An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Fianaise a Ghlacadh ) Ar Aghaidh (CUID 6 Foirmeacha Eile Cúnaimh )

7 2008

TODO

Caibidil 3

Fianaise maidir le céannú

Mínithe (>Caibidil 3).

76 .— Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “sampla colainne” aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) sampla d’fhuil, de ghruaig, d’fhual nó de sheile,

(b) ionga nó aon ábhar a fhaightear faoi ionga,

(c) sváb ó aon pháirt den chorp,

(d) lorg coise nó múnla dá shórt d’aon pháirt den cholainn, lena n-áirítear múnla déadach;

ciallaíonn “fiaclóir” duine a bhfuil a ainm nó a hainm arna thaifeadadh de thuras na huaire i gClár na bhFiaclóirí arna choimeád faoi Acht na bhFiaclóirí 1985;

ciallaíonn “dochtúir” duine a bhfuil a ainm nó a hainm arna thaifeadadh de thuras na huaire i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí arna bhunú faoi alt 26 d’Acht na Lia-Chleachtóirí 1978;

ciallaíonn “fianaise maidir le céannú” méarlorg, lorg dearna nó grianghraf duine nó sampla colainne ó dhuine agus folaíonn sé aon taifid ghaolmhara;

ciallaíonn “ altra ” duine a bhfuil a ainm nó a hainm arna thaifeadadh de thuras na huaire i gclár na n-altraí arna bhunú faoi alt 27 d’Acht na nAltraí 1985.

Fianaise maidir le céannú lena húsáid sa Stát.

77 .— (1) I gcás inar dealraitheach do bhreitheamh d’aon chúirt—

(a) go bhfuil imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh nó go bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh, agus

(b) go bhféadfar fianaise maidir le céannú chun críocha na n-imeachtaí nó an imscrúdaithe a fháil ó údarás i stát ainmnithe,

féadfaidh an breitheamh litir a eisiúint (“litir iarrata”) ina n-iarrtar cúnamh maidir leis an bhfianaise a fháil.

(2) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó duine atá arna chúiseamh nó arna cúiseamh in aon imeachtaí den sórt sin atá arna dtionscnamh iarratas a dhéanamh ar litir iarrata.

(3) Cuirfear an litir iarrata—

(a) chuig an Údarás Lárnach lena tarchur chuig an údarás cuí, nó

(b) i gcásanna práinneacha, go díreach chuig an údarás sin.

(4) D’ainneoin fho-ailt (1) go (3), i gcás imeachtaí mar gheall ar chion a bheith arna dtionscnamh nó cion a bheith á imscrúdú, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí litir iarrata a eisiúint agus a tharchur go díreach chuig an údarás cuí.

(5) Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa litir iarrata—

(a) ráiteas á rá go bhfuil an fhianaise ag teastáil chun críche imeachtaí coiriúla nó imscrúdaithe choiriúil agus go dtabharfar ar ais chuig an údarás cuí í nuair nach mbeidh sí ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin, mura rud é go gcuireann an t-údarás a mhalairt in iúl,

(b) tuairisc ghearr ar an iompar arb éard é an cion lena mbaineann, agus

(c) aon fhaisnéis eile atá ar fáil agus a d’fhéadfadh cabhrú leis an údarás cuí an iarraidh a chomhlíonadh.

(6) Maidir le fianaise a gheofar de bhua an ailt seo, ní dhéanfar, gan toiliú an údaráis chuí a fháil, í a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear sa litir iarrata.

(7) Nuair nach bhfuil aon fhianaise den sórt sin ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin (nó chun aon críche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), déanfar í a thabhairt ar ais don údarás cuí mura rud é go gcuireann an t-údarás in iúl nach gá í a thabhairt ar ais.

(8) In aon imeachtaí, tá doiciméad a airbheartaíonn—

(a) a bheith ina thuairisc ar ghlacadh na fianaise ar chéannú sa stát ainmnithe agus a bheith arna shíniú ag an duine a ghlac an fhianaise agus céim nó cáilíocht eile an duine sin a lua, nó

(b) a bheith ina thaifead ar an bhfianaise arna choimeád ag an údarás cuí agus arna dheimhniú ag an údarás cuí nó thar a cheann,

inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe atá luaite ann.

(9) San alt seo, ciallaíonn “ údarás cuí ” an t-údarás sa stát ainmnithe lena mbaineann ar dealraitheach don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ina leith go sealbhaíonn sé an fhianaise ar chéannú a iarradh nó go bhfuil an fheidhm aige a bhaineann leis an bhfianaise sin a fháil nó le socrú a dhéanamh chun í a fháil.

Fianaise maidir le céannacht lena húsáid lasmuigh den Stát.

78 .— Beidh an méid seo a leanas san áireamh in iarraidh ar fhianaise maidir le céannú a fháil lena húsáid i stát ainmnithe—

(a) ráiteas á rá go bhfuil an fhianaise ag teastáil i dtaca le himeachtaí coiriúla, nó imscrúdú coiriúil, sa stát sin, agus

(b) tuairisc ghearr ar an iompar arb éard é an cion.

Gníomhú tar éis iarraidh a fháil.

79 .— (1) Féadfaidh an tAire an iarraidh a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána i gcomhair an ghnímh is gá más deimhin leis nó léi—

(a) go gcomhlíonann sé alt 78 ,

(b) nach ndéanfar aon fhianaise maidir le céannú a thabharfar mar fhreagra ar an iarraidh a úsáid, gan toiliú an Aire, chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear san iarraidh, agus

(c) maidir leis an bhfianaise—

(i) go dtabharfaidh an t-údarás iarrthach ar ais í nuair nach mbeidh sí ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin (nó chun aon chríche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), mura rud é go gcuireann an tAire a mhalairt in iúl, nó

(ii) go ndéileálfar léi de réir fho-ailt (10) agus (11).

(2) Más rud é nach bhfuil, agus a mhéid nach bhfuil, an fhianaise maidir le céannú i seilbh an Gharda Síochána, féadfaidh an Coimisinéir a ordú do chomhalta den Gharda Síochána (“comhalta”) na nithe seo a leanas a chur in iúl don duine a bhfuil an fhianaise le soláthar aige nó aici—

(a) cineál na fianaise,

(b) go bhfuil sí á hiarraidh i dtaca le himeachtaí coiriúla, nó imscrúdú coiriúil, sa stát ainmnithe lena mbaineann,

(c) nach bhfuil oibleagáid air nó uirthi an fhianaise a sholáthar, agus

(d) go bhféadfar, más rud é nach dtoilíonn sé nó sí í a sholáthar, í a thabhairt i bhfianaise in aon imeachtaí sa stát sin.

(3) Má thoilíonn an duine an fhianaise a sholáthar, féadfaidh an comhalta an fhianaise a ghlacadh nó a chur faoi deara í a ghlacadh, i gcomhlíonadh na hiarrata agus aon cheanglas arna sonrú i ndáil le glacadh na fianaise.

(4) Má tá an duine a bhfuil an fhianaise maidir le céannú le tabhairt aige nó aici i bpríosún—

(a) ní fhéadfar fianaise a ghlacadh faoin alt seo ach amháin i gcás ina mbaineann sí le cion seachas an cion ar ina leith atá an duine i gcoimeád, agus

(b) féadfar aon fhianaise a sholáthraítear a ghlacadh sa phríosún nó in áit eile.

(5) Maidir le sampla colainne arb éard é fuil, gruaig phúbasach, sváb ó oscailt colainne (seachas an béal) nó ó réigiún na mball giniúna, ní fhéadfaidh ach dochtúir nó altra é a thógáil faoin alt seo, agus ní fhéadfaidh ach fiaclóir nó dochtúir múnla déadach a thógáil amhlaidh.

(6) Má éilíonn an t-údarás iarrthach amhlaidh, féadfaidh an Coimisinéir socrú a dhéanamh maidir le tástáil dlí-eolaíochta a dhéanamh ar sváb ó aon oscailt colainne nó ó réigiún na mball giniúna.

(7) I gcás ina dtógfar sampla de ghruaig seachas gruaig phúbasach de réir an ailt seo—

(a) féadfar an sampla a thógáil trí ribí a stoitheadh mar aon lena bhfréamhacha agus, a mhéid is indéanta le réasún, déanfar na ribí a stoitheadh ceann ar cheann, agus

(b) ní dhéanfar níos mó ribí a stoitheadh ná mar a mheasfaidh an duine a bheidh ag tógáil an tsampla le réasún is gá chun go mbeidh sampla leordhóthanach ann chun críche tástála dlí-eolaíochta.

(8) Déanfaidh an comhalta a ghlacfaidh an fhianaise maidir le céannú na sonraí seo a leanas a thaifeadadh:

(a) an áit, an t-am agus an dáta ar glacadh í;

(b) toradh aon tástála dlí-eolaíochta ar an bhfianaise;

(c) aon sonraí iomchuí eile, lena n-áirítear aon sonraí arna sonrú ag an údarás iarrthach,

agus beidh cóip den toiliú le glacadh na fianaise san áireamh sa taifead.

(9) Déanfaidh an Coimisinéir aon fhianaise maidir le céannú—

(a) atá i seilbh an Gharda Síochána, nó

(b) a ghlacfar faoi fho-alt (3), mar aon le cóip den taifead a dhéantar faoi fho-alt (8),

a chur chuig an Údarás Lárnach lena tarchur chuig an údarás iarrthach.

(10) Nuair a bheidh an tÚdarás Lárnach ag tarchur na fianaise maidir le céannú agus an taifid chuig an údarás iarrthach déanfaidh sé, más rud é nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(c)(i) agus faoi réir fho-alt (11), dearbhú a fháil á rá go ndéanfar an fhianaise, chomh maith leis an taifead ar aon anailís ar an bhfianaise, nó aon taifead eile a bhaineann léi, ar taifead é a dhéantar sa stát iarrthach, a dhíothú—

(a) más rud é nach ndéantar an duine is ábhar don imscrúdú a ionchúiseamh, tar éis 12 mhí ón tráth a glacadh an fhianaise, mura rud é nach é is cúis leis an mainneachtain ionchúiseamh a dhéanamh ná gur éalaigh an duine nó nach féidir teacht air nó uirthi,

(b) más rud é go ndéantar an duine a ionchúiseamh agus go n-éigiontaítear nó go scaoiltear saor é nó í nó go scoirtear de na himeachtaí, 21 lá ina dhiaidh sin, nó

(c) má dhéantar an duine a ionchúiseamh agus a chur faoi réir ordaithe a fhreagraíonn d’ordú promhaidh nó d’ordú de chineál ordaithe phromhaidh faoi alt 1(1) den Probation of Offenders Act 1907, tar éis tréimhse 3 bliana ón tráth a dhéantar an t-ordú, mura rud é go gciontaítear an duine le linn na tréimhse sin i gcion faoi dhlí na tíre lena mbaineann a fhreagraíonn do chion inghabhála.

(11) Féadfaidh an tAire, ar iarraidh a fháil ón údarás iarrthach agus tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, a ordú go ndéanfar aon tréimhse a luaitear i bhfo-alt (10) a fhadú ar chúis mhaith.

(12) San alt seo—

ciallaíonn “ cion inghabhála ” cion ar ina leith a fhéadfar, faoi aon achtachán nó de bhua aon achtacháin nó de bhua an dlí choiteann, duine láninniúlachta nár ciontaíodh roimhe a phionósú le príosúnacht ar feadh téarma 5 bliana nó le pionós is déine ná sin, agus folaíonn sé iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh;

ciallaíonn “ toiliú ” toiliú i scríbhinn agus aon tagairt do thoiliú duine is tagairt í do na nithe seo a leanas—

(a) i gcás duine a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici, toiliú an duine sin,

(b) i gcás duine nach bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici ach a mbeidh 12 bhliain d’aois slánaithe aige nó aici, toiliú an duine sin agus a thuismitheora nó a chaomhnóra nó a tuismitheora nó a caomhnóra, agus

(c) i gcás linbh atá 10 mbliana d’aois nó 11 bhliain d’aois agus atá i gcoimeád mar gheall ar dhrochamhras ina leith go ndearna sé nó sí cion atá luaite i bhfo-alt (2) d’alt 52 (srian le himeachtaí coiriúla i gcoinne leanaí) d’Acht na Leanaí 2001, mar a cuireadh ina ionad le halt 129 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, toiliú a thuismitheora nó a tuismitheora nó a chaomhnóra nó a caomhnóra.