|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Pasanna agus Deimhnithe Taistil Éigeandála ) |
Acht na bPasanna 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 3 Ilghnéitheach | |
Leasú ar an Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993. |
28 .— Leasaítear an tAcht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993— | |
[EN] | (a) in alt 1, trí na mínithe seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘ aon oifigeach don Aire ’ duine (cibé acu is státseirbhíseach é nó í nó nach ea) a chomhlíonann feidhmeanna mar oifigeach don Aire sa Stát nó in aon tír nó áit lasmuigh den Stát; | |
[EN] | folaíonn ‘ doiciméid taistil ’ Doiciméad Taistil an Aontais Eorpaigh arna eisiúint de réir Chinneadh an 25 Meitheamh 1996 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, i ndáil chomhairle dóibh sa Chomhairle, maidir le doiciméad taistil éigeandála a bhunú (96/409/CFSP)1 ;”, | |
[EN] | (b) in alt 2, trí “maidir le haon oifigeach don Aire a chomhlíonann feidhmeanna mar oifigeach don Aire i ndáil le seirbhísí consalachta a thabhairt, nó le pasanna, víosaí, nó doiciméid eile taistil, a eisiúint” a chur in ionad “maidir le haon oifigeach don Aire arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina dhuine lena mbaineann ailt 3 (seachas fo-alt (2) den alt sin) agus 4 den Acht seo”, agus | |
[EN] | (c) in alt 3— | |
[EN] | (i) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2): | |
[EN] | “(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh lena socraítear na táillí a bheidh le gearradh i leith cibé seirbhísí a shonraítear sna rialacháin, eadhon— | |
[EN] | (a) seirbhísí consalachta, nó seirbhísí a bhaineann le pasanna, víosaí, nó doiciméid eile taistil, nuair is duine lena mbaineann alt 2 den Acht seo a dhéanann iad a thabhairt, agus | |
[EN] | (b) duine a chur faoi aon mhionn, aon mhionnscríbhinn a thógáil, nó aon ghníomh nótaireachta a dhéanamh, a bheidh údaraithe le halt 5 den Acht seo, nuair is daoine lena mbaineann an t-alt sin a dhéanann an duine a chur faoi mhionn, an mhionnscríbhinn a thógáil, nó an gníomh nótaireachta. | |
[EN] | (2) Féadfar na táillí a shocraítear le rialacháin faoin alt seo a ghearradh laistigh den Stát nó lasmuigh de, de réir mar is cuí.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(3A) Féadfar le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo táillí éagsúla a shocrú lena ngearradh i leith seirbhísí éagsúla agus i leith aon seirbhíse den sórt sin a sholáthraítear in imthosca éagsúla.”. | |