An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh (CUID 3 Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh )

7 2008

TODO

CUID 2

Faisnéis faoi Idirbhearta Airgeadais chun críocha Imscrúdaithe Choiriúil

Léiriú (Cuid 2).

12 .— (1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ cuntas ” cuntas, de chineál ar bith, i bhforas airgeadais, cibé acu sa Stát nó i stát ainmnithe, ar cuntas é a shealbhaíonn duine nó atá faoi rialú duine agus folaíonn sé—

(a) cuntas a shealbhaíonn an duine faoi ainm éagsúil nó faoi leagan éagsúil d’ainm an duine,

(b) cuntas a shealbhaíonn an duine i gcomhpháirt le duine eile,

(c) cuntas a shealbhaíonn duine eile ar cuntas é a bhfuil an duine údaraithe chun oibriú air, cibé acu ar mhodh cumhachta aturnae nó ar shlí eile,

(d) cuntas a shealbhaíonn duine eile (dá ngairtear “cuntas seolta nó faighteora” sa Chuid seo) ar cuntas é ar chuige nó uaidh a rinneadh íocaíochtaí nó atá íocaíochtaí á ndéanamh ó chuntas, nó chuig cuntas, in ainm duine a shonraítear in ordú um fhaisnéis chuntais, agus

(e) aon chuntas eile a shealbhaíonn duine eile, i gcás ina mbeadh faisnéis i ndáil leis iomchuí maidir leis an imscrúdú dá dtagraítear san iarraidh;

ciallaíonn “ ordú um fhaisnéis chuntais ” ordú faoi alt 13 17 á rá go ndéanfaidh foras airgeadais sonraithe, laistigh de thréimhse ama a shonróidh an t-iarratasóir ar an ordú trí fhógra i scríbhinn nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse ama sin faoi fho-alt (2)

(a) an méid seo a leanas a lua—

(i) an bhfuil cuntas nó cuntais in ainm nó in ainmneacha duine shonraithe nó daoine sonraithe nó i leagan éagsúil sonraithe nó i leaganacha éagsúla sonraithe den ainm nó de na hainmneacha sin á shealbhú nó á sealbhú san fhoras airgeadais, agus

(ii) an bhfuil sé tar éis teacht ar eolas, i ngnáthchúrsa gnó, faoi aon chuntas nó cuntais eile san fhoras a bhfuil an duine sonraithe nó na daoine sonraithe údaraithe chun oibriú air, cibé acu ar mhodh cumhachta aturnae nó ar shlí eile,

agus

(b) má tá, aon fhaisnéis atá aige nó aici i ndáil le haon chuntas nó cuntais den sórt sin agus i ndáil le haon chuntais seolta nó faighteora, lena n-áirítear mionsonraí faoi aon oibríochtaí ar an gcuntas nó ar na cuntais sin, de réir mar a shonraítear san ordú, le linn aon tréimhse a shonraítear amhlaidh a sholáthar don iarratasóir nó d’ainmnitheach an iarratasóra ar mhodh agus i bhfoirm a shonraítear san fhógra;

ciallaíonn “ ordú um fhaireachán cuntais ” ordú faoi alt 13 17 á rá go gcuirfidh foras airgeadais sonraithe ar chumas an iarratasóra ar an ordú chun faireachán a dhéanamh, le linn tréimhse áirithe, agus ar mhodh agus i bhfoirm, a shonróidh an t-iarratasóir trí fhógra i scríbhinn, ar aon oibríochtaí arna sonrú amhlaidh agus atá á ndéanamh ar chuntas nó ar chuntais in ainm sonraithe nó in ainmneacha sonraithe nó i leagan éagsúil sonraithe nó i leaganacha éagsúla sonraithe den ainm nó de na hainmneacha sin san fhoras airgeadais;

ciallaíonn “ foras airgeadais ”—

(a) má tá an foras airgeadais sa Stát—

(i) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas ó Bhanc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971,

(ii) duine dá dtagraítear in alt 7(4) den Acht sin, nó

(iii) foras creidmheasa (de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú) 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992)) atá údaraithe ag an Údarás sin chun gnó forais creidmheasa a sheoladh de réir na n-achtachán maoirseachta de réir bhrí na Rialachán sin,

(b) má tá an foras airgeadais i stát ainmnithe, banc nó foras airgeadais neamhbhainc;

ciallaíonn “ foirm ”, san áit a bhfuil sé sa mhíniú ar ordú um fhaisnéis chuntais agus ar ordú um fhaireachán cuntais, foirm—

(a) atá buan agus inléite, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a aistriú chuig foirm den sórt sin ó fhoirm leictreonach nó ó fhoirm neamh-inléite, nó

(b) má shonraíonn an t-iarratasóir ar ordú den sórt sin amhlaidh, atá i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm neamh-inléite eile atá inaistrithe chuig foirm bhuan agus inléite;

maidir le “cion polaitiúil”—

(a) folaíonn sé cion atá bainteach le cion polaitiúil,

(b) ní fholaíonn sé—

(i) cion lena mbaineann alt 3 den Acht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur) 1987 (“Acht 1987”), nó

(ii) cion, arna mhíniú i bhfo-alt (3), arb é atá ann ná comhcheilg nó comhlachú maidir le cion den sórt sin a dhéanamh;

ciallaíonn “ Prótacal 2001 ” Prótacal an 16 Deireadh Fómhair 2001 a ghabhann le Coinbhinsiún 2000;

tá le “ cuntas seolta nó faighteora ” an bhrí a thugtar dó le mír (d) den mhíniú ar “cuntas”.

(2) Maidir leis an tréimhse ama a shonraíonn iarratasóir ar ordú um fhaisnéis chuntais—

(a) is tréimhse ama í a bhféadfar a bheith ag súil ina leith go soláthróidh foras airgeadais an fhaisnéis a shonraítear san ordú laistigh di, agus

(b) féadfar í a fhadú ar feadh tréimhse a shonróidh an t-iarratasóir i bhfógra breise i scríbhinn, tar éis dul i gcomhairle leis an bhforas airgeadais lena mbaineann.

(3) Maidir leis an gcion comhcheilge nó maidir leis an gcion comhlachaithe dá dtagraítear i mír (b)(ii) den mhíniú ar “cion polaitiúil”, is cion é—

(a) arb é atá ann an t-iompar a thuairiscítear in Airteagal 3(4) den Choinbhinsiún a bhaineann le hEiseachadadh idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 27 Meán Fómhair 1996, eadhon, iompar ag duine ar iompar é a chuidíonn le grúpa daoine ag gníomhú dóibh de chomhchuspóir na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) cion amháin nó níos mó i réimse na sceimhlitheoireachta de réir mar atá luaite in Airteagail 1 agus 2 de Choinbhinsiún Sceimhlitheoireachta 1977, gáinneáil ar dhrugaí nó cineálacha eile coireachta eagraithe, nó

(ii) gníomhartha eile foréigin in aghaidh beatha, iomláine choirp nó saoirse duine nó gníomhartha eile foréigin lena gcruthaítear comhchontúirt do dhaoine,

agus

(b) atá inphionóis, fiú mura nglacann an duine páirt i ndéanamh iarbhír an chiona nó na gcionta, le téarma príosúnachta ar feadh tréimhse 12 mhí nó le pionós is déine ná sin

más rud é, maidir leis an gcuidiú sin, gur chuidiú d’aon ghnó é agus gur thug an duine é agus eolas aige nó aici faoi chuspóir agus faoi ghníomhaíocht choiriúil ghinearálta an ghrúpa nó faoi é a bheith ar intinn aige an cion nó na cionta lena mbaineann a dhéanamh.

(4) An tagairt san alt seo d’alt 3 d’Acht 1987 is tagairt í don alt sin arna leasú le halt 2 den Acht um Eiseachadadh (Leasú) 1994 agus le hailt 12 agus 27 den Acht um Eiseachadadh (Coinbhinsiúin an Aontais Eorpaigh) 2001.

Faisnéis faoi idirbhearta airgeadais ar faisnéis í atá le húsáid sa Stát

Ordú um fhaisnéis chuntais agus ordú um fhaireachán cuntais.

13 .— (1) Chun críocha imscrúdaithe choiriúil sa Stát, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire iarratas a dhéanamh ex parte chuig breitheamh den Ard-Chúirt ar ordú um fhaisnéis chuntais nó ordú um fhaireachán cuntais nó ar an dá ordú sin.

(2) Féadfaidh baint a bheith ag an iarratas—

(a) le gach foras airgeadais sa Stát nó sa stát ainmnithe lena mbaineann,

(b) le hearnáil nó le hearnálacha foras airgeadais den sórt sin, nó

(c) le foras airgeadais áirithe den sórt sin nó le forais airgeadais áirithe den sórt sin.

(3) Maidir leis an ordú nó na horduithe a mbeidh iarratas déanta orthu i ndáil leis an bhforas airgeadais nó leis na forais airgeadais a bheidh sonraithe san iarratas, féadfaidh an breitheamh é nó iad a dhéanamh más deimhin leis nó léi—

(a) go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag an nGarda Síochána i dtaobh na nithe seo a leanas—

(i) an bhfuil cion déanta ag duine sonraithe, nó

(ii) an bhfuil seilbh nó rialú ag duine sonraithe ar shócmhainní nó ar fháltais a éiríonn as iompar coiriúil,

agus

(b) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint—

(i) go bhféadfadh sé go bhfuil faisnéis atá ag teastáil chun críocha an imscrúdaithe ag an bhforas airgeadais nó ag na forais airgeadais lena mbaineann, agus

(ii) gurb é leas an phobail é go ndéanfaí aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh chun na gcríoch sin, ag féachaint don tairbhe is dóigh a bheadh ann don imscrúdú agus ag féachaint d’aon imthosca iomchuí eile.

(4) Maidir le hordú faoin alt seo, beidh dóthain faisnéise ann i ndáil le haon chuntas arna shonrú ann chun gur féidir leis an bhforas airgeadais lena mbaineann an cuntas a shainaithint.

(5) Tá éifeacht le hordú faoin alt seo d’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó d’ainneoin aon sriain eile ar nochtadh a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile.

(6) Maidir le fógra i scríbhinn arna thabhairt d’fhoras airgeadais de bhun ordaithe faoin alt seo, ar ordú é ina sonraítear oibríochtaí ar chuntais arna gcoimeád san fhoras sin, féadfaidh an t-iarratasóir ar an ordú é a mhodhnú, i gcomhairle leis an bhforas airgeadais, chun nach ndéanfaidh an foras sin, a mhéid is indéanta, faisnéis a sholáthar nach bhfuil iomchuí maidir leis an imscrúdú coiriúil lena mbaineann.

(7) Maidir le haon fhaisnéis arna soláthar ag foras airgeadais sa Stát i gcomhlíonadh ordaithe faoin alt seo, níl sí inghlactha i bhfianaise i gcoinne an fhorais airgeadais, ach amháin in aon imeachtaí i leith ciona faoi alt 21 (1)(b).

Iarraidh chuig stát ainmnithe ar fhaisnéis faoi idirbhearta airgeadais.

14 .— (1) I gcás ina mbaineann ordú um fhaisnéis chuntais nó ordú um fhaireachán cuntais le faisnéis maidir le cuntas nó le cuntais i bhforas airgeadais i stát ainmnithe, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an t-ordú a chur chuig an Údarás Lárnach lena tharchur chuig údarás inniúil sa stát sin, maille le hiarraidh ón Stiúrthóir an fhaisnéis lena mbaineann an t-ordú a sholáthar.

(2) D’ainneoin fo-alt (1), féadfaidh an Stiúrthóir iarraidh a dhéanamh go díreach chuig údarás inniúil i stát ainmnithe ar iarraidh í ar aon fhaisnéis a sholáthar a bhféadfadh baint a bheith ag ordú um fhaisnéis chuntais nó ag ordú um fhaireachán cuntais léi má tá imscrúdú coiriúil ar siúl sa Stát agus má tá forais réasúnacha ag an Stiúrthóir chun a chreidiúint—

(a) go bhféadfadh sé go bhfuil faisnéis atá ag teastáil chun críocha an imscrúdaithe ag foras airgeadais nó ag forais airgeadais sa stát ainmnithe, agus

(b) gurb é leas an phobail é go ndéanfaí aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh chun na gcríoch sin, ag féachaint don tairbhe is dóigh a bheadh ann don imscrúdú agus ag féachaint d’aon imthosca iomchuí eile.

(3) Beidh an méid seo a leanas san áireamh in aon iarraidh faoin alt seo—

(a) ráiteas ón Stiúrthóir á rá go bhfuil imscrúdú ar siúl maidir le cion sonraithe agus gur ábhar don imscrúdú an duine atá luaite san iarraidh, agus

(b) an fhaisnéis seo a leanas:

(i) cén fáth a measann an Stiúrthóir gur dóigh go mbeidh luach substaintiúil, chun críocha an imscrúdaithe, ag gabháil leis an bhfaisnéis iarrtha;

(ii) cén fáth a measann sé nó sí go bhféadfadh sé go gcoimeádann foras airgeadais nó forais airgeadais sa stát ainmnithe an cuntas nó na cuntais lena mbaineann;

(iii) má tá siad ar fáil, ainm nó ainmneacha an fhorais sin nó na bhforas sin;

(iv) an tréimhse uasta príosúnachta a dhlitear, ar dhuine a chiontú sa chion, a chur ar dhuine láninniúil nár ciontaíodh roimhe sin;

(v) an t-ábhar atá luaite i bhfo-ailt (4) agus (5); agus

(vi) aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh comhlíonadh na hiarrata a éascú.

(4) Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear mar fhreagra ar iarraidh faoin alt seo a úsáid, gan toiliú an údaráis inniúil, chun aon chríche seachas an chríoch a cheadaítear leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí.

(5) Nuair nach mbeidh aon fhaisnéis den sórt sin ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin (nó chun aon chríche eile a mbeidh an toiliú sin faighte ina leith), tabharfar ar ais í don údarás inniúil mura rud é go gcuireann an t-údarás in iúl nach gá í a thabhairt ar ais.

Faisnéis faoi idirbhearta airgeadais ar faisnéis í atá le húsáid i stát ainmnithe

Iarraidh ó stát ainmnithe ar fhaisnéis faoi idirbhearta airgeadais.

15 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh ar fhaisnéis i ndáil le haon chuntas nó cuntais a d’fhéadfadh a bheith arna shealbhú nó arna sealbhú i bhforas airgeadais sa Stát ag duine is ábhar d’imscrúdú coiriúil i stát ainmnithe.

(2) Beidh an méid seo a leanas san áireamh san iarraidh—

(a) ráiteas á rá go ndearnadh cion sonraithe sa stát ainmnithe lena mbaineann agus gur ábhar d’imscrúdú maidir leis an gcion an duine atá luaite san iarraidh,

(b) ráiteas á rá—

(i) nach ndéanfar aon fhaisnéis a sholáthrófar mar fhreagra ar an iarraidh a úsáid, gan toiliú roimh ré ón Aire, chun aon chríche seachas an chríoch a bheidh sonraithe san iarraidh, agus

(ii) go ndéanfar an taifead ar aon fhaisnéis den sórt sin a thabhairt ar ais nuair nach mbeidh sé ag teastáil a thuilleadh chun na críche a shonrófar amhlaidh (nó chun aon chríche eile a mbeidh an toiliú sin faighte ina leith) mura rud é go gcuirfidh an tAire in iúl nach gá é a thabhairt ar ais,

agus

(c) an fhaisnéis seo a leanas:

(i) cén fáth a measann an t-údarás iarrthach gur dóigh go mbeidh luach substaintiúil, chun críocha an imscrúdaithe, ag gabháil leis an bhfaisnéis iarrtha;

(ii) cén fáth a measann sé go bhféadfadh sé go sealbhaíonn foras airgeadais nó forais airgeadais sa Stát an cuntas nó na cuntais lena mbaineann;

(iii) má tá siad ar fáil, ainm nó ainmneacha an fhorais sin nó na bhforas sin;

(iv) an tréimhse uasta príosúnachta faoi dhlí an stáit ainmnithe arb í an tréimhse í atá inchurtha mar phionós i leith an chiona; agus

(v) aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh comhlíonadh na hiarrata a éascú.

(3) I bhfo-alt (1), folaíonn “ faisnéis ”—

(a) faisnéis i dtaobh an gcoinníonn foras airgeadais sa Stát cuntas nó cuntais a luaitear san fho-alt sin,

(b) mionsonraí faoi aon chuntas nó cuntais den sórt sin,

(c) mionsonraí faoi oibríochtaí ar aon chuntas nó cuntais den sórt sin le linn tréimhse áirithe.

Gníomhú tar éis iarraidh a fháil.

16 .— Féadfaidh an tAire, má tá sé nó sí den tuairim go gcomhlíonann an iarraidh alt 15 , a údarú do chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Ard-Chúirt ar ordú um fhaisnéis chuntais nó ar ordú um fhaireachán cuntais, nó ar an dá ordú sin, i leith na faisnéise a iarrtar.

Ordú um fhaisnéis chuntais agus ordú um fhaireachán cuntais ar scór iarrata.

17 .— (1) Tar éis údarú faoi alt 16 a fháil, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire iarratas a dhéanamh ex parte agus ar shlí seachas go poiblí chuig breitheamh den Ard-Chúirt ar ordú um fhaisnéis chuntais nó ar ordú um fhaireachán cuntais nó ar an dá ordú sin.

(2) Maidir leis an iarratas—

(a) féadfaidh baint a bheith aige—

(i) le gach foras airgeadais sa Stát,

(ii) le hearnáil nó le hearnálacha foras airgeadais den sórt sin, nó

(iii) le foras airgeadais áirithe den sórt sin nó le forais airgeadais áirithe den sórt sin,

agus

(b) beidh cóip den iarraidh lena mbaineann agus d’aon doiciméid tacaíochta nó doiciméid ghaolmhara ag gabháil leis.

(3) Féadfaidh an breitheamh an t-ordú nó na horduithe a ndéantar iarratas orthu i ndáil leis an bhforas airgeadais nó leis na forais airgeadais a shonraítear san iarratas a dhéanamh más deimhin leis nó léi—

(a) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh cion faoi dhlí an stáit ainmnithe lena mbaineann,

(b) gurb é nó gurb í an duine a luaitear san iarraidh is ábhar d’imscrúdú maidir leis an gcion,

(c) go bhfuil an iarraidh, thairis sin, de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí, agus

(d) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhféadfadh sé go bhfuil faisnéis atá ag teastáil chun críocha an imscrúdaithe ag an bhforas airgeadais sonraithe nó ag na forais airgeadais shonraithe.

(4) Maidir le hordú faoin alt seo, beidh dóthain faisnéise ann i ndáil le haon chuntas arna shonrú ann chun gur féidir leis an bhforas airgeadais lena mbaineann an cuntas a shainaithint.

(5) Tá éifeacht le hordú faoin alt seo d’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó d’ainneoin aon sriain eile arna fhorchur le reacht nó ar shlí eile.

(6) Maidir le haon fhaisnéis a sholáthróidh foras airgeadais i gcomhlíonadh ordaithe den sórt sin, níl sí inghlactha i bhfianaise ina choinne, ach amháin in aon imeachtaí i leith ciona faoi alt 21 (1)(b).

Faisnéis a fhaightear a tharchur chuig údarás iarrthach.

18 .— Déanfar faisnéis arna nochtadh ag foras airgeadais i gcomhlíonadh ordaithe um fhaisnéis chuntais nó ordaithe um fhaireachán cuntais faoi alt 17 a tharchur chuig an údarás iarrthach lena mbaineann de réir socruithe arna gceadú ag an Aire.

Fógra faoi imscrúduithe ionchasacha breise a chur in iúl don údarás iarrthach.

19 .— Le linn iarraidh faoin gCuid seo a fhorghníomhú, déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, má tá sé nó sí den tuairim go bhféadfadh sé gur cuí imscrúduithe a ghabháil de láimh nach rabhthas ag súil leo i dtosach nó nach bhféadfaí a shonrú nuair a rinneadh an iarraidh, an méid sin a chur in iúl don údarás iarrthach.

Forlíontach

Ordú um fhaisnéis chuntais nó ordú um fhaireachán cuntais a athrú nó a urscaoileadh.

20 .— (1) Féadfaidh breitheamh den Ard-Chúirt ordú um fhaisnéis chuntais nó ordú um fhaireachán cuntais a athrú nó a urscaoileadh ar iarratas a fháil—

(a) ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, nó

(b) ó aon fhoras airgeadais dá ndéanann an t-ordú difear.

(2) I gcás ina mbaineann an t-iarratas le hordú faoi alt 17 , déanfaidh an breitheamh socrú chun fógra a thabhairt don údarás inniúil sa stát ainmnithe lena mbaineann—

(a) maidir leis an iarratas agus maidir leis na forais lena dhéanamh, ionas go gcumasófar don údarás aon argóintí a mheasann sé is gá a chur i láthair ag éisteacht an iarratais, agus

(b) maidir le toradh an iarratais.

(3) Déanfar an t-iarratas a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

Cionta faoin gCuid seo.

21 .— (1) Tá foras airgeadais sa Stát ciontach i gcion—

(a) más rud é, gan leithscéal réasúnach, nach gcomhlíonann sé ordú um fhaisnéis chuntais nó ordú um fhaireachán cuntais, nó

(b) más rud é, agus é ag airbheartú go bhfuil ordú den sórt sin á chomhlíonadh aige—

(i) go ndéanann sé ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

(ii) go ndéanann sé ráiteas go meargánta atá bréagach nó míthreorach i bponc den sórt sin.

(2) Is fo-alt é fo-alt (1) atá gan dochar don dlí a bhaineann le díspeagadh cúirte.

(3) Tá foras airgeadais sa Stát agus aon duine is stiúrthóir, nó oifigeach nó fostaí eile, de chuid an fhorais ciontach i gcion más rud é go ndéanann an foras nó an duine, agus eolas aige nó aici nó amhras air nó uirthi go ndearnadh iarratas faoin gCuid seo ar ordú um fhaisnéis chuntais nó ar ordú um fhaireachán cuntais nó ar an dá ordú sin, aon nochtadh a dhéanann dochar, nó ar dóigh dó dochar a dhéanamh, don imscrúdú coiriúil arb é is cúis leis an iarratas.

(4) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (3), is cosaint don fhoras airgeadais nó don duine a chruthú maidir leis an bhforas nó maidir leis an duine—

(a) nárbh eol dó nó di, nó nach raibh amhras air nó uirthi, go ndearna, nó gur dhóigh go ndéanfadh, an nochtadh lena mbaineann na himeachtaí dochar don imscrúdú coiriúil lena mbaineann, nó

(b) go raibh údarás dlíthiúil nó leithscéal réasúnach aige nó aici chun an nochtadh a dhéanamh.

(5) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (3), dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, agus

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) Aon fhoras airgeadais atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air, agus

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil a chur air.