An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TODO) Ar Aghaidh (CUID 2 Faisnéis faoi Idirbhearta Airgeadais chun críocha Imscrúdaithe Choiriúil )

7 2008

TODO

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú (ginearálta).

2 .— (1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ Acht 1994 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil 1994;

ciallaíonn “ Comhaontú leis an Íoslainn agus leis an Iorua ” an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua ar fheidhm forálacha áirithe de Choinbhinsiún 2000 agus de Phrótacal 2001, a rinneadh sa Bhruiséil an 19 Nollaig 2003;

ciallaíonn “ Airteagail 49 agus 51 ”, i ndáil le Coinbhinsiún Schengen, na hAirteagail sin den Choinbhinsiún, arna gcur chun feidhme maidir leis an Stát le Cinneadh (2002/192/CEE) 1 an 28 Feabhra 2002 ón gComhairle maidir le hiarraidh na hÉireann a bheith páirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen, ach ní fholaíonn sé mír (a) (arna haisghairm le hAirteagal 2.2 de Choinbhinsiún 2000) d’Airteagal 49;

folaíonn “ údarás ” duine;

ciallaíonn “ Coinbhinsiún 1959 ” an Coinbhinsiún Eorpach um Chúnamh Frithpháirteach i ndáil le hÁbhair Choiriúla, arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, agus folaíonn sé Prótacal Breise an 17 Márta 1978 a ghabhann leis;

ciallaíonn “ Coinbhinsiún 2000 ” an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach i ndáil le hÁbhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh 2 , arna dhéanamh sa Bhruiséil an 29 Bealtaine 2000;

ciallaíonn “ Coinbhinsiún 2005 ” Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta, arna dhéanamh i Vársá an 16 Bealtaine 2005;

ciallaíonn “ Cinneadh 2005 ón gComhairle ” Cinneadh 2005/671/JHA 3 an 20 Meán Fómhair 2005 ón gComhairle maidir le malartú faisnéise agus comhar i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta;

ciallaíonn “ Coinbhinsiún Sceimhlitheoireachta 1977 ” an Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, arna dhéanamh in Strasbourg an 27 Eanáir 1977;

ciallaíonn “ Údarás Lárnach ” an t-údarás a luaitear in alt 8 ;

ciallaíonn “ iompar coiriúil ” aon iompar—

(a) ar cion é, nó

(b) a tharlaíonn i stát ainmnithe agus ar chion é dá mba sa Stát a tharlódh sé;

maidir le “ imscrúdú coiriúil ”—

(a) ciallaíonn sé imscrúdú i dtaobh an ndearna duine cion (de réir bhrí na Coda iomchuí) faoi dhlí an Stáit nó faoi dhlí stáit ainmnithe ar ina leith, más cuí, a fhéadfar iarraidh ar chúnamh a dhéanamh faoin ionstraim idirnáisiúnta iomchuí; agus

(b) folaíonn sé imscrúdú i dtaobh ar thairbhigh duine ó shócmhainní nó ó fháltais a dhíorthaíonn as iompar coiriúil nó an bhfuil sócmhainní nó fáltais den sórt sin á bhfáil nó faoina rialú ag duine;

ciallaíonn “ imeachtaí coiriúla ” imeachtaí, cibé acu sa Stát nó i stát ainmnithe, ar imeachtaí iad i gcoinne duine i leith ciona agus folaíonn sé—

(a) imeachtaí chun a chinneadh an bhfuair duine tairbhe as sócmhainní nó as fáltais a éiríonn as iompar coiriúil nó an bhfaigheann nó an rialaíonn duine sócmhainní nó fáltais den sórt sin,

(b) imeachtaí maidir le bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) seachadadh a iarchur nó forfheidhmiú pianbhreithe nó birt choiscthigh a fhionraí,

(ii) scaoileadh saor coinníollach, nó

(iii) bac nó bearnú ar fhorfheidhmiú pianbhreithe nó birt choiscthigh,

(c) i ndáil le hiarrataí ar chúnamh ó údarás iarrthach i mballstát—

(i) gan dochar d’fho-alt (2)(b) d’ailt 74 agus 75 (iarrataí ar fhianaise nó ábhar fianaiseach), imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás riaracháin i leith iompair atá inphionóis faoi dhlí an Stáit nó faoi dhlí an stáit sin nó faoi dhlí an dá stát, de bhua gur sáruithe iad ar na rialacha dlí, agus i gcás ina bhféadfadh an cinneadh a bheith ina chúis le himeachtaí os comhair cúirte ag a bhfuil dlínse in ábhair choiriúla go háirithe,

(ii) imeachtaí in éilimh ar dhamáistí a éiríonn as ionchúiseamh nó ciontú éagórach,

(iii) imeachtaí trócaire,

(iv) caingne sibhialta a bheidh uamtha le himeachtaí coiriúla, a mhéid nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta sna himeachtaí coiriúla ag an gcúirt choiriúil lena mbaineann, agus

(v) imeachtaí i leith beart a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(I) seachadadh a iarchur nó forfheidhmiú pianbhreithe nó birt choiscthigh a fhionraí,

(II) scaoileadh saor coinníollach, nó

(III) bac nó bearnú ar fhorfheidhmiú pianbhreithe nó birt choiscthigh,

agus

(d) i ndáil le hiarrataí ar chúnamh ó údarás iarrthach i stát ainmnithe (seachas ballstát), gan dochar d’fho-alt (3) d’ailt 74 agus 75, imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás riaracháin i leith iompair atá inphionóis faoi dhlí an Stáit nó faoi dhlí an stáit sin nó faoi dhlí an dá stát, de bhua gur sáruithe iad ar na rialacha dlí, agus i gcás ina bhféadfadh an cinneadh a bheith ina chúis le himeachtaí os comhair cúirte ag a bhfuil dlínse in ábhair choiriúla go háirithe;

ciallaíonn “stát ainmnithe” ballstát agus aon stát eile arna ainmniú faoi alt 4 ;

ciallaíonn “ Comhaontú CE/Chónaidhm na hEilvéise ” an Comhaontú um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus a bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, chun calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar dá leasanna airgeadais a chomhrac, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004;

ciallaíonn “fianaise” fianaise ó bhéal nó, de réir mar is cuí, aon doiciméad nó rud a d’fhéadfaí a thabhairt ar aird mar fhianaise in imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear aon fhaisnéis i bhfoirm neamh-inléite a d’fhéadfaí a aistriú go foirm bhuan agus inléite chun críocha na n-imeachtaí sin;

ciallaíonn “Creat-Chinneadh” Creat-Chinneadh (2003/577/JHA 4 ) an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir le horduithe lena gcalctar maoin nó fianaise a fhorghníomhú san Aontas Eorpach;

folaíonn “príosúnacht” coinneáil agus, i ndáil le stát ainmnithe, cailleadh saoirse d’aon chineál eile;

ciallaíonn “ ionstraim idirnáisiúnta ” aon cheann de na comhaontuithe seo a leanas, nó forálacha na gcomhaontuithe sin, idir an Stát agus stáit eile nó stát eile i ndáil le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla:

(a) Coinbhinsiún 2000;

(b) Prótacal 2001;

(c) an Comhaontú leis an Íoslainn agus leis an Iorua;

(d) Airteagail 49 agus 51 de Choinbhinsiún Schengen;

(e) an Creat-Chinneadh;

(f) Teideal III de Chomhaontú CE/Chónaidhm na hEilvéise;

(g) Cinneadh 2005 ón gComhairle;

(h) Coinbhinsiún 1959;

(i) an Dara Prótacal Breise;

(j) Caibidil IV de Choinbhinsiún 2005;

(k) Airteagail 13, 14, 18, 19 agus 20 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 15 Samhain 2000;

(l) Airteagail 46, 49, 50 agus 54 go 57 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 31 Deireadh Fómhair 2003;

(m) comhaontú déthaobhach idir an Stát agus stát ainmnithe maidir le cúnamh den sórt sin a sholáthar; agus

(n) aon fhorchoimeádas nó dearbhú arna dhéanamh de réir ionstraime den sórt sin;

ciallaíonn “ballstát”—

(a) ballstát den Aontas Eorpach (seachas an Stát), chun críocha cúnaimh fhrithpháirtigh faoi fhorálacha Choinbhinsiún 2000, Phrótacal 2001, Airteagail 49 agus 51 de Choinbhinsiún Schengen, an Chreat-Chinnidh nó Chinneadh 2005, agus

(b) an Íoslainn agus an Iorua nó aon stát ainmnithe eile, chun críocha cúnaimh fhrithpháirtigh faoi aon cheann de na forálacha sin;

ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

maidir le “cion”—

(a) ciallaíonn sé cion ar ina leith a fhéadfar iarraidh a dhéanamh ar chúnamh frithpháirteach faoin ionstraim idirnáisiúnta iomchuí,

(b) folaíonn sé cion ioncaim, más rud é, nó sa mhéid, maidir leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí nó maidir le dlí an stáit ainmnithe lena mbaineann, go ndéantar foráil leis an ionstraim nó leis an dlí sin maidir le cúnamh frithpháirteach i leith ciona den sórt sin, ach

(c) ní fholaíonn sé cion polaitiúil;

ciallaíonn “ áit ” suíomh fisiciúil agus folaíonn sé—

(a) teaghais, teach cónaithe, foirgneamh nó áit chónaithe,

(b) láithreán,

(c) feithicil, cibé acu feithicil inneallghluaiste nó nach ea,

(d) soitheach, cibé acu soitheach farraige nó nach ea,

(e) aerárthach, cibé acu inoibrithe nó nach ea, agus

(f) sciorrárthach;

maidir le “cion polaitiúil”, ach amháin i gCuid 2

(a) folaíonn sé cion atá bainteach le cion polaitiúil,

(b) ní fholaíonn sé aon chion ar ina leith a fhéadfar duine a thabhairt suas do stát eile faoin Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 nó faoi na hAchtanna um Eiseachadadh 1965 go 2001;

ciallaíonn “príosún” áit coimeádta (seachas stáisiún Garda Síochána) arna riaradh ag an Aire nó a riartar thar ceann an Aire, agus folaíonn sé—

(a) Foras Naomh Pádraig,

(b) áit arna soláthar faoi alt 2 d’Acht na bPríosún 1970,

(c) áit arna sonrú faoi alt 3 d’Acht na bPríosún 1972;

ach amháin i gCuid 4, folaíonn “maoin”—

(a) airgead agus gach maoin eile, réadach nó pearsanta, sochorraithe nó dochorraithe,

(b) ábhar i gcaingean agus aon mhaoin dho-láimhsithe nó neamhchorprach eile,

(c) fáltais as maoin a dhiúscairt, agus

(d) fianaise;

ciallaíonn “Prótacal 2001” an Prótacal 5 a ghabhann le Coinbhinsiún 2000, arna dhéanamh i Lucsamburg an 16 Deireadh Fómhair 2001;

ciallaíonn “ionstraim idirnáisiúnta iomchuí” an ionstraim idirnáisiúnta ar dá réir a dhéantar iarraidh ar chúnamh;

ciallaíonn “iarraidh” iarraidh ar chúnamh ar iarraidh í a dhéanann údarás iarrthach faoi réim agus de réir ionstraime idirnáisiúnta iomchuí;

ciallaíonn “údarás iarrthach”—

(a) cúirt nó binse agus í nó é ag feidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla i stát ainmnithe agus ag déanamh iarrata, nó

(b) aon údarás eile sa stát sin ar dóigh leis an Aire ina leith gurb é a fheidhm an iarraidh a dhéanamh;

maidir le “cion ioncaim”—

(a) ciallaíonn sé cion faoi dhlí an Stáit nó faoi dhlí stáit ainmnithe i dtaca le cánacha, dleachtanna, custaim nó rialáil malairte,

(b) folaíonn sé cion den sórt sin faoi dhlí stáit ainmnithe is cuma an ndéantar foráil le dlí an Stáit maidir le cánacha, dleachtanna, custaim nó rialáil malairte den chineál céanna a ndéantar foráil ina leith sa stát sin, ach

(c) ní fholaíonn sé—

(i) cion ina ndéantar forneart a úsáid nó a bhagairt nó ina ndéantar mionnú éithigh nó brionnú doiciméid arna eisiúint faoi údarás reachtúil, nó

(ii) cion a líomhnaítear ina leith gur oifigeach Ioncaim de chuid an stáit sin a rinne é ina cháil nó ina cáil mar oifigeach den sórt sin;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Schengen” an Coinbhinsiún a síníodh in Schengen an 19 Meitheamh 1990 agus lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur i ngníomh;

ciallaíonn “ Dara Prótacal Breise ” Dara Prótacal Breise an 8 Samhain 2001 a ghabhann le Coinbhinsiún 1959;

folaíonn “stát”, i ndáil le stát seachas an Stát, críoch, cibé acu sa stát nó lasmuigh de, ar críoch í—

(a) a bhfuil an stát nó rialtas an stáit freagrach go hiomlán nó go páirteach as a caidreamh eachtrach, agus

(b) a bhfuil feidhm ag an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí maidir leis nó a ndéantar foráil lena dlí maidir le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla,

agus tá “stát ainmnithe” agus “ballstát” le forléiriú dá réir sin.

(2) Níl feidhm ag forchoimeádais arna ndéanamh de bhun Airteagal 13 de Choinbhinsiún Sceimhlitheoireachta 1977 maidir le cúnamh frithpháirteach idir ballstáit.

(3) Tugtar éifeacht leis na forálacha seo a leanas den Acht seo do Chinneadh (2002/192/CE) an 28 Feabhra 2002 ón gComhairle maidir le hiarraidh na hÉireann a bheith páirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen, a mhéid a bhaineann na forálacha sin le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla:

(a) mír (c) den mhíniú ar “imeachtaí coiriúla” i bhfo-alt (1);

(b) fo-ailt (1) agus (2) d'ailt 74 agus 75;

(c) alt 82 (1)(b).

(4) Tabharfar aird bhreithiúnach ar ionstraim idirnáisiúnta iomchuí.

(5) Le linn aon fhoráil den Acht seo a léiriú—

(a) féadfaidh cúirt breithniú a dhéanamh ar an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí agus ar aon doiciméad míniúcháin a eisítear ina teannta, agus

(b) cibé creidiúnacht is cuí sna himthosca a thabhairt don ionstraim agus d’aon doiciméad den sórt sin.

(6) Mar áis tagartha—

(a) tá an téacs Béarla de Choinbhinsiún 2000 leagtha amach i Sceideal 1,

(b) tá an téacs Béarla de Phrótacal 2001 leagtha amach i Sceideal 2,

(c) tá an téacs Béarla den Chomhaontú leis an Íoslainn agus leis an Iorua leagtha amach i Sceideal 3,

(d) tá an téacs Béarla d’Airteagail 49 agus 51 de Choinbhinsiún Schengen leagtha amach i Sceideal 4,

(e) tá an téacs Béarla den Chreat-Chinneadh leagtha amach i Sceideal 5,

(f) tá an téacs Béarla de Theideal III de Chomhaontú CE/Chónaidhm na hEilvéise leagtha amach i Sceideal 6,

(g) tá an téacs Béarla de Chinneadh 2005 ón gComhairle leagtha amach i Sceideal 7,

(h) tá an téacs Béarla de Choinbhinsiún 1959 agus den Chéad Phrótacal Breise a ghabhann leis leagtha amach i Sceideal 8,

(i) tá an téacs Béarla den Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún 1959 leagtha amach i Sceideal 9,

(j) tá an téacs Béarla de Chaibidil IV de Choinbhinsiún 2005 leagtha amach i Sceideal 10,

(k) tá an téacs Béarla d’Airteagail 13, 14, 18, 19 agus 20 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 15 Samhain 2000, leagtha amach i Sceideal 11,

(l) tá an téacs Béarla d’Airteagail 46, 49, 50 agus 54 go 57 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 31 Deireadh Fómhair 2003, leagtha amach i Sceideal 12,

(m) tá an téacs Béarla den Chomhaontú maidir le Cúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna dhéanamh in Washington D.C. an 25 Meitheamh 2003, leagtha amach i Sceideal 13, agus

(n) tá an téacs Béarla den Chonradh idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Stát Aontaithe maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, arna dhéanamh in Washington D.C. an 18 Eanáir 2001, arna chur i bhfeidhm leis an Ionstraim atá beartaithe le hAirteagal 3(2) den Chomhaontú sin dar dáta an 25 Meitheamh 2003 agus arna dhéanamh i mBaile Átha Cliath an 14 Iúil 2005, leagtha amach i Sceideal 14.

Srian ginearálta ar chúnamh a sholáthar.

3 .— (1) Diúltófar cúnamh a thabhairt—

(a) má mheasann an tAire gur dóigh go ndéanfaí dochar do fhlaitheas, do shlándáil nó do leasanna riachtanacha eile an Stáit dá dtabharfaí cúnamh nó go mbeadh sé contrártha do bheartas poiblí (ordre public),

(b) má tá forais réasúnacha ann chun a chreidiúint—

(i) go ndearnadh an iarraidh lena mbaineann chun duine a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar a ghnéas nó a gnéas, a chine nó a cine, a chreideamh nó a creideamh, a bhunadh eitneach nó a bunadh eitneach, a náisiúntacht, a theanga nó a teanga, a thuairimí polaitíochta nó a tuairimí polaitíochta, nó a ghnéaschlaonadh nó a gnéaschlaonadh,

(ii) go bhféadfadh sé tarlú, dá soláthrófaí cúnamh—

(I) go ndéanfaí dochar do sheasamh duine maidir le haon cheann de na cúiseanna sin,

(II) gurbh é ba thoradh leis ná go ndéanfaí céastóireacht ar an duine nó go ndéanfaí sárú eile ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i leith an duine,

(c) más rud é nach bhfuil an iarraidh de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí, nó

(d) más rud go ndéanfaí dochar d’imscrúdú coiriúil, nó d’imeachtaí coiriúla, sa Stát dá soláthrófaí cúnamh agus fad a dhéanfaí dochar amhlaidh,

agus féadfar é a dhiúltú ar aon fhoras eile chun cúnamh a dhiúltú ar foras é a shonraítear san ionstraim idirnáisiúnta iomchuí.

(2) San alt seo, tá le “ céastóireacht ” an bhrí a thugtar dó leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000.

Stát ainmnithe.

4 .— Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, stát (seachas ballstát) a ainmniú chun críocha cúnaimh fhrithpháirtigh idir an Stát agus an stát sin faoin Acht seo nó chun críocha Codanna nó forálacha sonraithe den Acht seo de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí.

Feidhm dlí a bheith ag Airteagail áirithe de Choinbhinsiún 2000 agus den Dara Prótacal Breise.

5 .— (1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, tá feidhm an dlí ag Airteagail 4 (foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta le linn iarrataí a fhorghníomhú) agus 6 (iarrataí a tharchur) de Choinbhinsiún 2000 agus ag Airteagail 4 (bealaí cumarsáide) agus 8 (nós imeachta) den Dara Prótacal Breise i leith a bhfeidhme maidir leis an Stát.

(2) Chun críocha fho-alt (1)

(a) déanfar tagairtí sna hAirteagail atá luaite san fho-alt sin do stát iarrtha nó do pháirtí iarrtha nó d'údaráis, d’údaráis bhreithiúnacha nó d’údaráis inniúla an stáit nó an pháirtí sin a fhorléiriú mar thagairtí, de réir mar is cuí, don Údarás Lárnach nó don bhreitheamh nó don chúirt lena mbaineann, agus

(b) aon tagairtí do na hAirteagail sin is tagairtí iad do na hAirteagail arna modhnú le haon fhorchoimeádas nó dearbhú arna dhéanamh i ndáil leo.

Iarrataí (ginearálta).

6 .— (1) Faoi réir na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le hiarrataí áirithe, tá éifeacht leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí sa Stát i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) foirm na n-iarrataí agus an fhaisnéis atá le soláthar leo,

(b) an gníomh a fhéadfar a dhéanamh i gcás nach gcomhlíonann iarraidh forálacha na hionstraime nó i gcás nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear chun gur féidir déileáil leis an iarraidh,

(c) aon srianta san ionstraim maidir le diúltú d’iarrataí áirithe,

(d) aon cheanglais san ionstraim maidir le cosaint, nochtadh, úsáid nó tarchur faisnéise nó fianaise a fhaightear fúithi,

(e) na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta le linn déileáil le hiarrataí, mura rud é go bhfuil na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta sin contrártha do phrionsabail bhunúsacha dhlí an Stáit, agus

(f) tarchur, agus modh tarchurtha, iarrataí lena n-áirítear, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh san ionstraim, tarchur trí Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol) i gcásanna práinneacha.

(2) Ní bhaineann an tAcht seo ach amháin le hiarrataí a dhéantar tar éis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí a bheith tagtha i bhfeidhm, nó, de réir mar a bheidh, tar éis í a bheith curtha i bhfeidhm idir an Stát agus an stát ainmnithe lena mbaineann.

(3) Maidir le hiarrataí a fhaightear agus nach bhforghníomhaítear roimh an dáta nár mhór déileáil leo faoin Acht seo, déileálfar leo, nó leanfar de bheith ag déileáil leo, amhail is dá mba rud é nár ritheadh an tAcht seo.

(4) Maidir le hiarrataí—

(a) déanfar iad a dhíriú chuig an Údarás Lárnach, mura rud é go bhforáiltear a mhalairt leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí,

(b) más cuí, léireofar iontu an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí ar fúithi atá an iarraidh á déanamh, agus

(c) beidh siad i scríbhinn nó in aon fhoirm ónar féidir taifead scríofa a tháirgeadh faoi dhálaí trína lamháiltear a bhfíre a shuíomh.

(5) Maidir le hiarrataí chuig stát ainmnithe agus maidir le haon doiciméid tacaíochta nó doiciméid ghaolmhara, beidh aistriúchán ag gabháil leo, más cuí, ar aistriúchán é ar na hiarrataí agus ar aon doiciméid den sórt sin, nó ar na codanna ábhartha díobh, go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an stáit sin, mura rud é gurb eol nach bhfuil aistriúchán den sórt sin ag teastáil ón údarás iomchuí sa stát ainmnithe lena mbaineann.

(6) Maidir le hiarrataí ó stát ainmnithe agus maidir le haon doiciméid tacaíochta nó doiciméid ghaolmhara, mura bhfuil siad i mBéarla nó i nGaeilge, beidh aistriúchán ar na hiarrataí agus ar aon doiciméid den sórt sin nó ar na codanna ábhartha díobh ag gabháil leo.

(7) Féadfaidh an tÚdarás Lárnach—

(a) glacadh le hiarrataí agus le haon doiciméid tacaíochta nó doiciméid ghaolmhara mar fhianaise ar na nithe a luaitear iontu, mura rud é go bhfuil faisnéis dá mhalairt aige, agus

(b) cibé faisnéis bhreise is gá chun gur féidir cinneadh a dhéanamh faoi iarraidh a lorg ón údarás iarrthach lena mbaineann.

(8) Féadfaidh an tAire gníomh maidir le hiarraidh a iarchur dá mba rud é go ndéanfadh an gníomh dochar d’imeachtaí coiriúla nó d’imscrúdú coiriúil.

(9) Sula ndiúltóidh an tAire d’iarraidh nó sula n-iarchuirfidh sé nó sí gníomh maidir leis, déanfaidh sé nó sí, i gcás inar cuí sin agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás iarrthach, breithniú i dtaobh an bhféadfar géilleadh don iarraidh go páirteach nó faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh sé nó sí is gá.

(10) Tabharfar cúiseanna le haon diúltú nó iarchur den sórt sin.

(11) Déanfaidh an tAire aon imthosca a fhágann go bhfuil sé dodhéanta an iarraidh a chomhlíonadh nó ar dóigh dóibh comhlíonadh a mhoilliú go suntasach a chur in iúl d’údarás iarrthach.

Fianaise a tharchur chuig stát ainmnithe (ginearálta).

7 .— (1) Déanfar fianaise a fhaightear sa Stát i gcomhlíonadh iarrtha a tharchur chuig an stát ainmnithe lena mbaineann de réir ordacháin an Aire.

(2) Más rud é go bhfuil deimhniú, mionnscríbhinn nó doiciméad fíoraithe eile le bheith ag gabháil le haon fhianaise den sórt sin, déanfaidh an breitheamh lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, an comhalta cuí den Gharda Síochána nó an t-oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, an doiciméad a éilítear a sholáthar lena tharchur chuig an stát ainmnithe.

(3) I gcás inarb é atá san fhianaise ná doiciméad, déanfar an doiciméad bunaidh nó cóip de a tharchur agus, i gcás inarb é atá ann ná aon ítim eile, déanfar an ítim í féin nó tuairisc uirthi, grianghraf di nó léiriú eile uirthi a tharchur, de réir mar is gá chun an iarraidh a chomhlíonadh.

Údarás Lárnach.

8 .— (1) Is é nó is í an tAire an tÚdarás Lárnach chun críocha an Achta seo.

(2) Is é feidhm an Údaráis Lárnaigh iarrataí, seachas iarrataí arna ndéanamh faoi Chuid 3, a fháil agus a tharchur, agus déileáil le hiarrataí thairis sin, agus comhoibriú a dhéanamh, de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí, le daoine comhfhreagracha nó le comhlachtaí comhfhreagracha i stáit ainmnithe i ndáil le hiarrataí a fhaightear uathu.

(3) Féadfaidh an tAire, má mheasann sé nó sí gur cuí sin, daoine a ainmniú chun feidhmeanna sonraithe de chuid an Údaráis Lárnaigh a chomhlíonadh, agus féadfar daoine éagsúla a ainmniú amhlaidh chun feidhmeanna éagsúla den sórt sin a chomhlíonadh.

(4) Fad atá ainmniú den sórt sin i bhfeidhm, tá tagairt san Acht seo don Údarás Lárnach, a mhéid a bhaineann sí le comhlíonadh feidhme a shonraítear san ainmniú, le forléiriú mar thagairt don duine arna ainmniú nó arna hainmniú amhlaidh chun an fheidhm sin a chomhlíonadh.

(5) Féadfaidh an tAire ainmniú a leasú nó a chúlghairm.

(6) Déanfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, ainmneacha aon daoine a bheidh arna n-ainmniú de thuras na huaire faoin alt seo a chur in iúl d’Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Malartú spontáineach faisnéise.

9 .— (1) Gan dochar d’alt 100, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Coimisinéir an Gharda Síochána nó na Coimisinéirí Ioncaim (dá ngairtear “an t-údarás soláthair” san alt seo), de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí agus gan iarraidh a fháil chuige sin, faisnéis a sheoladh chuig údarás inniúil i stát ainmnithe maidir le nithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hiarraidh den sórt sin nó chun críche imscrúduithe coiriúla reatha nó imeachtaí coiriúla reatha nó chun imscrúduithe nó imeachtaí den sórt sin a thionscnamh.

(2) Féadfaidh an t-údarás soláthair coinníollacha a fhorchur ar úsáid na faisnéise a sheoltar amhlaidh ag an údarás inniúil.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le húdarás inniúil stáit ainmnithe a bhfuil dearbhú déanta aige faoi mhír 4 d’Airteagal 11 den Dara Prótacal mura rud é, de réir mar a cheanglaítear le dearbhú den sórt sin, go mbeidh fógra roimh ré faoi chineál na faisnéise a bheidh le seoladh faighte ag an údarás agus gur aontaigh sé an fhaisnéis sin a sheoladh.

(4) Maidir le haon choinníollacha a fhorchuireann údarás inniúil i stát ainmnithe ar úsáid faisnéise arna seoladh chuige ag an údarás soláthair, comhlíonfar iad de bhun na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí.

(5) San alt seo, aon tagairtí d’údarás inniúil i stát ainmnithe is tagairtí iad don údarás i stát den sórt sin ar dealraitheach don údarás soláthair gurb é an t-údarás cuí é maidir leis an bhfaisnéis lena mbaineann a fháil nó a sheoladh.

Aisghairm.

10 .— Gan dochar d’alt 11, aisghairtear na forálacha seo a leanas:

(a) Cuid VII (Comhar Idirnáisiúnta) d’Acht 1994 agus an Dara Sceideal (fianaise a thógáil lena húsáid lasmuigh den Stát) a ghabhann leis an Acht sin,

(b) alt 15 (leasú ar Acht 1994) den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997, agus

(c) alt 22 (leasú ar alt 56A d’Acht 1994) den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001.

Cosaint.

11 .— (1) Más rud é—

(a) go ndearnadh cúnamh frithpháirteach a sholáthar idir an Stát agus stát eile le foráil de chuid Chuid VII d’Acht 1994, nó faoi fhoráil den sórt sin, roimh aisghairm na Coda sin ar thosach feidhme alt 10 (a), agus

(b) nach bhfuil an Stát arna ainmniú faoi alt 4 chun críocha an chúnaimh sin,

leanfar den chúnamh lena mbaineann a sholáthar faoi réim agus de réir na forála comhréirí den Acht seo agus beidh éifeacht leis an bhforáil sin, dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, chun na críche sin.

(2) Folaíonn an tagairt i bhfo-alt (1) do Chuid VII d’Acht 1994 tagairt don Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(3) Folaíonn tagairtí i bhfo-alt (1) do stát tagairtí do thír nó do chríoch de réir bhrí na Coda sin VII.

1IO L64, 7.3.2002, lch. 20

2IO C197, 12.7.2000, lch. 1

3IO L253, 29.9.2005

4IO L196, 2.8.2003, lch. 45

5IO C326, 21.11.2001, lch. 1