An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007) Ar Aghaidh ( CUID 2 Leasú ar an bPríomh-Acht, etc. )

22 2007

An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007

CUID 1

Nithe Réamhráiteacha

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe. Féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Míniú ar an bPríomh-Acht.

2 .— San Acht seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Rialáil Cumarsáide 2002.