An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Leasú ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Leasú ar Achtanna Eile )

2 2008

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008

CUID 3

Leasú ar Acht na bPinsean 1990

Mínithe.

26 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “ Príomh-Acht ” Acht na bPinsean 1990.

Riarthóirí cláraithe.

27 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 2(1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ scéim pinsean ceirde ”:

“ciallaíonn ‘ socrú aon-chomhalta ’ scéim ranníoca shainithe a bunaíodh d’aon duine amháin lena n-áirítear scéim arna bunú amhlaidh agus a bhfuil comhalta eile aici mar gheall ar oibriú ordaithe coigeartaithe pinsean;

ciallaíonn ‘ socrú eisfhoinsithe ’ socrú d’aon chineál idir riarthóir cláraithe agus duine eile chun go gcomhlíonfaidh an duine eile sin próiseas, seirbhís nó gníomhaíocht a dhéanfadh an riarthóir cláraithe féin thairis sin, agus déanfar ‘eisfhoinsiú’ a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn ‘ ordú coigeartaithe pinsean ’ ordú faoi alt 12(2) nó (3) den Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995 nó faoi alt 17(2) nó (3) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996;

ciallaíonn ‘ iontaobhaí pinseanóra ’ duine atá ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim chun gníomhú sa cháil sin de réir ceanglas arna bhforchur faoi Chuid 30 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997;”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ sochar caomhnaithe ”:

“ciallaíonn ‘ iontaobhaí gairmiúil ’ duine—

(a) a thugann le tuiscint go bhfuil eolas, scileanna agus oilteacht speisialta aige maidir le hiontaobhais phinsean, agus

(b) a sholáthraíonn seirbhísí iontaobhaí, i gcúrsa gairme nó gnó, do scéimeanna nó do CBS-anna iontaobhais;”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ seirbhís ináirithe ”:

“ciallaíonn ‘ riarthóir cláraithe ’ duine atá cláraithe leis an mBord mar riarthóir cláraithe faoi Chuid VIA;”,

agus

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ iontaobhaithe ”:

“ciallaíonn ‘ iontaobhaithe ’—

(a) i ndáil le scéim arna bunú faoi iontaobhas nó i ndáil le CBS iontaobhais, iontaobhaithe na scéime nó an CBS iontaobhais, agus

(b) i ndáil le scéim arna bunú ar shlí eile seachas faoi iontaobhas (ach amháin in ailt 54(2), 55(1A), 59, 59A, 59AA, 62, 63 agus 64), riarthóir na scéime;”,

(b) in alt 3(1)—

(i) i mír (a)—

(I) trí “mar dhuine den sórt sin,” a chur in ionad “mar dhuine den sórt sin, nó” i bhfomhír (v), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (vi):

“(vi) riarthóir cláraithe, nó

(vii) aon duine eile,”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) Níl an chosaint atá leagtha amach i mír (c) ar fáil do riarthóir cláraithe i leith mainneachtana ag duine eile aon phróiseas, seirbhís nó gníomhaíocht a chomhlíonadh atá eisfhoinsithe ag an riarthóir cláraithe chuig an duine sin.”,

(c) in alt 3A tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Níl feidhm ag an alt seo maidir le riarthóir cláraithe.”,

(d) in alt 18—

(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal go léir i ndiaidh “imscrúdú a dhéanamh”:

“thar a cheann—

(a) ar staid agus seoladh scéime nó CBS iontaobhais,

(b) ar staid tháirge CCSP, nó

(c) ar ghníomhaíochtaí riarthóra chláraithe sa cháil sin.”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an Bord nó oifigeach údaraithe, le fógra i scríbhinn—

(a) i ndáil le scéim nó CBS iontaobhais, a cheangal ar an bhfostóir lena mbaineann nó ar iontaobhaithe nó ar riarthóir cláraithe na scéime nó an CBS iontaobhais,

(b) i ndáil le soláthraí CCSP, a cheangal ar oifigigh agus ar fhostaithe an tsoláthraí CCSP i leith a ghníomhaíochtaí CCSP,

(c) i ndáil le fostóir, a cheangal air i ndáil lena oibleagáidí faoi alt 121, agus

(d) i ndáil le riarthóir cláraithe, a cheangal air,

cibé faisnéis agus mínithe, agus cibé leabhair chuntais agus doiciméid eile, i ndáil leis an scéim, leis an CBS iontaobhais, leis na táirgí CCSP a sholáthraíonn an soláthraí CCSP nó le gníomhaíochtaí an riarthóra chláraithe sa cháil sin, de réir mar a bheidh, agus de réir mar a bheidh sonraithe, a thabhairt dó laistigh de cibé tréimhse réasúnach a bheidh sonraithe san fhógra.”,

(iii) i bhfo-alt (3A)—

(I) trí “scéim, CBS iontaobhais, táirge CCSP nó gníomhaíochtaí riarthóra chláraithe sa cháil sin” a chur in ionad “scéim nó CBS iontaobhais nó táirge CCSP”,

(II) i mír (a), trí “riarthóra chláraithe,” a chur isteach i ndiaidh “iontaobhaí,”,

(III) i mír (c), trí “an scéim, an CBS iontaobhais, an táirge CCSP nó le gníomhaíochtaí an riarthóra chláraithe sa cháil sin” a chur in ionad “an scéim nó CBS iontaobhais nó táirge CCSP”, agus

(IV) i mír (d), trí “an scéim, an CBS iontaobhais, le gníomhaíochta an tsoláthraí CCSP mar sholáthraí den sórt sin nó le gníomhaíochtaí an riarthóra chláraithe sa cháil sin” a chur in ionad “an scéim nó CBS iontaobhais nó le gníomhaíochta an tsoláthraí CCSP mar sholáthraí den sórt sin”,

(iv) i bhfo-alt (4)—

(I) trí “de chuid an fhostóra, de chuid an tsoláthraí CCSP i ndáil lena ghníomhaíochtaí mar sholáthraí den sórt sin, nó de chuid an riarthóra chláraithe i ndáil lena ghníomhaíochtaí sa cháil sin, é nó ar iontaobhaí nó gníomhaire é” a chur in ionad “de chuid an fhostóra nó an tsoláthraí CCSP mar sholáthraí den sórt sin é nó ar iontaobhaí nó gníomhaire é”, agus

(II) trí “is duine” a chur isteach i ndiaidh “de réir mar a bheidh, nó”,

agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (5), (6) agus (7):

“(5) Aon duine—

(a) a chuireann bac go toiliúil ar dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, nó

(b) a dhiúltaíonn nó a mhainníonn, gan leithscéal réasúnach, aon fhaisnéis, doiciméad, ábhar nó míniú a thabhairt ar aird don duine údaraithe nó don Bhord nuair a cheanglaítear air déanamh amhlaidh faoin alt seo, nó

(c) a dhiúltaíonn nó a mhainníonn, gan leithscéal réasúnach, aon cheisteanna a fhreagairt a chuireann an duine údaraithe nó an Bord air maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) gnóthaí na scéime nó an CBS iontaobhais, nó

(ii) gníomhaíochtaí an tsoláthraí CCSP mar sholáthraí den sórt sin nó an riarthóra chláraithe sa cháil sin,

tá cion déanta aige is inphionóis—

(I) ar é a chiontú go hachomair, le fíneáil nach mó ná €5,000 nó le príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó leis an dá phionós sin le chéile,

(II) ar é a chiontú ar díotáil, le fíneáil nach mó na €25,000 nó le príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó leis an dá phionós sin le chéile.

(6) San alt seo folaíonn ‘ gníomhaire ’ —

(a) i ndáil le scéim, le CBS Iontaobhais nó le soláthraí CCSP—

(i) na hachtúirí, na riarthóirí, na riarthóirí cláraithe, na hiniúchóirí agus na cuntasóirí eile, agus

(ii) na comhairleoirí airgeadais agus na comhairleoirí eile,

don scéim, don CBS iontaobhais nó don soláthraí CCSP,

(b) i ndáil le riarthóir cláraithe—

(i) na hiniúchóirí agus na cuntasóirí eile, agus na comhairleoirí airgeadais agus na comhairleoirí eile, don riarthóir cláraithe, agus

(ii) aon duine a bhfuil socrú eisfhoinsithe ag an riarthóir cláraithe leis, agus

(c) i ndáil le fostóir — na hiniúchóirí agus na cuntasóirí eile, agus na comhairleoirí airgeadais agus na comhairleoirí eile, don fhostóir.

(7) Aon tagairt san alt seo d’oifigeach, d’fhostaí nó do ghníomhaire fostóra, scéime, CBS iontaobhais, riarthóra chláraithe nó soláthraí CCSP, folaíonn sí tagairt do dhuine a bhí, ach nach bhfuil a thuilleadh, ina oifigeach, ina fhostaí, nó ina ghníomhaire (de réir mar a bheidh) de chuid an fhostóra, na scéime, an CBS iontaobhais, an riarthóra chláraithe nó an tsoláthraí CCBS.”,

(e) in alt 54—

(i) i bhfo-alt (1), trí “achtúire, iontaobhaithe nó riarthóir cláraithe scéime nó CBS iontaobhais” a chur in ionad “achtúire nó iontaobhaithe scéime nó iontaobhais CBS”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(2) Chun gurbh fhusa d’iontaobhaithe scéime nó CBS iontaobhais (seachas CBS iontaobhais beag) a n-oibleagáidí faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, déanfaidh na hiontaobhaithe riarthóir a cheapadh chun na dualgais a shonraítear in alt 64G(1)(b) a chomhlíonadh i ndáil leis an scéim nó an CBS iontaobhais sin.

(3) Ní dhéantar, de bharr riarthóir cláraithe a cheapadh faoi fho-alt (2), na hiontaobhaithe a shaoradh ó aon cheann dá n-oibleagáidí faoi fho-alt (1).”.

(iii) i bhfo-alt (4)—

(I) i mír (a), trí “nó riarthóir cláraithe” a chur isteach i ndiaidh “iontaobhaithe”,

(II) i mír (aa)—

(A) trí “nó ar riarthóir cláraithe dá cuid” a chur isteach i ndiaidh “a iarraidh ar iontaobhaithe na scéime”, agus

(B) trí “nó an riarthóir cláraithe sin, de réir mar a bheidh,” a chur isteach i ndiaidh “agus déanfaidh na hiontaobhaithe”,

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (aa):

“(ab) Féadfaidh riarthóir cláraithe scéime nó CBS iontaobhais a iarraidh ar iontaobhaithe nó iniúchóirí na scéime nó an CBS iontaobhais sin, nó ar achtúire scéime cibé faisnéis a thabhairt dó a bheidh ag teastáil uaidh le réasún chun críocha a fheidhmeanna faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo, agus déanfaidh na hiontaobhaithe, na hiniúchóirí nó an t-achtúire de réir aon iarrata den sórt sin.”,

(IV) i mír (b)—

(A) trí “nó riarthóir cláraithe” a chur isteach i ndiaidh “a iarraidh ar iontaobhaithe”, agus

(B) trí “agus déanfaidh na hiontaobhaithe, an riarthóir cláraithe nó an fostóir, de réir mar a bheidh” a chur in ionad “agus déanfaidh na hiontaobhaithe nó an fostóir”,

(V) i mír (c)—

(A) trí “lena mbaineann scéim nó ar achtúire do scéim nó ar iontaobhaithe nó riarthóir cláraithe scéime nó CBS iontaobhais cibé” a chur in ionad “lena mbaineann scéim nó ar achtúire do scéim nó ar iontaobhaithe scéime nó CBS iontaobhais cibé”, agus

(B) trí “déanfaidh an fostóir, an t-achtúire, na hiontaobhaithe nó an riarthóir cláraithe” a chur in ionad “déanfaidh an fostóir, an t-achtúire nó na hiontaobhaithe”,

(VI) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(ca) Féadfaidh an Bord, le fógra i scríbhinn, a iarraidh ar riarthóir cláraithe cibé faisnéis a bhaineann lena ghníomhaíochtaí sa cháil sin a thabhairt don Bhord, agus sin a dhéanamh laistigh de cibé teorainneacha ama a shonróidh an Bord san fhógra, agus déanfaidh an riarthóir cláraithe de réir aon iarrata den sórt sin.”,

agus

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Aon duine a sháraíonn an t-alt seo tá cion déanta aige is inphionóis, ar é a chiontú go hachomair, le fíneáil nach nó ná €5,000 nó le príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó leis an dá phionós sin le chéile.”,

(f) in alt 55 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) Chun gurbh fhusa d’iontaobhaithe scéime nó CBS iontaobhais (seachas socrú aon-chomhalta nó CBS iontaobhais beag) a n-oibleagáidí faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, déanfaidh na hiontaobhaithe riarthóir cláraithe a cheapadh i ndáil leis an scéim nó an CBS iontaobhais sin.

(1B) Ní dhéantar, de bharr riarthóir cláraithe a cheapadh faoi fho-alt (1A), na hiontaobhaithe a shaoradh ó aon cheann dá n-oibleagáidí faoi fho-alt (1) nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo.”,

(g) in alt 59(1)—

(i) i mír (e), trí “alt 48;” a chur in ionad “alt 48.”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(f) seachas i gcás iontaobhaithe CBS iontaobhais bhig, a chinntiú go bhfuil riarthóir cláraithe arna cheapadh, gach tráth, i gcomhlíonadh fho-alt (1AA).”,

(h) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 59(1A):

“(1AA) Féadfaidh iontaobhaithe scéime nó CBS iontaobhais riarthóirí cláraithe éagsúla a cheapadh chun na dualgais a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d’alt 64G(1), faoi seach, a chomhlíonadh, mar aon leis an dualgas, i gcás gach duine de na riarthóirí cláraithe sin, a shonraítear i mír (c) a mhéid a bhaineann an dualgas sin le cibé ceann de na dualgais chéadluaite a cheaptar an riarthóir sin chun iad a chomhlíonadh, ach, faoi réir fho-alt (1AC), ní cheadaítear dóibh níos mó ná riarthóir cláraithe amháin a cheapadh chun aon cheann áirithe de na dualgais chéadluaite a chomhlíonadh.

(1AB) Aon duine—

(a) a bhí, ar an lá díreach roimh dháta thosach feidhme alt 27 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008, á choimeád ag iontaobhaithe scéime nó iontaobhaithe CBS iontaobhais chun aon cheann de na dualgais a shonraítear in alt 64G(1) a chomhlíonadh thar ceann na n-iontaobhaithe faoi shocrú a bhfuil éifeacht leis amhail idir na páirtithe tar éis an lae sin, agus

(b) is riarthóir cláraithe, le héifeacht ó dháta an tosach feidhme sin,

measfar, chun críocha na Coda seo agus Chuid VIA, é a bheith ceaptha, de bhun cheanglais na Coda seo, chun na dualgais lena mbaineann an socrú a chomhlíonadh.

(1AC) Más rud é, ar an lá díreach roimh dháta thosach feidhme alt 27 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008, go raibh níos mó ná duine amháin á gcoimeád ag iontaobhaithe scéime nó CBS iontaobhais chun an dualgas a shonraítear i mír (a) nó (b) d’alt 64G(1) a chomhlíonadh thar ceann na n-iontaobhaithe faoi shocrú a bhfuil éifeacht leis amhail idir na páirtithe i ndiaidh an lae sin, féadfaidh an Bord, dá lánrogha féin, agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, a cheadú go gceapfaidh na hiontaobhaithe sin níos mó na riarthóir cláraithe amháin i leith an dualgais sin.”,

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid VI:

“CUID VIA

Riarthóirí Cláraithe

Léiriú (Cuid VIA).

64B.— Sa Chuid seo ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn ‘ ráiteas sochair bliantúil ’ an ráiteas a gceanglaítear ina leith le rialacháin faoin Acht seo—

(a) go ndéanfadh intaobhaithe scéime, uair amháin ar a laghad i ngach bliain scéime, é a thabhairt do chomhalta nach bhfuil deireadh lena sheirbhís i bhfostaíocht iomchuí roimh an ngnáthaois inphinsin, nó

(b) go ndéanfadh intaobhaithe CBS iontaobhais (seachas CBS iontaobhais beag), uair amháin ar a laghad i ngach bliain CBS iontaobhais, é a thabhairt do chomhalta nár thosaigh ar shochar a fháil de réir rialacha an CBS iontaobhais,

ar ráiteas é ina mbeidh cibé faisnéis a fhorordaítear i ndáil le leas pearsanta an chomhalta sa scéim nó sa CBS iontaobhais, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn ‘ lár-fheidhmeanna riaracháin ’ dualgais riarthóra chláraithe a shonraítear in alt 64G(1);

ciallaíonn ‘ Clár’ Clár na Riarthóirí dá dtagraítear in alt 64C;

ciallaíonn ‘ bliain chlárúcháin ’, i ndáil le riarthóir cláraithe, an tréimhse 12 mhí dar tosach an dáta a thagann clárúchán an riarthóra chláraithe faoi alt 64D(3), nó athnuachan an chlárúcháin sin faoi alt 64E(2), i bhfeidhm.

Clár na Riarthóirí.

64C.— (1) Déanfaidh an Bord clár ar a dtabharfar Clár na Riarthóirí a bhunú agus a choimeád chun críocha an Achta seo.

(2) Faoi réir cibé ceanglas a fhorordaítear chun críocha an fho-ailt seo, beidh an Clár i cibé foirm agus beidh cibé iontrálacha agus breisithe ann, is cuí leis an mBord chun taifead cruinn ar ainmneacha agus ar shonraí eile daoine a chláraítear faoin gCuid seo a choimeád.

(3) Coinneofar an Clár in oifigí an Bhoird agus cuirfear ar fáil é, saor in aisce, lena iniúchadh le linn uaireanta oifige ag aon duine.

(4) Déanfaidh an Bord, má iarrtar air é, cóip d’iontráil sa Chlár a eisiúint ar cibé táille (más ann) a fhorordaítear, agus nach mó ná an costas réasúnach a bhí ar an gcóip a dhéanamh, a íoc.

(5) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip d’iontráil den sórt sin é agus gur dheimhnigh oifigeach don Bhord ina leith gur cóip dhílis é den iontráil, glacfar é i bhfianaise in aon imeachtaí, gan chruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gur dheimhnigh sé an doiciméad amhlaidh nó gurbh oifigeach den sórt sin é nó í agus measfar, mura rud é go suífear a mhalairt, gur cóip dhílis é den iontráil agus gur fianaise é ar na nithe a luaitear ann.

Clárúchán.

64D.— (1) Ní chomhlíonfaidh duine lár-fheidhmeanna riaracháin d’iontaobhaithe scéime nó CBS iontaobhais (seachas CBS iontaobhais beag) mura rud é go bhfuil an duine sin cláraithe leis na mBord mar riarthóir cláraithe de réir an ailt seo.

(2) Féadfaidh duine iarratas a dhéanamh chun an Bhoird ar chlárúchán mar riarthóir cláraithe trí iarratas ar chlárúchán a thaisceadh leis an mBord san fhoirm fhorordaithe.

(3) Maidir leis an mBord—

(a) cuirfidh sé faoi deara ainm an iarratasóra a chur ar an gClár más deimhin leis maidir leis an iarratasóir—

(i) nach bhfuil sé dícháilithe faoi alt 64F, agus

(ii) go gcomhlíonann sé cibé ceanglais eile a fhorordaítear,

agus

(b) diúltóidh sé an t-iarratasóir a chlárú más rud é nach deimhin leis amhlaidh.

(4) Tabharfaidh an Bord fógra i scríbhinn don iarratasóir faoina bhreith agus faoi na cúiseanna a bhí leis an mbreith sin.

Clárúchán a athnuachan.

64E.— (1) Ní mór iarratas ar chlárúchán a athnuachan a bheith san fhoirm fhorordaithe agus, faoi réir fho-alt (4), ní mór é a thaisceadh leis na mBord tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dheireadh bhliain chlárúcháin an riarthóra chláraithe díreach roimh an mbliain a n-iarrtar an athnuachan ina leith.

(2) I gcás ina bhfaigheann an Bord iarratas ar chlárúchán a athnuachan faoi fho-alt (1)—

(a) déanfaidh an Bord an clárúchán a athnuachan más deimhin leis—

(i) go gcomhlíonann an t-iarratasóir ceanglais alt 64D(3) i gcónaí, agus

(ii) nach bhfuil feidhm ag mír (b)(ii) maidir leis na iarratasóir,

(b) féadfaidh sé a chinneadh gan an clárúchán sin a athnuachan, nó é a athnuachan faoi réir coinníollacha, más rud é—

(i) nach deimhin leis go gcomhlíonann an t-iarratasóir ceanglais uile alt 64D(3) i gcónaí, nó

(ii) gur deimhin leis, de thoradh iniúchta ar an iarratasóir faoi alt 18 nó 54(4)(ca), gur mhainnigh an riarthóir cláraithe, go feadh méid ábhartha, aon cheann dena lár-fheidhmeanna riaracháin a raibh sé freagrach as a chomhlíonadh go cuí nó coinníoll arna fhorchur faoin mír seo a chomhlíonadh.

(3) Is iad seo a leanas na coinníollacha a fhéadfar a fhorchur faoi fho-alt (2)—

(a) an srian nach bhféadfaidh an riarthóir cláraithe lár-fheidhmeanna riaracháin a sholáthar ach amháin d’iontaobhaithe dár sholáthair sé na feidhmeanna sin le linn na bliana clárúcháin díreach roimh dháta na hathnuachana; agus

(b) aon choinníoll eile a fhorordaítear chun críocha an fho-ailt seo.

(4) Féadfaidh an Bord iarratas déanach ar athnuachan a bhreithniú agus féadfaidh sé, ag féachaint do na himthosca—

(a) déileáil leis an iarratas amhail is dá ndéanfaí é laistigh den teorainn ama nó é a dhiúltú; agus

(b) má chinneann sé, tar éis dháta éagtha an chlárúcháin, gur ceart é a athnuachan, é a athnuachan le héifeacht ó dháta sin an éagtha.

(5) Tabharfaidh an Bord fógra i scríbhinn don iarratasóir faoina bhreith agus faoi na cúiseanna a bhí leis an mbreith sin.

Díchailíochtaí.

64F.— (1) Níl duine i dteideal bheith cláraithe, nó fanacht arna chlárú, faoin gCuid seo más rud é—

(a) gur féimheach neamhurscaoilte an duine,

(b) go bhfuil imshocraíocht nó comhshocraíocht déanta ag an duine lena chreidiúnaithe agus nach bhfuil a oibleagáidí faoin imshocraíocht nó faoin gcomhshocraíocht sin urscaoilte aige,

(c) gur ciontaíodh an duine i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht,

(d) gur cuideachta an duine a dtoirmisctear ar aon stiúrthóir dá cuid, faoin alt seo, a bheith ina riarthóir cláraithe, nó

(e) gur duine an duine atá, de thuras na huaire, faoi réir na srianta arna bhforchur le halt 150 d’Acht na gCuideachtaí 1990.

(2) Níl duine i dteideal a bheith cláraithe faoin gCuid seo más rud é—

(a) go ndearnadh clárú an duine roimhe sin faoin gCuid seo a fhoirceannadh faoi alt 64H, agus

(b) go bhfuil tréimhse is giorra ná 12 mhí caite ón dáta foirceanta.

Dualgais riarthóirí cláraithe.

64G.— (1) Déanfaidh riarthóir cláraithe—

(a) tuarascáil bhliantúil a ullmhú thar ceann na n-iontaobhaithe san fhoirm fhorordaithe agus an tuarascáil sin a sheachadadh ar na hiontaobhaithe tráth nach déanaí ná mí amháin roimh an dáta faoina gceanglaítear ar na hiontaobhaithe le rialacháin faoin Acht seo an tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil;

(b) ráitis sochair bhliantúla do chomhaltaí a ullmhú thar ceann na n-iontaobhaithe agus na ráitis sin a sheachadadh ar na hiontaobhaithe tráth nach déanaí ná mí amháin roimh an dáta faoina gceanglaítear ar na hiontaobhaithe le rialacháin faoin Acht seo na ráitis sin a chur ar fáil;

(c) taifid chruinne leordhóthanacha ar chomhaltaí agus ar na teidil atá acu a choinneáil chun a chumasú don riarthóir cláraithe na dualgais atá sonraithe i míreanna (a) agus (b) a urscaoileadh; agus

(d) cibé dualgais eile a bheidh forordaithe a urscaoileadh.

(2) Déanfaidh riarthóir cláraithe a thiocfaidh chun bheith dícháilithe chun gníomhú faoi alt 64F an méid sin a chur in iúl láithreach i scríbhinn don Bhord agus d’iontaobhaithe gach scéime nó CBS iontaobhais arb é an riarthóir cláraithe é ina leith.

(3) Ní fhéadfaidh ceachtar páirtí i gconradh maidir le comhlíonadh na lár-fheidhmeanna riaracháin, ar conradh é idir iontaobhaithe agus riarthóir cláraithe, an conradh sin a fhoirceannadh le fógra roimh ré i scríbhinn is giorra ná fógra 90 lá, ach amháin i gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an mBord gan clárúchán an riarthóra a athnuachan faoi alt 64E(2) nó ina mbeidh sé tar éis an clárúchán sin a fhoirceannadh faoi alt 64H.

(4) I gcás ina mbeidh socrú eisfhoinsithe ag riarthóir cláraithe, leanfaidh an riarthóir cláraithe de bheidh freagrach go hiomlán as a oibleagáidí go léir a urscaoileadh faoin Acht seo.

Clárúchán a fhoirceannadh.

64H.— (1) Féadfaidh an Bord clárúchán riarthóra chláraithe a fhoirceannadh más deimhin leis an mBord maidir leis an riarthóir cláraithe—

(a) gur iarr sé go sainráite go ndéanfaí an clárúchán a fhoirceannadh;

(b) gur mhainnigh sé ceanglais an Achta seo a chomhlíonadh;

(c) nár chomhlíon sé coinníoll arna fhorchur ag an mBord faoi alt 64E(2)(b); nó

(d) go bhfuil sé dícháilithe faoi alt 64F chun clárúchán a fháil faoin gCuid seo.

(2) A luaithe is indéanta tar éis don Bhord clárúchán duine mar riarthóir cláraithe a fhoirceannadh faoi fho-alt (1), tabharfaidh sé fógra don duine i scríbhinn faoin bhfoirceannadh agus faoi na cúiseanna a bhí leis an bhfoirceannadh sin.

Achomhairc.

64I.— (1) Más rud é—

(a) faoi alt 64D(3)(b), gur diúltaíodh d’iarratas duine ar chlárúchán,

(b) faoi alt 64E(2)(b)—

(i) gur diúltaíodh d’iarratas duine ar athnuachan clárúcháin, nó

(ii) gur fhorchuir an Bord coinníoll amháin nó níos mó ar dhuine,

(c) faoi alt 64H(1), go ndearnadh clárúchán duine a fhoirceannadh,

féadfaidh an duine, laistigh de 21 lá ó dháta an fhógra faoi alt 64D(4), 64E(5) nó 64H(2) (nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Ard-Chúirt sula rachaidh an 21 lá sin in éag, ar tréimhse í is cuí leis an gcúirt ag féachaint d’imthosca aon cháis áirithe), achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh dhéanamh na breithe lena mbaineann an fógra.

(2) Ar achomharc a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh chun daingniú, cealú nó athrú a dhéanamh ar an mbreith lena mbaineann agus féadfaidh sí cibé ordú is cuí léi a dhéanamh i dtaobh costas.

(3) Beidh an Bord, iontaobhaithe na scéime nó an CBS iontaobhais agus an riarthóir cláraithe lena mbaineann i dteideal ionadaíocht a bheith acu agus éisteacht a fháil le linn aon achomhairc faoin alt seo.

(4) Níl éifeacht le breith ón mBord dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) go dtí go rachaidh 21 lá in éag tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear san fho-alt sin, nó

(b) má thionscnaítear achomharc in aghaidh na breithe i rith na tréimhse 21 lá sin, go dtí go ndéantar an t-achomharc a chinneadh go críochnaitheach nó a tharraingt siar nó go dtí go ndéantar aon achomharc in aghaidh an chinnidh sin a chinneadh go críochnaitheach nó a tharraingt siar.

Cionta.

64J.— Féadfar imeachtaí i leith aon chiona a bhaineann le riarthóir cláraithe faoin Acht seo, maidir le gníomh nó neamhghníomh a líomhnaítear a bheith déanta lasmuigh den Stát, a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar déileáil leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh chun gach críoch teagmhasach mar chion a rinneadh san áit sin.

Seoladh le haghaidh seirbheála.

64K.— (1) Déanfaidh gach duine a bhfuil a ainm arna thaifeadadh ar Chlár na Riarthóirí seoladh le haghaidh seirbhéala sa Stat a thabhairt don Bhord.

(2) Cuirfidh an Bord sonraí faoin seoladh sin ar Chlár na Riarthóirí.

(3) Gach fógra a gceanglaítear ina leith leis an Acht seo nó faoin Acht seo go dtabharfaidh an Bord é do riarthóir cláraithe, déanfaidh an Bord é a sheirbheáil ar an riarthóir cláraithe go pearsanta, nó é a chur chuige leis an bpost ag an seoladh arna thabhairt amhlaidh don Bhord.

Foirceannadh, neamh-athnuachan nó srian a fhoilsiú.

64L.— Faoi réir alt 64I, má dhéanann an Bord—

(a) clárúchán riarthóra chláraithe a fhoirceannadh faoi alt 64H,

(b) a chinneadh gan clárúchán riarthóra chláraithe a athnuachan faoi alt 64E(2)(b), nó

(c) clárúchán riarthóra chláraithe a athnuachan faoi réir coinníll amháin nó níos mó faoi alt 64E(2)(b),

déanfaidh sé fógra ina thaobh sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát, laistigh de 28 lá ón bhfoirceannadh, ón neamh-athnuachan nó ón athnuachan sin, de réir mar a bheidh.

Éifeacht clárúcháin nó athnuachana.

64M.— Má chláraítear duine, nó má dhéantar clárúchán duine a athnuachan, faoin gCuid seo, ní hionann sin agus baránta ar inniúlacht nó oiriúnacht an duine sin chun gníomhú mar riarthóir cláraithe, agus—

(a) níl an Bord faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhaíonn iontaobhaí ó cheapadh riarthóra chláraithe áirithe, agus

(b) níl aon dualgas ar an mBord i leith aon iontaobhaí nó aon duine eile maidir le riarthóir cláraithe do chomhlíonadh na lár-fheidhmeanna riaracháin.

Éifeacht a ghabhann le foirceannadh nó neamh-athnuachan.

64N.— Más rud é, faoin gCuid seo, go bhfoirceannann an Bord clárúchán nó go gcinneann sé gan clárúchán a athnuachan, ní oibreoidh breith an Bhoird mar urscaoileadh ar aon dliteanais de chuid duine a ghníomhaigh mar riarthóir cláraithe.

Oibleagáidí riarthóra chláraithe tar éis fógra a fháil ón mBord.

64O.— (1) Faoi réir alt 64I, i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an mBord do dhuine á rá—

(a) gur foirceannadh a chlárúchán,

(b) nach ndearnadh a chlárúchán a athnuachan, nó

(c) gur fhorchuir an Bord coinníollacha ar oibríochtaí an duine mar riarthóir cláraithe,

tabharfaidh an duine fógra i scríbhinn láithreach d’iontaobhaithe gach scéime nó CBS iontaobhais ar riarthóir cláraithe an duine ina leith á rá go bhfuil fógra faighte aige ón mBord agus faoi ábhar an fhógra sin.

(2) Más rud é go bhfuil fógra faighte ag duine ón mBord á rá—

(a) gur foirceannadh a chlárúchán, nó

(b) nach ndearnadh a chlárúchán a athnuachan,

déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná dhá mhí ó dháta an fhógra, gach faisnéis a shealbhaíonn sé agus a bhaineann le gach scéim nó CBS iontaobhais ar riarthóir cláraithe é ina leith, de réir mar a ordaíonn iontaobhaithe na scéime sin nó an CBS iontaobhais sin, a aistriú chuig cibé riarthóir cláraithe eile a ainmníonn na hiontaobhaithe nó chuig na hiontaobhaithe.

Seirbhísí riarthóra chláraithe agus díol táirgí eile.

64P.— (1) Ní dhéanfar seirbhís nó táirge a mhargú nó a dhíol le hiontaobhaithe ar shlí a d’fhágfadh go mbeadh ceannach na seirbhíse nó an táirge sin ag brath ar cheannach seirbhísí riarthóra chláraithe áirithe.

(2) Ní dhéanfar seirbhísí riarthóra chláraithe a mhargú nó a dhíol ar slí a d’fhágfadh go mbeadh déanamh conartha maidir le seirbhísí an riarthóra chláraithe ag brath ar cheannach aon seirbhíse nó táirge eile.”,

(j) in alt 82, tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad mhír (cc):

“(ca) is riarthóir, bainisteoir infheistíochta nó caomhnóir de chuid an CCSP, nó

(cb) is riarthóir cláraithe, nó”,

(k) in alt 83(2), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) ag riarthóir cláraithe roimh thosach feidhm alt 27 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008.”,

agus

(l) in alt 126(3), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) aon riarthóir cláraithe de chuid na scéime nó de chuid CBS iontaobhais;”.

Oiliúint iontaobhaithe.

28 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 3A(1A) trí “59(1)(ca),” a chur isteach i ndiaidh “(2)(a)(iii) nó (iv)”,

(b) in alt 54(1)—

(i) i mír (a), trí “agus stádas” a chur isteach i ndiaidh “comhdhéanamh”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(ba) comhlíonadh ailt 59(1)(ca) agus 59AA;

(c) na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn nó a d’fhéadfadh éirí faoin scéim nó faoin CBS iontaobhais;”,

agus

(iii) i mír (ca), trí “51A(5);” a chur in ionad “51A(5).”,

(c) in alt 59(1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(ca) oiliúint iontaobhaithe a dhéanamh de réir alt 59AA,”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 59AA:

“Oiliúint iontaobhaithe.

59AA.— (1) Aon fhostóir a oibríonn scéim nó CBS iontaobhais, déanfaidh sé socrú maidir le hiontaobhaithe na scéime nó an CBS iontaobhais sin (agus, i gcás iontaobhaí is comhlacht corpraithe, gach stiúrthóir de chuid an chomhlachta chorpraithe sin) d’fháil oiliúint chuí i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) an tAcht seo, na rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo agus aon dlí eile a bhfuil feidhm ghinearálta aige agus lena ndéantar rialú ar oibriú na scéime nó an CBS iontaobhais sin,

(b) dualgais agus freagrachtaí iontaobhaithe i gcoitinne, agus

(c) cibé nithe eile is iomchuí le bainistíocht éifeachtach scéime nó CBS iontaobhais, de réir mar is gá sa chás áirithe.

(2) Déanfaidh fostóir lena mbaineann fo-alt (1) oiliúint a shocrú—

(a) do dhuine arb é atá sa dáta iomchuí ina leith ná dáta nach luaithe ná dáta thosach feidhme alt 28 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008, laistigh de shé mhí ón dáta iomchuí agus gach dhá bhliain dá éis sin, agus

(b) do dhuine arb é atá sa dáta iomchuí ina leith ná dáta is luaithe ná dáta thosach feidhme alt 28 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008, laistigh de dhá bhliain ón dáta thosach fheidhme sin agus gach dhá bhliain dá éis sin.

(2A) Chun críocha fho-alt (2), is é atá sa dáta iomchuí ná—

(a) i ndáil le hiontaobhaí is duine nádúrtha — dáta ceaptha an duine mar iontaobhaí de chuid na scéime nó an CBS iontaobhais lena mbaineann,

(b) i ndáil le stiúrthóir comhlachta chorpraithe a thagann chun bheith ina iontaobhaí de chuid na scéime nó an CBS iontaobhais lena mbaineann — dáta ceaptha an chomhlachta chorpraithe mar iontaobhaí de chuid na scéime nó an CBS iontaobhais sin, agus

(c) i ndáil le duine a thagann chun bheith ina stiúrthóir de chuid comhlachta chorpraithe is iontaobhaí de chuid na scéime nó an CBS iontaobhais — dáta ceaptha an duine mar stiúrthóir de chuid an chomhlachta chorpraithe sin.

(3) Níl aon cheangal ar fhostóir oiliúint chuí a shocrú—

(a) d’iontaobhaí pinseanóra, nó

(b) d’iontaobhaí gairmiúil.”.

Leasuithe ilghnéitheacha ar Acht na bPinsean 1990.

29 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 2(1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “luach achtúireach”:

“ciallaíonn ‘luach carnaithe’, i ndáil le ranníocaí, an méid a gcinneann na hiontaobhaithe ina leith go bhfuil sé comhionann—

(a) le luach inréadaithe an chuid sin d’acmhainní na scéime atá, de réir rialacha na scéime, in ionannas na ranníocaí sin, lúide

(b) méid an oiread sin de chaiteachais na scéime atá, de réir rialacha na scéime, le híoc as an gcuid sin;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “scéim ranníoca shainithe”:

“ciallaíonn ‘scéim ranníoca shainithe’, faoi réir alt 27, scéim lena ndéantar, faoina rialacha, sochar fadseirbhíse a sholáthar ar sochar é a ndéantar a ráta nó a mhéid, i gcás gach comhalta a cháilíonn le haghaidh sochair fadseirbhíse, a chinneadh go hiomlán agus go díreach ar bhonn luach carnaithe na ranníocaí a d’íoc an comhalta nó a íocadh i leith an chomhalta, agus folaíonn sé scéim a ndéantar na ranníocaí fúithi a úsáid, go díreach nó go neamhdhíreach, chun na nithe seo a leanas a sholáthar—

(a) sochair, seachas sochar fadseirbhíse, agus

(b) sochar fadseirbhíse a ndéantar a ráta nó a mhéid a chinneadh, go hiomlán agus go díreach, ar bhonn luach carnaithe an chuid de na ranníocaí réamhráite a úsáidtear chun an sochar fadseirbhíse a sholáthar,

ach, faoi réir alt 27, eisíonn sé aon scéim lena ndéantar, faoi rialacha na scéime, feidhmíocht infheistíochta áirithe a ráthú nó a shonrú;”,

(b) in alt 3B(2)(b), trí “faoi dháta” a chur in ionad “ar dháta”,

(c) in alt 4, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) D’ainneoin aon ní atá in aon achtachán—

(a) féadfaidh an Bord nó an tOmbudsman Pinsean, de réir mar a bheidh, faisnéis a shealbhaíonn an Bord nó an tOmbudsman Pinsean chun críocha an Achta seo a aistriú chuig na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(b) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a shealbhaíonn na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidlí 1, 2 agus 2A de Chuid 30 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, ar faisnéis í a bhaineann le scéimeanna pinsean ceirde, le CBS-anna iontaobhais agus le CCSP-anna a aistriú chuig an mBord nó chuig an Ombudsman Pinsean.”,

(d) in alt 27(2), trí “ar bhonn luach carnaithe na ranníocaí” a chur in ionad “ar bhonn méid ranníoca”,

(e) in alt 30(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ luach carnaithe ”:

“déanfar ‘ luach carnaithe’, i ndáil le haon ranníocaí cuí, a fhorléiriú de réir alt 2;”,

(f) in alt 54, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Níl feidhm ag fo-ailt (1) go (6) maidir le CBS iontaobhais beag, ach déanfaidh iontaobhaithe CBS iontaobhais bhig cibé faisnéis staitisticiúil a fhorordaítear chun críocha an fho-ailt seo a thabhairt don Bhord.”,

(g) in alt 82, trí “i ndáil le scéim, le CBS iontaobhais nó le CCSP” a chur in ionad “i ndáil le scéim, CBS iontaobhais nó CCSP”,

(h) in alt 83—

(i) i bhfo-alt (1), trí “ar i ndáil léi nó leis” a chur in ionad “ar ina leith”,

(ii) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a), trí “an 2 Iúil 1996” a chur in ionad “Acht na bPinsean (Leasú) 1996 a rith”,

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) i gcás CCSP, roimh an 7 Samhain 2002,”, agus

(III) i mír (b), trí “roimh an 27 Aibreán 2007” a chur in ionad “roimh thosach feidhme Chuid 1 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007.”,

agus

(iii) in alt 141, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)—

“(4) Maidir le haon iarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda, déanfar é chuig an mbreithimh den Chuairt Chuarda don chuaird—

(a) ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcomhalta iomchuí nó ar an ranníocóir, de réir mar a bheidh, nó

(b) ina bhfuil a oifig chláraithe (i gcás cuideachta) nó a áit ghnó ag an bpáirtí ar ina aghaidh a dhéantar an cinneadh.”.

(2) Leasaítear an Príomh-Acht de réir mar atá leagtha amach i Sceideal 2.