|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Leasú ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh ) |
An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme. |
1 .— (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Déanfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus ailt 2 go 25 a léamh le chéile mar aon ní amháin. | |
[EN] | (3) Féadfar Achtanna na bPinsean 1990 go 2008 a ghairm d’ailt 26 go 29 agus d’Achtanna na bPinsean 1990 go 2007 le chéile. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar dháta a rite. | |
[EN] | (5) Tiocfaidh ailt 3, 8, 9 agus 10 i ngníomh, nó measfar iad a bheith tagtha i ngníomh, ar na dátaí a shonraítear faoi seach sna hailt sin. | |
[EN] | (6) Tiocfaidh ailt 5, 12 go 17, 18(2) go (4) agus 27 go 31 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |