An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 7 Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir an Stát agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Téacs Choinbhinsiún 2000)

7 2008

TODO

CUID 8

Ilghnéitheach

Faisnéis a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a mhalartú idir Europol, Eurojust agus ballstáit.

95 .— (1) Meastar, maidir leis an aonad náisiúnta arna ainmniú faoin Acht um Europol 1997, gur sainseirbhís é laistigh den Gharda Síochána dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh 2005 ón gComhairle agus tá na feidhmeanna aige atá arna sannadh faoin Airteagal sin do sheirbhís den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire, de réir Airteagal 2(2) de Chinneadh 2005 ón gComhairle, údarás nó údaráis a ainmniú mar chomhfhreagróir náisiúnta Eurojust i gcomhair nithe a bhaineann le sceimhlitheoireacht, agus tá na feidhmeanna arna sannadh faoin Airteagal sin do chomhfhreagróir den sórt sin ag aon údarás arna ainmniú amhlaidh.

Feidhm an Achta um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú) 2004 agus leasú air.

96 .— (1) Tá feidhm ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú) 2004 agus tá éifeacht leis, fairis na modhnuithe is gá, amhail is mba rud é, maidir le tagairtí san Acht sin do Bhallstát eile nó do Stáit eile den sórt sin, go bhfolaíonn siad tagairtí do stát ainmnithe nó do stáit ainmnithe (seachas ballstát nó ballstáit).

(2) Leasaítear alt 9 (rannpháirtithe i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú) den Acht 2004 sin—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) oifigeach amháin nó níos mó atá ainmnithe ag údarás de chuid stáit ainmnithe (seachas Ballstát nó cuid de Stát den sórt sin) de réir bhrí an Achta um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008.”,

agus

(b) trí fho-ailt (5) agus (6) a scriosadh.

Ionadaithe stáit iarrthaigh a bheith i láthair le linn iarraidh a fhorghníomhú.

97 .— (1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón stát ainmnithe lena mbaineann, a údarú d’ionadaí de chuid an údaráis lena mbaineann sa stát sin (dá ngairtear “an t-ionadaí” san alt seo) chun bheith i láthair san áit ina bhfuil an iarraidh á forghníomhú ag comhalta nó ag comhaltaí den Gharda Síochána.

(2) Maidir le húdarú den sórt sin, féadfar é a chur faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(3) Le go mbeidh an t-ionadaí i láthair in aon áit den sórt sin, ní gá toiliú a fháil ón duine dá ndéanann forghníomhú na hiarrata difear.

(4) Fad a bheidh an t-ionadaí i láthair amhlaidh—

(a) beidh sé nó sí faoi réir stiúradh an chomhalta nó na gcomhaltaí a fhorghníomhaíonn an iarraidh,

(b) beidh rochtain aige nó aici ar na háiteanna agus na rudaí céanna (lena n-áirítear doiciméid) a bhfuil rochtain ag an gcomhalta sin nó ag na comhaltaí sin orthu, agus

(c) féadfar a údarú dó nó di ceisteanna a chur nó a mholadh agus moltaí a dhéanamh maidir le bearta imscrúdúcháin.

(5) Ní dhéanfaidh an t-ionadaí faisnéis rúnda a fhaightear de thoradh é nó í a bheith i láthair a nochtadh de shárú ar chearta an duine dá ndéanann forghníomhú na hiarrata difear, ach amháin d’aon ionadaí nó ionadaithe eile den sórt sin agus dá údaráis féin nó dá húdaráis féin.

Comhaltaí den Gharda Síochána a bheith i láthair le linn iarraidh a fhorghníomhú i stát ainmnithe.

98 .— I gcás ina n-údaraíonn an t-údarás iomchuí i stát ainmnithe do chomhalta den Gharda Síochána chun bheith i láthair le linn iarraidh a fhorghníomhú—

(a) ní dhéanfaidh an comhalta faisnéis a fhaightear de thoradh é nó í a bheith i láthair a nochtadh de shárú ar rúndacht bhreithiúnach nó ar chearta an duine dá ndéanann forghníomhú na hiarrata difear, ach amháin d’aon chomhalta eile, agus

(b) ní fhéadfar aon fhaisnéis den sórt sin a ghlacadh mar fhianaise in aon imeachtaí go dtí go mbeidh feidhm res judicata faighte sa stát ainmnithe ag cinneadh ar tharchur na ndoiciméad a bhaineann le forghníomhú.

Úsáid faisnéise nó fianaise a fhaightear mar fhreagra ar iarraidh i stát ainmnithe.

99 .— Ní fhéadfar faisnéis nó fianaise a fhaightear mar fhreagra ar iarraidh ó chúirt nó ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a úsáid chun aon chríoch seachas na críocha ar ina leith a rinneadh an iarraidh mura rud é go bhfuil an úsáid sin de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí.

Nochtadh do dhéanamh dochair d'imscrúdú.

100 .— (1) I gcás ina ndéantar iarraidh i dtaca le himscrúdú coiriúil sa Stát nó i stát ainmnithe, aon duine a dhéanann aon nochtadh, agus fios aige nó aici nó amhras air nó uirthi go bhfuil an t-imscrúdú á dhéanamh, ar nochtadh é ar dóigh dó dochar a dhéanamh don imscrúdú, tá sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) In imeachtaí i leith ciona faoin alt seo is cosaint a chruthú maidir leis an gcosantóir—

(a) nárbh eol dó nó di nó nach raibh amhras air nó uirthi gur dhóigh go ndéanfadh an nochtadh lena mbaineann na himeachtaí dochar don imscrúdú lena mbaineann, nó

(b) go raibh údarás dleathach nó leithscéal réasúnach aige nó aici chun an nochtadh a dhéanamh.

Dliteanas oifigeach de chuid comhlachta chorpraithe.

101 .— (1) Más rud é—

(a) go ndéanann comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo, agus

(b) go gcruthaítear go ndearnadh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine—

(i) ba stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail chéanna de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó

(ii) a d’airbheartaigh a bheidh ag gníomhú in aon cháil den sórt sin,

tá an duine ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás gnóthaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistiú ag a chomhaltaí, tá feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha nó mainneachtainí comhalta i dtaca le feidhmeanna bainistíochta an chomhalta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

(3) Tá feidhm ag fo-ailt (1) agus (2), fairis na modhnuithe is gá, i ndáil le cionta faoin Acht seo arna ndéanamh ag comhlacht neamhchorpraithe.

Fianaise in imeachtaí (ginearálta).

102 .— (1) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartaíonn—

(a) gurb é atá ann ná—

(i) iarraidh nó doiciméad tacaíochta nó doiciméad gaolmhar,

(ii) ordú arna dhéanamh, nó barántas arna eisiúint, ag cúirt, binse nó údarás i stát ainmnithe,

(iii) taifead ar ordú nó ar bharántas den sórt sin a dhéanamh nó a eisiúint, nó

(iv) taifead ar dháta seirbheála agus ar mhodh seirbheála doiciméid i stát ainmnithe,

agus

(b) a bheith arna shíniú ag an gcúirt nó ag an mbinse lena mbaineann, nó thar ceann na cúirte nó an bhinse sin, nó ag údarás, nó thar ceann údaráis, ar dealraitheach ina leith go bhfuil sé inniúil chun déanamh amhlaidh,

tá sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe atá luaite sa doiciméad.

(2) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartaíonn—

(a) go mbaineann sé leis na nithe seo a leanas—

(i) céannacht aon ítime atá ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí coiriúla nó chun críocha imscrúdaithe choiriúil,

(ii) leanúnachas maidir lena choimeád, nó

(iii) iomláine a riochta,

agus

(b) a bheith arna shíniú ag duine ar dealraitheach ina leith go bhfuil freagracht air nó uirthi as coimeád na hítime,

tá sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe atá luaite sa doiciméad.

(3) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartaíonn—

(a) gur aistriúchán é ar dhoiciméad a luaitear i bhfo-alt (1)(2) nó ar ráiteas nó ar dhoiciméad a luaitear in alt 62 (8), 73(8)77(8), agus

(b) a bheith arna dheimhniú mar dhoiciméad atá ceart ag duine ar dealraitheach ina leith go bhfuil sé nó sí inniúil chun déanamh amhlaidh,

tá sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar an aistriúchán.

(4) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de dhoiciméad a luaitear i bhfo-alt (1) (2), agus—

(a) a bheith arna deimhniú mar chóip den sórt sin ag an gcúirt, ag an mbinse nó ag an údarás a eisíonn í, nó thar ceann na cúirte, an bhinse nó an údaráis sin, nó ag oifigeach de chuid údarás lárnach an stáit lena mbaineann, nó

(b) go bhfuil séala na cúirte nó an bhinse, nó séala ceachtar údarás den sórt sin lena mbaineann, uirthi,

meastar gur fíorchóip den doiciméad í.

(5) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartaíonn—

(a) gur deimhniú é arna thabhairt ag cúirt, binse nó údarás i stát ainmnithe, nó thar ceann cúirte, binse nó údaráis den sórt sin, nó

(b) go bhfuil séala cúirte, binse nó údaráis eile den sórt sin air,

tá sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar dheimhniú nó ar shéala den sórt sin.

(6) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartaíonn—

(a) go bhfuil téacs forchoimeádais nó dearbhaithe faoi ionstraim idirnáisiúnta iomchuí leagtha amach ann, agus

(b) a bheith arna shíniú ag oifigeach de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha,

tá sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar an bhforchoimeádas nó ar an dearbhú.

Bearta sealadacha.

103 .— (1) Más rud é—

(a) go bhfuil imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh, nó go bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh, i stát ainmnithe, agus

(b) go ndéanann údarás inniúil sa stát sin iarraidh chuig an Aire, de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí ar bhearta sealadacha a dhéanamh de réir bhrí na hionstraime sin,

féadfaidh an tAire a chur faoi deara go ndéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ar na bearta a iarradh a dheonú.

(2) Tar éis iarratas den sórt sin a fháil, féadfaidh an Ard-Chúirt bearta sealadacha d’aon chineál, lena n-áirítear bearta cosantacha, a dheonú ar bearta iad a bhfuil cumhacht ag an gCúirt iad a dheonú in imeachtaí atá, ar leith ón alt seo, laistigh dá dlínse.

(3) Féadfar na bearta a dheonú go ceann cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha nó teorainneacha, a shonróidh an Chúirt, ag féachaint d’fhorálacha na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí.

(4) Féadfaidh an Chúirt diúltú na bearta a lorgaítear a dheonú más rud é, i dtuairim na Cúirte sin, nach mbeadh sé fóirsteanach di na bearta sin a dheonú de bharr nach bhfuil dlínse aici, ar leith ón alt seo, i ndáil le hábhar na n-imeachtaí lena mbaineann.

Aitheantas a thabhairt do chearta tríú páirtithe.

104 .— (1) Féadfaidh cúirt, le linn aird a thabhairt faoin Acht seo ar chearta tríú páirtithe, agus déanfaidh sí má cheanglaítear uirthi leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí déanamh amhlaidh, aitheantas a thabhairt do chinneadh a bhaineann leis na cearta sin ar cinneadh é arna dhéanamh ag cúirt nó ag binse sa stát ainmnithe lena mbaineann.

(2) Féadfar diúltú an t-aitheantas sin a thabhairt más rud é—

(a) nach raibh deis dhóthanach ag na tríú páirtithe a gcearta a dhearbhú,

(b) go bhfuil an cinneadh ar neamhréir le cinneadh cúirte atá déanta cheana féin sa Stát maidir leis na cearta sin, nó

(c) go bhfuil sé contrártha do bheartas poiblí (ordre public).

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil 1994.

105 .— Leasaítear Acht 1994—

(a) in ailt 3(1), 24 agus 25, 28 go 30 agus 65 tríd an leagan cuí gramadaí de “ordú calctha” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de “ordú srianta”,

(b) in alt 30, trí “calctha” a chur in ionad “srianta”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3(16):

“(16A) Déanfar tagairtí san Acht seo (seachas alt 9) do chion a bhféadfaí ordú coigistíochta a dhéanamh ina leith faoi alt 9 den Acht seo, a fhorléiriú mar thagairtí do chion indíotáilte (seachas cion gáinneála ar dhrugaí), gan spleáchas do dhuine a bheith ciontaithe ar díotáil sa chion sin.”,

(d) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le halt 19:

An méid gan íoc faoin ordú coigistíochta

An tréimhse príosúnachta

Méid nach mó ná €650

Méid is mó ná €650 ach nach mó ná €1,300

Méid is mó ná €1,300 ach nach mó ná €3,250

Méid is mó ná €3,250 ach nach mó ná €6,500

Méid is mó ná €6,500 ach nach mó ná €13,000

Méid is mó ná €13,000 ach nach mó ná €26,000

Méid is mó ná €26,000 ach nach mó ná €65,000

Méid is mó ná €65,000 ach nach mó ná €130,000

Méid is mó ná €130,000 ach nach mó ná €325,000

Méid is mó ná €325,000 ach nach mó ná €1,300,000

Méid is mó ná €1,300,000

45 lá

3 mhí

4 mhí

6 mhí

9 mí

12 mhí

18 mí

2 bhliain

3 bliana

5 bliana

10 mbliana

”,

(e) tríd an alt seo a leanas a chur le Cuid IV:

“Cion ioncaim.

32A.— Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go ndéanfar, i ndáil le cion faoi dhlí tíre nó críche seachas an Stát, tagairtí sa Chuid seo do chion a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion i dtaca le cánacha, dleachtanna, custaim nó rialáil malairte.”,

agus

(f) in alt 60, trí “srianta (lena n-áirítear ordú calctha)” a chur in ionad “srianta”,

(g) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 63:

“Ordú chun ábhar a chur ar fáil.

63.— (1) Chun críocha imscrúdaithe i dtaobh an raibh duine ag gabháil d’iompar coiriúil, nó chun críocha imeachtaí coiriúla a bhaineann leis sin, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána iarratas a dhéanamh ar ordú faoi fho-alt (3) den alt seo, i ndáil le haon ábhar áirithe nó i ndáil le haon ábhar de thuairisc áirithe, chuig breitheamh den Chúirt Dúiche don dúiche ina bhfuil an t-ábhar suite.

(2) Ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an breitheamh ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3), más deimhin leis nó léi—

(a) go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go raibh an duine ag gabháil d’iompar coiriúil,

(b) gur dócha go mbeidh an t-ábhar lena mbaineann an-tábhachtach (cibé acu leis féin nó in éineacht le hábhar eile) chun críocha an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí sin, agus

(c) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint gur ceart an t-ábhar a thabhairt ar aird nó gur ceart rochtain a thabhairt air, ag féachaint don tairbhe is dóigh a d’fhabhródh chuig an imscrúdú agus d’aon imthosca iomchuí eile.

(3) Maidir le hordú faoin bhfo-alt seo—

(a) ceanglófar leis ar aon duine ar dealraitheach don bhreitheamh ina leith go bhfuil an t-ábhar ina sheilbh aige nó ina seilbh aici—

(i) é a thabhairt ar aird do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána ionas go bhféadfaidh sé nó sí é a thabhairt chun bealaigh, nó

(ii) rochtain air a thabhairt don chomhalta laistigh de 7 lá, mura rud é gur dealraitheach don bhreitheamh gur chuí tréimhse eile a bheith ann in imthosca áirithe an cháis,

(b) féadfar, má bhaineann an t-ordú le hábhar in aon áit agus tar éis don chomhalta lena mbaineann iarratas a dhéanamh, a cheangal leis ar aon duine ar dealraitheach don bhreitheamh ina leith go bhfuil sé nó sí i dteideal dul isteach san áit a dheonú cead a thabhairt don chomhalta dul isteach san áit chun rochtain a fháil ar an ábhar,

(c) údarófar leis don chomhalta, más rud é, maidir leis an duine a gceanglaítear amhlaidh air nó uirthi dul isteach san áit a dheonú, nach ndéanann sé nó sí amhlaidh—

(i) dul isteach san áit, agus cibé comhaltaí nó daoine eile nó cibé comhaltaí agus daoine eile a mheasfaidh an comhalta is gá in éineacht leis nó léi, tar éis an t-ordú a thabhairt ar aird má iarrtar air nó uirthi déanamh amhlaidh agus, más gá, forneart réasúnach a úsáid,

(ii) an áit agus aon daoine atá i láthair inti a chuardach,

(iii) an t-ábhar a thabhairt chun bealaigh, agus

(iv) cibé bearta eile a dhéanamh is dóigh leis an gcomhalta a bheith riachtanach chun an t-ábhar a chaomhnú agus le nach mbainfí leis.

(4) I gcás inarb é atá san ábhar ná faisnéis i ríomhaire, beidh éifeacht le hordú faoi fho-alt (3) den alt seo mar ordú chun an t-ábhar a thabhairt ar aird, nó chun rochtain air a thabhairt, i bhfoirm atá inléite agus intuigthe nó i bhfoirm atá inathraithe go foirm inléite intuigthe agus i bhfoirm inar féidir é a thabhairt chun bealaigh.

(5) Maidir le hordú den sórt sin—

(a) a mhéid a chumhachtófar leis go ndéanfaidh comhalta doiciméad a thabhairt chun bealaigh nó go dtabharfar rochtain dó nó di ar dhoiciméad, údarófar dó nó di leis cóip a dhéanamh den doiciméad agus an chóip a thabhairt chun bealaigh,

(b) ní thabharfar aon cheart leis ar aon ábhar a thagann faoi réir pribhléide dlíthiúla a thabhairt ar aird, nó rochtain a fháil ar ábhar den sórt sin, agus

(c) faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus fho-alt (10) den alt seo, beidh éifeacht leis d’ainneoin aon oibleagáide eile maidir le rúndacht nó d’ainneoin aon sriain eile ar nochtadh fianaise a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile.

(6) Maidir le haon ábhar a thugann comhalta chun bealaigh faoin alt seo, féadfaidh sé nó sí é a choinneáil lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí.

(7) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche ag suí den Chúirt ordú faoin alt seo a athrú nó a urscaoileadh ar iarratas ó chomhalta nó ó aon duine lena mbaineann an t-ordú.

(8) Féadfaidh comhalta atá ag cuardach áite agus é nó í údaraithe chuige sin le hordú faoin alt seo—

(a) a cheangal ar aon duine a bheidh i láthair san áit ina bhfuil an cuardach á dhéanamh chun a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt don chomhalta, agus

(b) aon duine a ghabháil gan bharántas, is duine—

(i) a chuireann bac, nó a fhéachann le bac a chur, ar an gcomhalta le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhall,

(ii) a mhainníonn ceanglas faoi mhír (a) a chomhlíonadh, nó

(iii) a thugann ainm nó seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta lena chreidiúint ina leith go bhfuil sé bréagach nó míthreorach.

(9) Aon duine—

(a) a chuireann bac, nó a fhéachann le bac a chur, ar chomhalta le linn dó nó di a bheith ag gníomhú faoi údarás ordaithe faoin alt seo,

(b) a mhainníonn ceanglas faoi fho-alt (3)(a) den alt seo a chomhlíonadh, nó

(c) a thugann ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach do chomhalta,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(10) Más rud é—

(a) go ndearna rialtas stáit eile ábhar a sholáthar do roinn Rialtais nó d’údarás eile, nó gur soláthraíodh ábhar thar ceann rialtais stáit eile do roinn Rialtais nó d’údarás eile, agus

(b) gur tugadh gealltanas nach n-úsáidfí an t-ábhar ach amháin chun críche áirithe nó chun críoch áirithe,

ní hé is éifeacht d’ordú faoi fho-alt (3) den alt seo ná a cheangal nó a cheadú an t-ábhar a thabhairt ar aird, nó rochtain a thabhairt ar an ábhar, chun aon chríche eile gan toiliú a fháil ón rialtas sin.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “ iompar coiriúil ”—

(a) gáinneáil ar dhrugaí,

(b) cion indíotáilte nó níos mó ná cion amháin den sórt sin a dhéanamh,

(c) cistí a shealbhú atá faoi réir a gcoigistithe,

(d) tairbhe a fháil as na nithe seo a leanas—

(i) gáinneáil ar dhrugaí,

(ii) cion indíotáilte nó níos mó ná cion amháin den sórt sin,

(iii) sócmhainní nó fáltais ó iompar coiriúil nó sócmhainní nó fáltais den sórt sin a ghlacadh nó a rialú, lena n-áirítear iompar a tharlaíonn lasmuigh den Stát agus a bheadh ina chion indíotáilte nó i níos mó ná cion indíotáilte amháin den sórt sin—

(I) dá dtarlódh sé sa Stát, agus

(II) dá mba chion nó níos mó ná cion amháin den sórt sin é faoi dhlí an stáit nó na críche lena mbaineann.”.

Leasú ar alt 8(7) den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996.

106 .— Leasaítear alt 8(7) den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996 trí “Faoi réir alt 5(1), ní fhéadfaidh” a chur in ionad “Ní fhéadfaidh”.

Sonraí pearsanta a chosaint.

107 .— (1) Tá éifeacht le forálacha na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí i leith sonraí pearsanta a úsáid ar sonraí pearsanta iad a cuireadh in iúl do dhuine, nó a fuair duine ar shlí eile, sa Stát faoin ionstraim.

(2) Ní dochar fo-alt (1) d’fheidhm alt 7 (dualgas ar rialaitheoirí sonraí agus ar phróiseálaithe sonraí cúram a ghlacadh) den Acht um Chosaint Sonraí 1988 i leith sonraí den sórt sin a úsáid.

(3) Tá feidhm ag na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 i ndáil le sonraí den sórt sin ar shlite seachas na slite sin a bhaineann lena n-úsáid.

Breitheamh den Chúirt Dúiche d’fheidhmiú cumhachtaí lasmuigh de dhúiche chúirte dúiche.

108 .— Tá feidhm ag alt 32A d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le breitheamh den Chúirt Dúiche d’fheidhmiú cumhachta a thugtar le halt 74(8), 75(9)87 den Acht seo nó faoi fho-alt (2) d’alt 63 (mar a cuireadh ina ionad le halt 105(g) den Acht seo) d’Acht 1994.

Rialacháin.

109 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht le haon fhoráil den Acht seo agus d’aon cheann de na hionstraimí idirnáisiúnta seo a leanas ina bhfeidhm maidir leis an Stát:

(a) ionstraim idirnáisiúnta iomchuí;

(b) Comhaontú an Aontais Eorpaigh-Stáit Aontaithe Mheiriceá, Conradh na hÉireann-Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an Ionstraim maidir le feidhm an Chonartha sin, arna míniú in alt 93 .

(2) Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, teagmhasacha, idirthréimhseacha nó forlíontacha is gá chun na críche sin a bheith i rialacháin faoin alt seo.

Caiteachais.

110 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Orduithe nó rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

111 .— Déanfar ordú (seachas ordú faoi alt 1 (2)) nó rialachán faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.