An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Suirbhéirí Foirgníochta a Chlárú. ) Ar Aghaidh ( CUID 7 Forálacha Ilghnéitheacha )

21 2007

An tAcht um Rialú Foirgníochta 2007

CUID 6

Feidhmiúlacht chun Cleachtadh

Caighdeáin Iompair Ghairmiúil a bhunú.

56 .— (1) Ullmhóidh an comhlacht clárúcháin cód (dá ngairtear “an cód” sa Chuid seo) ina sonrófar na caighdeáin iompair ghairmiúil agus cleachtais a gcloífidh gairmithe cláraithe leo.

(2) Déanfaidh an comhlacht clárúcháin an cód a ullmhaíonn sé a athbhreithniú ó am go ham agus féadfaidh sé forálacha an chóid a leasú más cuí leis.

(3) Déanfaidh an comhlacht clárúcháin dréacht den chód atá beartaithe nó d’aon leasú air—

(a) a fhoilsiú i cibé slí a chinnfidh sé mar aon le cuireadh a thabhairt do dhaoine den phobal agus d’aon eagraíocht nó d’aon chomhlacht eile, ar dealraitheach don chomhlacht clárúcháin ina leith go bhfuil leas aige san ábhar, trácht a dhéanamh a thabhairt ar an dréacht roimh dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin sa chuireadh,

(b) a chur faoi bhráid an Údaráis Iomaíochta mar aon le hiarraidh go ndéanfaidh an tÚdarás a thuairim a thabhairt i scríbhinn (roimh dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin san aighneacht) i dtaobh an dóigh gurbh é ba thoradh ar aon fhoráil de chuid an dréachta ná go ndéanfaí iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

(4) Roimh an gcód nó an leasú a ullmhú, cuirfidh an comhlacht clárúcháin i gcuntas aon trácht a fhaigheann sé de réir cuiridh faoi fho-alt (3)(a) agus tuairim i scríbhinn ón Údarás Iomaíochta a fhaigheann sé de réir iarrata faoi fho-alt (3)(b) i ndáil leis an dréacht-chód nó le haon dréacht-leasú.

(5) Déanfaidh an comhlacht clárúcháin cóip den chód a ullmhaíonn sé a sholáthar d’aon duine a iarrfaidh é, ar mhuirear réasúnach a íoc, nó gan mhuirear i gcás inar cuí leis é.

Gearáin leis an gCoiste Iompair Gairmiúil.

57 .— (1) Féadfaidh aon duine gearán a dhéanamh leis an gCoiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”) maidir le gníomh gairmí chláraithe a líomhnófar gurb ionann é agus mí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil.

(2) I gcás inar dóigh leis an gCoiste nár suíodh cás prima facie le haghaidh fiosrúcháin faoi fho-alt (5) maidir leis an ngearán, cuirfidh sé an méid sin in iúl don ghearánach i scríbhinn agus ní rachaidh sé ar aghaidh níos faide.

(3) Féadfaidh an Coiste, i gcás inar cuí leis déanamh amhlaidh, a iarraidh ar an ngearánach agus ar an ngairmí cláraithe is ábhar don ghearán réiteach a lorg ar an ngearán trí idirghabháil os comhair duine nó daoine a cheapfar faoi rialacha arna ndéanamh ag an gcomhlacht clárúcháin iomchuí agus má thoilíonn an gearánach agus an gairmí cláraithe leis an idirghabháil sin a sheoladh, seolfar an idirghabháil sin dá réir sin.

(4) Más rud é nach leanann réiteach ar an ngearán as an idirghabháil, rachaidh an Coiste ar aghaidh chun an ngearán a bhreithniú.

(5) Féadfaidh an Coiste a chinneadh fiosrúchán a sheoladh maidir le gearán agus i gcás ina ndéanfaidh sé amhlaidh tabharfaidh cathaoirleach an Choiste fógra do na comhaltaí eile den Choiste agus don ghearánach agus don ghairmí cláraithe faoin dáta, faoin am agus faoin áit le haghaidh na héisteachta, agus déanfar an fógra faoin bhfo-alt seo chuig an ngairmí cláraithe a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh a thugtar sa chlár, beidh mionsonraí ann faoi chineál an ghearáin líomhnaithe i gcoinne an ghairmí chláraithe agus cuirfear in iúl don ghairmí cláraithe ann go bhfuil ceart aige nó aici chun láithriú os comhair an Choiste agus chun duine a roghnóidh sé féin nó sí féin a bheith aige nó aici mar ionadaí ag an éisteacht.

(6) Maidir le fiosrúchán faoin alt seo, tá ag an gCoiste na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí a dhílsítear don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt le linn caingean a éisteacht ar cumhachtaí, cearta agus pribhléidí iad atá ann—

(a) chun a thabhairt ar fhinnéithe freastal agus chun iad a cheistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus

(b) chun iallach a chur ar dhaoine doiciméid a thabhairt ar aird,

agus, chun na gcríoch sin, tá toghairm arna síniú ag cathaoirleach an Choiste comhionann le haon nós imeachta foirmiúil atá intionscanta i gcaingean.

(7) Más rud é, maidir le duine a thoghaireann an cathaoirleach chun freastal os comhair éisteachta den Choiste nó chun doiciméad a thabhairt ar aird—

(a) go mainneoidh sé nó sí freastal,

(b) go mainneoidh nó go ndiúltóidh sé nó sí doiciméad a thabhairt ar aird ar doiciméad é a bhfuil cumhacht ag an duine sin é a thabhairt ar aird, nó

(c) go ndiúltóidh sé nó sí mionn a ghlacadh nó go ndiúltóidh sé nó sí ceist a fhéadfaidh an Coiste a chur go dlíthiúil a fhreagairt,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(8) Más rud é, maidir leis an sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi fho-alt (8), go leantar de tar éis an chiontaithe, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá a leantar den sárú agus dlífear, in aghaidh gach ciona den sórt sin, ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(9) Maidir le finné ag éisteacht faoin alt seo, tá na pribhléidí agus na díolúintí céanna aige nó aici a bheadh aige nó aici dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(10) Déanfaidh an Coiste, tar éis fiosrúchán a chríochnú, tuarascáil a thabhairt ar aird ar tuarascáil í a mbeidh a chuid cinntí ann, lena n-áirítear cineál an ghearáin, an fhianaise a bhí os a chomhair, cibé nithe eile a bhaineann leis an ngairmí cláraithe agus a mheasann sé is cuí agus a thuairim i dtaobh ar suíodh nó nár suíodh go raibh cás mí-iompair ghairmiúil nó lagfheidhmíochta gairmiúla ann.

(11) Ní dhéanfar cinntí an Choiste maidir le haon ní a tharchuirtear chuige a phoibliú, gan toiliú an duine ab ábhar don fhiosrúchán, mura rud é gur chinn an Coiste go raibh an duine ciontach i mí-iompar gairmiúil nó i lagfheidhmíocht ghairmiúil.

(12) I gcás nach bhfuair an Coiste an gairmí cláraithe ciontach i mí-iompar gairmiúil nó i lagfheidhmíocht ghairmiúil, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin don ghearánach agus cuirfidh sé in iúl don ghearánach go bhfuil ceart aige nó aici achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne a chinnidh.

Cinneadh an Choiste Iompair Ghairmiúil.

58 .— (1) I gcás ina gcinnfidh an Coiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”) nach raibh aon mhí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil ann ar thaobh an ghairmí chláraithe, ní dhéanfaidh sé aon bheart eile maidir leis an ábhar agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don ghairmí cláraithe.

(2) I gcás ina gcinnfidh an Coiste go bhfuil gairmí cláraithe ciontach i mí-iompar gairmiúil nó i lagfheidhmíocht ghairmiúil, féadfaidh sé, faoi réir na bhforálacha eile den Acht seo, ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) comhairle nó rabhadh a thabhairt don ghairmí cláraithe, nó é nó í a cháineadh, i ndáil leis an iompar nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht a bhfuil gearán déanta ina leith;

(b) fíneáil ina mbeidh méid sonraithe a ghearradh ar an ngairmí cláraithe agus i gcás ina mainneoidh sé nó sí an fhíneáil a íoc leis an gcomhlacht clárúcháin laistigh de 2 mhí ón tráth a thugtar fógra dó nó di i dtaobh ghearradh na fíneála, féadfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a scriosadh as an gclár;

(c) a ordú nach mbeidh éifeacht le clárú ainm an duine sa chlár i gcaitheamh tréimhse sonraithe;

(d) ainm an duine a scriosadh as an gclár;

(e) a ordú go bhfágfar ainm an duine ar an gclár ach cibé coinníollacha a fhorchur maidir leis an ainm a fhágáil ar an gclár a mheasfaidh sé a bheith cuí, ar coinníollacha iad a bheidh le comhlíonadh ag an ngairmí cláraithe,

agus déanfaidh cathaoirleach an Choiste fógra a chur láithreach chuig an duine leis an bpost cláraithe réamhíoctha, ag seoladh an duine mar a thugtar sa chlár, i dtaobh chinneadh an Choiste, dáta an chinnidh sin agus na cúiseanna leis an gcinneadh agus i dtaobh cheart an duine achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne an chinnidh.

(3) Gan dochar d’oibriú na bhforálacha eile den Acht seo i ndáil le hachomhairc i gcoinne cinntí cumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú, ní fhéadfaidh an Coiste aon cheann de na cumhachtaí faoi fho-alt (2) (b) go (e) a fheidhmiú mura ndéanfaidh an Ard-Chúirt an cinneadh maidir le feidhmiú na cumhachta a dhaingniú faoi fho-alt (6) nó, de réir mar a bheidh, ar achomharc chun na Cúirte sin faoi alt 26, 4054, de réir mar is cuí, agus sa chás sin ní fhéadfar í a fheidhmiú ach amháin faoi réir théarmaí (más ann) an daingnithe sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh gairmí cláraithe achomharc i gcoinne cinnidh ón gCoiste chuig an mBord Achomhairc laistigh den tréimhse dá bhforáiltear faoin Acht seo, cuirfear bac ar chinneadh an Choiste go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chur de láimh, lena n-áirítear aon tréimhse dá bhforáiltear le haghaidh achomhairc eile chun na hArd-Chúirte.

(5) Tá feidhm feidhm ag fo-alt (6) más rud é—

(a) nach ndéantar aon achomharc faoin Acht seo i gcoinne chinneadh an Choiste a luaitear san fho-alt sin, nó

(b) (i) go mbeidh achomharc den sórt sin, arna dhéanamh i gcoinne an chinneadh, curtha de láimh agus ina mbeidh an cinneadh daingnithe (fara leasú nó gan leasú air), agus

(ii) nach daingniú de chuid na hArd-Chúirte faoi alt 26, 40 nó 54, de réir mar is cuí, an daingniú sin.

(6) Féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar cinneadh ón gCoiste na cumhachtaí faoi fho-alt (2)(b), (c), (d)(e) a fheidhmiú agus,má dhéanann an Cláraitheoir iarratas amhlaidh, déanfaidh an Ard-Chúirt, tar éis an t-iarratas a éisteacht, mura rud é go bhfuil cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú a thabhairt dá réir sin agus, i gcás ina mbaineann an dearbhú le cinneadh na cumhachtaí faoi fho-alt (2)(d) a fheidhmiú, (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chláraitheoir ainm an duine sin a scriosadh as an gclár lena mbaineann nó a ordú nach mbeidh éifeacht le clárú ainm an duine sa chlár sin le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte).

(7) Tar éis ainm duine a scriosadh as aon chlár faoin alt seo, déanfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin, ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

(8) I gcás ina dtabharfar ordú faoin alt seo á rá nach mbeidh éifeacht le clárú ainm duine in aon chlár le linn tréimhse sonraithe, déanfaidh an Cláraitheoir, roimh thosach na tréimhse sin, fógra i scríbhinn faoin ordú sin a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

(9) Féadfar ainm aon duine a scriostar faoin alt seo a chur ar ais sa chlár lena mbaineann ar ordú ón gCoiste, ach ní ar shlí eile, agus féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le cur ar ais an ainm (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille dá bhforáiltear i gcás iarratais ar chlárú ar an gcéad ásc).

(10) I gcás ina mbeidh clárú duine i gclár tar éis scor d’éifeacht a bheith leis faoin alt seo ar feadh tréimhse sonraithe, féadfaidh an Coiste, le hordachán, más cuí leis, ar iarratas chuige ón duine sin, an fhionraí a fhoirceannadh agus féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil leis an bhfoirceannadh (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille dá bhforáiltear i gcás iarratais ar chlárú ar an gcéad ásc).

Imeachtaí le bheith faoi phribhléid.

59 .— Maidir le himeachtaí de chuid Coiste Iompair Ghairmiúil nó teachtaireachtaí chuige nó uaidh i gcúrsa fiosrúcháin, agus maidir le tuarascálacha ón gCoiste a thabharfar le linn a chumhachtaí, a dhualgais nó a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, faoin gCuid seo, beidh siad faoi phribhléid iomlán in aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh.