An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 6 Foirmeacha Eile Cúnaimh ) Ar Aghaidh (Caibidil 3 Aiseag )

7 2008

TODO

Caibidil 2

Rudaí agus láithreáin a scrúdú

Rudaí agus láithreáin a scrúdú.

83 .— (1) Maidir le hiarraidh ar rud nó láithreán i stát ainmnithe a scrúdú chun críocha imscrúdaithe choiriúil nó imeachtaí coiriúla, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí í a chur chuig an Údarás Lárnach lena tarchur chuig an údarás cuí sa stát ainmnithe nó go díreach chuig an údarás sin.

(2) Maidir le hiarraidh ó stát ainmnithe ar rud nó láithreán a scrúdú chun críoch den sórt sin, féadfaidh an tAire í a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána chun socrú a dhéanamh go gcomhlíonfar an iarraidh.

(3) Beidh tuairisc ar an rud nó ar an láithreán san áireamh in iarraidh faoin alt seo ar tuairisc í atá dóthanach chun a chumasú an rud nó an láithreán a shainaithint go soiléir.

(4) Beidh feidhm ag alt 74 agus beidh éifeacht leis i ndáil le hiarraidh den sórt sin ó stát ainmnithe fara an modhnú go bhféadfar, más gá sin, barántas a eisiúint faoi fho-alt (8) den alt sin á cheangal ar úinéir nó áititheoir an ruda nó an láithreáin rochtain air a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána agus do cibé daoine eile a bheidh in éineacht leis an gcomhalta chun críocha an scrúdaithe agus fara gach modhnú eile is gá.

(5) Is fo-alt é fo-alt (4) atá gan dochar d’alt 97.