An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Cáin Ioncaim ) Ar Aghaidh (Caibidil 4 Cáin Chorparáide )

3 2008

TODO

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar Chuid 16 (faoiseamh ó cháin ioncaim i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe — an scéim um leathnú gnó agus an scéim síolchaipitil) den Phríomh-Acht.

24 .— (1) Leasaítear Cuid 16 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 495—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh an míniú ar “Comhaontú LEE”:

“ciallaíonn ‘limistéar fóirithinte’ limistéar a shonraítear sa Léarscáil Réigiúnach Náisiúnta um Chúnamh Stáit d’Éirinn i ndáil leis an tréimhse 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2013 a ceadaíodh faoi Chinneadh Uimh. N 374/2006 an 24 Deireadh Fómhair 2006 ón gCoimisiún 3 ;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004):

“(3B) Maidir leis an tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2007, beidh an chuideachta—

(a) ina mionfhiontar nó ina fiontar beag de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 364/2004 an 25 Feabhra 2004 ón gCoimisiún 4 ,

(b) ina fiontar meánmhéide, de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 364/2004 an 25 Feabhra 2004 ón gCoimisiún, atá suite i limistéar fóirithinte, nó

(c) i gcás nach mbeidh sí suite i limistéar fóirithinte, ina fiontar meánmhéide, de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 364/2004 an 25 Feabhra 2004 ón gCoimisiún, a bheidh ag céim forbartha nach faide ar aghaidh ná an chéim thionscnaimh de réir bhrí na dTreoirlínte ón gComhphobal maidir le Cúnamh Stáit chun Infheistíochtaí Caipitil Riosca i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide a Chur chun Cinn 5 .

(3C) Chun críocha fho-alt (3B), cinnfear suíomh cuideachta faoi threoir an tsuímh ina ndéanann an chuideachta nó, de réir mar a bheidh, an fhochuideachta cháilitheach, oibríochtaí trádála cáilitheacha a sheoladh nó, i gcás cuideachta a chónaíonn i Stát LEE seachas an Stát agus a sheolann gnó sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht, an suíomh ina ndéanann an brainse nó an ghníomhaireacht sin oibríochtaí trádála cáilitheacha a sheoladh.”,

(b) in alt 496(9A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Chun críocha fho-alt (2)(a)(xvi) ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí athchúrsála i ndáil le dramhábhar’—

(i) an dramhábhar a chur faoi aon phróis nó cóireáil a bhfuil ábhar breisluacha atá in-athúsáidte de thoradh uirthi, agus

(ii) ar gníomhaíochtaí iad—

(I) a bhfuair an chuideachta cháilitheach ceadú deontais nó cúnamh airgeadais ina leith ó ghníomhaireacht forbartha tionscail nó ó Bhord Fiontar Contae (is bord dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail 1995), nó

(II) ar soláthraíodh daingniú i scríbhinn ó ghníomhaireacht forbartha tionscail nó ó Bhord Fiontar Contae (is bord dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail 1995) don chuideachta cháilitheach ina leith gur chuir an chuideachta cháilitheach togra gnó faoi bhráid na gníomhaireachta nó an bhoird, de réir mar a bheidh, agus go dtagann na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa togra gnó, i dtuairim na gníomhaireachta nó an bhoird sin, de réir mar a bheidh, faoi raon tionscail seirbhíse a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhorbairt Tionscail (Tionscail Seirbhíse) 2003 (I.R. Uimh. 458 de 2003).”,

(c) in alt 497—

(i) i bhfo-alt (4)—

(I) trí “nó” a scriosadh i mír (b) agus trí “nó” a chur isteach i ndiaidh “alt 496(2)(xii),” i mír (c), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) gníomhaireacht forbartha tionscail nó Bord Fiontar Contae (is bord dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail 1995) i leith oibríochtaí trádála cáilitheacha dá dtagraítear in alt 496(2)(a)(xvi),”

agus

(ii) i bhfo-alt (7)(a) trí “i bhfomhíreanna (i), (ii), (v) agus (xvi) d’alt 496(2)(a),” a chur in ionad “i bhfomhíreanna (i), (ii), agus (v) d’alt 496(2)(a),”,

agus

(d) in alt 508A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Ní bheidh aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile ina bac ar na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a fhaigheann siad de réir fho-alt (1) a fhoilsiú.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) mar a leanas:

(a) maidir le míreanna (a) agus (d), amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007, agus

(b) maidir le míreanna (b) agus (c), amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2008.

(3) Cúlghairtear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faoiseamh ó Cháin Ioncaim i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe — an Scéim um Leathnú Gnó agus an Scéim Síolchaipitil) 2007 (I.R. Uimh. 613 de 2007).

Leasú ar alt 81A (srian le hasbhaintí i leith ranníocaí sochair fostaithe) den Phríomh-Acht.

25 .— (1) Leasaítear alt 81A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “caiteachais cháilitheacha”:

“ní fholaíonn ‘ caiteachais cháilitheacha ’, i ndáil le bainisteoir scéime agus le scéim sochair fostaithe, caiteachais nach lamhálfaí, dá mba é nó í an fostóir a thabhaigh iad, mar asbhaint le linn na brabúis nó na gnóchain de chuid an fhostóra a bheidh le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó II de Sceideal D a ríomh ach, faoi réir an mhéid sin roimhe seo, folaíonn sé aon chaiteachais de chuid bainisteora scéime (seachas sochair a sholáthar d’fhostaithe de chuid an fhostóra) a thabhófar le linn an scéim sochair fostaithe a oibriú;

ciallaíonn ‘ bainisteoir scéime ’ duine a riarann scéim sochair fostaithe nó aon duine a n-íocann fostóir airgead leis nó léi nó a n-aistríonn fostóir sócmhainn chuige nó chuici agus tá an duine sin i dteideal nó faoi cheangal, faoi fhorálacha scéime sochair fostaithe an t-airgead nó an tsócmhainn a choimeád nó a úsáid chun sochair, nó i dtaca le sochair, a sholáthar d’fhostaithe de chuid an fhostóra.”,

(b) i bhfo-alt (1)(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) déantar ranníoc sochair fostaithe más rud é, mar thoradh ar aon ghníomh nó neamhghníomh—

(I) go sealbhaítear aon sócmhainní, nó go bhféadfar iad a úsáid, faoi scéim sochair fostaithe, nó

(II) go dtagann méadú ar luach iomlán na sócmhainní a shealbhaítear amhlaidh nó a fhéadfar a úsáid amhlaidh (nó laghdú ar aon dliteanais faoi scéim sochair fostaithe),”,

(c) i bhfo-alt (3)(b)(i) trí “ag bainisteoir scéime” a chur in ionad “ag an tríú páirtí” agus trí “don bhainisteoir scéime” a chur in ionad “don tríú páirtí”,

(d) i bhfo-alt (3)(b)(ii) trí “ag an mbainisteoir scéime” a chur in ionad “ag an tríú páirtí”,

(e) i bhfo-alt (4)(b)(i) trí “ag bainisteoir scéime” a chur in ionad “ag an tríú páirtí” agus trí “don bhainisteoir scéime” a chur in ionad “don tríú páirtí”,

(f) i bhfo-alt (4)(b)(ii) trí “ag an mbainisteoir scéime” a chur in ionad “ag an tríú páirtí”, agus

(g) i bhfo-alt (5) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an méid a sholáthrófar iomlán na suimeanna seo a leanas—

(i) (I) an méid, más ann, arna chaitheamh ag bainisteoir scéime ar an tsócmhainn,

(II) i gcás gurb éard í an tsócmhainn scaireanna nua i gcuideachta atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhfostóir, nó cearta i leith scaireanna den sórt sin, ar scaireanna iad arna n-eisiúint ag an gcuideachta bhainteach, margadhluach na scaireanna sin nó na gceart sin, de réir mar a bheidh, tráth an aistrithe,

agus

(ii) i gcás gur aistrigh an fostóir an tsócmhainn chuig bainisteoir scéime, méid na hasbhainte a lamhálfaí, agus ar asbhaint í dá dtagraítear i bhfo-alt (2), i leith an aistrithe.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le ranníocaí sochair fostaithe arna ndéanamh an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh.

26 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht―

(a) in alt 268―

(i) i bhfo-alt (1)―

(I) trí “nó” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé i mír (k), agus trí “cháilithigh, nó” a chur in ionad “cháilithigh,” i mír (l), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (l):

“(m) chun críocha trádála arb é atá inti oibriú nó bainistiú aonaid sainchúraim cháilithigh mhaolaithigh,”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1D):

“(1E) Más rud é, maidir leis an leas iomchuí i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú foirgnimh nó déanmhais atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1)(m), go mbeidh sé ar teachtadh—

(a) ag cuideachta,

(b) ag iontaobhaithe iontaobhais,

(c) ag duine aonair a ghabhann d’oibriú nó do bhainistiú an aonaid lena mbaineann mar fhostaí nó mar stiúrthóir nó in aon cháil eile, nó

(d) ag forbróir maoine (de réir bhrí alt 843A) nó ag duine atá bainteach leis an bhforbróir maoine, i gcás inar thabhaigh ceachtar de na daoine sin an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, nó gur thabhaigh aon duine eile atá bainteach leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin,

ansin, d’ainneoin an fho-ailt sin, ní dhéanfar, maidir le héileamh ar aon liúntas faoin gCuid seo ó aon duine den sórt sin, a mheas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é an foirgneamh nó an déanmhas sin chun críche na Coda seo, cibé acu atá an leas iomchuí sin ar teachtadh ag an duine dá dtagraítear i mír (a), (b), (c) nó (d), de réir mar a bheidh, i gcáil aonair nó i gcomhar nó i gcomhpháirtíocht le duine nó le daoine eile.”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2B):

“(2BA) San alt seo―

ciallaíonn ‘cúram maolaitheach’ cúram gníomhach iomlán othar ar a bhfuil tinnis nó galair atá gníomhach, forásach agus go mór chun cinn maidir lena gcineál agus nach inleighis a thuilleadh trí bhíthin riaradh cóireálacha liachta atá ar marthain nó ar fáil;

ciallaíonn ‘aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh’, faoi réir fho-alt (2BB), foirgneamh nó déanmhas―

(a) is ospidéal, ospís (de réir bhrí alt 47 (arna leasú le halt 16 den Acht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2004) den Acht Sláinte Poiblí (Tobac) 2002) nó saoráid den tsamhail chéanna a bhfuil cúram maolaitheach aici mar phríomhghníomhaíocht,

(b) atá ceadaithe, sula ndéantar gealltanas dlíthiúil maidir lena dhearadh, lena choimisiúnú, lena thógáil nó lena athfheistiú, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le toiliú an Aire Sláinte agus Leanaí, mar aonad atá de réir pleananna forbartha náisiúnta nó measúnachtaí riachtanas náisiúnta le haghaidh saoráidí cúraim mhaolaithigh,

(c) a bhfuil an acmhainn ann chun na nithe seo a leanas a a sholáthar―

(i) seirbhísí cúraim mhaolaithigh d’othair lae agus d’othair sheachtracha, agus

(ii) cóiríocht chúraim mhaolaithigh ar bhonn thar oíche ar cóiríocht í nach bhfuil níos lú ná 20 leaba inti d’othair chónaithe,

(d) ar ina leith a sholáthraítear sonraí iomchuí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena dtarchur ar aghaidh chun an Aire Sláinte agus Leanaí agus chun an Aire Airgeadais―

(i) i ndáil le méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh iarbhír ar an aonad a thógáil nó a athfheistiú,

(ii) i ndáil le méid an chaiteachais sin, más ann, a bheidh íoctha nó atá le híoc go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát nó ag aon duine eile ar mhodh deontais nó cúnaimh airgeadais eile,

(iii) i ndáil le líon agus cineál na n-infheisteoirí a bhfuil infheistíocht á déanamh acu san aonad,

(iv) i ndáil leis an méid atá le hinfheistiú ag gach infheisteoir, agus

(v) i ndáil le cineál na struchtúr atá á mbunú chun an infheistíocht san aonad a éascú,

mar aon le cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí, ar faisnéis í a bheidh ina cabhair le linn na costais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan a bheith teoranta dóibh sin, agus na sochair a eascraíonn as faoiseamh cánach a oibriú faoin gCuid seo le haghaidh aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh a mheasúnú,

(e) ar i ndáil leis a thugtar gealltanas d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á rá—

(i) go ndéanfar, maidir le cúram maolaitheach daoine atá ag fanacht le seirbhísí cúraim mhaolaithigh, mar othair phoiblí, d’othair lae, d’othair chónaithe agus d’othair sheachtracha, méid nach lú ná 20 faoin gcéad dá acmhainn a chur ar fáil in aghaidh na bliana, faoi réir ceanglas seirbhíse a bheidh le sonrú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roimh ré agus faoi réir an choinníll nach gceanglófar, le haon ní san fhomhír seo, ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an acmhainn iomlán, nó cuid den acmhainn, a chuirfidh an t-aonad ar fáil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a ghlacadh, agus

(ii) i ndáil leis na táillí atá le muirearú i leith an chúraim mhaolaithigh a thugtar d’aon duine den sórt sin, nach mbeidh na táillí sin níos mó ná 90 faoin gcéad de na táillí a mhuirearófaí i leith cúraim mhaolaithigh den tsamhail chéanna a thugtar do dhuine ag a bhfuil árachas liachta príobháideach,

agus

(f) ar ina leith a thugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí agus le toiliú an Aire Airgeadais, deimhniú bliantúil i scríbhinn le linn na tréimhse seo a leanas―

(i) an tréimhse 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an t-aonad den chéad uair, nó

(ii) i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an aonaid, an tréimhse 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an t-aonad den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

ar deimhniú é á rá gur deimhin léi go gcomhlíonann an t-aonad na coinníollacha a luaitear i míreanna (a) go (e).

(2BB) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), áirítear in aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh aon chuid den aonad arb é atá ann seomraí a úsáidtear go heisiatach chun othair a mheasúnú nó a chóireáil nó chun cúram a thabhairt d’othair.

(b) Ní áirítear in aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh aon chuid den aonad arb é atá ann seomraí sainchomhairleoirí nó oifigí.

(c) Ní áirítear in aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh aon chuid den aonad ina bhfuil tromlach na ndaoine atá á gcothabháil ag fáil cóireála le haghaidh géarthinneas.”,

agus

(iv) i bhfo-alt (9)―

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (h) agus trí “nó dá éis, agus” a chur in ionad “nó dá éis.” i mír (i), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

“(j) faoi threoir mhír (g), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an dáta a thagann alt 26 den Acht Airgeadais 2008 i ngníomh nó dá éis.”,

(b) in alt 272―

(i) i bhfo-alt (3)―

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (h) agus trí “i bhfo-alt (2)(c), agus” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)(c).” i mír (i), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur i isteach i ndiaidh mhír (i):

“(j) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (m) d’alt 268(1), le 15 faoin gcéad den chaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c).”,

agus

(ii) i bhfo-alt (4)―

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (h) agus trí “a thabhú, agus” a chur in ionad “a thabhú.” i mír (i), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

“(j) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (m) d’alt 268(1)―

(I) 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(II) i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”,

(c) in alt 274―

(i) i bhfo-alt (1)(b)―

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh fhomhír (vii) agus trí “a thabhú, agus” a chur in ionad “a thabhú.” i bhfomhír (viii), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (viii):

“(ix) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (m) d’alt 268(1)―

(I) 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an t-aonad den chéad uair, nó

(II) i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”,

(ii) i bhfo-alt (2A)(a)―

(I) trí “nó” a scriosadh ag deireadh fhomhír (v) agus trí “san alt sin, nó” a chur in ionad “san alt sin.” i bhfomhír (vi), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (vi):

“(vii) atá á úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (m) d’alt 268(1).”,

agus

(iii) i bhfo-alt (2A)(b)(i), trí “(v), (vi) nó (vii)” a chur in ionad “(v) nó (vi)”

agus

(d) i Sceideal 25B―

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (VI) de mhír (a)(i) den ní atá leagtha amach os comhair uimhir thagartha 13:

“(VII) alt 268(1)(m) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2008),”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (VI) de mhír (a)(i) den ní atá leagtha amach os comhair uimhir thagartha 15:

“(VII) alt 268(1)(m) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2008),”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Scéim infheistíochta bonneagair turasóireachta chonair na Sionainne Láir.

27 .— Leasaítear alt 372AZ(1) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) mura rud é go bhfuil na liúntais chaipitiúla ionchasacha i ndáil leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann agus an tionscadal ar cuid de an foirgneamh nó an déanmhas sin de réir na nithe seo a leanas—

(i) ceanglais na dTreoirlínte ar Chúnamh Náisiúnta Réigiúnach don tréimhse 2007-2013 arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna n-eisiúint an 4 Márta 2006 6 , agus

(ii) an Léarscáil Chúnaimh Náisiúnta Réigiúnaigh d’Éirinn don tréimhse 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2013 a cheadaigh an Coimisiún sin an 24 Deireadh Fómhair 2006 7 ,

(d) i gcás an duine atá i dteideal an t-ús iomchuí a fháil, de réir bhrí alt 269, i ndáil leis an gcaiteachas sin, a bheith faoi réir ordaithe ghnóthaithe neamhíoctha tar éis cinnidh roimhe sin ó Choimisiún na gComhphobal Eorpach á dhearbhú go raibh cúnamh i bhfabhar an duine sin neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an gcómhargadh.”.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh agus déanmhas i láithreáin chláraithe charbhán agus champála.

28 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2C):

“(2D) Chun críocha na Coda seo, aon fhoirgneamh nó déanmhas atá ar áireamh in áitreabh, agus atá á úsáid mar chuid d’áitreabh, atá cláraithe sa chlár de láithreáin charbhán agus de láithreáin champála a choimeádtar faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003 measfar, maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar á fhoirgniú (de réir bhrí alt 270) an 1 Eanáir 2008, nó dá éis, gur foirgneamh nó déanmhas é atá á úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta.”,

(b) in alt 272—

(i) i bhfo-alt (3)—

(I) i mír (c), trí “mír (d), (da) nó (db)” a chur in ionad “mír (d) nó (da)”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (da):

“(db) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(d) mar gheall ar é a bheith ar áireamh in áitreabh, agus á úsáid mar chuid d’áitreabh, atá cláraithe sa chlár de láithreáin charbhán agus de láithreáin champála a choimeádtar faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003, 4 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil ar fhoirgniú (de réir bhrí alt 270) an fhoirgnimh nó an déanmhais a thabhófar an 1 Eanáir 2008 nó dá éis,”,

agus

(ii) i bhfo-alt (4)—

(I) i mír (c), trí “mír (d), (da) nó (db)” a chur in ionad “mír (d) nó (da)”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (da):

“(db) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(d) mar gheall ar é a bheith ar áireamh in áitreabh, agus á úsáid mar chuid d’áitreabh, atá cláraithe sa chlár de láithreáin charbhán agus de láithreáin champála, a choimeádtar faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003—

(i) 25 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(ii) i gcás ina dtabhófar caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 25 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

i gcás ina dtabhófar an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú (de réir bhrí alt 270) an fhoirgnimh nó an déanmhais an 1 Eanáir 2008 nó dá éis,”,

agus

(c) in alt 274(1)—

(i) i mír (b)(iii), trí “fomhír (iv), (iva) nó (ivb)” a chur in ionad “fomhír (iv) nó (iva)”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iva):

“(ivb) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(d) mar gheall ar é a bheith ar áireamh in áitreabh, agus á úsáid mar chuid d’áitreabh, atá cláraithe sa chlár de láithreáin charbhán agus de láithreáin champála, a choimeádtar faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003—

(i) 25 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair, nó

(ii) i gcás ina dtabhófar caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 25 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

i gcás ina dtabhófar an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú (de réir bhrí alt 270) an fhoirgnimh nó an déanmhais an 1 Eanáir 2008 nó dá éis,”.

Leasú ar an srian le forbróirí maoine faoi scéimeanna áirithe agus le liúntais chaipitiúla le haghaidh saoráidí cúraim leanaí áirithe.

29 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 268—

(i) i bhfo-alt (1A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) ag forbróir maoine (de réir bhrí alt 843A) nó duine atá bainteach le forbróir maoine, i gcás gur thabhaigh ceachtar de na daoine sin an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, nó gur thabhaigh aon duine eile atá bainteach leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin,”,

agus

(ii) i bhfo-alt (1D) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) ag forbróir maoine (de réir bhrí alt 843A) nó duine atá bainteach le forbróir maoine, i gcás gur thabhaigh ceachtar de na daoine sin an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, nó gur thabhaigh aon duine eile atá bainteach leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin,”,

(b) in alt 372AZ(1)(a)—

(i) i bhfomhír (i) trí “nó duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhforbróir maoine” a chur isteach i ndiaidh “forbróir maoine”, agus

(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) i gcás inar thabhaigh ceachtar de na daoine dá dtagraítear i bhfomhír (i) an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais lena mbaineann, nó gur thabhaigh aon duine eile atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin,”,

agus

(c) in alt 843A—

(i) sa mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” i bhfo-alt (1) trí “ceanglais Rialacháin 10 nó 11(1), de réir mar is cuí, de na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006 (I.R. Uimh. 604 de 2006)” a chur in ionad “ceanglais Airteagal 9, 10(1) nó 11, de réir mar is cuí, de na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 1996 (I.R. Uimh. 398 de 1996)”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (3A) i leith caiteachais cháilithigh a thabhófar ar áitreabh cáilitheach an 1 Eanáir 2008 nó dá éis—

(a) i gcás ina bhfuil teideal ag forbróir maoine nó duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhforbróir maoine chuig an leas iomchuí, de réir bhrí alt 269, sa chaiteachas cáilitheach sin, agus

(b) inar thabhaigh ceachtar de na daoine dá dtagraítear i mír (a) an caiteachas cáilitheach ar an áitreabh cáilitheach sin, nó inar thabhaigh aon duine eile atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin.”.

(2) (a) Tá feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) maidir le caiteachas caipitiúil a thabhaítear an 1 Eanáir 2008 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) ón 1 Eanáir 2008.

(c) Tá feidhm ag mír (c)(i) d’fho-alt (1) ón 3 Meán Fómhair 2007.

(d) Tá feidhm ag mír (c)(ii) d’fho-alt (1) ón 1 Eanáir 2008.

Soithí iascaireachta a dhíchoimisiúnú: leasú ar alt 288 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Phríomh-Acht.

30 .— (1) Leasaítear alt 288 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) (a) Más rud é—

(i) gurb éard atá san airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh íocaíocht nó íocaíochtaí le duine faoin scéim le haghaidh cúitimh maidir le soithí iascaireachta a dhíchoimisiúnú arna cur i ngníomh ag an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia de réir Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 an 27 Iúil 2006 ón gComhairle 8 , agus

(ii) mar gheall ar an íocaíocht nó na híocaíochtaí sin a bheith faighte ag an duine, go mbeidh muirear cothromaíochta le gearradh ar an duine d’aon tréimhse inmhuirearaithe seachas de bhua mhír (b),

ansin, is é a bheidh sa mhéid ar a mbeidh an muirear cothromaíochta le gearradh don tréimhse inmhuirearaithe sin ná méid is comhionann leis an gcúigiú cuid den mhéid (dá ngairtear ‘an méid bunaidh’ san fho-alt seo) ar a ndéanfaí an muirear cothromaíochta a ghearradh murach an fo-alt seo.

(b) D’ainneoin mhír (a), déanfar muirear cothromaíochta a ghearradh ar an duine do gach ceann de na 4 thréimhse inmhuirearaithe díreach ina dhiaidh sin, agus is é a bheidh sa mhéid ar a ngearrfar an muirear sin do gach ceann de na tréimhsí sin ná méid is comhionann leis an gcúigiú cuid den mhéid bunaidh.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh ar ordú a bheith déanta chuige sin ag an Aire Airgeadais.

Liúntais agus caiteachais chaipitiúla i leith gluaisteán gnó.

31 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 11:

“CUID 11C

Teorainneacha Astaíocht-bhunaithe ar Liúntais agus Caiteachais Chaipitiúla i leith Feithiclí Bóthair Áirithe.

Léiriú agus ginearálta (Cuid 11C).

380K.— (1) Faoi réir alt 380P(1), beidh feidhm ag an gCuid seo, agus ní bheidh feidhm ag Cuid 11, maidir le feithicil is feithicil inneallghluaiste bóthair atá déanta nó oiriúnaithe chun paisinéirí a iompar, seachas feithicil de chineál nach n-úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus atá mí-oiriúnach lena húsáid amhlaidh.

(2) Aon tagairt sa Chuid seo d’fheithicil in aon cheann de na hEarnálacha feithicle A go G mar atá leagtha amach sa chéad cholún den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo is tagairt í d’fheithicil a bhfuil a hastaíochtaí CO2, arna ndaingniú faoi threoir an deimhnithe iomchuí cineál-cheadaithe CE nó an deimhnithe iomchuí comhréireachta CE, leagtha amach sa taifead comhréire sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Earnáil Feithicle

Astaíochtaí CO 2 (CO 2g/km)

A

0g/km go dtí 120g/km agus é sin san áireamh

B

Níos mó ná 120g/km go dtí 140g/km agus é sin san áireamh

C

Níos mó ná 140g/km go dtí 155g/km agus é sin san áireamh

D

Níos mó ná 155g/km go dtí 170g/km agus é sin san áireamh

E

Níos mó ná 170g/km go dtí 190g/km agus é sin san áireamh

F

Níos mó ná 190g/km go dtí 225g/km agus é sin san áireamh

G

Níos mó ná 225g/km

(3) I gcás nach bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta maidir leis an leibhéal astaíochtaí CO2 a bhaineann le feithicil, faoi threoir aon doiciméid seachas ceachtar de na deimhnithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), nó i gcás nach ndearnadh aon deimhniú a sholáthar, déileálfar leis an bhfeithicil, chun críocha na Coda seo, amhail is dá mba fheithicil de chuid Earnáil G í.

(4) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘astaíochtaí CO2’ an leibhéal astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) atá ag feithicil, ar leibhéal é arna thomhas de réir fhorálacha Threoir 80/1268/CEE an 16 Nollaig 1980 ón gComhairle 9 (arna leasú) agus arna liostú in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 70/156/CEE an 6 Feabhra 1970 ón gComhairle 10 (arna leasú) agus atá san áireamh sa deimhniú iomchuí cineál-cheadaithe CE nó sa deimhniú iomchuí comhréireachta CE nó in aon doiciméad cuí eile lena ndaingnítear comhlíonadh aon bheart arna ndéanamh chun éifeacht a thabhairt sa Stát d’aon ionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i leith cineál-cheadaithe don chineál feithicle lena mbaineann;

ciallaíonn ‘méid sonraithe’, i ndáil le caiteachas arna thabhú ar sholáthar nó ar fhruiliú feithicle lena mbaineann an Chuid seo, €24,000, i gcás inar tabhaíodh an caiteachas—

(a) i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, nó

(b) i mbonntréimhse do bhliain mheasúnachta i gcás ina gcríochnaíonn an bhonntréimhse sin an 1 Eanáir 2007 nó dá éis.

(5) Déanfar an Chuid seo agus Cuid 9 a fhorléiriú mar aon ní amháin.

Teorainneacha astaíochtaí-bhunaithe i gcomhair gluaisteán áirithe.

380L.— (1) I ndáil le feithicil lena mbaineann an Chuid seo, más rud é maidir le liúntas a ndéanfaí, ar leith ón alt seo, é a thabhairt faoi alt 284, go mbeidh sé le méadú nó le laghdú, de réir mar a bheidh, de bhua an ailt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach do liúntas arna thabhairt faoi alt 284 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú nó arna laghdú amhlaidh faoin alt seo.

(2) I ndáil le feithicil lena mbaineann an Chuid seo, déanfar na liúntais faoi alt 284 a bheidh le cur i gcuntas chun críocha Chaibidil 2 de Chuid 9, le linn méid an chaiteachais a bheidh fós gan lamháil aon tráth áirithe a bheith á ríomh, a chinneadh faoi threoir na liúntas arna ríomh de réir an ailt seo agus déanfar an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle agus a bheidh le cur i gcuntas chun críocha na Caibidle sin a chinneadh dá réir sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 284 amhail is dá measfaí, chun críocha an ailt sin, maidir le dearbhchostas na feithicle—

(a) i gcás feithicle in Earnáil A, B nó C, gurb éard é méid atá ar cóimhéid leis an méid sonraithe,

(b) i gcás feithicle in Earnáil D nó E, más rud é maidir le praghas miondíola na feithicle tráth a déanta go bhfuil sé—

(i) níos lú ná an méid sonraithe nó ar cóimhéid leis, gurb éard é 50 faoin gcéad den phraghas sin, agus

(ii) níos mó ná an méid sonraithe, gurb éard é 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe,

agus

(c) i gcás feithicle in Earnáil F nó G, gurb éard é neamhní.

(4) I gcás ina mbeidh caiteachas tabhaithe ar fheithicil lena mbaineann an Chuid seo a sholáthar, ansin déanfar aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a ríomh, i gcás ina mbeidh airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh i gceist, amhail is dá mba rud é maidir le méid an airgid sin (nó, más rud é, de dhroim aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, seachas Cuid 11, nó an t-alt seo, go ndéileálfar le méid éigin eile mar mhéid an airgid sin, an méid eile sin)—

(a) i gcás feithicle in Earnáil A, B nó C, go ndearnadh é a mhéadú nó a laghdú, de réir mar a bheidh, sa chomhréir atá idir an méid sonraithe agus méid iarbhír an chaiteachais sin,

(b) i gcás feithicle in Earnáil D nó E más rud é i gcás an chaiteachais a tabhaíodh go raibh sé—

(i) níos lú ná an méid sonraithe, nó ar cóimhéid leis, go ndearnadh é a laghdú 50 faoin gcéad, agus

(ii) níos mó ná an méid sonraithe, go ndearnadh é a laghdú sa chomhréir atá idir 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe agus méid iarbhír an chaiteachais sin,

agus

(c) i gcás feithicle in Earnáil F nó G, gurb éard é neamhní.

(5) (a) Más rud é go dtabhaítear caiteachas ar fheithicil lena mbaineann an Chuid seo a sholáthar agus—

(i) go ndéanann an duine a sholáthraíonn an fheithicil (dá ngairtear an ‘réamhúinéir’ san alt seo) an fheithicil a dhíol nó í a thabhairt uaidh nó uaithi ionas go mbeidh feidhm ag fo-alt (5) d’alt 289, nó ag an bhfo-alt sin arna chur chun feidhme le fo-alt (6) den alt sin, maidir leis an gceannaitheoir nó leis an deontaí,

(ii) go ndíolann an réamhúinéir an fheithicil agus gur díol lena mbaineann alt 312 an díol, nó

(iii) de dhroim duine a theacht i gcomharbas ag seoladh thrádáil nó ghairm an réamhúinéara, go mbeidh feidhm ag alt 313(1),

ansin, i ndáil leis an gceannaitheoir, leis an deontaí nó leis an gcomharba, maidir leis an bpraghas a gheofaí ar an bhfeithicil dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í, nó leis an gcaiteachas a thabhaigh an réamhúinéir ag soláthar na feithicle, déileálfar leis, chun críocha alt 289, 312 nó 313, amhail is dá mba éard é—

(I) i gcás feithicle in Earnáil A, B nó C, méid atá ar cóimhéid leis an méid sonraithe,

(II) i gcás feithicle in Earnáil D nó E más rud é go raibh praghas miondíola na feithicle tráth a déanta—

(A) níos lú ná an méid sonraithe nó ar cóimhéid leis, 50 faoin gcéad den phraghas sin, agus

(B) níos mó ná an méid sonraithe, 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe,

agus

(III) i gcás feithicile in Earnáil F nó G, neamhní,

agus le linn fo-alt (4) a fheidhmiú i leith an cheannaitheora, an deontaí nó an chomharba, déanfar tagairtí don chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle a fhorléiriú mar thagairtí don chaiteachas a thabhaigh an réamhúinéir amhlaidh.

(b) I gcás ina raibh feidhm ag mír (a) ar aon ócáid áirithe i ndáil le feithicil, agus nach ndearnadh aon díol nó bronnadh ar an bhfeithicil ó shin seachas díol nó bronnadh lena mbaineann alt 289 nó 312, ansin, i ndáil le gach duine lena mbaineann, leanfaidh comhshamhail na n-iarmhairtí faoi mhír (a), maidir le bronnadh, díol nó comharbas faoi fhomhíreanna (i) go (iii) den mhír sin a tharlóidh ar aon ócáid dá éis sin, a leanfadh dá mba rud é go ndearna duine, arb é nó í an réamhúinéir é nó í maidir leis an díol, leis an mbronnadh nó leis an gcomharbas sin, caiteachas a thabhú ag soláthar na feithicle a bhí ar cóimhéid leis an gcaiteachas a ndearna an duine ba réamhúinéir ar an ócáid chéadluaite a thabhú amhlaidh.

(6) Le linn alt 290 a fheidhmiú maidir le cás inarb í an fheithicil an t-innealra nua dá dtagraítear san alt sin, déanfar neamhshuim den chaiteachas—

(a) i gcás feithicle in Earnáil A, B, nó C, a mhéid is mó é ná an méid sonraithe,

(b) i gcás feithicle in Earnáil D nó E, más rud é go raibh praghas miondíola na feithicle tráth a déanta—

(i) níos lú ná an méid sonraithe nó ar cóimhéid leis, a mhéid is mó é ná 50 faoin gcéad den phraghas sin, agus

(ii) níos mó ná an méid sonraithe, a mhéid is mó é ná 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe,

agus

(c) i gcás feithicle in Earnáil F nó G, a mhéid is mó é ná neamhní,

ach sin gan dochar d’fheidhm fho-ailt (1) go (5) maidir leis an bhfeithicil.

(7) Ní mheasfar, chun críocha na Coda seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh an caiteachas íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát nó ag aon duine seachas an duine céadluaite.

Teorainn le hasbhaintí, etc. i leith fruiliú gluaisteán.

380M.— Más rud é, ar leith ón alt seo, go gceadófaí méid aon chaiteachais ag fruiliú (ar shlí seachas trí fhruilcheannach) feithicle lena mbaineann an Chuid seo, a asbhaint nó a chur i gcuntas mar a luaitear in alt 375, ansin, maidir le méid an chaiteachais sin—

(a) i gcás feithicle in Earnáil A, B, nó C, déanfar é a mhéadú nó a laghdú, de réir mar a bheidh, sa chomhréir atá idir an méid sonraithe agus praghas miondíola na feithicle tráth a déanta,

(b) i gcás feithicle in Earnáil D nó E más rud é go raibh praghas miondíola na feithicle tráth a déanta—

(i) níos lú ná an méid sonraithe nó ar cóimhéid leis, déanfar é a laghdú 50 faoin gcéad, agus

(ii) níos mó ná an méid sonraithe, déanfar é a laghdú sa chomhréir atá idir 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe agus an praghas sin,

agus

(c) i gcás feithicle in Earnáil F nó G, is é neamhní é.

Gluaisteáin: forálacha i dtaobh fruilcheannaigh, etc.

380N.— (1) I gcás feithicle lena mbaineann an Chuid seo, beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (4).

(2) I gcás duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil ag soláthar feithicle lena mbaineann an Chuid seo faoi chonradh a d’fhoráil go mbeidh an duine sin, nó go bhféadfadh sé nó sí teacht chun bheith, ina úinéir nó ina húinéir ar an bhfeithicil ar an gconradh a chomhlíonadh, do scor de bheith i dteideal shochar an chonartha gan teacht chun bheith ina úinéir nó ina húinéir ar an bhfeithicil, ansin déanfar neamhshuim den chaiteachas sin, sa mhéid go mbaineann sé leis an bhfeithicil, chun críocha Chaibidil 2 de Chuid 9, agus le linn an méid (más ann) is incheadaithe mar a luaitear in alt 375 a chinneadh.

(3) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (2), déileálfar leis na híocaíochtaí go léir a rinneadh faoin gconradh chun críocha cánach (lena n-áirítear go háirithe chun críocha alt 380M) mar chaiteachas a tabhaíodh ag fruiliú na feithicle ar shlí seachas trí fhruilcheannach.

(4) Más faoi chonradh fruilcheannaigh a thógfaidh an duine a bheidh ag soláthar na feithicle í, ansin, le linn na híocaíochtaí faoin gconradh a chionroinnt idir an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar na feithicle agus aon chaiteachas eile, déileálfar le cibé cion de na híocaíochtaí sin a bheidh ar cóimhéid leis an bpraghas ab inmhuirir, tráth déanta an chonartha, ar an duine a bheadh ag soláthar na feithicle dá mbeadh sé á fáil ar glandíol, mar chaiteachas caipitiúil den sórt sin.

Gluaisteáin: forálacha i gcás fruilitheoir do theacht chun bheith ina úinéir nó ina húinéir.

380O.— Má thagann duine a rinne feithicil lena mbaineann an Chuid seo a fhruiliú (ar shlí seachas trí fhruilcheannach) chun bheith ina úinéir nó ina húinéir ar an bhfeithicil dá éis sin, ansin, chun críocha na nAchtanna Cánach (agus go háirithe ailt 380L agus 380M)—

(a) déileálfar le cibé cion de chomhiomlán na n-íocaíochtaí i leith fhruiliú na feithicle agus aon íocaíochta chun an fheithicil a fháil nach mó ná praghas miondíola na feithicle tráth a déanta mar chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar na feithicle, agus mar chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh nuair a thosaigh an fruiliú, agus

(b) déanfar na híocaíochtaí a ndéileálfar leo mar chaiteachas ar fhruiliú na feithicle a laghdú go rátúil ionas go mbeidh an comhiomlán ar aon mhéid leis an iarmhéid.

Forálacha d’fhorlíonadh ailt 380L go 380O.

380P.— (1) Ní bheidh feidhm ag ailt 380L agus 380M, ag fo-ailt (2) agus (3) d’alt 380N agus ag alt 380O i gcás ina mbeidh feithicil arna soláthar nó ar fruiliú, go hiomlán nó go formhór, lena fruiliú chuig daoine den phobal nó chun daoine den phobal a iompar, i ngnáthchúrsa trádála.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 380L, ag fo-ailt (2) agus (3) d’alt 380N ná ag alt 380O i ndáil le feithicil a sholáthróidh duine is monaróir feithicle lena mbaineann an Chuid seo, nó is monaróir páirteanna nó gabhálas d’fheithicil den sórt sin, má shuíonn an duine gur soláthraíodh an fheithicil d’aon toisc chun tástáil a dhéanamh ar an bhfeithicil nó ar pháirteanna nó gabhálais don fheithicil sin; ach más rud é, le linn na tréimhse 5 bliana dar tosach an tráth a soláthraíodh an fheithicil, go mbaineann an duine sin úsáid aisti, go feadh aon mhéid shubstaintiúil, ar mhodh nach bhfreastalaíonn don chuspóir sin amháin, measfar nach raibh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil leis an bhfeithicil.

(3) (a) Déanfar na measúnachtaí breise sin go léir agus na coigeartuithe breise sin go léir ar mheasúnachtaí is gá chun fo-ailt (2) agus (3) d’alt 380N, alt 380O agus fo-alt (2) a chur chun feidhme, agus féadfar aon mheasúnachtaí breise den sórt sin nó aon choigeartuithe breise den sórt sin ar mheasúnachtaí a dhéanamh aon tráth.

(b) I gcás báis duine a thiocfadh, murach gur éag sé nó sí, faoi fho-ailt (2) agus (3) d’alt 380N, faoi alt 380O agus faoi fho-alt (2), chun bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim d’aon bhliain, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a seiceadóirí nó ar a riarthóirí agus beidh sí ina fiach a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát nó as a heastát.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le caiteachas arna thabhú ar sholáthar nó ar fhruiliú feithicle an 1 Iúil 2008 nó dá éis.

Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

32 .— (1) Leasaítear alt 481 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) trí “31 Nollaig 2012” a chur in ionad “31 Nollaig 2008” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” ,

(b) i bhfo-alt (2)(c) trí “€50,000,000” a chur in ionad “€35,000,000”,

(c) i bhfo-alt (8) trí “na bliana measúnachta 2012” a chur in ionad “na bliana measúnachta 2008”, agus

(d) i bhfo-alt (9) trí “na bliana measúnachta 2012” a chur in ionad “na bliana measúnachta 2008”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar alt 668 (diúscairtí éigeantacha beostoic) den Phríomh-Acht.

33 .— Leasaítear alt 668 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) trí “a bhaineann le bruisealóis i mbeostoc a scriosadh nó a rialú” i mír (a) den mhíniú ar “stoc lena mbaineann an t-alt seo” a scriosadh.

Leasú ar Sceideal 26A (deonacháin do chomhlachtaí ceadaithe, etc.) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

34 .— (1) Leasaítear Sceideal 26A a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 1 trí mhír 20 a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008.

Leasú ar alt 531 (íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe) den Phríomh-Acht.

35 .— (1) Leasaítear alt 531 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Faoi réir mhír (b), measfar nach príomhaí de chineál a shonraítear i bhfo-alt (1)(c) duine i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas—

(i) i gcomhlíonadh conartha iomchuí, go ndéanann an duine íocaíocht le fochonraitheoir d’aon toisc i dtaca le hoibríochtaí foirgníochta a sheoltar i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh nó i dtalamh nó ar thalamh atá le húsáid nó le háitiú ag an duine sin nó ag fostaithe an duine sin, agus

(ii) nach seolann an duine gnó den chineál a luaitear i bhfo-alt (1)(b)(i).

(b) I gcás gur príomhaí de chineál a shonraítear i bhfo-alt (1)(c) duine de bhíthin go bhfuil an duine sin bainteach le cuideachta a sheolann gnó den chineál a luaitear i bhfo-alt (1)(b)(i), ní bheidh feidhm ag mír (a) ach amháin más rud é, i dteannta na gcoinníollacha a shonraítear sa mhír sin, gur cuideachta an duine sin.”,

agus

(b) i bhfo-alt (6)(b)(i) trí “(seachas i gcás ina dtagann duine de na daoine sin faoi réim aicme nó aicmí daoine a bheidh sonraithe sna rialacháin)” a chur isteach i ndiaidh “na daoine a bheartaíonn conradh iomchuí a dhéanamh”.

(2) Tá éifeacht le fo-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 110 (urrúsú) den Phríomh-Acht.

36 .— (1) Leasaítear alt 110 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) sa mhíniú ar “sócmhainn cháilitheach” trí “(lena n-áirítear leas comhpháirtíochta)” a chur isteach i ndiaidh “leas”,

(b) sa mhíniú ar “sócmhainn airgeadais”—

(i) i mír (g) trí “agus” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé agus i mír (h) trí “ionstraimí inaistrithe,” a chur in ionad “ionstraimí inaistrithe;” agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus

(j) conarthaí le haghaidh árachais agus conarthaí le haghaidh athárachais;”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sócmhainn airgeadais”:

“ciallaíonn ‘lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa’ lamháltas, cead, ceadúnas nó ceart chun méid sonraithe dé-ocsaíde carbóin nó aon gháis ceaptha teasa eile, mar a mhínítear i dTreoir 2003/87/CE an 13 Deireadh Fómhair 2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE an 24 Meán Fómhair 1996 ón gComhairle 12 , a astú le linn tréimhse sonraithe i gcás ina n-eisíonn Stát nó foras idir-rialtasach nó osnáisiúnta an lamháltas, an cead, an ceadúnas nó an ceart sin de bhun scéime—

(a) lena bhforchuirtear teorainneacha ar astú gás ceaptha teasa den sórt sin, agus

(b) lena gceadaítear lamháltais, ceadanna, ceadúnais nó cearta den sórt sin a aistriú ar luach;”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Cúlchistí comhionannaithe le haghaidh gnó árachais agus athárachais creidmheasa de chuid cuideachtaí.

37 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 6 de Chuid 4 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 81A:

“81B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ Rialacháin um Athárachú ’ Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athárachú) 2006 (I.R. Uimh. 380 de 2006);

ciallaíonn ‘ rialacha iomchuí ’ na rialacha mar atá leagtha amach i bpointe D, arna chur isteach le Treoir 87/343/CEE an 22 Meitheamh 1987 ón gComhairle13 , den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle 73/239/CEE dar dáta an 24 Iúil 1973 14 .

(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, cuirfear i gcuntas go hiomlán gach méid de réir na rialacha i bhfo-alt (3) le linn aon ríomh a dhéanamh, chun críocha Chás I de Sceideal D, ar na brabúis nó na gnóchain d’aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta árachais arbh é a gnó, nó cuid dá gnó, aon tráth, gnó ar ceanglaíodh cúlchiste comhionannaithe a bhunú agus a chothabháil ina leith de bhua Rialachán 24 de na Rialacháin um Athárachú.

(3) Is iad seo a leanas na rialacha a shonraítear san fho-alt seo—

(a) go mbeidh méideanna, a ndéantar, de réir na rialacha iomchuí, iad a aistriú isteach sa chúlchiste comhionannaithe i leith ghnó na cuideachta i dtréimhse, inasbhainte sa tréimhse sin,

(b) go ndéileálfar le méideanna, a ndéantar, de réir na rialacha iomchuí, iad a aistriú amach as an gcúlchiste i leith ghnó na cuideachta i dtréimhse, mar fháltais de chuid an ghnó sin sa tréimhse sin, agus

(c) go dtoimhdeofar, maidir leis na haistrithe sin go léir a cheanglaítear leis na Rialacháin um Athárachú a dhéanamh isteach sa chúlchiste nó amach as an gcúlchiste i leith ghnó na cuideachta d’aon tréimhse, go ndéantar iad de réir mar a cheanglaítear.

(4) Más rud é, maidir le cuideachta árachais ag a bhfuil aon ghnó a gceanglaítear, de bhua Rialachán 24 de na Rialacháin um Athárachú, cúlchiste comhionannaithe a chothabháil ina leith, go scoirfidh sí de thrádáil—

(a) measfar aon iarmhéid atá sa chúlchiste an tráth sin chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide a bheith aistrithe amach as an gcúlchiste díreach sula scoireann an chuideachta de thrádáil, agus

(b) measfar an t-aistriú amach sin a bheith ina aistriú i leith ghnó na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta ina scoireann an chuideachta agus gur ceanglaíodh an t-aistriú amach sin a dhéanamh de bhua na Rialachán um Athárachú.

(5) Maidir le haon aistriú iarbhír nó aon aistriú a thoimhdeofar a bheith déanta de réir na Rialachán um Athárachú ar aon mhéid isteach i gcúlchiste comhionannaithe, a mhéid atá sé inchurtha síos do shocruithe arna ndéanamh go hiomlán nó go formhór chun críocha cánach—

(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir leis an aistriú sin, agus

(b) déanfar neamhshuim ar dhéanamh an aistrithe le linn cinneadh a dhéanamh, chun críocha na nAchtanna Cánach, an bhfuil, agus cá mhéad atá, aon cheanglas ann ina dhiaidh sin chun aistriú a dhéanamh isteach sa chúlchiste nó amach as an gcúlchiste de réir na Rialachán um Athárachú,

agus tá feidhm ag an bhfo-alt seo is cuma an páirtí sna socruithe an chuideachta árachais atá i gceist.

(6) Chun críocha an ailt seo, tá aistriú méid isteach i gcúlchiste comhionannaithe inchurtha síos do shocruithe arna ndéanamh go hiomlán nó go formhór chun críocha cánach sa mhéid, maidir leis na socruithe a bhfuil an t-aistriú inchurtha síos dóibh, gur socruithe iad —

(a) arb é an t-aon chuspóir nó an príomhchuspóir atá leo, nó

(b) arb é t-aon sochar nó an príomhshochar a bhféadfaí, ar leith ó fho-alt (7), a bheith ag súil a d’fhabhródh uathu,

aon dliteanas i leith cánach a laghdú de bhua an ailt seo.

(7) Más rud é—

(a) maidir le haon aistriú a dhéanfar isteach i gcúlchiste comhionannaithe, nó amach as cúlchiste comhionannaithe, arna chothabháil ag cuideachta árachais, go ndéantar é de réir na Rialachán um Athárachú i leith gnó a sheolann an chuideachta sin thar tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse chomhionannaithe’ san fho-alt seo), agus

(b) go bhfuil codanna den tréimhse chomhionannaithe i dtréimhsí cuntasaíochta éagsúla,

ansin déanfar an méid a aistrítear a chionroinnt chun críocha an ailt seo idir na tréimhsí cuntasaíochta éagsúla sna comhréireanna a fhreagraíonn don líon laethanta sa tréimhse chomhionannaithe atá ar áireamh i ngach ceann de na tréimhsí cuntasaíochta sin.”.

(2) Meastar éifeacht a bheith leis an alt seo amhail ar an agus ón 15 Iúil 2006.

Leasú ar alt 730D (gnóchan a éiríonn as teagmhas inmhuirearaithe) den Phríomh-Acht.

38 .— (1) Leasaítear alt 730D den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2A)(b)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) (I) (A) go bhfuil brainse i stát eischósta bunaithe ag an gcuideachta árachais a thosaigh an polasaí saoil, agus

(B) go bhfuil an gealltanas arb ionannas dó an polasaí saoil sin cumhdaithe ag an mbrainse sin,

(II) (A) go ndéanann an chuideachta árachais a thosaigh an polasaí saoil an gnó ón Stát a fhrithgheallúint ar bhonn saoirse seirbhísí faoi Rialachán 50 de Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994) nó faoi shocrú comhionann i stát LEE, agus

(B) go bhfuil cónaí ar an sealbhóir polasaí i stát eischósta,

agus”,

agus

(b) trí fhomhír (ii) a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar Chaibidil 1A (gnóthais infheistíochta) de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

39 .— (1) Leasaítear Caibidil 1A de Chuid 27 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 739B(1) i mír (ccc) den mhíniú ar “teagmhas inmhuirearaithe” trí “i gcás nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí an ailt seo ar shlí eile an deireadh sin,” a chur isteach i ndiaidh “deireadh tréimhse iomchuí,”,

(b) in alt 739D—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (dd) trí “seachas mar thoradh ar ghnóchan a éiríonn as teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) in alt 739B(1),” a chur isteach i ndiaidh “teideal chun aonaid,”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (ddd):

“(ddd) i gcás inarb éard é an teagmhas inmhuirearaithe deireadh tréimhse iomchuí i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad—

(i) barrachas (más ann) luach an aonaid, gan féachaint d’aon mhéid cánach cuí (de réir bhrí alt 739E) a éireoidh leis sin, arna shealbhú ag an sealbhóir aonad lá an deiridh sin ar an méid iomlán a d’infheistigh an sealbhóir aonad sa ghnóthas infheistíochta chun an t-aonad a fháil, agus i gcás ina bhfuair an sealbhóir aonad an t-aonad ar shlí eile, is é an méid a infheistíodh amhlaidh chun an t-aonad sin a fháil luach an aonaid an tráth a fuair an sealbhóir aonad é, nó

(ii) i gcás ina mbeidh roghnú déanta ag an ngnóthas infheistíochta faoi fho-alt (5B), an méid a chinnfear faoin bhfo-alt sin, agus”,

(ii) i bhfo-alt (2A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) go dtarlaíonn teagmhas inmhuirearaithe i ndáil le gnóthas infheistíochta i leith sealbhóra aonad, agus”,

(iii) i bhfo-alt (3), i bhforléiriú C, trí “roimh an teagmhas inmhuirearaithe a fháil, arna laghdú d’aon mhéid den chéad cháin (de réir bhrí alt 739E(1A)(a)),” a chur in ionad “roimh an teagmhas inmhuirearaithe a fháil”,

(iv) i bhfo-alt (4), i bhforléiriú C, trí “roimh an teagmhas inmhuirearaithe a fháil, arna laghdú d’aon mhéid den chéad cháin (de réir bhrí alt 739E(1A)(a)),” a chur in ionad “roimh an teagmhas inmhuirearaithe a fháil”, agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5A):

“(5B) (a) Maidir leis an roghnú dá dtagraítear i mír (ddd) d’fho-alt (2), is roghnú neamh-inchúlghairthe é arna dhéanamh ag gnóthas infheistíochta maidir lena shealbhóirí aonad go léir an tráth a dhéantar an roghnú nó aon tráth eile agus is méid é an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A1 - A2

i gcás—

gurb é A1 luach an aonaid an 30 Meitheamh nó an 31 Nollaig, cibé acu is déanaí, roimh dháta an teagmhais inmhuirearaithe,

agus

gurb é A2—

(i) an méid iomlán a bheidh infheistithe sa ghnóthas infheistíochta ag an sealbhóir aonad chun an t-aonad a fháil, agus i gcás ina bhfuair an sealbhóir aonad an t-aonad ar shlí eile, is é an méid a infheistíodh amhlaidh chun an t-aonad sin a fháil luach an aonaid an tráth a fuair an sealbhóir aonad é, nó

(ii) i gcás gur tharla teagmhas inmhuirearaithe lena mbaineann mír (ccc) d’alt 739B(1) roimhe sin, luach an aonaid an 30 Meitheamh nó an 31 Nollaig, cibé acu is déanaí, roimh dháta an teagmhais is déanaí de na teagmhais inmhuirearaithe sin.

(b) Ar an gcéad ócáid a cheanglófar ar an ngnóthas infheistíochta gnóchan a ríomh maidir le sealbhóir aonad ar theagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) in alt 739B(1) do tharlú, agus—

(i) a ríomhfar an gnóchan de réir mhír (a), measfar go ndearna an gnóthas infheistíochta an roghnú a shonraítear sa mhír sin, nó

(ii) nach ríomhfar an gnóchan de réir mhír (a), ní dhéanfar roghnú faoi mhír (a).”,

(c) in alt 739E—

(i) i bhfo-alt (1A)—

(I) i mír (a)—

(A) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad an mhínithe ar “an chéad cháin”:

“ciallaíonn ‘an chéad cháin’, i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad, an cháin chuí ar ar tugadh cuntas agus a íocadh de réir alt 739F i leith teagmhais inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) den mhíniú ar ‘teagmhas inmhuirearaithe’ in alt 739B(1) i ndáil le gnóthas infheistíochta maidir leis an aonad, agus nach ndearnadh í a aisíoc;”,

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad an mhínithe ar “gnóchan nua”:

“ciallaíonn ‘gnóchan nua’ i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad, gnóchan dá dtagraítear in alt 739D(2A) maidir leis an aonad sin;”,

(II) i mír (b)—

(A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) I gcás inar mó an cion iomchuí sin ná an dara cáin sin, maidir le méid ar cóimhéid le méid an bharrachais—

(I) (A) íocfaidh an gnóthas infheistíochta é leis an sealbhóir aonad i leith an aonaid,

(B) déanfar é a áireamh i dtuairisceán faoi alt 739F(2), agus

(C) déileálfar leis mar mhéid is féidir a fhritháireamh in aghaidh cánach cuí is iníoctha ag an ngnóthas infheistíochta maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe sa tréimhse ar ina leith a thabharfar tuairisceán den sórt sin, nó in aon tréimhse dá éis sin,

(II) má roghnaíonn an gnóthas infheistíochta amhlaidh i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a íoc leis an sealbhóir aonad i leith an aonaid, ar éileamh ón sealbhóir aonad a fháil, ach sin sa chás amháin, díreach roimh an teagmhas inmhuirearaithe, maidir le luach an lín aonad de chuid an ghnóthais infheistíochta a ndéileálfaí leis, dá n-éireodh gnóchan, mar ghnóchan a d’éirigh don ghnóthas infheistíochta ar theagmhas inmhuirearaithe do tharlú, nach mó é ná 15 faoin gcéad de luach líon iomlán na n-aonad de chuid an ghnóthais infheistíochta an tráth sin,

agus i gcás ina mbeidh an gnóthas infheistíochta tar éis a chur in iúl don sealbhóir aonad, i scríbhinn, go bhfuil feidhm ag clásal (II) agus i gcás ina mbeidh sé tar éis an fhaisnéis riachtanach a sholáthar don sealbhóir aonad chun a chumasú an t-éileamh a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, ansin measfar an roghnú a shonraítear sa chlásal sin a bheith déanta ag an ngnóthas infheistíochta; in aon chás eile, ní dhéanfar an roghnú faoin gclásal sin.”,

agus

(B) trí fhomhír (iii) a scriosadh,

(ii) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-alt (2A), tabharfaidh gnóthas infheistíochta” a chur in ionad “Tabharfaidh gnóthas infheistíochta”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le teagmhas inmhuirearaithe lena mbaineann mír (ccc) in alt 739B más rud é—

(i) díreach roimh an teagmhas inmhuirearaithe, maidir le luach líon na n-aonad sa ghnóthas infheistíochta, nó má tá bratscéim san fhochiste lena mbaineann, a ndéileálfaí le haon ghnóchain a éiríonn ina leith mar ghnóchain a éiríonn don ghnóthas infheistíochta, nó don fhochiste, de réir mar a bheidh, ar theagmhas inmhuirearaithe do tharlú, gur lú é ná 10 faoin gcéad de luach líon iomlán na n-aonad sa ghnóthas infheistíochta nó san fhochiste, de réir mar a bheidh, an tráth sin, agus

(ii) go mbeidh roghnú déanta ag an ngnóthas infheistíochta, i scríbhinn, chuig na Coimisinéirí Ioncaim á rá go ndéanfaidh sé, i leith gach bliana measúnachta, ráiteas (lena n-áirítear, más amhlaidh atá an cás, ráiteas ar mhéid nialais) a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i bhformáid leictreonach a bheidh ceadaithe acu, an 31 Márta nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana measúnachta, ar ráiteas é ina sonrófar na nithe seo a leanas i leith gach duine is sealbhóir aonad—

(I) ainm agus seoladh an duine,

(II) luach na n-aonad ag deireadh na bliana measúnachta i gcás na n-aonad a bhfuil an duine ina dteideal an tráth sin, agus

(III) cibé faisnéis eile a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(b) I gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a),

(i) cuirfidh an gnóthas infheistíochta in iúl i scríbhinn don sealbhóir aonad lena mbaineann go bhfuil feidhm ag mír (a),

(ii) déanfaidh an gnóthas infheistíochta lena mbaineann an ráiteas a shonraítear i mír (a)(ii) a thabhairt de réir na míre sin, agus

(iii) measfar gur duine inmhuirearaithe, chun críocha ailt 951 agus 1084, an sealbhóir aonad don tréimhse inmhuirearaithe sin, agus beidh na sonraí seo a leanas san áireamh sa tuairisceán ar ioncam atá le seachadadh ag an duine don tréimhse inmhuirearaithe sin:

(I) ainm agus seoladh an ghnóthais infheistíochta, agus

(II) na gnóchain a éiríonn as an teagmhas inmhuirearaithe.”,

(d) in alt 739G tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás ina n-éiríonn gnóchan as teagmhas inmhuirearaithe lena mbaineann mír (ccc) in alt 739B(1), agus nach bhfuil feidhm ag alt 739E(2) maidir leis an teagmhas inmhuirearaithe sin de bhua fho-alt (2A) den alt sin, ansin, maidir leis an an ngnóchan sin—

(a) déileálfar leis, chun críocha na nAchtanna Cánach, mar ghnóchan a éiríonn don sealbhóir aonad, ar gnóchan é arb é atá ann ná brabúis nó gnóchain atá inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D de réir an ráta a shonraítear in alt 739(1)(b), agus

(b) ní áireofar é le linn ioncam iomlán a ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach,

agus ní bheidh feidhm ag alt 188, ná ag na laghduithe a shonraítear i gCuid 2 den Tábla a ghabhann le halt 458, maidir leis an gcáin arna muirearú amhlaidh.”,

agus

(e) in alt 739H—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Chun críocha fho-alt (1), aon tagairt sa mhíniú ar ‘malartú’ do ghnóthas infheistíochta, folaíonn sí tagairt d’fhochiste de chuid bratscéime i gcás gur malartú idir 2 fhochiste nó níos mó de chuid bratscéimeanna éagsúla an malartú lena mbaineann.

(1B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) mura ndéanfar an malartú lena mbaineann ar chúiseanna tráchtála bona fide agus ní go príomha chun dliteanas cánachais a sheachaint.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní teagmhas inmhuirearaithe cealú seanaonad a éireoidh as malartú i ndáil le scéim athchóirithe nó chónasctha agus is é an méid a bheidh infheistithe ag sealbhóir aonad chun na haonaid nua a fháil, agus is é an dáta a fuarthas iad, chun críocha na Caibidle seo an méid a bheidh infheistithe ag an sealbhóir aonad chun na seanaonaid a fháil, agus an dáta a fuarthas na seanaonaid.”.

(2) (a) Beidh feidhm ag míreanna (a), (b), (c) agus (d) d’fho-alt (1) agus beidh éifeacht leo maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 739B(1) den Phríomh-Acht) a tharlóidh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

(b) Beidh feidhm ag mír (e) d’fho-alt (1) agus beidh éifeacht leis maidir le haon mhalartú (de réir bhrí alt 739H(1) den Phríomh-Acht) i ndáil le scéim athchóirithe nó chónasctha a tharlóidh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 768 (liúntas le haghaidh fios feasa) den Phríomh-Acht.

40 .— (1) Leasaítear alt 768 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Más rud é—

(a) go bhfaighidh duine trádáil nó cuid de thrádáil agus, i dteannta na trádála nó an chuid den trádáil, fios feasa a úsáidtear sa trádáil nó sa chuid den trádáil, nó

(b) (i) go bhfaighidh duine trádáil nó cuid de thrádáil, agus

(ii) go bhfaighidh duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an duine fios feasa a úsáidtear sa trádáil nó sa chuid den trádáil,

ansin ní lamhálfar aon mhéid a asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais a tabhaíodh leis an bhfios feasa a fháil.

(3A) Déanfar an méid a lamhálfar a asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais a thabhaigh duine ar fhios feasa a theorannú don mhéid a tabhaíodh go hiomlán agus go heisiach le fios feasa a fháil ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nár tabhaíodh mar chuid de scéim nó de shocrú arb é an príomhchuspóir, nó ar ceann de na príomhchuspóirí, atá léi nó leis cáin a sheachaint.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, i ndáil le héileamh ó dhuine go lamhálfar caiteachas a asbhaint de réir fho-alt (2)—

(i) dul i gcomhairle le haon duine (dá ngairtear ‘saineolaí’ san fho-alt seo) is dóigh leo a d'fhéadfadh cabhrú leo a fháil amach a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin ar fhios feasa, agus

(ii) d’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó srian eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear leis na hAchtanna Cánach seo, nó fúthu, nó le haon reacht eile, nó faoi, nó ar shlí eile, ach faoi réir mhír (b), aon sonra in éileamh an duine faoin alt seo a nochtadh a mheasfaidh siad is gá i gcomhair na comhairle sin.

(b) (i) Sula nochtfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis d’aon saineolaí faoi mhír (a), cuirfidh siad i bhfios don duine—

(I) céannacht an tsaineolaí a bhfuil sé ar intinn acu dul i gcomhairle leis nó léi, agus

(II) an fhaisnéis atá ar intinn acu a nochtadh don saineolaí.

(ii) I gcás ina suífidh an duine chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim (nó ar achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc) go bhféadfaí dochar a dhéanamh do thrádáil an duine dá ndéanfaí an fhaisnéis sin a nochtadh don saineolaí sin, ansin ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an nochtadh sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321(2) den Phríomh-Acht) dar críoch an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Caiteachas lena ngabhann coireacht.

41 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 83:

“83A.— (1) Le linn aon ioncam is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal D a ríomh, ní dhéanfar aon asbhaint i leith aon chaiteachais a tabhaíodh—

(a) le linn íocaíocht, arb éard é a déanamh cion coiriúil a dhéanamh, a dhéanamh, nó

(b) le linn íocaíocht a dhéanamh lasmuigh den Stát i gcás gur chion coiriúil íocaíocht chomhréireach a dhéanamh sa Stát.

(2) Ní dhéanfar aon chaiteachas a shonraítear i bhfo-alt (1) a áireamh le linn aon chaiteachais bhainistíochta a ríomh a bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith faoi na hAchtanna Cánach.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321(2) den Phríomh-Acht) dar críoch an 31 Eanáir 2008, nó dá éis.

Aistrithe áirithe sócmhainní idir cuideachtaí.

42 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 615(2)(a)—

(i) i bhfomhír (ii), trí “roimh an tráth sin,” a chur in ionad “roimh an tráth sin, agus”, agus i bhfomhír (iii), trí “an ghnó), agus” a chur in ionad “an ghnó),” agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii):

“(iv) nach cuideachta infheistíochta údaraithe (de réir bhrí Chuid XIII d’Acht na gCuideachtaí 1990), ar gnóthas infheistíochta é (de réir bhrí alt 739B), an chuideachta a fhaigheann na sócmhainní,”,

agus

(b) in alt 617(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) maidir leis an gcuideachta eile—

(i) go bhfuil cónaí uirthi sa Stát tráth na diúscartha nó gur sócmhainn inmhuirearaithe an tsócmhainn i ndáil leis an gcuideachta sin díreach tar éis an trátha sin, agus

(ii) nach cuideachta infheistíochta údaraithe (de réir bhrí Chuid XIII d’Acht na gCuideachtaí 1990) í, ar gnóthas infheistíochta é (de réir bhrí alt 739B),”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haistriú, nó de réir mar a bheidh maidir le diúscairt, an 18 Feabhra 2008 nó dá éis.

3IO Uimh. C292, an 1 Nollaig 2006, lch. 11.

4IO Uimh. L63, an 28 Feabhra 2004, lch. 22.

5IO Uimh. C194, an 18 Lúnasa 2006, lch. 2.

6IO Uimh. C 54, an 4 Márta 2006, lch.13

7IO Uimh. C292, an 1 Nollaig 2006, lch.11

8IO Uimh. L233, an 15 Lúnasa 2006, lch. 1

9IO Uimh. L375, an 31 Nollaig 1980, lch. 36

10IO Uimh. L42, an 23 Feabhra 1970, lch. 1

11IO Uimh. L 275, 25 Deireadh Fómhair 2003, lch 32

12IO Uimh. L 257, 10 Deireadh Fómhair 1996, lch 26

13IO Uimh. L185, an 4 Iúil 1987, lch 72

14IO Uimh. L228, an 16 Lúnasa 1973, lch 3