An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 4 Maoin a Chalcadh, a Choigistiú agus a Fhorghéilleadh ) Ar Aghaidh (Caibidil 3 Maoin a Choigistiú )

7 2008

TODO

Caibidil 2

Maoin a chalcadh

Ordú calctha i ndáil le fianaise.

32 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina mbeifear tar éis imeachtaí coiriúla a thionscnamh, nó ina bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh, sa Stát.

(2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire iarratas a dhéanamh ex parte, agus ar shlí seachas go poiblí, chuig breitheamh den Ard-Chúirt ar ordú (“ordú calctha”) á thoirmeasc ar aon duine maoin shonraithe a dhíothú, a chlaochlú, a bhogadh, a aistriú, a dhiúscairt nó a úsáid, cibé acu sa Stát nó lasmuigh de, ar maoin í a d’fhéadfadh a bheith ina fianaise sna himeachtaí sin nó, de réir mar a bheidh, in aon imeachtaí den sórt sin a thionscnófar.

(3) Féadfaidh an breitheamh an t-ordú a ndéantar iarratas ina leith a dhéanamh más deimhin leis nó léi—

(a) gur tionscnaíodh na himeachtaí coiriúla nó go bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh,

(b) maidir le fianaise i ndáil leis an gcion lena mbaineann—

(i) go bhfuil sí ar áitreabh sonraithe,

(ii) gur dóigh tábhacht shubstaintiúil a bheith aici (aisti féin nó in éineacht le fianaise eile) maidir leis na himeachtaí nó maidir leis an imscrúdú, agus

(iii) gur dóigh di a bheith inghlactha ag triail i leith an chiona,

agus

(c) i gcás ina bhfuil an fhianaise i stát ainmnithe, go ndearnadh iarraidh nó go ndéanfar iarraidh ar í a aistriú chuig Coimisinéir an Gharda Síochána.

(4) Níl feidhm ag ordú faoin alt seo maidir le haon doiciméid a thagann faoi réir pribhléide dlíthiúla.

(5) Féadfaidh an Ard-Chúirt ordú faoin alt seo a athrú nó a urscaoileadh ar iarratas a fháil—

(a) ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, nó

(b) ó aon duine dá ndéanann an t-ordú difear,

agus déanfaidh sí an t-ordú a urscaoileadh mura mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas dá leanfadh sé i bhfeidhm.

(6) Más rud é—

(a) go ndéantar ordú faoin alt seo a tharchur lena fhorfheidhmiú i stát ainmnithe de bhun alt 33 (4), agus

(b) go ndéantar an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh ina dhiaidh sin i ndáil le maoin sa stát ainmnithe,

cuirfidh an Chúirt faoi deara go gcuirfear an t-athrú nó an t-urscaoileadh in iúl don Údarás Lárnach a luaithe is indéanta, agus déanfaidh an tÚdarás sin, air sin, fógra dá réir sin a thabhairt don údarás iomchuí sa stát ainmnithe.

Ordú calctha a tharchur lena fhorfheidhmiú lasmuigh den Stát.

33 .— (1) Más rud é—

(a) go bhfuil aon mhaoin lena mbaineann iarratas ar ordú calctha i mballstát, agus

(b) go ngéilltear don iarratas,

féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh ar an mbreitheamh lena mbaineann a chur faoi deara an deimhniú a chomhlánú.

(2) Maidir leis an deimhniú—

(a) beidh síniú air (a d’fhéadfadh a bheith ina shíniú leictreonach) ón gcúirt lena mbaineann nó thar a ceann, agus

(b) beidh ráiteas san áireamh ann i dtaobh chruinneas na faisnéise sa deimhniú.

(3) Más ordú faoi alt 32 chun fianaise a chosaint an t-ordú calctha, féadfaidh an chúirt lena mbaineann aon fhoirmiúlachtaí agus nósanna imeachta maidir le forfheidhmiú an ordaithe, ar foirmiúlachtaí iad is gá chun a chinntiú go bhfuil an fhianaise inghlactha in imeachtaí coiriúla, a chur in iúl don údarás breithiúnach.

(4) Déanfaidh cláraitheoir de chuid na Cúirte an t-ordú calctha agus an deimhniú a chur chuig an iarratasóir agus cuirfidh an t-iarratasóir chuig an Údarás Lárnach iad lena dtarchur chuig an údarás cuí sa bhallstát lena mbaineann d’fhonn an t-ordú calctha a chur á fhorfheidhmiú.

(5) Má bhaineann ordú calctha le maoin i stát ainmnithe (seachas ballstát), féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí na nithe seo a leanas a chur chuig an Údarás Lárnach lena dtarchur chuig an údarás cuí sa stát ainmnithe d’fhonn an t-ordú calctha a chur á fhorfheidhmiú—

(a) cóip den ordú arna fíordheimhniú go cuí, agus

(b) cibé faisnéis eile a éileoidh an t-údarás cuí de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí.

Orduithe calctha seachtracha a tharchur chuig an Stát lena bhforfheidhmiú.

34 .— (1) Déanfar ordú calctha seachtrach ó bhallstát agus deimhniú arna chomhlánú go cuí agus arna dheimhniú mar ordú cruinn ag an údarás breithiúnach eisiúna, maille le hiarraidh nó le hordachán a bhaineann leis an tslí ina ndéileálfar leis an bhfianaise nó leis an maoin lena mbaineann, a tharchur, mura bhforáiltear a mhalairt le dearbhú ón Stát faoi Airteagal 4.2 den Chreat-Chinneadh, chuig an Údarás Lárnach i dtaca le hiarraidh chun an t-ordú a fhorfheidhmiú.

(2) Maidir le hiarraidh ó aon stát ainmnithe eile chun ordú calctha seachtrach a fhorfheidhmiú, beidh ag gabháil léi—

(a) cóip chuí-dheimhnithe den ordú,

(b) ráiteas ar na forais i leith na nithe seo a leanas—

(i) an t-ordú a dhéanamh, agus

(ii) a chreidiúint go mbeidh an fhianaise nó an mhaoin lena mbaineann faoi réir ordaithe coigistíochta,

agus aon fhaisnéis eile a éileofar leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí.

(3) Déanfar na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (1)(2) a tharchur ar aon mhodh ar féidir leis taifead scríofa a tháirgeadh faoi dhálaí trína ligtear don Údarás Lárnach nó don Ard-Chúirt fíre na ndoiciméad a shuíomh.

(4) Measfar fo-alt (3) a bheith arna chomhlíonadh ag údarás breithiúnach eisiúna má dhéantar cóipeanna macasamhla den ordú calctha seachtrach, den deimhniú (más cuí) agus d’aon aistriúchán orthu a tharchur i gcomhlíonadh aon rialachán a dhéantar faoi fho-alt (6).

(5) Más rud é nach deimhin leis an Údarás Lárnach nó leis an Ard-Chúirt go bhfuil cóip mhacasamhla de dhoiciméad arna tharchur de réir an ailt seo ag freagairt don doiciméad a n-airbheartaíonn sé ina leith gur cóip den sórt sin é, déanfaidh an tÚdarás Lárnach nó an Chúirt—

(a) a iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna a chur faoi deara an doiciméad bunaidh nó cóip de a tharchur chuig an Údarás Lárnach, agus

(b) an modh ina bhfuil an doiciméad bunaidh nó cóip de le tarchur amhlaidh a chomhaontú leis an údarás breithiúnach sin.

(6) Féadfaidh an tAire, má mheasann sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh chun cruinneas doiciméad arna dtarchur de réir an ailt seo a áirithiú, rialacháin a dhéanamh—

(a) lena bhforordófar nósanna imeachta atá le leanúint i dtaca le doiciméid a tharchur de réir an ailt seo, agus

(b) lena sonrófar gnéithe atá le bheith ann in aon trealamh a bheidh á úsáid chuige sin.

Orduithe calctha seachtracha a aithint agus a fhorfheidhmiú.

35 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás Lárnach, tar éis ordú calctha seachtrach, deimhniú (más cuí), aon doiciméid tacaíochta nó doiciméid ghaolmhara eile agus aon aistriúchán a fháil, a chur faoi deara láithreach iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú (dá ngairtear “ordú um chomhar i dtaca le calcadh”) chun aitheantas a thabhairt don ordú calctha seachtrach agus chun toirmeasc a chur ar aon duine déileáil leis an maoin a shonraítear san ordú calctha seachtrach.

(2) Féadfar an t-iarratas a dhéanamh ex parte, agus ar shlí seachas go poiblí, agus beidh na doiciméid atá luaite i bhfo-alt (1) nó cóipeanna díobh ag gabháil leis agus, i gcás stáit ainmnithe (seachas ballstát), déanfar é le toiliú an Aire.

(3) Maidir le hiarratas ó bhallstát ar ordú calctha seachtrach a fhorfheidhmiú, déileálfar leis a luaithe is féidir agus, aon uair is indéanta é, laistigh de 24 huaire an chloig tar éis an t-ordú agus deimhniú arna chomhlánú go cuí a fháil.

(4) Ar an iarratas a fháil faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fho-alt (5), ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh, ach sin faoi réir aon choinníollacha a shonrófar san ordú.

(5) Féadfaidh an Chúirt—

(a) diúltú ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh ar fhoras a luaitear in alt 3 46, nó

(b) déanamh ordaithe den sórt sin a chur siar ar fhoras a luaitear in alt 47 .

(6) I gcás ina mbaineann iarraidh ó bhallstát le cion dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Chreat-Chinneadh ar cion é is inphionóis sa stát sin le téarma uasta príosúnachta nach giorra ná 3 bliana, ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh ar an aon fhoras amháin nach cion faoi dhlí an Stáit an t-iompar arb é an cion é.

(7) Más rud é—

(a) gur chun faisnéis a chosaint atá ordú calctha seachtrach,

(b) gur gá a chinntiú go bhfuil an fhianaise inghlactha sna himeachtaí lena mbaineann, agus

(c) chun na críche sin, go dtugann an t-údarás breithiúnach eisiúna léiriú sainráite ar fhoirmiúlachtaí agus nósanna imeachta áirithe maidir leis an ordú calctha seachtrach a fhorfheidhmiú,

déanfar foráil leis an ordú um chomhar i dtaca le calcadh maidir le hurramú na bhfoirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta sin, mura rud é go mbeadh sé contrártha do phrionsabail bhunúsacha dhlí an Stáit na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta sin a urramú.

(8) Cuirfidh an Chúirt faoi deara go ndéanfar fógra faoin ordú um chomhar i dtaca le calcadh a thabhairt d’aon duine ar dealraitheach go ndéanann an t-ordú difear dó nó di nó a ndéanann an t-ordú difear dó nó di mura rud é gur deimhin leis an gCúirt nach féidir le réasún a fháil amach cá bhfuil an duine.

Feidhm, etc., orduithe um chomhar i dtaca le calcadh.

36 .— (1) Féadfaidh feidhm a bheith ag ordú um chomhar i dtaca le calcadh—

(a) i gcás ina sonraítear maoin áirithe san ordú calctha seachtrach, maidir leis an maoin arna sonrú amhlaidh, agus

(b) in aon chás eile—

(i) maidir le maoin inréadaithe a shealbhaíonn duine sonraithe, cibé acu atá nó nach bhfuil an mhaoin arna tuairisciú san ordú um chomhar i dtaca le calcadh, agus

(ii) maidir le haon mhaoin inréadaithe a shealbhaíonn duine sonraithe, ar maoin í arna haistriú chuig an duine tar éis an t-ordú calctha seachtrach a dhéanamh.

(2) Maidir le hordú um chomhar i dtaca le calcadh, féadfar cibé foráil is cuí leis an gCúirt a dhéanamh leis maidir le caiteachais mhaireachtála agus caiteachais dhlíthiúla an duine a shealbhaíonn an mhaoin lena mbaineann.

(3) Féadfaidh an Chúirt—

(a) glacadóir a cheapadh aon tráth—

(i) chun seilbh a ghlacadh ar aon mhaoin inréadaithe lena mbaineann ordú um chomhar i dtaca le calcadh, agus

(ii) de réir ordacháin ón gCúirt, chun an mhaoin a bhainistiú nó chun déileáil léi ar shlí eile, ach sin faoi réir cibé eisceachtaí agus coinníollacha a shonróidh sí,

agus

(b) a cheangal ar aon duine a bhfuil an mhaoin ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh seilbh na maoine a thabhairt suas don ghlacadóir.

(4) I gcás ina bhfuil ordú um chomhar i dtaca le calcadh déanta ag an gCúirt, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach custam agus máil aon mhaoin inréadaithe a urghabháil le nach ndéanfar an mhaoin a thabhairt amach as an Stát.

(5) Maidir le maoin a nglacfar seilbh uirthi faoi fho-alt (4), déileálfar léi de réir ordacháin na Cúirte.

Clárú orduithe um chomhar i dtaca le calcadh.

37 .— (1) I gcás ina ndéantar ordú um chomhar i dtaca le calcadh i ndáil le talamh, nó ina ndéantar ordú lena n-athraítear nó lena n-urscaoiltear ordú den sórt sin, déanfaidh cláraitheoir na hArd-Chúirte fógra á rá go ndearnadh an t-ordú, mar aon le cóip den ordú, a chur chuig an Údarás Clárúcháin Maoine.

(2) Tar éis na doiciméid sin a fháil, déanfaidh an tÚdarás—

(a) más talamh chláraithe an talamh, a chur faoi deara go ndéanfar taifead sa chlár arna choimeád aige faoi na hAchtanna um Chlárú Gníomhas agus Teidil 1964 agus 2006 chun toirmeasc a chur, go dtí go n-urscaoiltear an t-ordú, ar aon déileáil leis an talamh agus ar aon mhuirear ar an talamh, agus

(b) má dhéantar an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh ina dhiaidh sin, a chur faoi deara an taifead a athrú dá réir sin nó a chealú, de réir mar a bheidh.

(3) Mura bhfuil feidhm ag fo-alt (2)(a), cuirfidh an tÚdarás faoi deara go ndéanfar an fógra maidir le déanamh, athrú nó urscaoileadh an ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh a chlárú i gclár na ngníomhas arna choimeád ag an Údarás faoi alt 35 den Acht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006.

(4) I gcás ina ndéantar ordú um chomhar i dtaca le calcadh ar ordú é a dhéanann difear do leas i gcuideachta nó ina maoin, nó ina ndéantar ordú lena n-athraítear nó lena n-urscaoiltear ordú den sórt sin, déanfaidh cláraitheoir na hArd-Chúirte fógra, agus cóip den ordú, a chur chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí á rá go ndearnadh an t-ordú.

(5) Tar éis na doiciméid sin a fháil cuirfidh Cláraitheoir na gCuideachtaí faoi deara, más cuideachta chláraithe an chuideachta, go dtaifeadfar an fógra i gClár na gCuideachtaí agus—

(a) más cuideachta láithreach an chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2006, cuirfidh sé nó sí cóip den fhógra chuig gach stiúrthóir de chuid na cuideachta agus chuig rúnaí na cuideachta ag oifig chláraithe na cuideachta, nó

(b) in aon chás eile, cuirfidh sé nó sí cóip den fhógra leis an bpost chuig an duine ar a bhfuil cónaí sa Stát agus atá údaraithe chun seirbheáil próise agus aon fhógraí a cheanglaítear a sheirbheáil uirthi a ghlacadh thar ceann na cuideachta lena mbaineann.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “ Clár na gCuideachtaí ” Clár na gCuideachtaí arna choimeád faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2006;

ciallaíonn “ cuideachta chláraithe ”—

(a) cuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoi na hAchtanna sin, agus

(b) cuideachta láithreach de réir bhrí na nAchtanna sin, nó

(c) cuideachta arna clárú faoi Chuid XI d’Acht na gCuideachtaí 1963 nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Nochtadh ag Brainsí) 1993 (I.R. Uimh. 395 de 1993).

An Ard-Chúirt nó glacadóir d’fheidhmiú cumhachtaí faoin gCaibidil seo.

38 .— (1) Déanfar cumhachtaí na hArd-Chúirte faoi alt 36 nó cumhachtaí glacadóra arna cheapadh nó arna ceapadh faoin alt sin a fheidhmiú, faoi réir an ailt seo, d’fhonn maoin a chur ar fáil lena gnóthú ar maoin í a d’fhéadfadh teacht chun bheith inghnóthaithe faoi aon ordú um chomhar coigistíochta a dhéanfar i gcás an chosantóra.

(2) Déanfar na cumhachtaí a fheidhmiú d’fhonn a cheadú d’aon duine, seachas an cosantóir nó faighteoir bronntanais, luach aon mhaoine a shealbhaíonn an duine a áirithiú agus a ghnóthú.

(3) I gcás maoine inréadaithe a shealbhaíonn duine ar thug an cosantóir bronntanas dó nó di go díreach nó go neamhdhíreach, feidhmeofar na cumhachtaí d’fhonn luach an bhronntanais, gan dul thar luach an bhronntanais, de thuras na huaire a réadú.

(4) Le linn na cumhachtaí a fheidhmiú, ní chuirfear i gcuntas aon oibleagáidí de chuid an chosantóra nó de chuid faighteora aon bhronntanais atá ar neamhréir leis an oibleagáid chun aon ordú um chomhar coigistíochta a chomhlíonadh ar ordú é a dhéanfar i gcás an chosantóra.

Glacadóirí: forálacha forlíontacha.

39 .— Maidir le glacadóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 36 a dhéanann aon ghníomh—

(a) i ndáil le maoin nach maoin inréadaithe, ar gníomh é a bheadh sé nó sí i dteideal a dhéanamh dá mba mhaoin den sórt sin í,

(b) á chreidiúint, agus forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint, go bhfuil sé nó sí i dteideal an gníomh sin a dhéanamh i ndáil leis an maoin sin,

níl sé nó sí faoi dhliteanas ag aon duine i leith aon chaillteanais nó damáiste a tharlaíonn de thoradh an ghnímh ach amháin a mhéid arb é a fhaillí nó a faillí is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste.

Féimheacht cosantóra, etc.

40 .— (1) I gcás ina ndéantar duine a shealbhaíonn maoin inréadaithe a bhreithniú ina fhéimheach nó ina féimheach—

(a) tá maoin atá, de thuras na huaire, ina hábhar d’ordú um chomhar i dtaca le calcadh arna dhéanamh roimh an ordú lena mbreithnítear an duine ina fhéimheach nó ina féimheach, agus

(b) tá aon fháltais ó mhaoin a réadaítear de bhua alt 36 , agus atá i lámha glacadóra de thuras na huaire,

eisiata ó mhaoin an fhéimhigh chun críocha an Achta Féimheachta 1988.

(2) I gcás duine a bheith breithnithe ina fhéimheach nó ina féimheach, ní dhéanfar cumhachtaí na hArd-Chúirte faoi alt 36 nó cumhachtaí glacadóra arna cheapadh nó arna ceapadh faoin alt sin a fheidhmiú i ndáil le maoin de chuid an fhéimhigh chun críocha Acht sin 1988.

(3) I gcás ina ndéantar duine a bhreithniú ina fhéimheach nó ina féimheach agus go mbeidh bronntanas tugtha go díreach nó go neamhdhíreach aige nó aici—

(a) maidir le haon chinneadh i dtaobh an bhfuil an bronntanas ar neamhní ní dhéanfar é faoi alt 57, 58 nó 59 d’Acht sin 1988 i leith an bronntanas a dhéanamh aon tráth atá maoin an duine dár tugadh an bronntanas ina hábhar d’ordú um chomhar i dtaca le calcadh, agus

(b) maidir le haon chinneadh i dtaobh é a bheith ar neamhní arna dhéanamh faoi aon cheann de na hailt sin tar éis urscaoileadh an ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh, cuirfear i gcuntas ann aon réadú faoin Acht seo ar mhaoin a shealbhaíonn an duine dár tugadh an bronntanas.

(4) In aon chás inar tíolacadh achainí i bhféimheacht, nó ina ndearnadh breithniú i bhféimheacht, roimh an 1 Eanáir 1989, tá éifeacht leis an alt seo fairis an modhnú go ndéanfar tagairtí do mhaoin an fhéimhigh atá dílsithe do na sannaithe chun críocha an dlí féimheachta a bhí ar marthain roimh an dáta sin a chur in ionad tagairtí do mhaoin an fhéimhigh chun críocha Acht sin 1988.

An Sannaí Oifigiúil do dhéileáil le maoin atá ina hábhar d’ordú um chomhar i dtaca le calcadh.

41 .— (1) Gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála de chuid aon achtacháin eile, más rud é—

(a) go ndéanann an Sannaí Oifigiúil nó iontaobhaí arna cheapadh nó arna ceapadh faoi Chuid V den Acht Féimheachta 1988 aon mhaoin a urghabháil nó a dhiúscairt ar maoin í nach bhfuil a fheidhmeanna nó a feidhmeanna infheidhmithe i ndáil léi mar go bhfuil sí, de thuras na huaire, ina hábhar d’ordú um chomhar i dtaca le calcadh, agus

(b) go gcreideann sé nó sí, tráth na hurghabhála nó na diúscartha, agus forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint an tráth sin, go bhfuil sé nó sí i dteideal (cibé acu faoi ordú ón gcúirt nó ar shlí eile) an mhaoin a urghabháil nó a dhiúscairt,

níl sé nó sí faoi dhliteanas d’aon duine i leith aon chaillteanais nó damáiste a tharlaíonn de thoradh na hurghabhála nó na diúscartha ach amháin a mhéid arb é a fhaillí nó a faillí le linn gníomhú amhlaidh is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, agus tá lian aige nó aici ar an maoin, nó ar na fáltais ó dhíol na maoine, i leith cibé cuid dá chaiteachais nó dá caiteachais a tabhaíodh i dtaca leis an bhféimheacht nó leis na himeachtaí eile ar i ndáil léi nó leo a airbheartaíodh gur tharla an urghabháil nó an diúscairt agus i leith cibé méid dá luach saothair a fhéadfar a shannadh le réasún i leith é nó í do ghníomhú i dtaca leis na himeachtaí sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil nó iontaobhaí arna cheapadh nó arna ceapadh mar a dúradh caiteachais a thabhú i leith na maoine sin atá luaite i bhfo-alt (1)(a) agus, le linn déanamh amhlaidh, nach eol dó nó di agus nach bhfuil aon fhorais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil an mhaoin faoi réir ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh, beidh sé nó sí i dteideal (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an mhaoin sin urghafa nó diúscartha aige nó aici ionas go bhfuil lian aige nó aici) go n-íocfar na caiteachais sin leis nó léi faoi alt 42 .

Fáltais ó réadú a úsáid.

42 .— (1) A mhéid is gá, féadfar airgead a íoctar nó a ghnóthaítear i leith ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh (lena n-áirítear aon athrú ar ordú den sórt sin) a úsáid chun íoc as caiteachais arna dtabhú le linn cumhachtaí faoin Acht seo a fheidhmiú agus chun íoc as luach saothair aon duine a fhostaítear chun na críche sin.

(2) Maidir le hairgead a íoctar nó a ghnóthaítear i leith ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh, tar éis aon chaiteachais nó luach saothair a íoc de réir fho-alt (1)

(a) déanfar é a úsáid i gcomhair shásamh an ordaithe, agus

(b) faoi réir aon fhorála dá mhalairt san ionstraim idirnáisiúnta iomchuí, déanfar é a íoc isteach sa Státchiste nó diúscrófar é chun tairbhe don Státchiste de réir ordacháin an Aire Airgeadais mura rud é, ar iarraidh ón stát ainmnithe lena mbaineann nó thar ceann an stáit sin, go bhforálann an Chúirt a mhalairt.

Cuideachta a shealbhaíonn maoin inréadaithe a fhoirceannadh.

43 .— (1) I gcás ina sealbhaíonn cuideachta maoin inréadaithe agus ina ndearnadh ordú chun í a fhoirceannadh nó inar rith sí rún chun í a fhoirceannadh go toilteanach, níl feidhmeanna an leachtaitheora (nó feidhmeanna aon leachtaitheora shealadaigh) infheidhmithe i ndáil leis an méid seo a leanas—

(a) maoin atá, de thuras na huaire, faoi réir ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh arna dhéanamh roimh an tráth iomchuí, agus

(b) aon fháltais ó mhaoin arna réadú de bhua alt 36 ar fáltais iad atá, de thuras na huaire, i lámha an ghlacadóra.

(2) I gcás ordú den sórt sin a bheith déanta nó rún den sórt sin a bheith rite, ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar don Ard-Chúirt le halt 36 nó don ghlacadóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoin alt sin a fheidhmiú i ndáil le haon mhaoin inréadaithe a shealbhaíonn an chuideachta ar i ndáil léi atá feidhmeanna an leachtaitheora infheidhmithe—

(a) ionas go gcuirtear toirmeasc air nó uirthi na feidhmeanna sin a fheidhmiú chun aon mhaoin a shealbhaíonn an chuideachta a dháileadh ar chreidiúnaithe na cuideachta, nó

(b) ionas go gcoisctear caiteachais (lena n-áirítear luach saothair an leachtaitheora nó aon leachtaitheora shealadaigh) a íoc as aon mhaoin, ar caiteachais iad a tabhaíodh go cuí le linn foirceannadh a dhéanamh i leith na maoine.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “ cuideachta ” aon chuideachta a fhéadfar a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2006;

ciallaíonn “ tráth iomchuí ”—

(a) i gcás nach mbeidh aon ordú déanta chun an chuideachta a fhoirceannadh, tráth rite an rúin chun í a fhoirceannadh go toilteanach,

(b) i gcás ina mbeidh ordú den sórt sin déanta agus, sula ndéantar an achainí chun an chuideachta a chur á foirceannadh ag an gcúirt a thíolacadh, go mbeidh rún den sórt sin rite ag an gcuideachta, tráth rite an rúin, agus

(c) in aon chás eile ina mbeidh ordú den sórt sin déanta, tráth déanta an ordaithe.

Ré ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh.

44 .— Fanann ordú um chomhar i dtaca le calcadh i bhfeidhm—

(a) i gcás inarb é is cuspóir don ordú calctha seachtrach ná fianaise a áirithiú, go dtí go n-aistrítear an fhianaise chuig an stát eisiúna nó go dtí go ndiúltaítear d’iarraidh ar aistriú den sórt sin,

(b) i gcás inarb é is cuspóir don ordú ná maoin a choigistiú ina dhiaidh sin, go dtí go ndéantar ordú um chomhar coigistíochta nó go dtí go ndiúltaítear don iarraidh ar ordú den sórt sin agus go seastar leis an diúltú tar éis aon achomharc a dhéanamh ina choinne, nó

(c) go dtí go ndéantar an t-ordú um chomhar i dtaca le calcadh a urscaoileadh de réir alt 45 .

Ordú um chomhar i dtaca le calcadh a athrú nó a urscaoileadh.

45 .— (1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, tar éis d’aon duine dá ndéanann ordú um chomhar i dtaca le calcadh difear iarratas a dhéanamh—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh, agus

(b) urscaoilfidh an Ard-Chúirt an t-ordú—

(i) más rud é nach dtionscnaítear imeachtaí i leith an chiona, nó nach ndéantar iarratas ar an bhfianaise a aistriú nó ar ordú coigistíochta a dhéanamh, laistigh de cibé tréimhse ama a mheasann an chúirt a bheith réasúnach, nó

(ii) má mheasann an chúirt ar aon chúis eile nár ar mhaithe leis an gceartas é an t-ordú do leanúint i bhfeidhm.

(2) Déanfaidh an t-iarratasóir fógra faoi iarratas faoin alt seo agus faoi na forais leis an bhfógra a thabhairt, i cibé slí a fhorordaítear le rialacha cúirte nó de réir mar a ordóidh an Chúirt, don Údarás Lárnach lena dtarchur chuig an údarás eisiúna.

(3) Ní ghabhann éifeacht fionraíochta le déanamh iarratais faoin alt seo.

(4) Ní fhéadfaidh ach údarás breithiúnach sa stát eisiúna lena mbaineann athbhréithniú a dhéanamh ar na forais shubstainteacha a ghabhann le hordú calctha seachtrach a dhéanamh.

(5) Déanfaidh cláraitheoir na Cúirte toradh an iarratais a chur in iúl don údarás breithiúnach eisiúna.

Diúltú ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh.

46 .— (1) Gan dochar d'alt 3, ní fhéadfaidh an Ard-Chúirt diúltú ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh ach amháin más rud é—

(a) nach cion é lena mbaineann an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí an cion lena mbaineann an t-ordú calctha seachtrach,

(b) i gcás ina ndearnadh an t-ordú calctha seachtrach i mballstát, nach dtugtar an deimhniú ar aird, go bhfuil sé neamhiomlán nó gur follasach nach gcomhfhreagraíonn sé don ordú calctha seachtrach,

(c) go bhfuil díolúine nó pribhléid ann faoi dhlí an Stáit a fhágann go bhfuil sé dodhéanta ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh,

(d) go bhfuil sé soiléir láithreach de réir na faisnéise a sholáthraítear i ndeimhniú gurbh ionann comhlíonadh iarrata ar fhianaise a aistriú nó ar mhaoin a choigistiú i ndáil leis gcion ar ina leith a rinneadh an t-ordú calctha seachtrach agus sárú ar an prionsabal ne bis in idem, nó

(e) i gcás ordaithe calctha sheachtraigh ó stát ainmnithe (seachas ballstát), nach bhfuil bonn réasúnach ann chun a chreidiúint—

(i) go bhfuil forais dhóthanacha ann leis an ordú a dhéanamh, nó

(ii) go mbeidh an mhaoin faoi réir ordaithe coigistíochta sheachtraigh.

(2) I gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), féadfaidh an Ard-Chúirt—

(a) spriocam a shonrú le deimhniú a thíolacadh nó le deimhniú a chomhlánú nó a cheartú,

(b) glacadh le doiciméad coibhéiseach, nó

(c) má mheasann an Chúirt go bhfuil an fhaisnéis a sholáthrófar dóthanach, an ceanglas maidir le tabhairt ar aird an deimhnithe a ligean thar ceal.

(3) Más rud é—

(a) go ndiúltaíonn an Ard-Chúirt ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh, nó

(b) d’ainneoin dul i gcomhairle leis an údarás breithiúnach eisiúna lena mbaineann, nach féidir ordú den sórt sin a dhéanamh—

(i) mar go ndeachaigh an fhianaise nó an mhaoin ar iarraidh, gur díothaíodh í nó nach féidir teacht uirthi sa suíomh a thaispeántar sa deimhniú, nó

(ii) nár cuireadh a suíomh in iúl ar mhodh sách cruinn,

ordóidh an Chúirt don Údarás Lárnach an méid sin a chur in iúl don údarás breithiúnach ar aon mhodh lenar féidir taifead i scríbhinn a tháirgeadh.

Ordú um chomhar i dtaca le calcadh a iarchur.

47 .— (1) Féadfaidh an Ard-Chúirt déanamh ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh a iarchur—

(a) i gcás ina bhféadfadh déanamh an ordaithe dochar a dhéanamh d’imscrúdú coiriúil atá ar siúl sa Stát, go dtí cibé tráth is réasúnach leis an gCúirt,

(b) i gcás ina bhfuil an mhaoin nó an fhianaise lena mbaineann faoi réir ordaithe calctha cheana féin in imeachtaí coiriúla sa Stát, go dtí go n-urscaoiltear an t-ordú sin, nó

(c) faoi réir fho-alt (2), más rud é, i gcás ordaithe calctha sheachtraigh lena gcalctar maoin d’fhonn í a choigistiú dá éis sin, go mbeidh an mhaoin faoi réir ordaithe cheana féin arna dhéanamh in imeachtaí eile sa Stát, go dtí go n-urscaoiltear an t-ordú sin.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1)(c) ach amháin i gcás ina mbeadh tosaíocht ag an ordú arna dhéanamh sna himeachtaí eile sin ar ordú calctha ina dhiaidh sin in imeachtaí coiriúla.

(3) I gcás ina scoireann an foras leis an iarchur de bheith ann, déanfaidh an Chúirt ordú um chomhar i dtaca le calcadh láithreach.

(4) Ordóidh an Chúirt don Údarás Lárnach fógra i dtaobh na nithe seo a leanas a thabhairt don údarás breithiúnach eisiúna ar aon mhodh lenar féidir taifead i scríbhinn a thabhairt ar aird—

(a) aon iarchur arna dhéanamh faoin alt seo ar ordú um chomhar i dtaca le calcadh, na cúiseanna leis an iarchur agus an fad a mheastar a mhairfidh sé,

(b) ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh faoi fho-alt (3), agus

(c) aon bheart sriantach eile a bhféadfadh an mhaoin lena mbaineann a bheith faoina réir.

Mar a dhéileálfar le maoin chalctha ina dhiaidh sin.

48 .— (1) Maidir le hiarraidh ar fhianaise atá faoi réir ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh a aistriú chuig an stát eisiúna, déileálfar léi amhail is dá mba iarraidh ar chúnamh í i ndáil le hábhar fianaiseach a fháil faoi alt 75 .

(2) Maidir le hiarraidh ar ordú um chomhar coigistíochta a dhéanamh i ndáil le maoin atá faoi réir ordaithe den sórt sin, déileálfar léi de réir Chuid 5.

(3) D’ainneoin fho-alt (1), más rud é—

(a) go mbaineann iarraidh ó bhallstát le cion lena mbaineann Airteagal 3(2) den Chreat-Chinneadh, agus

(b) gur cion é atá inphionóis sa stát eisiúna le téarma príosúnachta nach giorra ná 3 bliana,

ní fhéadfaidh an Ard-Chúirt diúltú iarraidh ar fhianaise a aistriú chuig an stát sin ar an bhforas nach cion faoi dhlí an Stáit an t-iompar arb é an cion é.