An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Leasú ar an Acht Iomaíochta 2002 ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 2 Leasú Iarmhartach ar Ionstraimí Reachtúla Áirithe )

22 2007

An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007

SCEIDEAL 1

Leasú Iarmhartach ar Achtanna Áirithe

Alt 4(2).

CUID 1

Leasú ar an Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926

Ítim

An fhoráil a cuireadh isteach nó dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 2

In alt 2, na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “an tAire”:

“ach amháin mar a fhoráiltear le halt 9, ciallaíonn an focal ‘an t-údarás iomchuí’―

(a) i ndáil le gléas teilifíse a úsáid, an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, agus

(b) i ndáil le gaireas raidió-theileagrafaíochta a bhaineann le sábháilteacht, slándáil agus oibriú long agus soithí (lena n-áirítear na deimhnithe inniúlachta chun gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta ar longa agus soithí a oibriú), an tAire Iompair, agus

(c) i ndáil le haon ábhar eile, an Coimisiún;

ciallaíonn an abairt ‘an Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide a bhunaítear le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;”.

2

Alt 2A

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2:

“An tAire Iompair do dhul i gcomhairle le húdaráis eile sula ndéanfaidh sé nó sí rialacháin nó orduithe.

2A.—(1) Ní ceadmhach don Aire Iompair rialacháin nó orduithe a dhéanamh faoin Acht seo ach amháin tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

(2) Ní bheidh aon éifeacht le rialacháin nó orduithe a dhéanfar de shárú ar fho-alt (1).”.

3.

Alt 3(6)

“an údarás iomchuí” a chur in ionad “an Aire”.

4.

Alt 5

(a) I bhfo-alt (1) “an t-údarás iomchuí” a chur in ionad “an tAire”.

(b) An fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1B):

“(1B) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go gcomhlíonfaidh Radio Telefís Éireann na feidhmeanna arb éard iad ceadúnais maidir le gléas chun glactha amháin a dheonú faoin Acht seo, agus chun táillí a bhailiú i leith na gceadúnas sin thar ceann an Aire. Fad a fhanfaidh aon ordú den sórt sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) Radio Telefís Éireann amháin a chomhlíonfaidh na feidhmeanna sin;

(b) beidh ag Radio Telefís Éireann na cumhachtaí go léir is gá chun alt 3(1) a fhorfheidhmiú i ndáil le gléas is gléas chun glactha amháin, agus féadfaidh sé iad a fheidhmiú;

(c) beidh éifeacht le hailt 7 agus 8 i ndáil le gléas chun glactha amháin amhail is dá bhfolódh gach tagairt don údarás iomchuí tagairt do Radio Telefís Éireann;

(d) féadfaidh an tAire nó Radio Telefís Éireann nó duine éigin eile a bheidh údaraithe le dlí chun cionta a ionchúiseamh ionchúisimh faoi alt 3(3) i ndáil le gléas chun glactha amháin, agus ionchúisimh faoi alt 7(3) i ndáil le fógra a rinne Radio Telefís Éireann a sheirbheáil, a ionchúiseamh, d’ainneoin alt 13.

Féadfaidh an tAire, aon tráth, ordú atá i bhfeidhm faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.”.

(c) I bhfo-alt (2), “an t-údarás iomchuí” a chur in ionad “an tAire”.

5.

Alt 6

(a) I bhfo-alt (1), “an t-údarás iomchuí” a chur in ionad “an tAire”.

(b) I bhfo-alt (1)(d) agus (g), “an t-údarás sin” a chur in ionad “an tAire” agus “don údarás sin” a chur in ionad “don Aire”.

(c) I bhfo-alt (2), “a shásóidh an t-údarás iomchuí maidir leis an duine” a chur in ionad “a chuirfidh ina luighe ar an Aire”.

(d) I bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le halt 17(2) den Acht Craolacháin 1990), “Má cheapann an t-údarás iomchuí é a bheith fóirsteanach déanamh amhlaidh féadfaidh sé” a chur in ionad “Má cheapann an tAire é bheith fóirsteanach féadfaidh sé”.

(e) I bhfo-alt (2A), “an údarás sin” a chur in ionad “an Aire” sa dara háit a bhfuil sé.

6.

Alt 7

(a) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, aon tráth is dóigh leis gur ceart é a dhéanamh, fógra speisialta, a mbeidh foirm dearbhaithe ag gabháil leis nó ann, a sheirbheáil ar dhuine á cheangal ar an duine―

(a) cibé ní amháin nó níos mó de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2) agus atá sonraithe san fhógra a rá ar an bhfoirm dearbhaithe, agus

(b) an dearbhú a chomhlánú agus a shíniú, agus

(c) an dearbhú comhlánaithe a thabhairt d’oifigeach údaraithe don údarás sin nó a sheoladh chuige nó chuici tríd an bpost.

Ní foláir an fógra speisialta a bheith i scríbhinn agus é a chur tríd an bpost cláraithe.”.

(b) I bhfo-alt (3), “laistigh de na 14 lá tar éis é a sheirbheáil” a chur in ionad “laistigh den aimsir roimhráite”.

7.

Alt 8

(a) I bhfo-alt (1), “don údarás iomchuí” a chur in ionad “don Aire” sa chéad áit a bhfuil sé.

(b) I bhfo-alt (1), “don údarás sin” a chur in ionad “don Aire” sa dara háit a bhfuil sé agus “an údaráis sin” a chur in ionad “an Aire”.

(c) I bhfo-alt (2), “oifigeach don údarás iomchuí” a chur in ionad “oifigeach don Aire”.

(d) I bhfo-alt (3)(a), “oifigeach don údarás iomchuí” a chur in ionad “oifigeach don Aire”.

(e) I bhfo-alt (3)(a), “an t-údarás iomchuí” a chur in ionad “an tAire”, sa dara agus sa tríú hait a bhfuil sé.

(f) I bhfo-alt (3)(b), “an t-údarás iomchuí” a chur in ionad “an tAire”.

8.

Alt 9

(a) I bhfo-alt (1), “an t-údarás iomchuí” a chur in ionad “an tAire”.

(b) I bhfo-alt (1)(e), “an údarás iomchuí” a chur in ionad “an Aire”.

(c) An fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) San alt seo, ciallaíonn ‘údarás iomchuí’―

(a) i ndáil le gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta ar longa, an tAire Iompair, agus

(b) i ndáil le gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta ar aerárthaigh, an Coimisiún.”.

9.

Leasú ar alt 10A(2) (a cuireadh isteach le halt 12 (1)(e) den Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta 1988)

“an údarás iomchuí” a chur in ionad “an Aire”.

10.

Alt 13

An t-alt seo a leanas a chur ina ionad:

“Cionta a ionchúiseamh.

13.—Ní ceadmhach ionchúiseamh mar gheall ar chion achomair faoin Acht seo a thionscnamh ach amháin ag an údarás iomchuí, ag duine a mbeidh na feidhmeanna de chuid an údaráis sin tarmligthe chuige nó chuici nó ag duine éigin eile atá údaraithe le dlí chun cionta a ionchúiseamh.”.

11.

An tAcht go léir

“an Stát” a chur in ionad “Saorstát Éireann”, gach áit a bhfuil sé.

CUID 2

Leasú ar an Acht um Oifig an Phoist (Leasú) 1951

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 13

An t-alt seo a leanas a chur in ionad:

“Cionta i dtaca le teileafóin.

13.—(1) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh aon teachtaireacht atá ró-ghráiniúil nó atá mígheanasach, graosta nó bagrach, a chur le teileafón, nó

(b) d'fhonn aon duine eile a chrá, nó ceataí a dhéanamh dó, nó imní gan ghá a chur air nó uirthi―

(i) a dhéanfaidh aon teachtaireacht is eol don seoltóir a bheith bréagach a chur le teileafón, nó

(ii) a leanfaidh de bheith ag déanamh glaonna teileafón gan chúis réasúnach chuig duine eile,

tá cion déanta aige nó aici.

(2) Maidir le haon duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1), ar é nó í a chiontú―

(a) má dhéantar é nó í a thriail ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná €75,000 nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) má dhéantar é nó í a thriail go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) Is cion faoin Post Office Act 1908 an t-alt seo a shárú.

(4) Ar dhuine a chiontú mar gheall ar chion faoi fho-alt (1), féadfaidh an chúirt, i dteannta aon phionóis eile a fhorchuirfear mar gheall ar an gcion, a ordú go bhforghéillfear don Stát aon ghaireas, trealamh nó rud eile a úsáideadh i gcúrsa an cion a dhéanamh.

(5) San alt seo folaíonn ‘teachtaireacht; téacsteachtaireacht arna cur le saoráid seirbhíse gearrtheachtaireachta (SGT)”.

CUID 3

Leasú ar an Acht um Údarás Craolacháin 1960

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 16(3)

An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar don Údarás le fo-alt (2)(a) agus (b) infheidhmithe ach amháin faoi cheadúnas arna eisiúint ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide agus de réir aon choinníollacha a bhfuil an ceadúnas faoina réir.”.

CUID 4

Leasú ar an Acht Raidio-Theileagrafaíochta 1972

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 1

I bhfo-alt (1), an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an lá ceaptha”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide arna bhunú le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;”.

2.

Alt 5

(a) I bhfo-alt (1), trí “an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide” a chur in ionad “an tAire”,

(b) I bhfo-alt (1), trí “don Choimisiún sin” a chur in ionad “don Aire”.

3.

Alt 6

(a) An fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ceanglaítear gur i scríbhinn agus san fhoirm fhorordaithe (más ann) a bheidh fógra a bheidh le tabhairt don Aire nó don Choimisiún faoin Acht seo.”.

(b) An méid seo a leanas a chur fho-ailt (4) agus (5):

“(4) Más rud é go gcreideann oifigeach údaraithe ar fhorais réasúnacha gur in áit áirithe a choimeádtar taifead a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo, féadfaidh an t-oifigeach, aon tráth réasúnach, dul isteach san áit agus a iarraidh ar an duine is dealraitheach a bheith i bhfeighil na háite an taifead a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an oifigeach. Ar cheangal a bheith curtha air nó uirthi amhlaidh, déanfaidh an duine sin de réir na hiarrata, gan mhoill, a mhéid is indéanta déanamh amhlaidh.

(5) Féadfar aon fhógra a cheanglaítear a thabhairt don Aire nó don Choimisiún leis an Acht seo nó faoi, a thabhairt trína sheachadadh go pearsanta nó trína chur leis an bpost cláraithe agus ní ar aon mhodh eile.

(6) I bhfo-alt (4), ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ duine atá ar fostú sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, is duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun an chumhacht a thugtar le fo-alt (4) a fheidhmiú.”.

4

Alt 8

I bhfo-ailt (1), (2), (3) agus (5), “an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide” a chur in ionad “an tAire” gach áit a bhfuil sé agus “ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide” a chur in ionad “ag an Aire” i bhfo-alt (1).

CUID 5

Leasú ar an Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 2

I bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Achtanna na gCuideachtaí”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide arna bhunú le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;”.

2.

Alt 2

I bhfo-alt (1), mír (e) a scriosadh.

3.

Alt 70 (arna leasú le Rialachán 4 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Seirbhísí Poist) 2000)

I bhfo-alt (2), “comhthoiliú an Choimisiúin” a chur in ionad “comhthoiliú an Stiúrthóra”

CUID 6

Leasú ar an Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta 1988

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 1

(a) An míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta”:

“ciallaíonn ‘údarás cuí’—

(a) an tAire, i gcás ní a bhaineann le ceadúnais le haghaidh gléis teilifíse, agus

(b) an tAire Iompair, i gcás ní a bhaineann le gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta atá bainteach le sábháilteacht, slándáil agus oibriú long agus soithí (lena n-áirítear deimhnithe inniúlachta chun gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a oibriú ar longa agus soithí), agus

(c) an Coimisiún, i gcás ní ar bith eile.”.

(b) An míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “scannán cineamatagrafach”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide a bunaíodh le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Uimh. 20. de 2002);”.

2.

Alt 3.

I bhfo-alt (1), “ag an gCoimisiún” a chur in ionad “ag an Aire”.

3.

Alt 6

I bhfo-alt (2)(b), “an Coimisiún” a chur in ionad “an tAire”.

4.

Alt 7

(a) “leis an gCoimisiún” agus “an Coimisiún” a chur in ionad “leis an Aire” agus “an tAire”, faoi seach, gach áit a bhfuil siad.

(b) “soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí” a chur in ionad “Bord Telecom Éireann”, gach áit a bhfuil sé.

5.

Alt 13

“ag an údarás cuí” a chur in ionad “ag an Aire”.

6.

Alt 14

“an Coimisiún” a chur in ionad “an tAire”.

7.

Alt 20

“an t-údarás cuí” a chur in ionad “an tAire”.

CUID 7

Leasú ar an Acht Raidió agus Teilifíse 1988

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 2

I bhfo-alt (1), an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta”:

“ciallaíonn ‘ComReg’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide a bunaíodh le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;”.

2.

Alt 4

I bhfo-ailt (3), (5) agus (6), “ag ComReg” agus “le ComReg” a chur in ionad “ag an Aire” agus “leis an Aire”, faoi seach, gach áit a bhfuil siad.

3.

Alt 5

“do ComReg”, “ComReg” agus “ag ComReg” a chur in ionad “don Aire”, “an tAire” agus “ag an Aire”, faoi seach, gach áit a bhfuil siad.

4.

Alt 7

“le ComReg”, “ComReg”, “ag ComReg” “chuig ComReg”, “cinneadh ComReg” agus “chinneadh ComReg” a chur in ionad “leis an Aire, “an tAire”, “ag an Aire”, “chuig an Aire”, “cinneadh an Aire” agus “chinneadh an Aire”, faoi seach, gach áit a bhfuil siad.

CUID 8

Leasú ar an Acht Craolacháin 1990

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 1

I bhfo-alt (1), an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an tÚdarás”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide arna bhunú le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;”.

2.

Alt 9(1)

“oifigeach cuí-údaraithe don Choimisiún” a chur in ionad “oifigeach cuí-údaraithe don Aire”.

3.

Alt 12

I bhfo-alt (1), “don Choimisiún” a chur in ionad “don Aire” agus “an Coimisiún” a chur in ionad “an tAire” i bhfo-ailt (2) agus (3).

4.

Alt 16

“an Coimisiún” a chur in ionad “an tAire”, cibé áit a bhfuil sé.

5.

Alt 17

(a) I bhfo-alt (1), “an Coimisiún” a chur in ionad “an tAire”.

(b) Fo-alt (2) a aisghairm.

CUID 9

Leasú ar an Acht um Údarás Eitlíochta na hÉireann 1993

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 70

An t-alt seo a leanas a chur ina ionad:

“Feidhmeanna áirithe faoin Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 a aistriú chuig an gcuideachta.

70.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, le hordú―

(a) feidhmeanna an Choimisiúin faoi alt 5 den Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 a aistriú chuig an gcuideachta, nó

(b) feidhmeanna de chuid an Choimisiúin faoi alt 7 den Acht sin a shannadh don chuideachta a mhéid a bhaineann siad, i ngach cás, le gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta in aerárthaí.

(2) Má tá ordú faoi fho-alt (1) i bhfeidhm maidir le feidhmeanna faoi alt 7, leanfaidh na feidhmeanna sin de bheith dílsithe don Choimisiún ach i gcomhthráth leis an gcuideachta agus sin sa chaoi go mbeidh siad inchomhlíonta, de réir mar a chinnfeadh an Coimisiún, ag an gCoimisiún nó ag an gcuideachta.

(3) Déanfaidh an chuideachta aon táillí a íocfar léi faoi alt 5 den Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, faoi réir aon asbhaint de mhéideanna a chinnfeadh an chuideachta agus an Coimisiún i leith caiteachas a thabhóidh an chuideachta faoin alt sin.

(4) Tabharfaidh an chuideachta faisnéis don Choimisiún i ndáil le cibé nithe a bhaineann le comhlíonadh na bhfeidhmeanna a aistrítear chuici nó a shanntar di faoin alt seo a shonróidh an Coimisiún i scríbhinn.

(5) San alt seo, ciallaíonn ‘an Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide.”.

CUID 10

Leasú ar an Acht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha) 1996

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Alt 1

(a) I bhfo-alt (1), an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an chuideachta”:

“ ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide arna bhunú le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;”.

(b) I bhfo-alt (1), tríd an míniú ar “an Stiúrthóir” a aisghairm.

2.

Alt 7

(a) I bhfo-alt (1), (2) agus (4) “an Coimisiún” a chur in ionad “an tAire” agus “an gCoimisiún” a chur in ionad “an Aire” i bhfo-alt (3).

(b) Fo-ailt (5) go (7) a aisghairm.

3.

Alt 12

An t-alt seo a leanas a chur ina ionad:

“Oifigigh údaraithe.

12.―(1) Féadfaidh an Coimisiún daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an ailt seo.

(2) Tabharfaidh an Coimisiún deimhniú ceapacháin do gach duine a cheapfar faoi fho-alt (1).

(3) Le linn feidhm a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, déanfaidh oifigeach údaraithe, má iarrann an duine a mbeidh an chumhacht á feidhmiú i ndáil leis nó léi amhlaidh, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

(4) Féadfaidh oifigeach údaraithe, chun faisnéis a fháil is gá chun feidhmeanna an Choimisiúin faoin Acht seo a chomhlíonadh, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) dul isteach aon tráth in áitreabh soláthraí seirbhísí teileachumarsáide chun cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

(b) a cheangal ar aon soláthraí seirbhísí teileachumarsáide taifid a thabhairt ar aird a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide a sholáthar ar a bhfuil cumhacht nó rialú ag an soláthraí agus cibé faisnéis a theastóidh le réasún ón oifigeach a thabhairt don oifigeach i ndáil le haon iontrálacha sna taifid;

(c) aon taifid den sórt sin nó aon chuid dá n-inneachar a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh díobh;

(d) a cheangal ar sholáthraí seirbhísí teileachumarsáide a luaitear i mír (a) cibé faisnéis a theastóidh le réasún ón oifigeach a thabhairt don oifigeach maidir le soláthar seirbhísí teileachumarsáide;

(e) cibé iniúchtaí a dhéanamh, cibé tástálacha a chur i gcrích agus cibé tomhais a thógáil is cuí leis an oifigeach maidir le hinnealra, gaireas agus trealamh eile san áitreabh.”.