An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Aiseag ) Ar Aghaidh (CUID 7 Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir an Stát agus Stáit Aontaithe Mheiriceá )

7 2008

TODO

Caibidil 4

Seachadadh rialaithe

Léiriú (Caibidil 4).

88 .— (1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “údarás inniúil i stát ainmnithe”, i ndáil le hiarraidh ar sheachadadh rialaithe chuig stát ainmnithe nó ó stát ainmnithe, duine nó comhlacht sa stát sin ar dealraitheach don Údarás Inniúil sa Stát ina leith go bhfuil an fheidhm aige nó aici maidir leis an iarraidh a ghlacadh nó a dhéanamh;

ciallaíonn “Údarás Inniúil sa Stát”, i ndáil le hiarraidh ar sheachadadh rialaithe chuig stát ainmnithe nó ó stát ainmnithe—

(a) Coimisinéir an Gharda Síochána nó comhalta den Gharda Síochána arna údarú nó arna húdarú aige nó aici de thuras na huaire chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin gCaibidil seo a fheidhmiú, nó

(b) má bhaineann an seachadadh rialaithe le cion ioncaim, na Coimisinéirí Ioncaim nó duine arna údarú nó arna húdarú acu de thuras na huaire chun a bhfeidhmeanna faoin gCaibidil seo a fheidhmiú;

ciallaíonn “seachadadh rialaithe” seachadadh a cheadaítear sa Stát de réir na Caibidle seo nó i stát ainmnithe de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí chun críocha imscrúdaithe maidir le cion;

tá le “druga rialaithe” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977;

folaíonn “cion” cion a bhfuil drochamhras ann ina leith, le cúis réasúnach, go ndearnadh é nó go bhfuil sé ar tí a dhéanta.

(2) Más rud é go dteastóidh ó údarás inniúil de chuid stáit ainmnithe go nglacfaidh nó go ndéanfaidh údarás breithiúnach iarrataí faoin gCaibidil seo, déanfar na hiarrataí a dhíriú chuig an Aire nó déanfaidh an tAire iad, agus chun na críche sin tá tagairtí sa Chaibidil seo don Údarás Inniúil sa Stát le forléiriú mar thagairtí don Aire.

Seachadadh rialaithe i stát ainmnithe.

89 .— (1) Féadfaidh Údarás Inniúil sa Stát a iarraidh ar údarás inniúil i stát ainmnithe cead a thabhairt maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) seachadadh rialaithe a dhéanamh sa stát sin, agus

(b) daoine sonraithe nó daoine de thuairisc shonraithe, lena n-áirítear comhaltaí den Gharda Síochána agus oifigigh custam agus máil, a bheith páirteach sna hoibríochtaí a bhaineann leis an seachadadh.

(2) Beidh sonraí i dtaobh an chiona lena mbaineann an seachadadh rialaithe san áireamh san iarraidh.

Seachadadh rialaithe sa Stát.

90 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh chuig an Údarás Inniúil sa Stát ó údarás inniúil i stát ainmnithe ar chead a thabhairt maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) seachadadh rialaithe a dhéanamh sa Stát, agus

(b) daoine sonraithe nó aon daoine de thuairisc shonraithe, ar daoine as an stát ainmnithe iad, a bheith páirteach sna hoibríochtaí a bhaineann leis an seachadadh rialaithe.

(2) Beidh sonraí i dtaobh an chiona lena mbaineann an seachadadh rialaithe san áireamh san iarraidh.

(3) Féadfaidh an tÚdarás Inniúil sa Stát an iarraidh a dheonú más deimhin leis—

(a) go bhfuil an seachadadh rialaithe á dhéanamh chun críocha imscrúdaithe ar chion, nó

(b) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint gur ar mhaithe le leas an phobail é, ag féachaint don tairbhe ar dóigh di a bheith ann don imscrúdú, cead a thabhairt an seachadadh a dhéanamh.

(4) Maidir leis na hoibríochtaí a bhaineann le seachadadh rialaithe, más rud é go mbaineann an seachadadh le hallmhairiú neamhdhleathach drugaí rialaithe, rialófar iad de réir na nithe seo a leanas—

(a) Meabhrán Tuisceana an 12 Eanáir 1996 a bhaineann leis an ngaolmhaireacht idir Seirbhís Custam agus Máil na gCoimisinéirí Ioncaim agus an Garda Síochána i leith Fhorfheidhmiú an Dlí a bhaineann le Drugaí agus arna chomhaontú idir Coimisinéir an Gharda Síochána agus Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, agus

(b) an Prótacal Oibríochta maidir le comhoibriú idir an Garda Síochána, an tSeirbhís Custam agus Máil agus an tSeirbhís Chabhlaigh i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí a bhaineann le Drugaí,

lena n-áirítear aon mhodhnuithe nó leathnuithe ar an Meabhrán nó ar an bPrótacal atá i bhfeidhm de thuras na huaire.

(5) Má bhaineann an seachadadh le cion ioncaim (seachas cion arb éard é allmhairiú neamhdhleathach drugaí rialaithe), beidh na hoibríochtaí faoi stiúradh agus faoi rialú na n-oifigeach custam agus máil a beidh sannta don seachadadh.

(6) Má bhaineann an seachadadh le haon chion eile, beidh na hoibríochtaí faoi stiúradh agus rialú na gcomhaltaí de chuid an Gharda Síochána arna sannadh amhlaidh.

(7) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach custam agus máil a bheidh páirteach in oibríochtaí a bhaineann le seachadadh rialaithe sa Stát, ar iarratas ó dhuine as stát ainmnithe a bheidh páirteach amhlaidh, cibé beart a dhéanamh a bheidh ar fáil ag an gcomhalta nó ag an oifigeach de bhun na n-oibríochtaí.

(8) Rinneadh cóipeanna den Mheabhrán Tuisceana agus den Phrótacal Oibríochta a chur isteach i Leabharlann an Oireachtais.

Leasú ar Acht an Gharda Síochána 2005.

91 .— Leasaítear alt 51 (seirbhís idirnáisiúnta) d’Acht an Gharda Síochána 2005—

(a) i bhfo-alt (2)(a), trí “seachas an Stát, nó” a scriosadh agus “seachas an Stát,” a chur ina ionad, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (b) agus (c):

“(b) mar chomhaltaí d’fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú de réir bhrí an Achta um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú) 2004, arna leasú le halt 96 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008,

(c) i dtaca le seachadadh rialaithe a dhéanamh lasmuigh den Stát de bhun iarrata faoi alt 89 den Acht sin 2008,

(d) ar iasacht chuig eagraíocht idirnáisiúnta le toiliú an Aire.”.

Feidhm an Achta um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú) 2004 i ndáil le seachadadh rialaithe.

92 .— Tá feidhm ag ailt 11 (faisnéis a úsáid), 12 (dliteanas coiriúil) agus 13 (dliteanas sibhialta) den Acht um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú) 2004, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil le duine atá páirteach in oibríochtaí a bhaineann le seachadadh rialaithe mar atá feidhm acu i ndáil le comhalta nó le comhalta ar iasacht d’fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú de réir bhrí an Achta sin.