dháta an athbhreithnithe faoi fho-alt (3), arna shloinneadh mar chéatadán den uimhir is deireanaí a luadh. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndéanfaidh an Bord táillí a chinneadh nó a leasú de réir an ailt seo, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 8 seachtain sula dtiocfaidh na táillí in éifeacht, fógra a thabhairt faoi na táillí i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa Stát. | |
[EN] | Foráil maidir leis an Acht seo a leasú le I.R. Uimh. 872 de 2005. | |
[EN] | 7B.— Measfar cumhacht a bheith ag an Aire riamh na rialacháin dar teideal ‘Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh) 2005’ (I.R. Uimh. 872 de 2005) a dhéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972 agus, dá réir sin— | |
[EN] | (a) measfar an leasú ar alt 3(2) a airbheartaítear a bheith déanta leis na Rialacháin sin a bheith déanta go bailí agus a bheith i ngníomh amhail ar an agus ón dáta a airbheartaíodh na Rialacháin sin a bheith déanta, agus | |
[EN] | (b) measfar na Rialacháin um na Rialacháin Fhoirgníochta (Leasú) 2005 (I.R. Uimh. 873 de 2005) a rinneadh i bhfeidhmiú airbheartaithe na gcumhachtaí a thugtar le hailt 3 agus 18 a bheith déanta go bailí agus a bheith i ngníomh amhail ar an agus ón tráth a foráladh leis na Rialacháin sin go raibh na Rialacháin sin le teacht i ngníomh.”. | |
Leasú ar alt 8 (fógra forfheidhmiúcháin) d’Acht 1990. |
8 .— Leasaítear alt 8(4) d’Acht 1990— | |
[EN] | (a) i mír (b), trí “a cheanglófar san fhógra;” a chur in ionad “a cheanglófar san fhógra.”, agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | |
[EN] | “(c) a cheangal ar dhuine ar a seirbheáiltear an fógra na costais agus na caiteachais arna dtabhú go réasúnach ag an údarás rialaithe foirgníochta i ndáil le himscrúdú agus braith na nithe, arb iad is ábhar don fhógra, i ndáil le seirbheáil an fhógra agus i ndáil le hullmhú agus tabhairt aon rabhadh roimh sheirbheáil an fhógra, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachas eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, a íoc leis an údarás rialaithe foirgníochta, | |
[EN] | agus, maidir leis na costais agus na caiteachais dá dtagraítear i mír (c), más rud é nach n-íoctar iad, féadfaidh an t-údarás, faoi réir alt 9 agus gan dochar d’fho-alt (8), na costais agus na caiteachais a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.”. | |
Leasú ar alt 9 (iarratas chun na Cúirte Dúiche i ndáil le fógra forfheidhmiúcháin) d’Acht 1990. |
9 .— Leasaítear alt 9 d’Acht 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(3A) Má dhéanann an chúirt breith lena mbaineann fo-alt (3)(a) nó (b), déanfaidh sí, mura rud é gur deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don iarratasóir na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a íoc leis an údarás rialaithe foirgníochta, ar costais agus caiteachais iad arna dtabhú ag an údarás— | |
[EN] | (a) le linn láithriú agus fianaise a thabhairt ar aird ag an éisteacht, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachais eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, agus | |
[EN] | (b) sa mhéid nár aisíocadh iad de bhun na forála (más ann) den fhógra forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in alt 8(4)(c), i ndáil le himscrúdú agus braith na nithe lena mbaineann an t-iarratas, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachas mar a dúradh.”. | |
Leasú ar alt 12 (ordú ón Ard-Chúirt i ndáil le foirgnimh agus oibreacha) d’Acht 1990. |
10 .— Leasaítear alt 12 d’Acht 1990— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú” a chur in ionad “féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú”, | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) I gcás foirgniú aon fhoirgnimh nó oibreacha lena mbaineann rialacháin fhoirgníochta a bheith tosaithe nó críochnaithe agus más rud é— | |
[EN] | (a) go gceanglaítear deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhniú rochtana míchumais nó deimhniú um thabhairt chun rialtachta a dheonú ina leith agus, maidir le foirgniú den sórt sin— | |
[EN] | (i) go ndéantar, nó go ndearnadh, tús a chur leis gan an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, an deimhniú rochtana míchumais nó an deimhniú um thabhairt chun rialtachta a bheith deonaithe, nó | |
[EN] | (ii) go ndéantar, nó go ndearnadh, é a chríochnú gan an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, an deimhniú rochtana míchumais nó an deimhniú um thabhairt chun rialtachta a bheith deonaithe, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) nach bhfuil fógra forfheidhmithe comhlíonta ina leith, | |
[EN] | féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú lena gceanglófar aon déanmhas, seirbhís, feisteas nó trealamh a aistriú, a athrú nó a dhéanamh slán, nó go scoirfear d’aon oibreacha, nó lena srianfar nó lena dtoirmiscfear an foirgneamh a úsáid go dtí go mbeidh an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, an deimhniú rochtana míchumais nó an deimhniú um thabhairt chun rialtachta deonaithe agus comhlíonta, nó go dtí go mbeidh an fógra forfheidhmithe comhlíonta.”, | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (2), trí “agus i gcás ina ndéantar iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Chúirt Cuarda” a chur in ionad “agus nuair a dhéanfar iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt”, | |
[EN] | (d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(2A) Má dhéanann an Ard-Chúirt nó an Chúirt Chuarda ordú faoin alt seo lena ndéantar foráil maidir le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (1A), déanfaidh sí, mura rud é gur deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine ar ina choinne nó ina coinne a dhéantar an t-ordú na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a íoc leis an údarás foirgníochta lena mbaineann, ar costais agus caiteachais iad arna dtabhú ag an údarás— | |
[EN] | (a) i ndáil leis an iarratas faoin alt seo, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachais eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, agus | |
[EN] | (b) sa mhéid nár aisíocadh iad ar aon mhodh eile dá bhforáiltear faoin Acht seo, i ndáil le himscrúdú agus braith na nithe lena mbaineann an t-iarratas agus i ndáil le hullmhú agus tabhairt aon rabhadh roimh dhéanamh an iarratais, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachas mar a dúradh.”, | |
[EN] | (e) i bhfo-alt (3), trí “Beidh éifeacht le haon ordú arna dhéanamh ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Chuarda faoin alt seo ” a chur in ionad “Beidh éifeacht le haon ordú arna dhéanamh ag an Ard-Chúirt faoin alt seo”, agus | |
[EN] | (f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(4) (a) Mai9dir le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda, déanfar é chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil an talamh is ábhar don iarratas suite. | |
[EN] | (b) Beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda iarratas faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh i gcás nach bhfuil margadhluach na talún is ábhar don iarratas níos mó ná €3,000,000. | |
[EN] | (c) Féadfaidh an Chúirt Chuarda, chun críocha mhír (b),i ndáil le talamh nár tugadh aon mhargadhluach di nó is ábhar do mhargadhluach in éineacht le h eile, a chinneadh go mbeadh, nó nach mbeadh, an margadhluach níos mó ná €3,000,000. | |
[EN] | (d) I gcás ina bhfuil margadhluach aon talún is ábhar d’iarratas faoin alt seo níos mó ná €3,000,000, déanfaidh an Chúirt Chuarda, má dhéanann aon duine ag a bhfuil leas sna himeachtaí iarratas chuici chuige sin, na himeachtaí a aistriú chun na hArd-Chúirte, ach beidh aon ordú nó gníomh arna dhéanamh i gcúrsa na n-imeachtaí sin roimh an aistriú bailí mura rud é go ndéanann an Ard-Chúirt é a urscaoileadh nó a athrú le hordú. | |
[EN] | (e) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le talamh, an praghas a gheofaí i leith an fheo shimplí neamhualaithe dá mba rud é go ndíolfaí an talamh ar an margadh oscailte, sa bhliain díreach roimh thionscnamh na n-imeachtaí lena mbaineann, ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an talamh don díoltóir.”. | |
Leasú ar alt 17 (pionóis) d’Acht 1990. |
11 .— Leasaítear alt 17 d’Acht 1990— | |
[EN] | (a) i bhfo-ailt (1) agus (2)(a)— | |
[EN] | (i) trí “€5,000” a chur in ionad “£800”, agus | |
[EN] | (ii) trí “€500” a chur in ionad “£150”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2)(b), trí “€50,000” a chur in ionad “£10,000”, agus | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (5), trí “faoin Acht seo” a chur in ionad “lena mbaineann fo-alt (1)”. | |
Leasú ar Acht 1990 — ailt nua 17A agus 17B. |
12 .— Leasaítear Acht 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 17: | |
[EN] | “Fíneálacha a íoc le húdarás rialaithe foirgníochta. | |
[EN] | 17A.— I gcás ina bhforchuireann cúirt fíneáil, nó ina ndaingneoidh nó ina n-athróidh sí fíneáil a fhorchuireann cúirt eile, maidir le cion faoin Acht seo, in imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás rialaithe foirgníochta, déanfaidh sí, ar iarratas ón údarás rialaithe foirgníochta (arna dhéanamh roimh an bhforchur, roimh an daingniú nó roimh an athrú sin), a fhoráil le hordú go n-íocfar méid na fíneála leis an údarás rialaithe foirgníochta agus féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta an íocaíocht sin a fhorfheidhmiú amhail is dá mba rud é go mbeadh sí dlite dó ar scór foraithne nó ordaithe a dhéanann an chúirt in imeachtaí sibhialta. | |
[EN] | Costais a ghabhann le hionchúiseamh, etc. | |
[EN] | 17B.— Tar éis duine a chiontú i gcion faoin Acht seo in imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás rialaithe foirgníochta, déanfaidh an chúirt, mura rud é gur deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a íoc leis an údarás, ar costais agus caiteachais iad arna dtabhú ag an údarás i ndáil le himscrúdú, braith agus ionchúiseamh an chiona, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachas eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí. | |
[EN] | Luach fianaiseach faisnéise a stóráiltear go leictreonach. | |
[EN] | 17C.— In aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh luach fianaiseach ag deimhniú arna eisiúint ag údarás rialaithe foirgníochta ar deimhniú é a airbheartaíonn a bheith ina eischló sonraí atá stóráilte ag an údarás i bhformáid leictreonach nó sonraí atá stóráilte i bhformáid fhótagrafach nó dhigitithe nó i bhformáid nua-aimseartha eile, ar sonraí iad, i gceachtar cás, a bhaineann leis an údarás do chomhlíonadh aon fheidhme faoin Acht seo nó a bhaineann le haon phleananna, doiciméid nó faisnéis a chuirtear faoina bhráid faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo.”. |