An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Pianbhreith a Ghearradh )

29 2007

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007

CUID 2

Leasú ar Achtacháin a Bhaineann le Bannaí

Leasú ar alt 1 d’Acht 1997.

5 .— Leasaítear alt 1 d’Acht 1997 i bhfo-alt (1) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘ duine údaraithe ’ duine arna cheapadh nó arna ceapadh i scríbhinn ag an Aire, nó ag duine is duine de chuid aicme forordaithe daoine, chun bheith ina dhuine údaraithe nó ina duine údaraithe chun críocha ailt 6B agus 6C;

ciallaíonn ‘ Aire ’ an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn ‘ forordaithe ’ forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;”.

Ráiteas ó iarratasóirí ar bhannaí ar daoine iad atá cúisithe i gcionta tromaí.

6 .— Leasaítear Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 1:

“1A.— (1) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5)(c), aon duine a chúisítear i gcion tromaí agus a dhéanann iarratas ar bhannaí (dá ngairtear ‘an t-iarratasóir’ san alt seo), déanfaidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn arna shíniú go cuí ag an iarratasóir agus ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an iarratasóir a thabhairt don ionchúisitheoir:

(a) a ainm nó a hainm agus aon ainm nó ainmneacha eile a úsáideadh roimhe sin;

(b) an tslí bheatha reatha atá aige nó aici agus aon slí bheatha nó slite beatha roimhe sin laistigh de na 3 bliana díreach roimhe sin;

(c) an fhoinse ioncaim nó na foinsí ioncaim a bhí aige nó aici laistigh de na 3 bliana díreach roimhe sin;

(d) a mhaoin nó a maoin, cibé acu faoi úinéireacht, go hiomlán nó go páirteach, nó faoi rialú, an iarratasóra agus cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de;

(e) aon uair nó uaireanta roimhe sin a ciontaíodh an t-iarratasóir i gcion tromaí;

(f) aon uair nó uaireanta roimhe sin a ciontaíodh an t-iarratasóir i gcion a rinneadh le linn dó nó di iarratasóir a bheith faoi bhannaí;

(g) aon iarratas nó iarratais ar bhannaí roimhe sin ón duine, á chur in iúl cibé acu a deonaíodh nó nár deonaíodh bannaí agus, má deonaíodh, na coinníollacha a raibh an cúirtbhanna faoina réir.

(2) Beidh an ráiteas san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm a bhfuil an éifeacht chéanna léi.

(3) Déanfar an ráiteas a thabhairt don ionchúisitheoir—

(a) i gcás nach gá fógra i scríbhinn faoin iarratas ar bhannaí, a luaithe is indéanta le réasún sula ndéantar an t-iarratas, nó

(b) i gcás inar gá fógra den sórt sin, an tráth a sheirbheáiltear an fógra.

(4) Maidir leis an gceanglas i bhfo-alt (1) i ndáil le ráiteas a thabhairt, féadfar é a ligean thar ceal más rud é—

(a) go luann an t-ionchúisitheoir go mbeartaítear toiliú le deonú bannaí, nó

(b) go dtoilíonn an t-iarratasóir agus an t-ionchúisitheoir leis an gceanglas a ligean thar ceal.

(5) Féadfaidh an chúirt le hordú:

(a) fadú a dhéanamh ar an tréimhse ina ndéanfaidh an t-iarratasóir an ráiteas a thabhairt ar aird;

(b) éisteacht an iarratais a chur ar atráth go dtí go dtugtar an ráiteas ar aird;

(c) an gá le comhlíonadh fho-alt (1) a ligean thar ceal más deimhin léi go bhfuil cúis mhaith dhóthanach ann chun déanamh amhlaidh;

(d) cibé coinníollacha is cóir léi a fhorchur in aon ordú a dhéanfaidh sí faoin alt seo.

(6) Glacfar an ráiteas i bhfianaise gan aon chruthúnas breise in imeachtaí faoin alt seo má airbheartaíonn sé a bheith sínithe ag an iarratasóir.

(7) In imeachtaí faoin alt seo, féadfar, le cead ón gcúirt, aon fhinné a cheistiú faoi ábhar an ráitis.

(8) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a bhaineann leis an ráiteas nó le haon chuid de a fhoilsiú i bhfoilseachán i scríbhinn atá ar fáil don phobal nó ní dhéanfar faisnéis den sórt sin a chraoladh, mura rud é go n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

(9) Féadfaidh an chúirt, má mheasann sí go bhféadfadh foilsiú aon cheistiúcháin a dhéantar ar an iarratasóir i ndáil leis an ráiteas, nó i ndáil le haon chuid den ráiteas, nó foilsiú aon aighneachtaí a thugtar don chúirt dochar a dhéanamh do cheart an iarratasóra triail chothrom a fháil, a ordú, le hordú, nach ndéanfar aon fhaisnéis a bhaineann leis an gceistiúchán nó leis na haighneachtaí a fhoilsiú i bhfoilseachán i scríbhinn atá ar fáil don phobal nó nach ndéanfar faisnéis den sórt sin a chraoladh.

(10) Féadfaidh an chúirt, le linn ordú a dhéanamh faoi fho-alt (9), ré an ordaithe a shonrú agus féadfaidh sí, aon tráth, an t-ordú a athrú nó a chur ar ceal.

(11) Aon iarratasóir a dhéanann, go feasach, faisnéis atá bréagach nó míthreorach a thabhairt nó aon fhíoras ábhartha a cheilt, sa ráiteas nó i bhfianaise in imeachtaí faoin alt seo, tá sé nó sí ciontach i gcion agus, ar é nó í a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(12) Níl aon fhaisnéis atá sa ráiteas inghlactha i bhfianaise in aon imeachtaí nó ábhar eile, ach amháin in imeachtaí i gcoinne an iarratasóra faoi fho-alt (11).

(13) Féadfaidh an chúirt iarratas ar bhannaí a bhreithniú, d’ainneoin gur mhainnigh an t-iarratasóir an ráiteas a thabhairt.

(14) Ní theorannaíonn aon ní san alt seo dlínse cúirte chun bannaí a dheonú.

(15) Tá feidhm ag fo-alt (2) d’alt 4 i ndáil le héisteacht fianaise i ndáil leis an ráiteas agus tá feidhm ag fo-ailt (4) go (7) den alt sin i ndáil le sárú ar fho-alt (8) nó (9) den alt seo, fairis na modhnuithe is gá i ngach cás.

(16) San alt seo ciallaíonn ‘ maoin ’—

(a) airgead tirim, airgead i gcuntas i bhforas airgeadais, seiceanna, dréachtaí bainc agus urrúis inaistrithe (lena n-áirítear scaireanna, barántais agus bintiúir),

(b) talamh,

(c) feithiclí inneallghluaiste, agus

(d) aon sócmhainn eile ar mó a luach ná €3,000.”.

Fianaise in iarratais ar bhannaí faoi alt 2.

7 .— Leasaítear Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2:

“2A.— (1) I gcás ina ndéanann comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ardcheannfort, le linn fianaise a thabhairt in imeachtaí faoi alt 2, a lua go gcreideann sé nó sí go bhfuil diúltú don iarratas riachtanach le réasún chun an duine sin a chosc ar chion tromaí a dhéanamh, tá an ráiteas inghlactha mar fhianaise go bhfuil diúltú don iarratas riachtanach le réasún chun na críche sin.

(2) Níl fianaise a thugann comhalta den sórt sin sna himeachtaí inghlactha in aon imeachtaí coiriúla i gcoinne an iarratasóra.

(3) Féadfaidh an chúirt, má mheasann sí go bhféadfadh foilsiú aon fhianaise, nó aon chuid d’fhianaise, a thugann comhalta den sórt sin faoi fho-alt (1) dochar a dhéanamh do cheart an duine chúisithe triail chothrom a fháil, a ordú, le hordú, nach ndéanfar aon fhaisnéis a bhaineann leis an bhfianaise nó leis an gcuid sin di, nó le haon cheistiúchán a dhéantar ar an gcomhalta, a fhoilsiú i bhfoilseachán i scríbhinn nó nach ndéanfar faisnéis den sórt sin a chraoladh.

(4) Féadfaidh an chúirt, le linn ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3), ré an ordaithe a shonrú agus féadfaidh sí, aon tráth, an t-ordú a athrú nó a chur ar ceal de réir mar is cuí léi agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh sí.

(5) Tá feidhm ag fo-alt (2) d’alt 4 i ndáil le héisteacht na fianaise ón gcomhalta agus tá feidhm ag fo-ailt (4) go (7) den alt sin i ndáil le sárú ar fho-alt (3) den alt seo, fairis na modhnuithe is gá i ngach cás.

(6) Níl aon ní san alt seo le forléiriú mar ní a dhéanann dochar do ghlacadh le fianaise eile ar chreidiúint, nó le fianaise ar thuairim, in imeachtaí faoi alt 2, cibé acu is aon chomhalta den Gharda Síochána nó duine eile a thugann í.

(7) Ní theorannaíonn aon ní san alt seo dlínse cúirte chun bannaí a dheonú.”.

Leasú ar alt 5 d’Acht 1997.

8 .— Leasaítear alt 5 d’Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1), trí “maidir le haon airgead atá le híoc isteach sa chúirt faoi chúirtbhanna” a chur in ionad “maidir le haon chúirtbhanna”,

(b) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Más rud é go n-éilíonn cúirt go ndéanfaidh duine airgead a íoc isteach sa chúirt, nó go n-éileoidh sí aon urra, mar choinníoll a ghabhann le cúirtbhanna, féadfaidh sí aon ionstraim a mheasann sí a bheith ina fianaise dhóthanach ar theideal duine chuig maoin (seachas talamh nó aon eastát, ceart nó leas i dtalamh nó thar thalamh) a ghlacadh mar urra in ionad na híocaíochta sin.”,

agus

(c) i bhfo-alt (3), trí “aon airgid a bheidh íoctha” a chur in ionad “aon chúirtbhanna a bheidh íoctha”.

Leasú ar alt 6 d’Acht 1997.

9 .— Leasaítear alt 6 d’Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) beidh an cúirtbhanna, i dteannta an choinníll á cheangal ar an duine láithriú os comhair na cúirte ag deireadh thréimhse athchuir an duine chúisithe, faoi réir an choinníll nach ndéanfaidh an duine cúisithe cion fad atá sé nó sí faoi bhannaí,”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Maidir le cúirtbhanna dá dtagraítear i bhfo-alt (3), beidh ráiteas ann á rá go bhféadfaidh an duine cúisithe iarratas a dhéanamh chun na cúirte aon tráth chun coinníoll a ghabhann leis an gcúirtbhanna a athrú nó a chúlghairm.”.

Feidhm alt 6 i ndáil le hachomharcóirí áirithe.

10 .— Leasaítear Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6:

“6A.— Tá feidhm ag alt 6 i ndáil le cúirtbhannaí arna ndéanamh ag daoine a bhfuil achomharc á dhéanamh acu i gcoinne pianbhreitheanna príosúnachta arna bhforchur ag an gCúirt Dúiche, fairis na modhnuithe seo a leanas:

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d’fho-alt (1):

‘(a) beidh an cúirtbhanna faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, eadhon, maidir leis an achomharcóir—

(i) go ndéanfaidh sé nó sí an t-achomharc a thabhairt ar aghaidh,

(ii) go bhfreastalóidh sé nó sí ar shuíonna na Cúirte Cuarda go dtí go gcinnfear an t-achomharc, agus

(iii) nach ndéanfaidh sé nó sí cion le linn a bheith faoi bhannaí,’;

(b) tá tagairtí san alt sin do dhuine cúisithe nó do dhuine a atá cúisithe i gcion le forléiriú mar thagairtí do dhaoine a bhfuil achomharc á dhéanamh acu amhlaidh;

(c) tá an tagairt i bhfo-alt (8) do chúirt le forléiriú mar thagairt don Chúirt Dúiche;

agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.”.

Faireachán leictreonach ar dhaoine áirithe le linn dóibh a bheith faoi bhannaí.

11 .— Leasaítear Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6A:

“6B.— (1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é, maidir le duine (dá ngairtear ‘an duine’ san alt seo)—

(a) go ndéantar é nó í a chúiseamh i gcion tromaí nó go bhfuil achomharc á dhéanamh aige nó aici i gcoinne pianbhreithe príosúnachta arna forchur ag an gCúirt Dúiche, agus

(b) go ligtear faoi bhannaí é nó í tar éis dul faoi chúirtbhanna atá faoi réir aon cheann de na coinníollacha a luaitear i bhfomhíreanna (i) agus (iv) d’alt 6(1)(b),

féadfaidh an chúirt an cúirtbhanna a chur faoi réir na gcoinníollacha breise seo a leanas:

(i) go ndéantar faireachán leictreonach ar ghluaiseachtaí an duine le linn dó nó di a bheith faoi bhannaí ionas gur féidir a shuíomh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé nó sí coinníoll a luaitear in aon cheann de na fomhíreanna sin;

(ii) chun na críche sin, go ndéantar feiste faireacháin leictreonaigh a chur i gceangal lena phearsa nó lena pearsa, go leanúnach nó ar feadh cibé tréimhsí a shonrófar; agus

(iii) go bhfuil duine údaraithe freagrach as faireachán a dhéanamh ar an duine i ndáil le comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh aon choinníll a luaitear sna fomhíreanna sin nó i mír (ii) den fho-alt seo.

(2) Ní dhéanfar cúirtbhanna a chur faoi réir na gcoinníollacha breise a luaitear i bhfo-alt (1)—

(a) má tá an duine chun bheith ina chónaí nó ina cónaí, nó chun fanacht, in áit áirithe, gan toiliú ó úinéir na háite nó ó dhuine aosaithe a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi ansin, nó, de réir mar a bheidh, ón duine atá i bhfeighil na háite, agus

(b) mura rud é go n-aontaíonn an duine na coinníollacha breise sin a chomhlíonadh.

(3) Ordóidh an chúirt go ndéanfar cóip den chúirtbhanna ina bhfuil na coinníollacha a bhfuil sé faoina réir a thabhairt dóibh seo a leanas—

(a) an duine agus aon urra,

(b) an comhalta atá i bhfeighil stáisiún an Gharda Síochána don áit ina bhfuil cónaí ar an duine le linn an cúirtbhanna a bheith i bhfeidhm, agus

(c) má tá duine údaraithe chun bheith freagrach as faireachán leictreonach a dhéanamh ar ghluaiseachtaí an duine, an duine údaraithe.

(4) Féadfaidh an chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, tar éis di iarratas a fháil ó dhuine a bhfuil a chúirtbhanna nó a cúirtbhanna faoi réir ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha nó na coinníollacha breise dá dtagraítear i bhfo-alt (1), coinníoll de chuid an chúirtbhanna a athrú, cibé acu tríd an gcoinníoll a athrú nó a chúlghairm nó trí choinníoll breise a chur ag gabháil leis.

(5) Maidir le cúirtbhanna dá dtagraítear i bhfo-alt (3), beidh ráiteas ann á rá go bhféadfaidh an duine cúisithe iarratas a dhéanamh chun na cúirte tráth ar bith chun coinníoll de chuid an chúirtbhanna a athrú nó a chúlghairm.

(6) Déanfar fógra i dtaobh aon imeachtaí faoi fho-alt (4) a thabhairt don ionchúisitheoir agus beidh an t-ionchúisitheoir i dteideal éisteacht a fháil sna himeachtaí sin.

(7) Gan dochar d’alt 6(5), féadfaidh an chúirt barántas a eisiúint chun an duine a ghabháil tar éis faisnéis a bheith tugtha i scríbhinn agus faoi mhionn ag duine údaraithe, ag aon urra nó ag comhalta den Gharda Síochána á rá go bhfuil an duine céadluaite ar tí aon cheann de na coinníollacha breise dá dtagraítear i mír (i) nó (ii) d’fho-alt (1) a shárú.

(8) Tá feidhm ag fo-ailt (6) go (9) d’alt 6, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil le barántas arna eisiúint faoi fho-alt (7) den alt seo amhail is dá mba rud é gur eisíodh an barántas faoi fho-alt (5) den alt sin.

(9) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.”.

Fianaise ar fhaireachán leictreonach.

12 .— Leasaítear Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6B:

“6C.— (1) I gcás gluaiseachtaí duine a bheith faoi réir faireacháin leictreonaigh mar choinníoll a ghabhann leis an gcúirtbhanna arna dhéanamh ag an duine, féadfar fianaise—

(a) i dtaobh é nó í a bheith i láthair i gceantar áirithe nó in áit áirithe tráth áirithe, nó as láthair ó cheantar áirithe nó ó áit áirithe tráth áirithe, nó

(b) maidir le comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh coinníll arna fhorchur faoi alt 6B(1)(ii) i ndáil le feiste faireacháin leictreonaigh a chaitheamh,

a thabhairt, faoi réir an ailt seo, in aon imeachtaí trí na doiciméid seo a leanas a thabhairt ar aird:

(i) ráiteas a airbheartaíonn a bheith arna ghiniúint go huathoibríoch nó ar shlí eile le feiste fhorordaithe lena ndearnadh faireachán leictreonach ar an áit ina raibh an duine;

(ii) deimhniú—

(I) á rá go mbaineann an ráiteas leis an áit ina raibh an duine ar na dátaí agus ag na tráthanna a thaispeántar ann, agus

(II) a airbheartaíonn a bheith sínithe ag duine údaraithe atá freagrach as faireachán leictreonach a dhéanamh ar chomhlíonadh coinníll a luaitear i bhfomhír (i) nó (iv) d’alt 6(1)(b) nó in alt 6B(1) ag an duine cúisithe.

(2) Faoi réir fho-alt (3), tá an ráiteas agus an deimhniú a luaitear i míreanna (i) agus (ii) d’fho-alt (1) inghlactha in aon imeachtaí mar fhianaise ar na fíorais atá iontu, mura rud é go suífear a mhalairt.

(3) Níl an ráiteas ná an deimhniú inghlactha amhlaidh mura rud é go mbeifear tar éis cóip de a sheirbheáil ar an duine lena mbaineann roimh thosach na n-imeachtaí lena mbaineann.”.

Socruithe maidir le faireachán leictreonach.

13 .— Leasaítear Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6C:

“6D.— Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé socruithe is cuí leis nó léi a dhéanamh, lena n-áirítear socruithe conartha, le cibé daoine is cuí leis nó léi chun faireachán leictreonach a dhéanamh ar chomhlíonadh nó neamhchomhlíonadh coinníll a luaitear i bhfomhír (i) nó (iv) d’alt 6(1)(b) nó in alt 6B(1)(ii) ag daoine.”.

Leasú ar alt 8 d’Acht 1997.

14 .— Leasaítear alt 8 d’Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1), trí “(más ann)” a chur isteach i ndiaidh “méideanna”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “d’aon airgead a bhfuil coinníoll ann ina leith go n-íocfar é faoi chúirtbhanna” a chur in ionad “d’aon chúirtbhanna” i mír (a) agus trí “d’aon airgead a bhfuil coinníoll ann ina leith go n-íocfar é faoi chúirtbhanna agus” a chur in ionad “d’aon chúirtbhanna” i mír (b), agus

(c) i bhfo-alt (3), trí “ina bhfuil an teach cúirte a bhfuil an duine gafa faoi choinníoll láithriú ann” a chur in ionad “ina bhfuil an stáisiún Garda Síochána suite”.

Cúirtbhanna a eistréatadh agus airgead arna íoc isteach isteach sa chúirt a fhorghéilleadh.

15 .— Leasaítear Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 9:

“9.— (1) Tá feidhm ag an alt seo más rud é—

(a) go ndéantar duine cúisithe, nó duine a bhfuil achomharc á dhéanamh aige nó aici i gcoinne pianbhreithe príosúnachta arna forchur ag an gCúirt Dúiche, (dá ngairtear ‘an duine’, i gceachtar cás, san alt seo) a ligean faoi bhannaí tar éis dó nó di dul i gcúirtbhanna ina bhfuil coinníoll go láithreoidh sé nó sí os comhair cúirte sonraithe ar dháta sonraithe tráth sonraithe agus in áit shonraithe, agus

(b) maidir leis an duine—

(i) go mainníonn sé nó sí láithriú de réir an chúirtbhanna agus go n-eisíonn an chúirt barántas chun é nó í a ghabháil, nó

(ii) go ndéantar é nó í a thabhairt os comhair na cúirte de réir fho-alt (7) agus inar deimhin leis an gcúirt gur sháraigh an duine coinníoll de chuid an chúirtbhanna.

(2) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1), féadfaidh an chúirt a ordú—

(a) go ndéanfar aon airgead a bhfuil coinníoll ann ina leith go n-íocfaidh an duine nó aon urra é faoin gcúirtbhanna a eistréatadh i cibé méid agus laistigh de cibé tréimhse is cuí leis an gcúirt,

(b) go ndéanfar aon suimeanna a íocfaidh an duine nó aon urra isteach sa chúirt a fhorghéilleadh i cibé méid nó i cibé méideanna is cuí leis an gcúirt,

(c) i gcás ina mbeidh glactha le leabhar taisce de chuid bainc, cumainn foirgníochta, comhair creidmheasa nó An Post mar urrús i leith mhéid an chúirtbhanna, go ndéanfaidh an t-eintiteas lena mbaineann an méid sin, nó cibé méid is lú ná sin is cuí leis an gcúirt, a íoc isteach sa chúirt as an airgead a shealbhaíonn an duine nó aon urra ar taisce san eintiteas sin, agus

(d) más gá sin i gcomhair eistréatadh a dhéanamh, go gceapfar glacadóir chun seilbh nó urlámh a ghlacadh ar mhaoin an duine nó aon urra agus an mhaoin sin a bhainistiú, nó déileáil léi ar shlí eile, de réir orduithe na cúirte.

(3) Más rud é, maidir le glacadóir—

(a) arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (2)(d), go ndéanfaidh sé nó sí aon ghníomh faoin alt seo i ndáil le maoin, agus

(b) go gcreidfidh sé nó sí, agus forais réasúnacha aige nó aici lena chreidiúint, go bhfuil sé nó sí i dteideal an gníomh sin a dhéanamh i ndáil leis an maoin,

ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas ag aon duine i leith aon chaillteanais nó damáiste a thig ón ngníomh, ach amháin sa mhéid gurb é a fhaillí nó a faillí féin is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste.

(4) Féadfar airgead a ghnóthóidh an glacadóir, a mhéid is gá, a úsáid chun íoc as caiteachais arna dtabhú le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh agus chun íoc as luach saothair aon duine a fhostófar chuige sin.

(5) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána agus ar ar an gcomhalta faisnéis a thabhairt i scríbhinn agus faoi mhionn nó ar fhaisnéis a bheith tugtha i scríbhinn agus faoi mhionn thar ceann an chomhalta á rá gur sháraigh an duine coinníoll de chuid an chúirtbhanna (seachas an coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a)), barántas a eisiúint chun an duine cúisithe a ghabháil.

(6) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána an duine a ghabháil faoi fho-alt (5) d’ainneoin nach bhfuil an barántas lena mbaineann ina sheilbh nó ina seilbh ag an gcomhalta tráth na gabhála.

(7) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (6), seirbheálfaidh an comhalta an barántas ar an duine gafa a luaithe is indéanta.

(8) Tabharfar an duine gafa os comhair na cúirte a luaithe is indéanta.

(9) I gcás ina mbeidh barántas arna eisiúint faoi fho-alt (5), leanfaidh an duine agus aon urra de bheith faoi cheangal ag a gcúirtbhannaí, agus ní dhéanfar aon airgead a íoctar isteach sa chúirt i dtaca leis na cúirtbhannaí sin a scaoileadh sula dtugtar aon imeachtaí faoin alt seo chun críche.

(10) I gcás ina ndéanann an chúirt ordú faoi fho-alt (2), tabharfar fógra don duine agus d’aon urra á rá go bhféadfar iarratas a dhéanamh chun na cúirte laistigh de 21 lá ó dháta eisiúna an fhógra chun an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh.

(11) Tar éis iarratas den sórt sin a fháil, féadfaidh an chúirt an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh más deimhin léi, dá gcomhlíonfaí é, go mbeadh sé ina chúis le cruatan míchuí don duine nó d’aon urra.

(12) Tabharfar fógra don ionchúisitheoir faoi aon imeachtaí faoi fho-alt (10) agus beidh an t-ionchúisitheoir i dteideal éisteacht a fháil sna himeachtaí sin.

(13) Más rud é nach ndéantar ordú faoi fho-alt (2)(a) nó aon athrú air faoi fho-alt (11) a chomhlíonadh, eiseoidh an chúirt barántas cimithe chun an duine a chimiú mar gheall ar an neamhchomhlíonadh sin agus, d’fhonn an téarma príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine a chinneadh déileálfar leis an mbarántas amhail is dá mba bharántas príosúnachta é mar gheall ar neamhíoc fíneála atá comhionann leis an méid a eistréatadh faoin bhfo-alt (2)(a) sin.”.

Rialacháin.

16 .— Leasaítear Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 11:

“11A.— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní nó rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht le haon fhoráil den Acht seo.

(2) Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, teagmhasacha nó forlíontacha is gá chun na críche sin a bheith sna rialacháin.

(3) Déanfar rialacháin faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith á neamhniú, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 1997.

17 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann le hAcht 1997—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 14:

“14. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas d’Acht na nArm Teine 1925:

(a) alt 2 (sriantachtaí le seilbh, le húsáid, agus le hiompar arm tine);

(b) alt 3 (iarratais ar dheimhnithe airm tine, agus foirm agus éifeacht deimhnithe airm tine);

(c) alt 4A(18) (clubanna raidhfil nó piostail nó raonta lámhaigh a údarú);

(d) alt 10A (amuinisean a athlódáil);

(e) alt 15 (seilbh ar airm thine le hintinn duine a chur i gcontúirt bháis);

(f) alt 25 (pionóis).”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 16:

“16. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990:

(a) alt 7 (tostóirí a shealbhú, a dhíol, etc.);

(b) alt 8 (arm tine a scaoileadh go meargánta);

(c) alt 9 (sceana agus airteagail eile a shealbhú);

(d) alt 10 (foghail a dhéanamh le scian, le harm ionsaithe nó le hairteagal eile);

(e) alt 11 (taispeáint airteagail a d’fhéadfadh mórdhíobháil a dhéanamh);

(f) alt 12 (cumhacht chun monarú, allmhairiú, díol, fruiliú nó iasachtú arm ionsaitheach a thoirmeasc);

(g) alt 12A (bairille gunna gráin nó raidhfil a ghiorrú).”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 16:

“16A. Aon chion faoi alt 3 d’Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000 (toirmeasc ar fhaisnéis bhréagach agus ar dheimhnithe airm tine a athrú).”,

agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 30:

“30. Cion ar iarracht nó comhcheilg nó gríosú é aon chion a luaitear sa Sceideal seo a dhéanamh.”.

Leasú ar alt 22 d’Acht 1967.

18 .— Leasaítear alt 22 d’Acht 1967—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh an Chúirt duine a ligean faoi bhannaí gan coinníoll a fhorchur sa chúirtbhanna maidir leis an duine d’íoc airgid isteach sa chúirt má mheasann sí gur cuí déanamh amhlaidh ag féachaint d’imthosca an cháis, lena n-áirítear acmhainní an duine agus cineál an chiona ar i ndáil leis atá an duine faoi choimeád.”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) Féadfaidh an Chúirt, in ionad cúirtbhanna a ghlacadh ó dhuine de réir fho-alt (1)—

(a) na coinníollacha a bheidh sa chúirtbhanna a chinneadh, lena n-áirítear méid aon airgid a bheidh le híoc isteach sa chúirt faoin gcúirtbhanna, d’fhonn é a ghlacadh dá éis sin, agus

(b) idir an dá linn, an duine lena mbaineann a chimiú faoi choimeád de réir mhír (a) den fho-alt sin.

(3) Féadfaidh aon bhreitheamh den Chúirt Dúiche cúirtbhanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a ghlacadh.”.

Leasú ar alt 28 d’Acht 1967.

19 .— Leasaítear alt 28 d’Acht 1967 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Féadfaidh iarratasóir ar bhannaí nó an t-ionchúisitheoir achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte más rud é go bhfuil sé nó sí míshásta le diúltú an iarratais ar bhannaí, nó le deonú an chéanna, nó, i gcás ina ndeonaítear bannaí, le haon ní a bhaineann leis na bannaí.

(b) I gcás an t-iarratasóir a bheith athchurtha faoi choimeád ag an gCúirt Dúiche agus an cion a bhfuil an t-iarratasóir cúisithe ann a bheith intriailte ag an gCúirt Chuarda, féadfaidh an Ard-Chúirt an t-achomharc a aistriú go dtí an breitheamh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil an príosún nó an áit choinneála a ndéantar an t-iarratasóir a athchur faoi choimeád chuige suite.

(c) Déanfaidh an breitheamh den Chúirt Chuarda dá dtagraítear i mír (b) dlínse a fheidhmiú i leith an achomhairc.

(d) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, ar thionscnamh an iarratasóra nó an ionchúisitheora, in aghaidh cinnidh ón gCúirt Chuarda faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 31 d’Acht 1967.

20 .— Leasaítear alt 31 d’Acht 1967 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Má tá coinníoll sa chúirtbhanna maidir le suim airgid a íoc, féadfar an tsuim sin a ghlacadh in ionad urra nó urraí.”.

Leasú ar alt 68 d’Acht na Leanaí 2001.

21 .— Leasaítear alt 68 d’Acht na Leanaí 2001 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Má tá coinníoll sa chúirtbhanna maidir le suim airgid a íoc, féadfar an tsuim sin a ghlacadh in ionad urra nó urraí.”.

Leasú ar alt 11 d’Acht 1984.

22 .— Leasaítear alt 11 d’Acht 1984 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur ionad fho-alt (1):

“(1) Aon phianbhreith phríosúnachta a chuirtear ar dhuine—

(a) mar gheall ar chion arna dhéanamh le linn dó nó di a bheith faoi bhannaí, cibé acu arna dhéanamh roimh thosach feidhme alt 22 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 nó dá éis, nó

(b) mar gheall ar chion arna dhéanamh tar éis an tosach feidhme sin le linn don duine a bheith saor go neamhdhleathach tar éis barántas a eisiúint chun é nó í a ghabháil mar gheall ar neamhchomhlíonadh coinníll den chúirtbhanna lena mbaineann,

leanfaidh sí aon phianbhreith a chuirtear air nó uirthi mar gheall ar chion roimhe sin nó, má chuirtear pianbhreith air nó uirthi mar gheall ar dhá chion roimhe sin nó níos mó, leanfaidh sí an phianbhreith is déanaí atá le dul in éag, sa dóigh, áfach, má chuireann an Chúirt Dúiche dhá phianbhreith nó níos mó as a chéile ar an duine mar a cheanglaítear leis an alt seo, nach mó ná 2 bhliain an téarma comhiomlán príosúnachta i leith na bpianbhreitheanna sin as a chéile.”.

Leasú ar alt 13 d’Acht 1984.

23 .— Leasaítear alt 13 d’Acht 1984—

(a) i bhfo-alt (1), trí “€5,000” a chur in ionad “£1,000”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(6) D’ainneoin fho-alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion.”.