An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Nithe Réamhráiteacha ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Leasú ar an Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000 )

22 2007

An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007

CUID 2

Leasú ar an bPríomh-Acht, etc.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú).

3 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht mar a leanas:

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “Acht 1996”:

“ciallaíonn ‘comhlach’, i ndáil le gnóthas—

(a) cuideachta shealbhaíochta de chuid an ghnóthais, nó

(b) fochuideachta de chuid an ghnóthais, nó

(c) cuideachta is fochuideachta de chuid comhlachta chorpraithe, más fochuideachta de chuid an chomhlachta an gnóthas freisin ach nach fochuideachta den chuideachta eile ceachtar de na cuideachtaí, nó

(d) comhlacht corpraithe nach fochuideachta de chuid an ghnóthais ach ar ina leith atá leas tairbhiúil ag an ngnóthas ar bhreis agus 20 faoin gcéad de luach ainmniúil—

(i) scairchaipiteal leithroinnte an chomhlachta, nó

(ii) na scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach dtagann i gceist ach amháin in imthosca sonraithe) de chuid an chomhlachta,

(e) comhpháirtíocht nó comhfhiontar ina bhfuil leas airgeadais ag an ngnóthas;”;

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) tar éis an mhínithe ar “saoráidí gaolmhara”:

“ciallaíonn ‘comhlachas gnóthas’ comhlacht corpraithe a chuimsíonn gnóthas amháin nó níos mó ach nach gnóthas é féin;”;

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “seirbhís cumarsáide leictreonaí”:

“ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’, i ndáil le seirbhís cumarsáide leictreonaí nó saoráid ghaolmhar, duine dá soláthraítear seirbhís den sórt sin, nó a d’iarr go soláthrófaí seirbhís nó saoráid den sórt sin, seachas chun críche athsholáthair;”;

(d) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “lá bunaithe”:

“folaíonn ‘mainneachtain comhlíonadh’ sárú;

ciallaíonn ‘bliain airgeadais’, i ndáil leis an gCoimisiún, bliain airgeadais an Choimisiúin mar a shonraítear in alt 31A nó dá réir;”;

(e) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “forordaithe”:

“ciallaíonn ‘achtachán gaolmhar’—

(a) achtachán a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, nó

(b) ionstraim reachtúil a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal sin, nó

(c) ionstraim reachtúil arna déanamh ag an Aire chun éifeacht a thabhairt d’ionstraim de chuid institiúide de na Comhphobail Eorpacha maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) seirbhís cumarsáide leictreonaí, líonra cumarsáide leictreonaí nó saoráid ghaolmhar a sholáthar, nó

(ii) an speictream raidió-mhinicíochta nó an acmhainn náisiúnta uimhrithe, nó

(iii) seirbhís poist,

(d) ionstraim reachtúil arna déanamh ag na Coimisinéirí faoi Acht a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, nó

(e) aon Acht nó ionstraim reachtúil a dhearbhaítear le foráil d’Acht eile nó d’ionstraim reachtúil eile a bheith ina achtachán gaolmhar nó ina hachtachán gaolmhar chun críocha an Achta seo;”;

(f) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) tar éis an mhínithe ar “gléas teilifíse”:

“folaíonn ‘ an tAcht seo ’ na hionstraimí reachtúla uile arna ndéanamh faoin Acht seo;”;

(g) trí fho-alt (2) a aisghairm.

Aisghairm ar alt 9 agus leasuithe ilghnéitheacha ar achtacháin eile.

4 .— (1) Aisghairtear alt 9 den Phríomh-Acht.

(2) Leasaítear na hAchtanna a shonraítear i Sceideal 1 mar a chuirtear in iúl sa Sceideal sin.

(3) Leasaítear na hionstraimí reachtúla a shonraítear i Sceideal 2 mar a chuirtear in iúl sa Sceideal sin. Ní bac é na hionstraimí a bheith leasaithe amhlaidh ar an údarás iomchuí déanta ionstraimí iad a leasú dá éis sin.

(4) Tá éifeacht leis na cosaintí agus na forálacha eatramhacha a shonraítear i Sceideal 3.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht (feidhmeanna an Choimisiúin).

5 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht mar a leanas:

(a) trí “Is iad feidhmeanna” a chur in ionad “Is é a bheidh i bhfeidhmeanna”;

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)(c):

“(ca) faireachán a dhéanamh ar cháilíocht agus éifeachtúlacht na seirbhíse freagartha glaonna éigeandála arna bunú faoi Chuid 6,”;

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)(d):

“(d) imscrúduithe a dhéanamh ar nithe a bhaineann le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí, líonra cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara, agus rochtain orthu, agus le tarchur na seirbhísí sin ar na líonraí sin,

(da) d’fhonn treisiú a dhéanamh ar mhargadh oscailte iomaíoch agus chun críocha staidrimh freisin, faisnéis ó ghnóthais a bhaineann le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí, líonra cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara agus tarchur na seirbhísí sin ar na líonraí sin a bhailiú, a thiomsú, a bhaint amach, a scaipeadh agus a fhoilsiú, agus”;

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó de thoradh gearáin arna dhéanamh ag úsáideoir deiridh nó gnóthas.”;

(e) i bhfo-alt (3), trí “faoin Acht seo nó aon Acht eile” a chur in ionad “faoin Acht seo”.

Ailt nua 13A go 13E a chur isteach sa Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:

“Críoch ailt 13B agus 13C.

13A.— Is é críoch ailt 13B agus 13C a chumasú don Aire faisnéis a fháil d’fhonn beartais agus pleananna a fhoirmliú chun dul i ngleic le héigeandálaí agus saincheisteanna slándála líonra a fhéadfaidh teacht chun cinn i dtaca le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

Cumhacht an Aire faisnéis a fháil ón gCoimisiún.

13B.— Chun na críche atá sonraithe in alt 13A, féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an gCoimisiún faisnéis i scríbhinn a sholáthar don Aire i dtaobh ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon:

(a) oibríocht nó feidhmíocht theicniúil líonraí agus bonneagar cumarsáide leictreonaí sa Stát;

(b) cliseadh nó mífheidhmiú líonra cumarsáide leictreonaí.

Cumhacht an Aire faisnéis a fháil ó ghnóthas.

13C.— (1) Chun na críche atá sonraithe in alt 13A, féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar ghnóthas faisnéis i scríbhinn a sholáthar don Aire i dtaobh gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) oibríocht nó feidhmíocht theicniúil sheirbhís cumarsáide leictreonaí an ghnóthais i gcomhthéacs an líonra cumarsáide leictreonaí iomchuí;

(b) cliseadh nó mífheidhmiú aon chuid de sheirbhís cumarsáide leictreonaí an ghnóthais;

(c) oibríocht an ghnóthais i ndáil le bonneagar cumarsáide leictreonaí.

(2) Tá cion déanta ag gnóthas más rud é—

(a) go mainníonn sé ceanglas arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe arna ceadú ag an Aire, nó

(b) le linn a airbheartú go bhfuil ceanglas den sórt sin á chomhlíonadh aige, go soláthraíonn sé faisnéis don Aire is eol don ghnóthas a bheith bréagach nó míthreorach.

(3) In imeachtaí i leith ciona lena ngabhann mainneachtain ag gnóthas ceanglas arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, is cosaint é má shuíonn an gnóthas—

(a) nach raibh an fhaisnéis a cheanglaítear amhlaidh ar eolas aige agus nárbh fhéidir le réasún a bheith ag súil go mbeadh sí ar eolas aige ná go bhfaigheadh sé amach í, nó

(b) gur toirmisceadh nochtadh na faisnéise le dlí de chuid an Stáit.

(4) Aon ghnóthas a bhfuil cion faoi fho-alt (2) déanta aige dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air.

(5) Más rud é, tar éis a chiontaithe i gcion faoi fho-alt (2) nó faoin bhfo-alt seo, go leanann gnóthas le mainneachtain an gníomh iomchuí a dhéanamh, beidh cion breise déanta ag an duine gach lá nó cuid de lá ar lena linn a leanann an mhainneachtain agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 in aghaidh gach ciona bhreise den sórt sin a chur air nó uirthi. Más rud é, áfach, go dtriailtear gnóthas as 6 cinn nó níos mó de chionta breise a líomhnaítear a rinneadh ar laethanta comhleanúnacha, is í an fhíneáil uasta is féidir a fhorchur mar gheall ar na cionta sin ag an triail ná €5,000.

Cumhacht an Choimisiúin faisnéis a fháil ó ghnóthas.

13D.— (1) Féadfaidh an Coimisiún aon tráth, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar ghnóthas cibé faisnéis scríofa a sholáthar dó is dóigh leis is gá chun a chumasú dó a chuid feidhmeanna a chomhall nó ceanglas a chuir an tAire air faoi alt 13B a chomhlíonadh.

(2) Tá cion déanta ag gnóthas más rud é—

(a) go mainníonn sé ceanglas arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe arna ceadú ag an gCoimisiún, nó

(b) le linn a airbheartú go bhfuil ceanglas den sórt sin á chomhlíonadh aige, go soláthraíonn sé faisnéis don Aire is eol don ghnóthas a bheith bréagach nó míthreorach.

(3) In imeachtaí i leith ciona lena ngabhann mainneachtain ag gnóthas ceanglas arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, is cosaint é má shuíonn an gnóthas—

(a) nach raibh an fhaisnéis a cheanglaítear amhlaidh ar eolas aige agus nárbh fhéidir le réasún a bheith ag súil go mbeadh sí ar eolas aige ná go bhfaigheadh sé amach í, nó

(b) gur toirmisceadh nochtadh na faisnéise le dlí de chuid an Stáit.

(4) Aon ghnóthas a bhfuil cion faoi fho-alt (2) déanta aige dlitear ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air.

(5) Más rud é, tar éis a chiontaithe i gcion faoin alt seo, go leanann gnóthas le mainneachtain an gníomh iomchuí a dhéanamh, beidh cion breise déanta ag an ngnóthas gach lá nó cuid de lá ar lena linn a leanann an mhainneachtain agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 in aghaidh gach ciona breise den sórt sin a chur air. Más rud é, áfach, go dtriailtear gnóthas as 6 cinn nó níos mó de chionta breise a líomhnaítear a rinneadh ar laethanta comhleanúnacha, is í an fhíneáil uasta is féidir a fhorchur mar gheall ar na cionta sin ag an triail ná €5,000.

Nós imeachta eile chun alt 13C nó 13D a fhorfheidhmiú.

13E.— (1) Mar mhalairt ar ionchúiseamh mar gheall ar chion i gcoinne alt 13C nó 13D a thionscnamh, féadfaidh an tAire nó an Coimisiún iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun ordú comhlíonta a dhéanamh faoi fho-alt (4). Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas den sórt sin.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt an t-iarratas a éisteacht ar an gcoinníoll amháin gur deimhin léi go ndearnadh cóip den iarratas a sheirbheáil ar an ngnóthas lena mbaineann. Ar chóip den sórt sin a sheirbheáil air, is é an gnóthas an freagróir san iarratas.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí go dtí go gcinnfear iarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (1). Ní ceadmhach don Chúirt faoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach a dhiúltú de bhíthin amháin nach bhféadfadh go mbainfeadh damáiste don Aire nó don Choimisiún dá mba rud é nach ndeonófaí faoiseamh go dtí go gcinnfí an t-iarratas.

(4) Ar iarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh á cheangal ar an ngnóthas an t-alt iomchuí a chomhlíonadh nó féadfaidh sí an t-iarratas a dhiúltú.

(5) Má dhéanann an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (4), féadfaidh sí cibé orduithe coimhdeacha is cuí léi a dhéanamh.”.

Ailt nua 24A go 24C a chur isteach sa Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 24:

“Sceithirí a chosaint.

24A.— (1) Aon duine a dhéanfaidh nochtadh cuí faisnéise don Choimisiún faoi iompar gnóthais, comhlaigh gnóthais nó comhlachais gnóthas, ní thabhóidh sé nó sí aon dliteanas sibhialta ná coiriúil as é a dhéanamh amhlaidh.

(2) Chun críocha fho-alt (1), ní nochtadh cuí faisnéise a dhéanann duine faoi iompar gnóthais, comhlaigh gnóthais nó comhlachais gnóthas ach amháin más rud é—

(a) go mbaineann an t-iompar le líonra nó seirbhís cumarsáide leictreonaí nó saoráid ghaolmhar a sholáthar, agus

(b) maidir leis an duine—

(i) go gcreideann sé nó sí ar fhorais réasúnacha gur fíor an fhaisnéis, nó

(ii) nach bhfuil sé nó sí in ann a chinneadh cad is ceart a chreidiúint ar fhorais réasúnacha i dtaobh fhírinne na faisnéise, go gcreideann sé nó sí ar fhorais réasúnacha go bhféadfaidh an fhaisnéis a bheith fíor agus tábhacht leordhóthanach a bheith léi chun gur chóir an fhaisnéis a nochtadh d’fhonn a chumasú don Choimisiún, nó d’údarás forfheidhmithe dlí a bhfuil leas dlisteanach aige an fhaisnéis a fháil (mar an Garda Síochána), a fhírinne a imscrúdú.

(3) Ní nochtfaidh an Coimisiún céannacht duine a mbeidh nochtadh cuí don Choimisiún déanta aige nó aici gan toiliú an duine a fháil i dtosach, ach amháin a mhéid is gá sin chun imscrúdú cuí na n-ábhar lena mbaineann an nochtadh a chinntiú. Tá feidhm ag an bhfo-alt seo d’ainneoin aon achtacháin nó rialach eile faoin dlí coiteann dá mhalairt.

(4) Más rud é go bhfuil nochtadh cuí don Choimisiún déanta ag duine, cuirfidh an Coimisiún, a mhéid is indéanta agus de réir dlí, toradh aon imscrúdaithe ar na nithe lena mbaineann an nochtadh in iúl don duine.

(5) Féadfaidh an Coimisiún diúltú glacadh, nó plé, le nochtadh faisnéise arna dhéanamh dó ag duine faoi sheoladh gnóthais, comhlaigh gnóthais nó comhlachais gnóthas más deimhin leis ar fhorais réasúnacha go bhfuil an fhaisnéis bréagach nó míthreorach nó go bhfuil an nochtadh suaibhreosach nó cráiteach.

Dliteanas tortach gnóthais nó comhlaigh mar gheall ar sceithire a íospartú.

24B.— (1) Más rud é, toisc go mbeidh nochtadh cuí faisnéise déanta ag an duine nó ag tríú duine, nó gur bhagair sé nó sí sin a dhéanamh, don Choimisiún nó d’údarás forfheidhmithe dlí (mar an Garda Síochána) i dtaobh iompar an ghnóthais nó i dtaobh iompar an chomhlaigh nó an chomhlachais, agus go gcuireann gnóthas, comhlach gnóthais nó comhlachas gnóthas, faoi deara aimhleas duine a dhéanamh, beidh ceart caingne i dtort i gcoinne an ghnóthais, an chomhlaigh nó an chomhlachais ag an duine.

(2) San alt seo folaíonn ‘aimhleas’—

(a) díobháil, damáiste nó caillteanas, nó

(b) imeaglú nó ciapadh, nó

(c) idirdhealú, míbhuntáiste nó caitheamh go holc i ndáil le fostaíocht duine, nó

(d) bagairt díoltais.

Cion nochtadh bréagach a dhéanamh.

24C.— Aon duine a dhéanann nochtadh faisnéise i dtaobh iompair gnóthais, comhlaigh gnóthais nó comhlachais gnóthas, agus a fhios aige nó aici go bhfuil an fhaisnéis bréagach nó míthreorach, tá cion déanta aige nó aici agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000, a chur air nó uirthi.”.

Leasú ar alt 30 den Phríomh-Acht (tobhaigh agus táillí).

8 .— Leasaítear alt 30 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

(6) Faoi réir fho-ailt (7) agus (8), tá an Coimisiún i dteideal gach táille agus tobhach a choimeád lena úsáid nó lena húsáid féin a íocfar leis nó a ghnóthóidh sé faoin Acht seo, faoi achtachán gaolmhar nó faoi aon achtachán eile lena bhforáiltear go sainráite táille nó tobhach a íoc leis an gCoimisiún.”.

Ailt nua 31A go 31C a chur isteach sa Phríomh-Acht.

9 .— Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 31:

“Bliain airgeadais an Choimisiúin.

31A.— (1) Is í bliain airgeadais an Choimisiúin—

(a) an tréimhse 12 mhí dar tosach an 1 Iúil i ngach bliain, nó

(b) má tá an Coimisiún tar éis fógra a fhoilsiú de réir fho-alt (2), an tréimhse atá sonraithe san fhógra.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, le fógra a fhoilseofar san Iris Oifigiúil, a shonrú gur tréimhse nach ionann agus an tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1)(a) nó a sonraíodh roimhe sin faoin bhfo-alt seo í bliain airgeadais an Choimisiúin.

Ullmhóidh an Coimisiún plean gníomhaíochta bliantúil.

31B.— (1) Déanfaidh an Coimisiún, roimh dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Choimisiúin—

(a) plean gníomhaíochta a ullmhú ina leagfar amach na príomhghníomhaíochtaí a bheartaíonn sé a ghabháil de láimh le linn na bliana airgeadais dá éis, agus

(b) an plean a thíolacadh don Aire agus a shocrú go ndéanfar cóip den phlean a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Déanfar leis an bplean gníomhaíochta na gníomhaíochtaí iomchuí a roinnt de réir fheidhmeanna an Choimisiúin i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) cumarsáid leictreonach a rialáil, agus

(b) an speictream raidió-mhinicíochta a bhainistiú, agus

(c) seirbhísí poist a rialáil.

(3) Beidh aird ag an gCoimisiún ar a ráiteas straitéise reatha le linn dó a phlean gníomhaíochta a ullmhú.

(4) Déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir tar éis plean gníomhaíochta a ullmhú, é a fhoilsiú i bhfoirm agus ar mhodh lena gcumasófar do dhaoine den phobal rochtain a bheith acu air.

Ullmhóidh an Coimisiún réamhaisnéis airgeadais bhliantúil.

31C.— (1) Déanfaidh an Coimisiún roimh dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Choimisiúin—

(a) réamhaisnéis airgeadais a ullmhú ina dtaispeánfar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Choimisiúin i gcomhair na bliana airgeadais dá éis i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin i gcomhair na bliana sin, agus

(b) an réamhaisnéis a thíolacadh don Aire.

(2) Déanfaidh an Coimisiún, le linn a réamhaisnéis airgeadais bhliantúil a ullmhú, na méideanna ioncaim a mbeidh súil lena bhfáil, agus an méid caiteachais a mbeidh súil lena chaitheamh, a mheas i leith gach ceann dá fheidhmeanna a bhaineann le cumarsáid leictreonach, le bainistiú an speictrim raidió-mhinicíochtaí agus le seirbhísí poist.

(3) Déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is indéanta tar éis a réamhaisnéis airgeadais bhliantúil a ullmhú, í a fhoilsiú i bhfoirm agus ar mhodh lena gcumasófar do dhaoine den phobal rochtain a bheith acu uirthi.”.

Cuid 2A nua a chur isteach sa Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 38:

“CUID 2A

Cumhachtaí Speisialta chun a Cheangal ar Dhaoine Fianaise a Thabhairt nó Doiciméid a Thabhairt ar Aird

Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar dhaoine fianaise a thabhairt nó doiciméid a thabhairt ar aird.

38A.— (1) Má chreideann an Coimisiún ar fhorais réasúnacha go bhféadfaidh duine fianaise a thabhairt, nó doiciméad a thabhairt ar aird, a bhaineann le ní maidir le haon cheann d’fheidhmeanna nó de chuspóirí an Choimisiúin a chomhlíonadh nó a fheidhmiú, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine á cheangal ar an duine láithriú os a chomhair—

(a) chun fianaise a thabhairt i dtaobh an ní, nó

(b) chun an doiciméad a thabhairt ar aird lena scrúdú.

(2) Sonrófar san fhógra—

(a) an ní lena mbaineann an fhianaise nó an doiciméad, agus

(b) an dáta, an t-am a cheanglófar, agus an áit a gceanglófar, ar an duine láithriú os comhair an Choimisiúin.

(3) Féadfar leis an bhfógra a cheangal ar an duine lena mbaineann láithriú os comhair Coimisinéara shonraithe nó os comhair comhalta shonraithe d’fhoireann an Choimisiúin agus, má dhéantar amhlaidh leis an bhfógra, léifear tagairt don Choimisinéir sa Chuid seo mar thagairt don Choimisinéir nó don chomhalta den fhoireann lena mbaineann.

Imeacht a sheoladh faoin gCuid seo.

38B.— (1) Féadfar a cheangal ar dhuine a láithríonn os comhair an Choimisiúin i gcomhlíonadh ceanglais arna chur faoi alt 38A mionn a ghlacadh nó dearbhasc a dhéanamh.

(2) Ní foláir don Choimisiún duine a chur faoi mhionn nó dearbhasc a thabhairt.

(3) Beidh aon duine a láithríonn os comhair an Choimisiúin faoi alt 38A i dteideal abhcóide nó aturnae, nó le ceadú an Choimisiúin, aon duine eile, a bheith in éineacht leis nó léi.

Is go príobháideach a sheolfar imeacht faoin gCuid seo de ghnáth.

38C.— (1) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo, aon fhianaise atá le tabhairt, nó aon doiciméad atá le tabhairt ar aird, don Choimisiún ag duine atá ag láithriú os a chomhair i gcomhlíonadh ceanglais arna chur faoi alt 38A, is go príobháideach a thabharfar í nó a thabharfar ar aird é.

(2) Má iarrann duine atá ag láithriú os comhair an Choimisiúin i gcomhlíonadh ceanglais arna chur faoi alt 38A go bpléifear leis an ní go poiblí, déanfaidh an Coimisiún de réir na hiarrata.

(3) Más deimhin leis an gCoimisiún gurb inmhianaithe ar mhaithe le leas an phobail go ndéanfar an fhianaise atá le tabhairt a thabhairt go poiblí nó an doiciméad atá le tabhairt ar aird a thabhairt ar aird go poiblí, féadfaidh an Coimisiún a ordú dá réir sin.

(4) Más go príobháideach atá an fhianaise le tabhairt nó atá an doiciméad le tabhairt ar aird, féadfaidh an Coimisiún ceachtar de na nithe seo a dhéanamh:

(a) ordacháin a thabhairt maidir leis na daoine a fhéadfaidh a bheith i láthair le linn an imeachta;

(b) ordacháin a thabhairt lena gcoiscfear nó lena srianfar an fhianaise go léir nó aon chuid di nó nithe atá sa doiciméad a fhoilsiú.

(5) Ní choiscfidh aon ní in ordachán faoi fho-alt (4) duine díobh seo a leanas a bheith i láthair—

(a) abhcóide, aturnae nó duine eile atá ag déanamh ionadaíochta don duine atá ag láithriú os comhair an Choimisiúin, nó

(b) Coimisinéir nó comhalta d’fhoireann an Choimisiúin.

(6) Más go príobháideach atá an fhianaise le tabhairt nó an doiciméad le tabhairt ar aird, ní ceadmhach do dhuine (seachas duine a gceanglaítear air nó uirthi láithriú os comhair an Choimisiúin, abhcóide, aturnae nó ionadaí eile an duine sin, Coimisinéir nó comhalta d’fhoireann an Choimisiúin) láithriú ach amháin más rud é go bhfuil sé i dteideal a bheith i láthair mar gheall ar ordachán arna thabhairt faoi fho-alt (4)(a).

(7) Aon duine a sháraíonn fo-alt (6) tá cion déanta aige nó aici.

Is cion é mainneachtain láithriú os comhair an Choimisiúin.

38D.— (1) Tá cion déanta ag duine más rud é, tar éis ceangal a chur air nó uirthi láithriú os comhair an Choimisiúin i gcomhlíonadh ceanglais arna chur faoi alt 38A, go mainníonn an duine an ceanglas a chomhlíonadh, agus nach bhfuil sé nó sí saortha, nó scaoilte ó bheith i láthair níos faide, ag an gCoimisiún.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) má tá leithscéal réasúnach ag an duine.

Is cion é diúltú dul faoi mhionn nó ceist a fhreagairt.

38E.— (1) Aon duine a láithríonn os comhair an Choimisiúin i gcomhlíonadh ceanglais a chuirfear faoi alt 38A, tá cion déanta aige nó aici más rud é—

(a) go ndiúltaíonn nó go mainníonn an duine mionn a ghlacadh, nó dearbhasc a dhéanamh, ar an gCoimisiún do cheangal air nó uirthi déanamh amhlaidh, nó

(b) go ndiúltaíonn nó go mainníonn an duine fianaise a thabhairt i gcomhlíonadh ceanglais a chuirfear faoi alt 38A, nó go ndiúltaíonn nó go mainníonn sé nó sí ceist a fhreagairt arna cur ag an gCoimisiún ar an duine i ndáil le haon fhianaise den sórt sin, nó

(c) go ndiúltaíonn nó go mainníonn an duine doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglófar a thabhairt ar aird i gcomhlíonadh ceanglais den sórt sin.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) má tá leithscéal réasúnach ag an duine.

(3) Is leithscéal réasúnach chun críocha fho-alt (2) é duine do dhiúltú nó do mhainneachtain ceist a fhreagairt ar an bhforas go bhféadfadh an freagra an duine a ionchoiriú nó go bhféadfadh sé an duine a chur faoi lé pionóis.

(4) Is leithscéal réasúnach chun críocha fho-alt (2) é duine do dhiúltú nó do mhainneachtain doiciméad a thabhairt ar aird ar an bhforas go bhféadfadh tabhairt ar aird an doiciméid an duine a ionchoiriú nó go bhféadfadh sé an duine a chur faoi lé pionóis.

(5) Le fo-ailt (3) agus (4), ní chuirtear teorainn leis an ní is leithscéal réasúnach ann chun críocha fho-alt (2).

Daoine a láithríonn os comhair an Choimisiúin faoi alt 38A a chosaint.

38F.— Faoi réir na Coda seo, tá an chosaint chéanna ag duine a láithríonn os comhair an Choimisiúin i gcomhlíonadh ceanglais a chuirfear faoi alt 38A atá ag finné in imeachtaí san Ard-Chúirt agus, i dteannta na gcionta faoin gCuid seo, tá sé nó sí faoi réir na ndliteanas céanna a bhfuil finné in imeachtaí san Ard-Chúirt faoina réir.

Liúntais agus caiteachais a íoc le daoine a láithríonn os comhair an Choimisiúin.

38G.— (1) Tá duine a láithríonn os comhair an Choimisiúin i gcomhlíonadh ceanglais a chuirfear faoi alt 38A i dteideal go ndéanfar cibé liúntais agus caiteachais taistil nó caiteachais eile a íoc leis nó léi is iníoctha le finné, nó i leith finné, a láithríonn in imeachtaí sibhialta os comhair na hArd-Chúirte.

(2) Beidh na liúntais agus na caiteachais uile is iníoctha faoi fho-alt (1) iníoctha ag an gCoimisiún.

Triail cionta faoin gCuid seo.

38H.— (1) Beidh cion faoin gCuid seo intriailte go hachomair.

(2) Aon duine a fhaightear ciontach i gcion faoin gCuid seo dlífear fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi.”.

Alt nua a chur in ionad alt 43 den Phríomh-Acht (an Coimisiún d’ionchúiseamh cionta achoimre).

11 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 43:

“An Coimisiún d’ionchúiseamh cionta achoimre.

43.— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní ceadmhach cion achomair faoin Acht seo nó faoi achtachán gaolmhar a ionchúiseamh ach amháin ag an gCoimisiún nó ag duine éigin eile atá údaraithe le dlí chun cionta a ionchúiseamh.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le hionchúiseamh—

(a) mar gheall ar chion faoi alt 53(2) den Acht seo,

(b) mar gheall ar chion faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Seirbhís Uile-Choiteann agus Cearta Úsáideoirí) (I.R. Uimh. 308 de 2003), ná

(c) mar gheall ar chion faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Cosaint Sonraí agus Príobháideacht) 2003 (I.R. 535 de 2003).”.

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht (fógra ón gCoimisiún go bhfuil ar intinn aige ionchúiseamh a dhéanamh, etc.).

12 .— Leasaítear alt 44 den Phríomh-Acht mar a leanas:

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má chreideann an Coimisiún ar fhorais réasúnacha go ndearna duine cion achomair faoin Acht seo nó faoi achtachán gaolmhar, féadfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt don duine (nó, más comhlacht corpraithe an duine a chreidtear a rinne an cion, d’oifigeach don chomhlacht) á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion, agus

(b) más rud é, laistigh de 21 lá ón dáta a tugadh an fógra, go ndéanfaidh an duine, a mhéid is indéanta, an ní is bun leis an gcion a leigheas chun sástacht an Choimisiúin agus €1,500 a íoc leis an gCoimisiún, agus an fógra ina theannta, nach ndéanfar an duine nó an comhlacht a ionchúiseamh i leith an chiona.”;

(b) trí fho-ailt (5) agus (7) a aisghairm.

Ailt nua a chur in ionad ailt 45 agus 46 den Phríomh-Acht.

13 .— Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 45 agus 46:

“Ní ghearrfaidh gnóthas ró-mhuirear ná muirear as seirbhísí nár soláthraíodh.

45.— (1) Ní dhéanfaidh, ná ní airbheartóidh, gnóthas muirear a fhorchur—

(a) as seirbhís cumarsáide leictreonaí nó táirge cumarsáide leictreonaí a sholáthar do thomhaltóir ar muirear é is mó ná an méid a shonraítear i leith na seirbhíse nó an táirge sin—

(i) i dtaraif muirear fhoilsithe an ghnóthais, nó

(ii) i ráiteas i scríbhinn a rinne an gnóthas leis an tomhaltóir, nó a thug an gnóthas don tomhaltóir, roimhe sin i ndáil leis an soláthar sin,

(b) as seirbhís cumarsáide leictreonaí nó táirge cumarsáide leictreonaí, nár iarr tomhaltóir, a sholáthar don tomhaltóir, ná

(c) as seirbhís cumarsáide leictreonaí nó táirge cumarsáide leictreonaí a d’iarr tomhaltóir ach nár soláthraíodh.

(2) Aon ghnóthas a sháraíonn fo-alt (1) tá cion déanta aige agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air.

(3) Le linn dó imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo chun a fháil amach an bhfuil fo-alt (1) á shárú nó sáraithe ag gnóthas, féadfaidh an Coimisiún iniúchadh ar chóras billí an ghnóthais a sheoladh.

(4) San alt seo—

ciallaíonn ‘ tomhaltóir ’ duine dá ndéantar seirbhís cumarsáide leictreonaí nó táirge cumarsáide leictreonaí a sholáthar, seachas chun críche athsholáthair;

folaíonn ‘ taraif muirear ’, i ndáil le gnóthas, aon liosta ina leagtar amach na praghsanna a ghearrann an gnóthas as seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó táirgí cumarsáide leictreonaí a sholáthar do thomhaltóirí.

Féadfaidh an Coimisiún iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú chun sárú leanúnach nó tuartha ar alt 45 a shrianadh.

46.— (1) Más dealraitheach don Choimisiún, maidir le gnóthas—

(a) go bhfuil fo-alt (1) d’alt 45 á shárú aige, nó

(b) gur sháraigh sé an fo-alt sin san am atá caite agus go bhféadfaidh sé an fo-alt sin a shárú amach anseo,

féadfaidh an Coimisiún iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun ordú sriantach a dhéanamh faoi fho-alt (4). Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas den sórt sin.

(2) Ní ceadmhach don Ard-Chúirt an t-iarratas a éisteacht ach amháin más deimhin léi gur seirbheáladh cóip den iarratas ar an ngnóthas lena mbaineann. Ar an gcóip sin a sheirbheáil air, is é an gnóthas sin an freagróir san iarratas.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is dóigh léi is cuí a dhéanamh go dtí go dtí go gcinnfear iarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (1). Ní ceadmhach don Chúirt faoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach a dhiúltú de bhíthin amháin nach bhféadfadh go mbainfeadh damáiste don Choimisiún dá mba rud nach ndeonófaí faoiseamh go dtí go gcinnfí an t-iarratas.

(4) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a éisteacht—

(a) ordú sriantach a dhéanamh lena gceanglaítear ar an ngnóthas scor d’alt 45 a shárú agus gan an sárú sin a dhéanamh arís, nó

(b) más rud é go bhfuil sí den tuairim nach féidir an t-iarratas a shuíomh, diúltú don iarratas.

(5) Féadfaidh iarratas eile ar ordú lena n-ordófaí don fhreagróir pionós airgeadais de cibé méid a bheartaíonn an Coimisiún a íoc leis an gCoimisiún, ag féachaint d’imthosca an tsáraithe nó na sáruithe ar alt 45 atá déanta ag an bhfreagróir, a bheith san iarratas ar ordú sriantach nó a bheith ag gabháil leis.

(6) Ar an iarratas breise a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis di a bheith deimhin de roimhe sin gur sháraigh an freagróir alt 45 agus ag féachaint do na himthosca a bhaineann leis an sárú, a ordú don fhreagróir pionós airgeadais de cibé méid atá sonraithe san ordú a íoc leis an gCoimisiún. Féadfaidh gur mó nó gur lú an méid ná an méid a bheidh beartaithe ag an gCoimisiún.

(7) Folaíonn na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (6) an méid seo a leanas (ach níl siad teoranta don chéanna):

(a) fad an tsáraithe;

(b) éifeacht an tsáraithe ar pháirtithe eile sa chinneadh iomchuí agus ar thomhaltóirí;

(c) aighneacht an Choimisiúin i leith an méid a measann sé gurb é an méid cuí é;

(d) aon leithscéal faoin sárú, nó míniú air, arna thabhairt ag an bhfreagróir.

(8) Má dhéanann an Ard-Chúirt ordú faoin alt seo, féadfaidh sí cibé orduithe coimhdeacha a dhéanamh is dóigh léi is cuí.

(9) San alt seo, tá le ‘tomhaltóir’ an bhrí chéanna atá leis in alt 45.”.

Ailt nua 46A go 46E a chur isteach sa Phríomh-Acht.

14 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 46 (arna ionadú le halt 13):

“Cumhachtaí speisialta lena gcumasaítear don Aire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’ionstraimí de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le cúrsaí cumarsáide.

46A.— (1) Más rud é go ndéantar le rialacháin a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1 (arna chur isteach le halt 18 den Acht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007) agus lena dtugtar éifeacht d’fhoráil de na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha, nó d’ionstraim, nó d’fhoráil d’ionstraim, arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail sin, cion is intriailte go hachomair a chruthú, agus go measann an tAire gur gá déanamh amhlaidh chun éifeacht a thabhairt don fhoráil nó don ionstraim, féadfaidh an tAire le rialacháin, na rialacháin a leasú—

(a) chun a fhoráil go mbeidh an cion intriailte ar díotáil freisin, agus

(b) faoi réir fho-alt (6), chun cibé foráil a dhéanamh a mheasann an tAire is gá chun a chinntiú go mbeidh pionóis i leith an chiona éifeachtach comhréireach, agus go mbeidh éifeacht choisctheach leo, ag féachaint do na gníomhartha nó na neamhghníomhartha lena mbaineann an cion.

(2) Más rud é go dtoirmisctear nó go gceanglaítear le rialacháin a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1 agus lena dtugtar éifeacht d’fhoráil de chuid na gconarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha, nó d’ionstraim nó d’fhoráil d’ionstraim, arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail sin, gníomh a dhéanamh, féadfaidh an tAire, má mheasann sé nó sí gur gá sin chun éifeacht a thabhairt don fhoráil nó don ionstraim, rialacháin a dhéanamh lena leasaítear na rialacháin chéadluaite—

(a) chun a fhoráil gur cion é sárú ar an ngníomh a thoirmisctear, nó mainneachtain nó diúltú an gníomh a cheanglaítear a dhéanamh,

(b) chun a fhoráil go mbeidh an cion intriailte—

(i) go hachomair, nó

(ii) ar díotáil, má mheasann an tAire gur gá sin chun éifeacht a thabhairt don fhoráil nó don ionstraim lena mbaineann, agus

(c) faoi réir fho-alt (6), cibé foráil a dhéanamh a mheasann an tAire is gá chun a chinntiú go bhfuil pionóis i leith an chiona éifeachtach comhréireach, agus go bhfuil éifeacht choisctheach leo, ag féachaint do na gníomhartha nó na neamhghníomhartha lena mbaineann an cion.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’fhoráil de chuid na gconarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha, nó d’ionstraim, nó d’fhoráil d’ionstraim, arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail sin, i ndáil leis an méid seo a leanas—

(a) seirbhís cumarsáide leictreonaí, líonra cumarsáide leictreonaí nó saoráid lena mbaineann, nó

(b) an speictream raidió-mhinicíochta nó an acmhainn uimhrithe náisiúnta, nó

(c) seirbhís poist.

(4) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoi fho-alt (3) is dealraitheach don Aire is gá chun críocha na rialachán sin (lena n-áirítear forálacha d'aisghairm, do leasú nó d'fheidhmiú, fara modhnú nó gan mhodhnú, achtachán gaolmhar).

(5) Féadfar le rialacháin faoi fho-alt (3)—

(a) foráil a dhéanamh chun go mbeidh cion faoi na rialacháin sin intriailte—

(i) go hachomair, nó

(ii) ar díotáil, má mheasann an tAire gur gá sin chun éifeacht a thabhairt don fhoráil nó don ionstraim dá dtagraítear i bhfo-alt (3),

agus

(b) faoi réir fho-alt (6), cibé foráil a dhéanamh a mheasann an tAire is gá chun a chinntiú go mbeidh pionóis i leith an chiona éifeachtach comhréireach, agus go mbeidh éifeacht choisctheach leo, ag féachaint don ghníomh nó don neamhghníomh lena mbaineann an cion.

(6) Is é a bheidh san fhíneáil uasta a fhéadfar a fhoráil i rialacháin faoin alt seo—

(a) i leith comhlacht corpraithe a chiontú ar díotáil i gcion faoi na rialacháin, méid nach mó ná—

(i) €5,000,000, nó

(ii) i gcás gur mó 10 faoin gcéad de láimhdeachas an chomhlachta ná an méid sin, méid atá comhionann leis an gcéatadán sin,

(b) i leith chiontú aon duine eile ar díotáil i gcion den sórt sin, méid nach mó ná €500,000.

(7) Más dóigh leis an Aire gur gá é chun lánéifeacht a thabhairt d’fhoráil de na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha nó d’ionstraim, nó d’aon fhoráil d’ionstraim, a ghlac institiúid de na Comhphobail sin, féadfaidh an tAire, i rialacháin faoi fho-alt (1), (2) nó (3), a fhoráil―

(a) go ndéanfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón gCoimisiún nó ó dhuine éigin eile a bheidh sonraithe sna rialacháin―

(i) ordú lena gceanglaítear ar dhuine sonraithe, nó duine d'aicme shonraithe, oibleagáid a fhorchuirtear leis na rialacháin nó fúthu a chomhlíonadh, nó

(ii) ordú lena sriantar duine den sórt sin ar leanúint de thoirmeasc nó srian a shonraítear sna rialacháin nó fúthu a shárú,

agus

(b) go ndéanfaidh an Ard-Chúirt, ar a bheith deimhin di gur mhainnigh an duine sin oibleagáid den sórt sin a chomhlíonadh, nó gur sháraigh sé nó sí toirmeasc nó srian den sórt sin, a ordú don duine pionós airgid de cibé méid is cuí leis an gCúirt a íoc, ag féachaint d'imthosca na mainneachtana an oibleagáid a chomhlíonadh nó an tsáraithe, lena n-áirítear―

(i) ré na mainneachtana an oibleagáid a chomhlíonadh nó an tsáraithe,

(ii) éifeacht na mainneachtana an oibleagáid a chomhlíonadh nó an tsáraithe ar thomhaltóirí nó ar úsáideoirí na seirbhíse nó an táirge a sholáthraíonn an duine nó a chuireann sé nó sí ar fáil agus ar iomaitheoirí an duine,

(iii) na haighneachtaí ón gCoimisiún i dtaobh méid cuí an phionóis a bheidh le forchur, agus

(iv) aon leithscéal nó míniú arna thabhairt ag an duine maidir leis an mainneachtain an oibleagáid a chomhlíonadh nó an sárú.

(8) Má mheasann an tAire gur gá déanamh amhlaidh chun lánéifeacht a thabhairt d’fhoráil de na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha, nó d’ionstraim, nó d’fhoráil d’ionstraim, arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail sin, féadfaidh an tAire, i rialacháin faoi fho-alt (1), (2) nó (3), a fhoráil—

(a) más rud é, tar éis a chiontaithe nó a ciontaithe i gcion, go leanann duine den ghníomh a thoirmisctear a dhéanamh nó go leanfaidh sé nó sí gan an gníomh a cheanglaítear a dhéanamh, go mbeidh cion breise á dhéanamh ag an duine gach lá nó cuid de lá a leanfaidh an gníomh nó an mhainneachtain, agus

(b) go ndlífidh an duine, ar é nó í a chiontú sa chion breise―

(i) má thriailtear go hachomair é nó í, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi, nó

(ii) má thriailtear ar díotáil é nó í, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi.

Más rud é, áfach, go bhforáiltear leis na rialacháin lena mbaineann go dtriailfear duine go hachomair mar gheall ar chionta breise a líomhnaítear a rinneadh ar laethanta comhleanúnacha, ansin, gan beann ar aon ní dá mhalairt sna rialacháin lena mbaineann, is é €5,000 an fhíneáil uasta a fhéadfar a fhorchur mar gheall ar na cionta sin faoi na rialacháin sin.

(9) Níl feidhm ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2) 1977 maidir le cumhacht chun rialacháin a dhéanamh chun críche dá dtagraítear i bhfo-alt (1), (2) nó (3).

(10) San alt seo—

tá le ‘Comhphobail Eorpacha’ agus ‘conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha’ na bríonna céanna atá leo in Acht na gComhphobal Eorpach 1972; agus

ciallaíonn ‘láimhdeachas’ i ndáil le comhlacht corpraithe, láimhdeachas an chomhlachta sa bhliain airgeadais dar críoch díreach roimh an mbliain airgeadais ina ndearnadh an cion ar ciontaíodh an comhlacht ina leith.

Fianaise shaineolach a bheith inghlactha in imeachtaí faoin Acht seo agus faoi achtacháin ghaolmhara.

46B.— (1) In imeachtaí sibhialta nó coiriúla faoin Acht seo nó faoi achtachán gaolmhar, aon fhinné a ndealraíonn sé don chúirt na cáilíochtaí cuí nó an taithí chuí a bheith aige nó aici faoin ní lena mbaineann fianaise an fhinné, beidh a thuairim nó a tuairim inghlactha mar fhianaise ar nithe ar gá saineolas nó eolas speisialta is iomchuí maidir leis na himeachtaí ina leith.

(2) Aon chúirt a ghlacann fianaise faoi fho-alt (1), féadfaidh sí, más dóigh léi go bhfuil sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, a ordú go dteorannófar úsáid na fianaise do chríocha sonraithe agus dóibh sin amháin.

Cumhacht na cúirte a ordú go dtabharfar cóipeanna de dhoiciméid áirithe do ghiúiréithe in imeachtaí coiriúla áirithe.

46C.— I dtriail ar díotáil i leith ciona faoin Acht seo nó faoi achtachán gaolmhar, féadfaidh breitheamh na trialach a ordú go dtabharfar cóipeanna d’aon cheann de na doiciméid seo a leanas don ghiúiré i cibé foirm is cuí leis an mbreitheamh:

(a) aon doiciméad a glacadh i bhfianaise sa triail;

(b) an athscríbhinn d’óráidí oscailte na n-abhcóidí;

(c) aon chairteacha, léaráidí, graificí, sceidil nó achoimrí comhaontaithe ar fhianaise, a tugadh ar aird sa triail;

(d) an athscríbhinn den fhianaise go léir nó d’aon chuid den fhianaise a tugadh sa triail;

(e) an athscríbhinn d’óráidí deiridh na n-abhcóidí;

(f) an athscríbhinn de choimriú bhreitheamh na trialach don ghiúiré.

Toimhdeana a mbeidh feidhm acu in imeachtaí sibhialta agus coiriúla faoin Acht seo agus faoi achtacháin ghaolmhara.

46D.— (1) Tá feidhm ag na toimhdeana a shonraítear san alt seo in imeachtaí sibhialta agus coiriúla faoin Acht seo agus faoi achtacháin ghaolmhara.

(2) Aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith arna chruthú ag duine, toimhdítear, mura suitear a mhalairt, é a bheith arna chruthú ag an duine. Toimhdítear aon ráiteas atá sa doiciméad a bheith arna dhéanamh ag an duine sin, mura rud é go luaitear an ráiteas le duine éigin eile go sainráite sa doiciméad.

(3) Aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith arna chruthú ag duine agus arna dhíriú agus arna chur chuig dara duine, toimhdítear, mura suitear a mhalairt, é a bheith arna chruthú agus arna chur chuig an duine agus arna fháil ag an dara duine. Mura suitear a mhalairt, toimhdítear aon ráiteas atá sa doiciméad—

(a) a bheith arna dhéanamh ag an duine, mura rud é go luaitear an ráiteas le tríú duine go sainráite sa doiciméad, agus

(b) a bheith arna theacht ar iúl an dara duine.

(4) Maidir le doiciméad a aisghabhadh as bunachar sonraí leictreonach, toimhdítear, mura suitear a mhalairt, gurb é nó í an duine a úsáideann an bunachar sonraí de ghnáth i gcúrsa ghnó an duine sin údar an doiciméid.

(5) Aon oifigeach údaraithe atá tar éis doiciméad amháin nó níos mó a bhaint as áit, le linn cumhachtaí an oifigigh faoin Acht seo a fheidhmiú, má thugann sé nó sí fianaise in imeachtaí faoin Acht seo nó faoi achtachán gaolmhar gur maoin de chuid duine shonraithe an t-ábhar, de réir mar is fearr is eol don oifigeach agus mar a chreideann sé nó sí, toimhdítear, mura suitear a mhalairt, gurb é maoin an duine sin an t-ábhar.

(6) Más rud é, de réir fho-alt (5), go dtugann oifigeach údaraithe fianaise gur maoin de chuid duine shonraithe ábhar agus go dtugann sé nó sí fianaise freisin, de réir mar is fearr is eol don oifigeach agus mar a chreideann sé nó sí, go mbaineann an t-ábhar le trádáil nó gairm áirithe nó le gníomhaíocht eile a sheolann an duine sin, toimhdítear, mura suitear a mhalairt, gur ábhar é a bhaineann le trádáil, gairm nó gníomhaíocht den sórt sin.

(7) Aon tagairt san alt seo do dhoiciméad, is tagairt í d’aon ní atá i scríbhinn.

Inghlacthacht ráiteas atá i ndoiciméid áirithe.

46E.— (1) Chun críocha an ailt seo, is duine inniúil duine más duine é nó í a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún eolas a bheith aige nó aici faoin ngníomh nó faoin neamhghníomh atá i gceist.

(2) Aon doiciméad ina bhfuil ráiteas ó dhuine inniúil lena ndearbhaítear gníomh a bheith déanta nó gan a bheith déanta ag duine sonraithe, tá sé inghlactha i bhfianaise in imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, nó faoi achtachán gaolmhar, lena ngabhann nó lena mbaineann an gníomh a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, ach sin amháin má chomhlíonann an doiciméad na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (3).

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(a) gur tháinig an doiciméad chun bheith ann sular tionscnaíodh imeachtaí i leith an chiona, agus

(b) gur ullmhaíodh an doiciméad ar shlí eile seachas mar fhreagra ar fhiosrú a rinne Coimisinéir, comhalta d’fhoireann an Choimisinéara, comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach údaraithe, nó ar cheist a chuir sé nó sí, i ndáil le haon ghné de na himeachtaí.

(4) Le linn creidiúnacht (más aon chreidiúnacht í) a mheas is cóir a thabhairt do ráiteas atá i ndoiciméad a glacadh i bhfianaise sna himeachtaí, cuirfidh an chúirt na himthosca i gcuntas as a bhféadfar, le réasún, aon tátal a bhaint faoi chruinneas nó neamhchruinneas an ráitis.

(5) Má dhéantar doiciméad ina bhfuil ráiteas a ghlacadh i bhfianaise faoin alt seo—

(a) aon fhianaise a bheadh inghlactha, dá nglaofaí an duine atá ag déanamh an ráitis mar fhinné, mar fhianaise is iomchuí maidir le hinchreidteacht an duine mar fhinné, beidh sí inghlactha chun na críche sin, agus

(b) féadfar fianaise a thabhairt, le cead na cúirte, i dtaobh aon ní a d’fhéadfaí a chur i gcroscheistiú, dá nglaofaí an duine sin mar fhinné, mar fhianaise is iomchuí maidir le hinchreidteacht an duine ach nach bhféadfadh an páirtí croscheistithe í a thabhairt ar aird, agus

(c) fianaise a chruthódh go ndearna an duine, cibé acu roimh an ráiteas a dhéanamh nó dá éis (cibé acu ó bhéal nó nach ea) ráiteas atá ar neamhréir leis, beidh sí inghlactha (mura mbeidh sí inghlactha cheana féin de bhua achtacháin eile nó de bhua rialach de chuid an dlí choitinn) d’fhonn a shuíomh gur bhréagnaigh an duine é féin nó í féin.

(6) Ní dochar an t-alt seo d’inghlacthacht doiciméid, in imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo nó faoi achtachán gaolmhar, mar fhianaise ar nithe atá luaite ann, sa chás go mbeadh an doiciméad inghlactha sna himeachtaí mar gheall ar oibriú aon achtacháin eile nó rialach de chuid an dlí choitinn.”.

Alt nua 57A a chur isteach sa Phríomh-Acht.

15 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 57:

“Cumhacht na hArd-Chúirte chun orduithe um chomhlíonadh a dhéanamh i leith coinníollacha arna bhforchur faoi alt 57.

57A.— (1) Más rud é, le linn breith a thabhairt faoi alt 57, go bhfuil coinníollacha forchurtha ag an gCoimisiún maidir le bonneagar a chomhroinnt agus gur dealraitheach don Choimisiún go bhfuil oibritheoir líonra nó soláthraí bonneagair fhisiciúil lena mbaineann an bhreith ag mainneachtain, nó gur mhainnigh sé nó sí, aon cheann de na coinníollacha sin a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun ordú um chomhlíonadh a dhéanamh faoi fho-alt (5). Is trí fhoriarratas a dhéanfar an t-iarratas sin.

(2) Ní ceadmhach don Choimisiún iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1), áfach, ach amháin i gcás—

(a) go bhfuil, mí amháin ar a laghad roimhe sin, fógra i scríbhinn arna sheirbheáil aige ar an oibritheoir líonra nó ar an soláthraí bonneagair fhisiciúil lena mbaineann, á cheangal ar an oibritheoir nó ar an soláthraí coinníoll arna fhorchur aige faoi alt 57 a chomhlíonadh, agus go bhfuil deis tugtha aige don oibritheoir nó don soláthraí uiríll a dhéanamh chuige maidir leis an ní agus an ceanglas a chomhlíonadh, agus

(b) gur mhainnigh an t-oibritheoir nó an soláthraí an ceanglas a chomhlíonadh.

(3) Ní ceadmhach don Ard-Chúirt an t-iarratas a éisteacht ach amháin más deimhin léi gur chomhlíon an Coimisiún fo-alt (2)(a) agus gur sheirbheáil sé cóip den iarratas ar an oibritheoir líonra nó ar an soláthraí bonneagair fhisiciúil lena mbaineann. Ar chóip den iarratas a sheirbheáil air nó uirthi, is é an t-oibritheoir líonra sin nó an soláthraí bonneagair fhisiciúil sin an freagróir san iarratas.

(4) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a dhéanamh go dtí go gcinnfear iarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (1). Ní ceadmhach don Chúirt faoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach a dhiúltú de bhíthin amháin nach bhféadfadh go mbainfeadh damáiste don Choimisiún dá mba rud nach ndeonófaí faoiseamh go dtí go gcinnfí an t-iarratas.

(5) Ar iarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh lena gceanglaítear ar an bhfreagróir an t-alt iomchuí a chomhlíonadh nó féadfaidh sí an t-iarratas a dhiúltú.

(6) Maidir le hiarratas ar ordú um chomhlíonadh, féadfaidh iarratas breise ar ordú a bheith ar áireamh ann nó ag gabháil léis á ordú don fhreagróir pionós airgeadais de cibé méid a bheartóidh an Coimisiún a íoc leis an gCoimisiún ag féachaint d’imthosca an neamhchomhlíonta.

(7) Ar an iarratas breise a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt, i gcás gur dheimhin léi roimhe sin nár chomhlíon an freagróir coinníoll arna fhorchur faoi alt 57 agus ag féachaint do na himthosca a bhaineann leis an neamhchomhlíonadh, a ordú don fhreagróir pionós airgeadais de cibé méid a shonraítear san ordú a íoc leis an gCoimisiún. Féadfaidh an méid a bheith níos mó nó níos lú ná an méid a bheartaíonn an Coimisiún.

(8) Folaíonn na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (7) an méid seo a leanas (ach níl siad teoranta don chéanna):

(a) fad an neamhchomhlíonta;

(b) éifeacht an neamhchomhlíonta ar pháirtithe eile sa chinneadh iomchuí agus ar úsáideoirí deiridh;

(c) aighneacht an Choimisiúin i ndáil leis an méid ar dóigh leis gurb é an méid iomchuí é;

(d) aon leithscéal nó míniú ar an neamhchomhlíonadh arna sholáthar ag an bhfreagróir.

(9) Má dhéanann an Ard-Chúirt ordú faoin alt seo, féadfaidh sí cibé orduithe coimhdeacha is cuí léi a dhéanamh.”.

Cuid 6 nua a chur isteach sa Phríomh-Acht.

16 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 58:

“CUID 6

Seirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála (SFGÉ)

Léiriú: Cuid 6.

58A.— Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘SFGÉ’ seirbhís freagartha glaonna éigeandála a oibrítear faoi chonradh arna dhéanamh faoi alt 58B;

ciallaíonn ‘conradh SFGÉ’ conradh chun seirbhís láimhseála glaonna éigeandála a oibriú;

ciallaíonn ‘oibritheoir SFGÉ’ an duine a oibríonn seirbhís freagartha glaonna éigeandála de réir conartha arna dhéanamh faoi alt 58B;

ciallaíonn ‘glao éigeandála’ cumarsáid leictreonach (ar nós glao teileafóin) a chuirtear ar aghaidh ó ghnóthas chuig an oibritheoir SFGÉ lena tarchur ar aghaidh chuig seirbhís éigeandála, agus folaíonn sé glao a bhféadfaidh nach fíorghlao é;

ciallaíonn ‘seirbhís éigeandála’ an Garda Síochána, briogáid dóiteáin, seirbhís otharchairr, Garda Cósta na hÉireann nó seirbhís éigeandála shibhialta.

Cumhacht an Aire chun conradh a dhéanamh d’fhonn seirbhís freagartha glaonna éigeandála (SFGÉ) a oibriú.

58B.— (1) Féadfaidh an tAire conradh a dhéanamh le duine faoina ngabhann an duine air nó uirthi féin seirbhís freagartha glaonna éigeandála a oibriú ar feadh tréimhse sonraithe. Sonrófar sa chonradh téarmaí agus coinníollacha chun an tseirbhís a oibriú go héifeachtach agus, go háirithe—

(a) sonrófar ann an táille uasta láimhseála glaonna is ceadmhach don oibritheoir a mhuirearú le linn an chéad 2 bhliain d’oibriú an chonartha, agus

(b) sonrófar ann go bhféadfaidh an Coimisiún méid na táille sin a mhéadú nó a laghdú tar éis athbhreithniú a sheoladh de réir alt 58D.

(2) Ar chonradh a dhéanamh le duine chun an tseirbhís a oibriú, déanfaidh an tAire, trí fhógra arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil, an duine a ainmniú mar oibritheoir na seirbhíse.

(3) Fad a bheidh an conradh i bhfeidhm, soláthróidh an t-oibritheoir SFGÉ cibé faisnéis a theastóidh ón Aire nó ón gCoimisiún chun a chumasú don Aire nó don Choimisiún a gcuid feidhmeanna, faoi seach, faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an tAire conradh arna dhéanamh faoin alt seo a fhoirceannadh gan cúiteamh a íoc má chruthaítear gur mhainnigh an t-oibritheoir SFGÉ nó go bhfuil sé nó sí ag mainneachtain téarma nó coinníoll den chonradh nó ceanglas arna fhorchur faoin alt seo a chomhlíonadh.

(5) Féadfaidh an tAire ó am go ham conradh arna dhéanamh faoin alt seo a athrú ach sin amháin, faoi réir alt 58D, le toiliú an oibritheora SFGÉ.

Táillí láimhseála glaonna SFGÉ a íoc.

58C.— (1) Aon eintiteas a chuireann glaonna éigeandála ar aghaidh chuig an oibritheoir SFGÉ i gcaitheamh míosa déanfaidh sé, laistigh de 45 lá tar éis dheireadh na míosa sin, na táillí láimhseála glaonna a mhuirearóidh an t-oibritheoir sin as glaonna éigeandála a chuir an t-eintiteas ar aghaidh i gcaitheamh na míosa sin a íoc leis an oibritheoir sin.

(2) Is é an t-uasmhéid a fhéadfaidh an t-oibritheoir SFGÉ a ghearradh as glao éigeandála a chur ar aghaidh—

(a) i rith an chéad 2 bhliain den chonradh SFGÉ, an méid atá sonraithe sa chonradh sin, agus

(b) i rith a mbeidh fágtha den tréimhse a bhfuil an conradh sin i bhfeidhm ina leith, an méid a chinnfidh an Coimisiún faoi alt 58D.

(3) Mura mbeidh táille láimhseála glaonna íoctha faoin sprioc ama a bheidh socraithe lena híoc, féadfaidh an t-oibritheoir SFGÉ, le himeachtaí arna dtionscnamh i gcúirt dlínse inniúla, méid na táille a ghnóthú mar fhiach a bheidh dlite don oibritheoir sin.

(4) Tá táille láimhseála glaonna iníoctha i leith glao éigeandála fiú mura gcuirtear an glao ar aghaidh chuig an tseirbhís éigeandála lena mbaineann.

An Coimisiún do sheoladh athbhreithnithe ar an táille uasta láimhseála glaonna.

58D.— (1) Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2 mhí roimh chothromlá dhá bhliain an dáta a rinneadh conradh SFGÉ, agus tráth nach déanaí ná 2 mhí roimh gach cothromlá den dáta sin dá éis sin le linn don chonradh leanúint de bheith i bhfeidhm, athbhreithniú a sheoladh ar an táille cheadaithe uasta láimhseála glaonna is féidir leis an oibritheoir SFGÉ a ghearradh as glaonna éigeandála a láimhseáil.

(2) A luaithe is indéanta tar éis athbhreithniú a sheoladh de réir fho-alt (1), cinnfidh an Coimisiún an táille uasta láimhseála glaonna a fhéadfaidh an t-oibritheoir SFGÉ a ghearradh as glaonna éigeandála a láimhseáil le linn na tréimhse 12 mhí dar tosach dáta cothromlá iomchuí an dáta a rinneadh an conradh SFGÉ. Féadfaidh an Coimisiún le linn dó an táille sin a chinneadh, an táille uasta láimhseála glaonna láithreach a dhaingniú nó, tar éis dul i gcomhairle leis an oibritheoir SFGÉ, táille uasta is airde nó is ísle a chinneadh.

(3) Beidh aird ag an gCoimisiún ar na nithe seo a leanas le linn cinneadh faoi fho-alt (2) a dhéanamh—

(a) gur gá don oibritheoir SFGE na costais réasúnacha is dóigh a thabhóidh sé le linn an tseirbhís a oibriú a íoc agus, go háirithe, ráta toraidh ráthaithe a ghnóthú as SFGÉ a sholáthar, agus

(b) an costas is dóigh a thabhóidh an Coimisiún le linn faireachán a dhéanamh ar SFGE.

Íocfaidh an tOibritheoir SFGÉ costais réasúnacha an Choimisiúin le linn faireachán a dhéanamh ar an tseirbhís.

58E.— (1) Íocfaidh an t-oibritheoir SFGÉ leis an gCoimisiún cibé méid a dheimhneoidh an Coimisiún i scríbhinn gurb é an méid é a thabhaigh sé le réasún le linn faireachán a dhéanamh ar oibriú SFGÉ le linn tréimhse sonraithe.

(2) Déanfaidh an t-oibritheoir SFGÉ méid den sórt sin a íoc faoi cibé dáta, nó laistigh de cibé tréimhse, a shonróidh an Coimisiún sa deimhniú nó a dtabharfaidh sé fógra ar leithligh don oibritheoir sin ina leith.

(3) Mura mbeidh méid is iníoctha faoin alt seo íoctha faoin sprioc ama a bheidh socraithe lena híoc, féadfaidh an Coimisiún, trí imeachtaí a thionscnófar i gcúirt dlínse inniúla, an méid a ghnóthú mar fhiach a bheidh dlite don Choimisiún.

Ní bheidh an t-oibritheoir SFGÉ faoi dhliteanas i leith gníomhartha áirithe a dhéanfar de mheon macánta.

58F.— Ní bheidh an t-oibritheoir SFGÉ faoi dhliteanas maidir le damáistí d’aon duine i leith aon ghnímh a rinneadh nó aon ghnímh a fágadh gan déanamh i gcúrsa SFGÉ a oibriú mura suífear go ndearnadh an gníomh nó gur fágadh an gníomh gan déanamh de mheon mímhacánta nó le mórfhaillí.

Tuairisceoidh an Coimisiún don Aire ar oibriú na seirbhíse.

58G.— Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a sholáthar don Aire maidir le feidhmiú SFGÉ cibé tráthanna, nó laistigh de cibé tréimhsí, a shonróidh an tAire i scríbhinn don Choimisiún. Más rud é go dtarlaíonn teagmhas maidir le hoibriú SFGÉ agus gur dóigh leis an gCoimisiún gur chóir an tAire a chur ar an eolas faoin teagmhas, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil faoin teagmhas don Aire.

Beart eatramhach go dtí go ndéanfaidh an tAire conradh faoi alt 58B.

58H.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘táille láimhseála glaonna’ táille arna socrú faoi fho-alt (2), agus folaíonn sé an méid sin arna athrú faoin bhfo-alt sin;

ciallaíonn ‘oibritheoir reatha’, i ndáil leis an tseirbhís freagartha glaonna éigeandála atá ag oibriú tráth thosach feidhme an ailt seo, Eircom cpt;

ciallaíonn ‘tréimhse íoctha’ an tréimhse dar tús an dáta a thagann an t-ordú a rinneadh faoi fho-alt (2) in éifeacht agus dar críoch—

(a) an dáta (arna fhógairt go poiblí ag an Aire) a thagann conradh arna dhéanamh faoi alt 58B i lánéifeacht, nó

(b) an lá a thagann 18 mí tar éis an dáta a thagann an t-ordú in éifeacht, nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, trí fhógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, méid na táille láimhseála glaonna is iníoctha faoi fho-alt (5) a shocrú, agus féadfaidh sé, ó am go ham, le hordú den tsamhail chéanna, méid na táille sin a athrú. Le linn dó méid na táille a shocrú, déanfaidh an Coimisiún an gá a bheidh ann éifeachtacht agus éifeachtúlacht oibritheoir na seirbhíse a áirithiú a chur i gcuntas.

(3) Scoirfidh ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) d’éifeacht a bheith leis i ndeireadh na tréimhse íoctha.

(4) Sula ndéanfaidh sé ordú faoi fho-alt (2) (lena n-áirítear ordú lena n-athraítear an táille láimhseála glaonna), comórfaidh an Coimisiún cruinniú amháin nó níos mó nach mór dó cuireadh chuige nó chucu a thabhairt do na gnóthais go léir a sheolann gnó sa Stát agus do cibé úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí is dóigh leis is cuí.

(5) Le linn na tréimhse íoctha, déanfaidh gach eintiteas a chuirfidh glaonna éigeandála ar aghaidh chuig an oibritheoir reatha le linn míosa nó cuid de mhí a bheidh ann le linn na tréimhse sin, laistigh de 45 lá tar éis dheireadh na míosa sin, táille glaonna arna socrú de réir fho-alt (2) a íoc leis an oibritheoir maidir le gach glao de na glaonna sin.

(6) Mura n-íoctar táillí láimhseála glaonna faoin sprioc ama a socraíodh chun iad a íoc, féadfaidh an t-oibritheoir reatha, trí imeachtaí a thionscnófar i gcúirt dlínse inniúla, aon mhéid táillí a bheidh gan aisíoc a ghnóthú mar fhiacha atá dlite don oibritheoir sin.

(7) Beidh táille láimhseála glaonna iníoctha i leith glao éigeandála fiú amháin mura gcuirtear an glao ar aghaidh chuig an tseirbhís éigeandála lena mbaineann.

(8) Déanfaidh an t-oibritheoir reatha, chun a chumasú don Aire conradh SFGÉ a dheonú agus a dhéanamh, agus a mhéid a fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh, cibé comhoibriú agus cúnamh a éileoidh an tAire le réasún i scríbhinn a thabhairt don Aire.

(9) Más dealraitheach don Aire go bhfuil an t-oibritheoir reatha ag mainneachtain an leibhéal comhoibrithe agus cúnaimh a cheanglaítear faoi fho-alt (8) a sholáthar, féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun ordú um chomhlíonadh a dhéanamh faoi fho-alt (12). Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas den sórt sin.

(10) Ní éistfidh an Ard-Chúirt an t-iarratas mura deimhin léi gur seirbheáladh cóip den iarratas ar an oibritheoir reatha. Ar chóip den sórt sin a sheirbheáil air nó uirthi, is é an t-oibritheoir reatha an freagróir san iarratas.

(11) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a dhéanamh go dtí go gcinntear iarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (9). Ní ceadmhach don Chúirt faoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach a dhiúltú de bhíthin amháin nach bhféadfadh go mbainfeadh damáiste don Aire dá mba rud é nach ndeonófaí faoiseamh go dtí go gcinnfí an t-iarratas.

(12) Ar iarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (9) a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh lena gceanglaítear ar an oibritheoir reatha na ceanglais iomchuí a chomhlíonadh nó féadfaidh sí an t-iarratas a dhiúltú.

(13) Má dhéanann an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (12), féadfaidh sí cibé orduithe coimhdeacha is cuí léi a dhéanamh.”.

Ceannteideal Coda nua a chur isteach sa Phríomh-Acht.

17 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gceannteideal Coda seo a leanas a chur isteach roimh alt 59:

“CUID 7

Forálacha Ilghnéitheacha”.

Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht a ionadú.

18 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad Sceideal 1:

“SCEIDEAL 1

Achtacháin Ghaolmhara chun Críocha an Achta seo.

CUID 1

Achtanna

(1) An tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926:

(a) alt 2;

(b) alt 2A;

(c) alt 3(3B) go 3(3C) (seachas i ndáil le gléis teilifíse);

(d) alt 3(6);

(e) alt 5 (seachas i ndáil le gléis teilifíse a cheadúnú);

(f) alt 6 (seachas i ndáil le gléis teilifíse a cheadúnú);

(g) alt 7 (seachas i ndáil le gléis teilifíse a cheadúnú);

(h) alt 8 (seachas i ndáil le gléis teilifíse a cheadúnú);

(i) alt 9(1) (seachas i ndáil le haerárthaí);

(j) alt 10A(2);

(k) alt 12(2) (seachas i ndáil le gléis teilifíse nó gnóthaí craolacháin nó aerárthaí de réir mar is cuí);

(l) alt 13 (seachas i ndáil le hionchúisimh i gcionta faoi alt 3 maidir le gléis teilifíse);

(2) an tAcht um Údarás Craolacháin 1960, alt 16(3)(a);

(3) an tAcht Raidio-Theileagrafaíochta 1972, ailt 5, 7 agus 8;

(4) an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983:

(a) alt 5(6) (feidhmeanna an Aire a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta);

(b) alt 70(2);

(5) An tAcht Raidió agus Teilifíse 1988, ailt 2, 4, 5 agus 7;

(6) an tAcht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta 1988, ailt 1, 3, 6, 7, 13, 14 agus 20;

(7) an tAcht Craolacháin 1990, ailt 1, 9(1), 12, 16 agus 17;

(8) an tAcht um Údarás Eitlíochta na hÉireann 1993, alt 70;

(9) an tAcht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha), 1996, ailt 1 agus 7 (ach amháin fo-alt (5)).

CUID 2

Ionstraimí Reachtúla

(1) Na Rialacháin Radio-Thelegrafaíochta (Ceadúnas Radio Gnótha) 1949 (I.R. Uimh. 320 de 1949);

(2) An tOrdú Rialaithe Taraifí Teileachumarsáide 1996 (I.R. Uimh. 393 de 1996) (arna leasú le I.R. Uimh. 438 de 1999);

(3) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cumarsáid Shoghluaiste agus Phearsanta) 1996 (I.R. Uimh. 123 de 1996);

(4) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faireachán ar Sheirbhísí Teileachumarsáide) 1997 (I.R. Uimh. 284 de 1997);

(5) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Bonneagar Teileachumarsáide) 1997 (I.R. Uimh. 338 de 1997);

(6) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Teileafóin Shoghluaiste a Dhíolmhú) 1997 (I.R. Uimh. 409 de 1997);

(7) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Glacadóirí Craolacháin Fuaime a Dhíolmhú) 1972 (I.R. Uimh. 211 de 1972);

(8) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Stáisiúin Leaschraolta Sreinge Áirithe a Dhíolmhú) 1976 (I.R. Uimh. 200 de 1976);

(9) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Deis Athchuir Pobail) 1988 (I.R. Uimh. 83 de 1988);

(10) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Naisc Raidió) 1992 (I.R. Uimh. 319 de 1992);

(11) An tOrdú Raidió-Theileagrafaíochta (Teileafóin gan Chorda) (Díolmhú) 1997 (I.R. Uimh. 410 de 1997);

(12) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Teileafónaíochta Soghluaiste GSM agus TACS) 1997 (I.R Uimh. 468 de 1997);

(13) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach) 1998 (I.R. Uimh. 22 de 1998);

(14) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Raidiónna Gnó Gearr-Raoin a Dhíolmhú) 1998 (I.R. Uimh. 93 de 1998);

(15) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Idircheangal sa Teileachumarsáid) 1998 go 2000, arb éard iad:

(a) Rialachán 3 de chuid Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Teileachumarsáid) (Leasú), 1998 (I.R. Uimh. 286 de 1998);

(b) Rialachán 6 de chuid Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Guth-Theileafónaíocht agus Seirbhís Uile-Choiteann) 1999 (I.R. Uimh. 71 de 1999); agus

(c) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Idircheangal sa Teileachumarsáid) (Leasú) 1999 (I.R. Uimh. 249 de 1999);

(16) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Stáisiúin Satailíte Cruinne i gcomhair Seirbhísí Cumarsáide Pearsanta Satailíte (SCP-S) a Dhíolmhú) 1998 (I.R. Uimh. 214 de 1998);

(17) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Raidiónna Banda Saoránach a Dhíolmhú) 1998 (I.R. Uimh. 436 de 1998);

(18) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Teirminéil Shoghluaiste DCS 1800 a Dhíolmhú) 1999 (I.R. Uimh. 107 de 1999);

(19) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Glacadóirí Glaoireachta ERMES a Dhíolmhú) 1999 (I.R. Uimh. 108 de 1999);

(20) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Pointe Fhosaithigh Raidió go Rochtain Ilphointeach) 1999 (I.R. Uimh. 287 de 1999);

(21) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Teileafónaíochta Soghluaiste GSM agus TACS) 1999 (I.R. Uimh. 442 de 1999);

(22) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain Choinníollach) 2000 (I.R. Uimh. 357 de 2000);

(23) An tOrdú um Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Stáisiúin Chruinne Ghlactha Satailíte Fosaidh Áirithe a Dhíolmhú) 2000 (I.R. Uimh. 273 de 2000);

(24) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Stáisiúin Satailíte Cruinne Shoghluaiste i gcomhair Córas Cumarsáide Pearsanta Satailíte a oibríonn i mbandaí faoi bhun 1GHz (S-PCS <1GHz) a Dhíolmhú) 2000 (I.R. Uimh. 173 de 2000);

(25) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Stáisiúin Chruinne Satailíte Fosaidh) 2000 (I.R. Uimh. 261 de 2000);

(26) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Saoráid Teileafoirt) 2001 (I.R. Uimh. 18 de 2001);

(27) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trealamh Raidió agus Trealamh Teirminéil Teileachumarsáide) 2001 (I.R. Uimh. 240 de 2001);

(28) An tOrdú um an Acht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha) 1996 (Alt 6) (Post-Tobhach) 2001 (I.R. Uimh. 282 de 2001);

(29) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Díolúine aicmí áirithe Stáisiún Cruinne atá Soghluaiste ar Talamh) 2001 (I.R. Uimh. 398 de 2001);

(30) Ordú Uimh. 2 um an Acht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha) 1996 (Alt 6) (Post-Tobhach) 2001 (I.R. Uimh. 474 de 2001);

(31) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Saoráid Teileafoirt) 2001 (I.R. Uimh. 18 de 2001);

(32) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Teileafónaíochta Soghluaiste GSM agus Tríú Glúin) 2002 (I.R. Uimh. 345 de 2002);

(33) An tOrdú um Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Feistí Gearr-Réimse a Dhíolmhú) 2002 (I.R. Uimh. 405 de 2002);

(34) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Córais Raidió Shoghluaiste) 2002 (I.R. Uimh. 435 de 2002);

(35) Na Rialacháin um Raidió-Theileagrafaíocht (Ceadúnas Trialladóra) 2002 (I.R. Uimh. 450 de 2002);

(36) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Seirbhísí Poist) 2002 (I.R. Uimh. 616 de 2002);

(37) An tOrdú um Rialáil Taraifí Teileachumarsáide 2003 (I.R. Uimh. 31 de 2003);

(38) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Limistéir Áitiúil do Rochtain Raidió Fhosaithigh) 2003 (I.R. Uimh. 79 de 2003);

(39) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Rochtain) 2003 (I.R. Uimh. 305 de 2003);

(40) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Údarú) 2003 (I.R. Uimh. 306 de 2003);

(41) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Creat) 2003 (I.R. Uimh. 307 de 2003);

(42) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Seirbhís Uile-Choiteann agus Cearta Úsáideoirí) 2003 (I.R. Uimh. 308 de 2003);

(43) An tOrdú Tobhaigh fán Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Alt 30) 2003 (I.R. Uimh. 346 de 2003);

(44) An tOrdú um Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Aicmí Áirithe de Stáisiúin Chruinne Satailíte Fosaidh a Dhíolmhú) 2003 (I.R. Uimh. 505 de 2003);

(45) Na Rialacháin Raidio-Theileagrafaíochta (Córas Dáilte Micreathonnach Ilphointe) 2003 (I.R. Uimh. 529 de 2003);

(46) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Cosaint Sonraí agus Príobháideacht) 2003 (I.R. 535 de 2003);

(47) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Atarchur Clár Teilifíse UHF) 2003 (I.R. Uimh. 675 de 2003);

(48) An tOrdú Post-Tobhaigh fán Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Alt 30) 2003 (I.R. Uimh. 733 de 2003);

(49) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Stáisiúin Chruinne Aerárthaigh Ísealchumhachta a Dhíolmhú) 2004 (I.R. Uimh. 7 de 2004);

(50) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Taighde agus Forbartha) 2005 (I.R. Uimh. 113 de 2005);

(51) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Trialach Tríú Páirtí) 2005 (I.R. Uimh. 114 de 2005);

(52) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Díolúine aicmí áirithe Stáisiún Cruinne atá Soghluaiste ar Talamh) 2005 (I.R. Uimh. 128 de 2005);

(53) An tOrdú um an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Alt 3) (Gaireas Glactha Amháin le haghaidh Raidió-Theileagrafaíochta a Dhíolmhú) 2005 (I.R. Uimh. 197 de 2005);

(54) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Seirbhísí Sonraí Soghluaiste Digiteacha Leathanbhanda) 2005 (I.R. Uimh. 642 de 2005);

(55) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Raidió Gnó Tríú Páirtí) 2005 (I.R. Uimh. 646 de 2005);

(56) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Bloc-Cheadúnais Náisiúnta Pointe go Pointe agus Pointe go hIlphointe) 2006 (I.R. Uimh. 296 de 2006);

(57) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Córas Raidió Aithisc Phoiblí) 2006 (I.R. Uimh. 304 de 2006);

(58) Na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Raidió Stáisiúin Loinge) 2006 (I.R. Uimh. 414 de 2006).”.