|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Acht na bPasanna 2008) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Pasanna agus Deimhnithe Taistil Éigeandála ) |
Acht na bPasanna 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1 .— (1) Féadfar Acht na bPasanna 2008 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |
Mínithe. |
2 .— San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht um Chosaint Sonraí 1988; | |
[EN] | ciallaíonn “iarratasóir”, i ndáil le hiarratas ar phas, an duine a n-eiseofar an pas ina ainm nó ina hainm má dheonaítear an t-iarratas; | |
[EN] | tá le “sonraí uathoibrithe” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988; | |
[EN] | ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí uathoibrithe arb é atá iontu faisnéis— | |
[EN] | (a) a bhaineann le tréithe sainiúla coirp atá ag duine, agus | |
[EN] | (b) a bhféadfadh toisí tréithe den sórt sin a bheith san áireamh inti, | |
[EN] | agus a fhéadfar a phróiseáil chun céannacht an duine lena mbaineann na sonraí a fhíorú; | |
[EN] | ciallaíonn “deimhniú breithe”— | |
[EN] | (a) doiciméad arna eisiúint faoi alt 13(4) den Acht um Chlárú Sibhialta 2004 i leith taifid i gclár na mbreitheanna, | |
[EN] | (b) cóip dheimhnithe de thaifead sa Chlár d’Uchtleanaí arna choimeád faoi alt 22 den Acht Uchtála 1952 ar cóip í a eiseofar faoi fho-alt (11) den alt sin, | |
[EN] | (c) doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó sa chlár breitheanna coigríche, ar leabhar é, agus ar clár é, a choimeádtar faoi alt 27 d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956, agus ar doiciméad é atá fíordheimhnithe go cuí mar dhoiciméad den sórt sin, | |
[EN] | (d) doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i gClár na nUchtálacha Coigríche arna eisiúint faoi alt 6(7) den Acht Uchtála 1991, nó | |
[EN] | (e) doiciméad arna eisiúint de réir córais shibhialta cláraithe breitheanna san áit ina dtarlaíonn an bhreith; | |
[EN] | ciallaíonn “leanbh” duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois seachas duine atá nó a bhí pósta; | |
[EN] | tá le “sonraí” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988; | |
[EN] | déanfar “deimhniú taistil éigeandála” a fhorléiriú de réir alt 15; | |
[EN] | ciallaíonn “caomhnóir”, i ndáil le leanbh, duine— | |
[EN] | (a) is caomhnóir de chuid an linbh de bhun an Achta um Chaomhnóireacht Naíon 1964, nó | |
[EN] | (b) a cheaptar mar chaomhnóir de chuid an linbh— | |
[EN] | (i) trí ghníomhas nó uacht, nó | |
[EN] | (ii) le hordú ó chúirt sa Stát, | |
[EN] | agus nár cuireadh as oifig; | |
[EN] | ciallaíonn “ saoránach Éireannach ” duine— | |
[EN] | (a) is saoránach Éireannach faoi Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 go 2004, nó | |
[EN] | (b) a fhaigheann saoránacht Éireann faoi na hAchtanna sin nó faoi aon achtachán eile; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Gnóthaí Eachtracha; | |
[EN] | ciallaíonn “pas” pas arna eisiúint, nó a mheastar faoi alt 27(1) a bheith arna eisiúint, faoin Acht seo; | |
[EN] | forléireofar “oifigeach achomhairc pas” de réir alt 19; | |
[EN] | tá le “sonraí pearsanta” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 4; | |
[EN] | tá le “ próiseáil ”, maidir le próiseáil faisnéise nó sonraí nó i ndáil leis sin, an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988. | |
Fógraí a sheirbheáil. |
3 .— I gcás ina gceanglaítear fógra a chur chuig duine, nó a thabhairt do dhuine, faoin Acht seo, déanfar é a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm agus féadfar é a chur chuige nó chuici nó a thabhairt dó nó di ar cheann de na slite seo a leanas: | |
[EN] | (a) trína sheachadadh ar an duine; | |
[EN] | (b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh comhfhreagrais a bhaineann leis an iarratas ar an bpas lena mbaineann tugtha don Aire, ag an seoladh sin; | |
[EN] | (c) trína chur leis an bpost chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh comhfhreagrais a bhaineann leis an iarratas ar an bpas lena mbaineann tugtha don Aire, chuig an seoladh sin. | |
Rialacháin. |
4 .— (1) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú. | |
[EN] | (2) Maidir le rialacháin faoin Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán. | |
[EN] | (3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
Caiteachas. |
5 .— (1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |