Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear )

6 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2008


AN tACHT ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH (LEASÚ) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Gan feidhm a bheith ag an Assurance Companies Act 1909, etc.

3 . Leasú ar alt 2 d’Acht 1994.

4 . Leasú ar alt 10 d’Acht 1994.

5 . Leasú ar alt 12 d’Acht 1994.

6 . Leasú ar alt 2 d’Acht 1996.

7 . Feidhmeanna breise an Bhoird.

8 . Féadfaidh an Bord fochuideachtaí a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil d’fhonn feidhmeanna a chomhlíonadh seachas feidhmeanna atá eisiata ón alt.

9 . An lá aistrithe.

10 . Féadfaidh an Bord fochuideachta a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil chun gnó scéimeanna árachais sláinte agus scéimeanna árachais sláinte-choibhneasa a aistriú chuig an bhfochuideachta sin.

11 . Talamh agus maoin eile a aistriú.

12 . Cearta agus dliteanais a aistriú, agus an Bord do bhuanú léasanna, ceadúnas agus ceadanna.

13 . Dliteanas i leith caillteanais etc. a tharla roimh an lá aistrithe.

14 . Forálacha d’fhorlíonadh ailt 9 go 13.

15 . An lá aistrithe foirne.

16 . Foireann a aistriú.

17 . Féadfaidh an Bord fochuideachtaí a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil d’fhonn feidhmeanna dá dtagraítear in alt 7(c) a chomhlíonadh.

18 . Tuarascáil chuig an Údarás Iomaíochta.

19 . An Bord agus fochuideachtaí d’fháil iasachtaí.

20 . Orduithe.

21 . Aisghairm.

22 . Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

Assurance Companies Act 1909

9 Edw. 7, c. 49

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003

2003, Uimh. 12

An tAcht Árachais Sláinte (Leasú) 2001

2001, Uimh. 17

An tAcht Árachais Sláinte 1994

1994, Uimh. 16

An tAcht Árachais 1989

1989, Uimh. 3

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005

An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997

1997, Uimh. 20

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001

2001, Uimh. 45

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007

An tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh (Leasú) 1996

1996, Uimh. 4

An tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957

1957, Uimh. 1

Na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2008


AN tACHT ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH (LEASÚ) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH 1957, AN ACHTA ÁRACHAIS SLÁINTE 1994, AN ACHTA ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH (LEASÚ) 1996, AN ACHTA ÁRACHAIS SLÁINTE (LEASÚ) 2001, DO THABHAIRT FEIDHMEANNA BREISE DON BHORD ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH, DO CHUMHACHTÚ DON BHORD FOCHUIDEACHTAÍ A FHOIRMIÚ AGUS A BHUNÚ NÓ A FHÁIL CHUN FEIDHMEANNA ÁIRITHE DE CHUID AN BHOIRD A CHOMHLÍONADH, D’FHONN A CHUR D’OIBLEAGÁID AR AN mBORD IARRATAS A DHÉANAMH GO nDEONÓFAÍ ÚDARÚ DON FHOCHUIDEACHTA IOMCHUÍ CHUN GNÓ ÁRACHAIS NEAMHSHAOIL A SHEOLADH, DO SHONRÚ CHUMHACHTAÍ AN BHOIRD AGUS NA bhFOCHUIDEACHTAÍ SIN CHUN IASACHTAÍ A FHÁIL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[15 Aibreán, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1994 ” an tAcht Árachais Sláinte 1994;

ciallaíonn “ Acht 1996 ” an tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh (Leasú) 1996;

ciallaíonn “ Acht 2001 ” an tAcht Árachais Sláinte (Leasú) 2001;

ciallaíonn “ dáta údaraithe ” an dáta a thiocfaidh an t-údarú (de réir bhrí Rialacháin 1994), arna dheonú don fhochuideachta iomchuí chun gnó árachais neamhshaoil a sheoladh, i ngníomh;

ciallaíonn “ Bord ” an Bord Árachais Sláinte;

tá le “ cuideachta ” an bhrí ata leis in Achtanna na gCuideachtaí;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Sláinte agus Leanaí;

ciallaíonn “ Rialacháin 1994 ” Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil) 1994 (I.R. Uimh. 359 de 1994);

déanfar “ fochuideachta iomchuí ” a fhorléiriú de réir alt 10 ;

déanfar “ fochuideachta seirbhísí ” a fhorléiriú de réir alt 16 ;

ciallaíonn “ lá aistrithe foirne ” an lá arna cheapadh faoi alt 15 chun bheith ina lá aistrithe foirne chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “ fochuideachta ” fochuideachta (de réir bhrí alt 155 d’Achtanna na gCuideachtaí) de chuid an Bhoird;

ciallaíonn “ gnó aistrithe ” an gnó dá dtagraítear in alt 10 (1);

ciallaíonn “ lá aistrithe ” an lá arna cheapadh faoi alt 9 chun bheith ina lá aistrithe chun críocha an Achta seo.

Gan feidhm a bheith ag an Assurance Companies Act 1909, etc.

2 .— (1) Ní bheidh feidhm ag alt 13 den Assurance Companies Act 1909 maidir le haon chónascadh nó aistriú dá dtagraítear san alt sin agus a dhéantar, nó atá le déanamh, faoin Acht seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 36 (arna leasú le Cuid 8 de Sceideal 1 a ghabhann le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) den Acht Árachais 1989 maidir le haon chónascadh nó aistriú dá dtagraítear san alt sin agus a dhéantar, nó atá le déanamh, faoin Acht seo.

Leasú ar alt 2 d’Acht 1994.

3 .— Leasaítear alt 2(1) d’Acht 1994—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘Acht 2001’ an tAcht Árachais Sláinte (Leasú) 2001;”,

(b) sa mhíniú ar “conradh árachais sláinte” (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht 2001), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) conradh árachais, nó aon socrú eile árachais, arb é an cuspóir atá leis foráil a dhéanamh maidir le híocaíochtaí a dhéanamh go sonrach i ndáil le haisíocaíocht nó urscaoileadh a dhéanamh maidir le táillí nó muirir i leith seirbhísí ospidéil d’othar cónaithe nó seirbhísí iomchuí sláinte a sholáthar do dhaoine nó d’aon chleithiúnaithe de chuid aon duine acu agus ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas a bheith arna chomhlíonadh—

(i) níl gnáthchónaí ar na daoine sin ná ar aon chleithiúnaithe den sórt sin sa Stát, nó

(ii) i gcás cónaí sealadach a bheith ar aon duine de na daoine lena mbaineann an conradh nó an socrú sin sa Stát le linn ré an chonartha sin nó an tsocraithe sin—

(I) tá cónaí ar na daoine sin amhlaidh d’aon toisc chun a ndualgais mar fhostaithe a chomhall, agus

(II) is ionann líon na ndaoine sin—

(A) agus líon nach mó ná 20 faoin gcéad den líon iomlán daoine (seachas cleithiúnaithe dá gcuid) lena mbaineann an conradh nó an socrú sin, agus

(B) agus líon nach mó ná 20 duine den líon iomlán daoine atá fostaithe sa Stát ag an aon duine amháin;”,

agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘ íocaíocht slánaíochta othair cónaithe ’ aon íocaíocht arna déanamh de bhun conartha árachais sláinte ag gnóthas cláraithe chun aisíocaíocht nó urscaoileadh a dhéanamh, go hiomlán nó go páirteach, maidir le táillí nó muirir i leith seirbhísí ospidéil d’othar cónaithe a sholáthar.”.

Leasú ar alt 10 d’Acht 1994.

4 .— Leasaítear alt 10 (a cuireadh isteach le halt 13 d’Acht 2001) d’Acht 1994—

(a) i bhfo-alt (1), trí “Faoi réir fho-alt (3), maidir le conradh árachais sláinte arna dhéanamh ag gnóthas cláraithe” a chur in ionad “Maidir le conradh árachais sláinte arna dhéanamh ag gnóthas cláraithe (seachas conradh den sórt sin nach mbaineann ach amháin le seirbhísí sláinte iomchuí nó nach mbaineann ach amháin leis na muirir laethúla ospidéil phoiblí d’othar cónaithe) a ghearrtar faoi na Rialacháin Sláinte (Muirir d’Othair Chónaithe), 1987 (I.R. Uimh. 116 de 1987))”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le conradh árachais sláinte—

(a) más rud é, agus gan dochar do ghinearáltacht mhíreanna (a) go (d) den mhíniú ar ‘conradh árachais sláinte’ (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht 2001) in alt 2(1), nach ndéantar aon fhoráil le conradh den sórt sin, as féin nó arna fhorléiriú le haon conradh árachais sláinte eile ar conradh nasctha nó conradh gaolmhar é, maidir le híocaíochtaí slánaíochta othair cónaithe a dhéanamh, nó

(b) nach mbaineann ach amháin leis na muirir laethúla ospidéil phoiblí d’othar cónaithe a ghearrtar faoi na Rialacháin Sláinte (Muirir d’Othair Chónaithe), 1987 (I.R. Uimh. 116 de 1987).”.

Leasú ar alt 12 d’Acht 1994.

5 .— Leasaítear alt 12 (a cuireadh isteach le halt 9 d’Acht 2001) d’Acht 1994, i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) Gan dochar do ghinearáltacht mhíreanna (a) go (d) den mhíniú ar ‘conradh árachais sláinte’ (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht 2001) in alt 2(1), féadfaidh foráil a bheith i scéim á shonrú nach mbeidh feidhm ag an scéim maidir le cibé méid de ghníomhaíochtaí gnóthais chláraithe arb é atá ann ná conarthaí árachais sláinte a dhéanamh i gcás nach ndéantar aon fhoráil le conradh den sórt sin, as féin nó arna fhorléiriú le haon conradh árachais sláinte eile ar conradh nasctha nó conradh gaolmhar é, maidir le híocaíochtaí slánaíochta othair cónaithe a dhéanamh.”.

Leasú ar alt 2 d’Acht 1996.

6 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1996—

(a) i bhfo-alt (1), trí “, le toiliú an Aire,” a scriosadh agus trí “, leis an toiliú céanna,” a scriosadh,

(b) i bhfo-alt (2), trí “, le toiliú an Aire,” a scriosadh,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Faoi réir fho-alt (5A), seolfaidh an Bord a ghnó gach uile thráth ar shlí atá éifeachtach ó thaobh costais de agus atá éifeachtúil, agus, chun na críche sin, socróidh sé méid na suibscríobhanna, na bpréimheanna nó na muirear eile is iníoctha ag tairbhithe nó ina leith faoi scéimeanna faoin alt seo ionas gur leor, agus blianta a ghlacadh le chéile, an t-ioncam a eascraíonn as sin mar aon le hioncaim eile (más ann) de chuid an Bhoird, lena n-áirítear airgead arna chruinniú nó arna fháil ag an mBord chun na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) gach muirear agus costas a ghlanadh atá inmhuirearaithe go cuí ar a chuntas ioncaim agus caiteachais,

(b) ciste a fháil—

(i) faoi réir fhomhír (ii), roimh an 31 Nollaig 2008,

(ii) roimh cibé dáta is déanaí ná sin a cheapfaidh an tAire le hordú más rud é gur deimhin leis nó léi, agus sa chás sin amháin, go bhfuil cúis mhaith leordhóthanach ann chun déanamh amhlaidh,

ar ciste é is mó ná an ciste ráthaíochta íosta a cheanglaítear air a shealbhú de bhun Rialachán 13(1)(b) de Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil) 1994 (I.R. Uimh. 359 de 1994) chun a chumasú dó iarratas a dhéanamh ar údarú (de réir bhrí na Rialachán sin) a dheonú don fhochuideachta iomchuí (de réir bhrí alt 1 d’Acht 2008) chun gnó árachais neamhshaoil a sheoladh, agus

(c) dliteanais airgeadais an Bhoird (lena n-áirítear iasachtaí agus cíos ar an gcéanna a aisíoc) a urscaoileadh a eascróidh as comhlíonadh aon fheidhmeanna de chuid an Bhoird i ndáil le hairgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht.”,

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Chun an ciste dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(b) a fháil, féadfaidh an Bord aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) cúlchiste caipitil a fhabhrú;

(b) fo-iasachtaí a urrú;

(c) cuid dá ghnó árachais sláinte a athárachú;

(d) airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht de réir alt 19 d’Acht 2008;

(e) caipiteal arna sholáthar ag an Stát a lorg in éiric scaireanna i bhfochuideachta arna foirmiú agus arna bunú nó arna fáil de bhun Acht 2008;

(f) soláthar caipitil a lorg trí cibé modh eile a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.”,

agus

(e) i bhfo-alt (7), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘ Acht 2008 ’ an tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh (Leasú) 2008;”.

Feidhmeanna breise an Bhoird.

7 .— I dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar dó leis na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 1998, féadfaidh an Bord—

(a) scéimeanna a sheoladh chun seirbhísí a sholáthar nó seirbhísí a sholáthar (cibé acu mar phríomhaí nó mar ghníomhaire nó ar shlí eile) ar shlí eile ar seirbhísí iad i leith cúraim sláinte, árachais sláinte, árachais a bhaineann le breoiteacht, cúraim phearsanta nó gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear—

(i) gníomhaíochtaí de chineál comhairleach nó comhchomhairleach, agus

(ii) gníomhaíochtaí lena ngabhann saothrú na teicneolaíochta faisnéise nó soláthar comhairle i leith saothrú den sórt sin,

(b) scéimeanna a sheoladh, nó foráil nó socruithe a dhéanamh ar shlí eile, chun seirbhísí a sholáthar don Bhord, agus

(c) an dáta údaraithe nó dá éis—

(i) saoráidí liachta a fháil, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil,

(ii) gníomhú mar phríomhaí nó mar ghníomhaire nó ar shlí eile i leith pinsin agus seirbhísí airgeadais a sholáthar, agus

(iii) gabháil do cibé gníomhaíochtaí eile a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird.

Féadfaidh an Bord fochuideachtaí a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil d’fhonn feidhmeanna a chomhlíonadh seachas feidhmeanna atá eisiata ón alt.

8 .— (1) Féadfaidh an Bord, chun aon fheidhm nó feidhmeanna dá chuid a chomhlíonadh (seachas na feidhmeanna atá eisiata ón alt seo)—

(a) fochuideachta amháin nó níos mó a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil, agus

(b) scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina chomhalta de chuideachta.

(2) Chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1), féadfaidh an Bord nó fochuideachta dá dtagraítear san fho-alt sin, ina aonar nó i dteannta duine eile, foirmiú agus bunú nó fáil cuideachta a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh san fhoirmiú agus sa bhunú nó san fháil sin, nó comhfhiontar nó comhpháirtíocht a dhéanamh.

(3) Maidir le meabhrán agus airteagail chomhlachais fochuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) beidh siad i cibé foirm a bheidh i gcomhréir leis na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 2008 agus a chinnfidh an Bord.

(b) féadfaidh na cuspóirí agus na cumhachtaí sin uile a bheith san áireamh iontu is gá nó is cuí go réasúnach chun príomhchuspóirí na fochuideachta a bhaint amach go cuí, nó atá comhghabhálach nó coimhdeach leis an gcomhlíonadh sin, i gcomhréir leis na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 2008.

(4) San alt seo, ciallaíonn “feidhmeanna atá eisiata ón alt seo” aon fheidhmeanna dá dtagraítear in alt 2 d’Acht 1996 nó in alt 7 (c).

An lá aistrithe.

9 .— Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá aistrithe chun críocha an Achta seo.

Féadfaidh an Bord fochuideachta a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil chun gnó scéimeanna árachais sláinte agus scéimeanna árachais sláinte-choibhneasa a aistriú chuig an bhfochuideachta sin.

10 .— (1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 8 , féadfaidh an Bord fochuideachta amháin, agus gan ach fochuideachta amháin (“fochuideachta iomchuí”), a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil chun gnó scéimeanna árachais sláinte agus scéimeanna árachais sláinte-choibhneasa a sheolann an Bord de bhun alt 2 d’Acht 1996 a aistriú chuig an bhfochuideachta lá an aistrithe.

(2) Maidir le haistriú an ghnó dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhéantar faoin Acht seo beidh sé bailí i gcoinne sealbhóirí polasaithe, na ndaoine árachaithe agus aon duine eile ag a bhfuil cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as na polasaithe sannta.

(3) Beidh feidhm ag alt 8(3) maidir leis an bhfochuideachta iomchuí mar atá feidhm ag an alt sin maidir le fochuideachta dá dtagraítear in alt 8 (1).

Talamh agus maoin eile a aistriú.

11 .— (1) An lá aistrithe, an talamh uile a bhí dílsithe díreach roimh an lá sin don Bhord agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh, beidh siad, gan aon tíolacas ná sannadh, arna ndílsiú don fhochuideachta iomchuí i leith an eastáit nó an leasa uile sa chéanna a bhí dílsithe don Bhord díreach roimh an lá aistrithe ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh do leanúint de bheith ar marthain agus inchomhlíonta.

(2) An lá aistrithe, gach maoin, gan talamh a áireamh ach lena n-áirítear ábhair i gcaingean, a bhí, díreach roimh an lá sin, dílsithe don Bhord, beidh sí arna dílsiú don fhochuideachta iomchuí gan aon sannadh.

(3) Maidir le gach ábhar i gcaingean a dhílsítear don fhochuideachta iomchuí de bhua fho-alt (2), féadfaidh an fhochuideachta iomchuí, an lá aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don fhochuideachta iomchuí, ná don Bhord, fógra faoin dílsiú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt d’aon duine atá faoi cheangal leis an ábhar i gcaingean.

Cearta agus dliteanais a aistriú, agus an Bord do bhuanú léasanna, ceadúnas agus ceadanna.

12 .— (1) Faoi réir fho-alt (4), na cearta agus na dliteanais go léir de chuid an Bhoird a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a rinne sé roimh an lá aistrithe beidh siad, an lá sin, arna n-aistriú chuig an bhfochuideachta iomchuí.

(2) Gach ceart agus gach dliteanas a aistrítear chuig an bhfochuideachta iomchuí le fo-alt (1) féadfaidh an fhochuideachta iomchuí, an lá aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin nó féadfar, an lá sin nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú i gcoinne na fochuideachta ina hainm féin agus ní gá don fhochuideachta iomchuí, ná don Bhord, fógra a thabhairt don duine a bhfuil a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas á aistriú amhlaidh leis an aistriú sin.

(3) Gach léas, ceadúnas, cead slí nó cead arna dheonú ag an mBord i ndáil le talamh nó maoin eile arna dílsiú don fhochuideachta iomchuí leis an Acht seo nó faoi, agus atá i bhfeidhm díreach roimh an lá aistrithe, leanfaidh sé i bhfeidhm amhail is dá mba í an fhochuideachta iomchuí a dheonaigh é.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cearta agus dliteanais an Bhoird a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais dá dtagraítear san fho-alt sin i gcás gur idir an Bord agus comhalta d’fhoireann an Bhoird ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin (agus cibé acu an bhfuair nó nach bhfuair an comhalta an cumas sin ar an gconradh nó ar an ngealltanas a dhéanamh agus air sin amháin, de réir mar a bheidh) atá an conradh nó an gealltanas, de réir mar a bheidh.

Dliteanas i leith caillteanais etc. a tharla roimh an lá aistrithe.

13 .— (1) Maidir le haon éileamh i leith aon chaillteanais nó díobhála a líomhnaítear a bheith fulaingthe ag aon duine de dheasca chomhlíonadh fheidhmeanna an Bhoird roimh an lá aistrithe, déanfar, a mhéid a bhaineann siad leis an ngnó aistrithe, é a thabhairt, an lá sin nó dá éis, i gcoinne na fochuideachta iomchuí agus ní i gcoinne an Bhoird.

(2) Aon imeachtaí dlí atá ar feitheamh díreach roimh an lá aistrithe ar páirtí iontu an Bord, agus ar imeachtaí iad a bhaineann leis an ngnó aistrithe, leanfar díobh ach an fhochuideachta iomchuí a chur in ionad an Bhoird sna himeachtaí, a mhéid a bhaineann siad leis.

(3) Más rud é, roimh an lá aistrithe, go bhfuil comhaontú déanta idir na páirtithe lena mbaineann mar shocrú ar éileamh lena mbaineann fo-alt (1) agus nach bhfuil a chuid téarmaí curtha i ngníomh, nó go bhfuil breithiúnas tugtha in éileamh den sórt sin i bhfabhar duine ach nach bhfuil sé curtha i bhfeidhm, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, de réir mar a bheidh, a mhéid atá siad inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an Bhoird, inchurtha i bhfeidhm i gcoinne na fochuideachta iomchuí agus ní i gcoinne an Bhoird.

(4) Maidir le haon éileamh arna dhéanamh ag an mBord, nó is cuí don Bhord a dhéanamh, i leith aon chaillteanais nó díobhála a eascraíonn as gníomh nó as mainneachtain aon duine roimh an lá aistrithe, measfar, i gcás go mbaineann an t-éileamh leis an ngnó aistrithe, gur éileamh é arna dhéanamh ag an bhfochuideachta iomchuí nó is cuí don fhochuideachta iomchuí a dhéanamh agus féadfaidh an fhochuideachta iomchuí é a shaothrú agus agra a dhéanamh ina leith amhail is dá mba í an fhochuideachta iomchuí a d'fhulaing an caillteanas nó an díobháil, de réir mar a bheidh.

Forálacha d’fhorlíonadh ailt 9 go 13.

14 .— (1) Maidir le haon ní a thosófar agus nach gcríochnófar roimh an lá aistrithe le húdarás nó faoi údarás an Bhoird, féadfaidh an fhochuideachta iomchuí, a mhéid a bhaineann sé leis an ngnó aistrithe, leanúint ar aghaidh leis nó é a chríochnú an lá aistrithe nó dá éis.

(2) Maidir le gach doiciméad (lena n-áirítear aon deimhniú) arna dheonú nó arna dhéanamh, agus gach clár arna bhunú, i gcomhlíonadh feidhme de chuid an Bhoird a mhéid a bhaineann sé leis an ngnó aistrithe, beidh éifeacht leis, más rud é go raibh sé i bhfeidhm agus a mhéid a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh an lá aistrithe, an lá sin agus dá éis, amhail is dá mba rud é gur dheonaigh nó go ndearna, nó gur bhunaigh, de réir mar a bheidh, an fhochuideachta iomchuí é.

(3) Maidir le tagairtí don Bhord i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais aon chuideachta ar tagairtí iad a bhaineann leis an ngnó aistrithe, forléireofar iad, an lá aistrithe agus dá éis, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don fhochuideachta iomchuí.

(4) Maidir le haon airgead, stoic, scaireanna nó urrúis a aistrítear leis an Acht seo agus a bhí, díreach roimh an lá aistrithe, in ainm an Bhoird, déanfar, ar iarratas na fochuideachta iomchuí aon tráth an lá sin agus dá éis, iad a aistriú isteach ina hainm.

An lá aistrithe foirne.

15 .— Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá aistrithe foirne chun críocha an Achta seo.

Foireann a aistriú.

16 .— (1) An lá aistrithe foirne, beidh gach duine ar duine d’fhoireann an Bhoird é nó í díreach roimh an lá aistrithe foirne, arna n-aistriú—

(a) faoi réir mhír (b), chuig foireann na fochuideachta (más ann) arna foirmiú agus arna bunú nó arna fáil ag an mBord de réir alt 8 chun seirbhísí a sholáthar don Bhord agus d’aon cheann d’fhochuideachtaí an Bhoird (“fochuideachta seirbhísí”),

(b) chuig foireann cibé fochuideachta eile (“fochuideachta eile”), más ann, den Bhord a shonróidh an Bord i scríbhinn, chun críocha an lae sin, i leith an chomhalta foirne lena mbaineann nó i leith na haicme comhaltaí foirne lena mbaineann, de réir mar a bheidh.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, maidir le haon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní lú tairbhe dó nó di, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís na fochuideachta seirbhísí nó na fochuideachta eile, de réir mar a bheidh, na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair a mbeidh sé nó sí faoina réir ná na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá aistrithe foirne.

(3) I ndáil le daoine a aistrítear chuig an bhfochuideachta seirbhísí nó chuig an bhfochuideachta eile, de réir mar a bheidh, beidh seirbhís roimhe sin leis an mBord ináirithe chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007, an Achta um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997, na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005 agus na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh sna hAchtanna sin.

Féadfaidh an Bord fochuideachtaí a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil d’fhonn feidhmeanna dá dtagraítear in alt 7 (c) a chomhlíonadh.

17 .— (1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 8 , féadfaidh an Bord, an dáta údaraithe nó dá éis, chun aon fheidhm nó feidhmeanna dá chuid dá dtagraítear in alt 7 (c) a chomhlíonadh—

(a) fochuideachta amháin nó níos mó a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil, agus

(b) scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina chomhalta de chuideachta.

(2) Chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1), féadfaidh an Bord nó fochuideachta dá dtagraítear san fho-alt sin, ina aonar nó i dteannta duine eile, foirmiú agus bunú nó fáil cuideachta a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh san fhoirmiú agus sa bhunú nó san fháil sin, nó comhfhiontar nó comhpháirtíocht a dhéanamh.

(3) Maidir le meabhrán agus airteagail chomhlachais fochuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) beidh siad i cibé foirm a bheidh i gcomhréir leis na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 2008 agus a chinnfidh Bord, agus

(b) féadfaidh na cuspóirí agus na cumhachtaí sin uile a bheith san áireamh iontu is gá nó is cuí go réasúnach chun, nó atá comhghabhálach nó coimhdeach le, príomhchuspóirí na fochuideachta a bhaint amach go cuí, i gcomhréir leis na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 2008.

Tuarascáil chuig an Údarás Iomaíochta.

18 .— Tabharfaidh an Bord tuarascáil don Údarás Iomaíochta gach sé mhí agus tabharfar sonraí sa tuarascáil sin faoi fhigiúirí maidir lena chuid comhaltaí árachaithe.

An Bord agus fochuideachtaí d’fháil iasachtaí.

19 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an Bord nó fochuideachta airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní bheidh, aon tráth áirithe, comhiomlán an airgid a chruinneoidh nó a gheobhaidh an Bord agus fochuideachtaí ar iasacht faoin alt seo níos mó ná 10 faoin gcéad den phréimh iomlán a mhuirearaigh an Bord an bhliain airgeadais roimhe sin.

(3) Maidir leis an gcomhiomlán dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ní áireofar ann airgead arna chruinniú nó arna fháil ar iasacht chun ciste a fháil is mó ná an ciste ráthaíochta íosta a cheanglaítear ar an mBord a shealbhú de bhun Rialachán 13(1)(b) de Rialacháin 1994 chun a chumasú dó iarratas a dhéanamh ar údarú (de réir bhrí na Rialachán sin) a dheonú don fhochuideachta iomchuí chun gnó árachais neamhshaoil a sheoladh.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar, maidir le hairgead arna chruinniú nó arna fháil ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, gur coibhéis é in airgeadra an Stáit don airgead iarbhír a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta malairte don airgeadra sin agus d’airgeadra an Stáit an tráth a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht é, de réir mar a bheidh.

(5) Ní sholáthrófar ráthaíocht Stáit chun a chumasú don Bhord nó d’fhochuideachta airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht faoin alt seo nó faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 2008.

Orduithe.

20 .— Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi alt 2(5)(b)(ii) (arna chur isteach le halt 6(c)) d’Acht 1996 nó faoi alt 9 alt 15 , leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Aisghairm.

21 .— Déantar na hachtacháin a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal os coinne na huimhreach tagartha a shonraítear i gcolún (1) a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

22 .— (1) Féadfar an tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh (Leasú) 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 2008 a ghairm de na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh 1957 go 1998 agus den Acht seo le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.