An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Údaráis Náisiúnta ) Ar Aghaidh ( CUID 5 Faisnéis )

13 2008

An tAcht Ceimiceán 2008

CUID 4

Forfheidhmiú

Cigirí a cheapadh.

11 .— (1) Féadfaidh údarás náisiúnta cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina gcigirí chun gach ceann nó aon cheann de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a fhorfheidhmiú laistigh dá limistéar iomchuí freagrachta de réir alt 8.

(2) Déanfaidh an t-údarás náisiúnta sin deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin mar chigire a thabhairt do chigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoin alt seo.

(3) Déanfaidh cigire, le linn cumhacht a thugtar dó nó di leis an alt seo a fheidhmiú, má iarrann duine dá ndéanann sé difear é, deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin, nó cóip de, mar aon le céannacht phearsanta de chineál éigin, a thabhairt ar aird don duine sin.

(4) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo nuair a dhéanann an t-údarás náisiúnta a rinne an ceapachán an ceapachán a chúlghairm.

Cumhachtaí cigirí.

12 .— (1) Chun críocha na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, beidh cumhacht ag cigire aon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) faoi réir fho-alt (5), dul isteach aon tráth in aon áit a bhfuil forais réasúnacha ag an gcigire lena chreidiúint go bhfuil feidhm ag na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán maidir léi, agus í a iniúchadh, a scrúdú agus a chuardach;

(b) fiosrú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas agus iad a chuardach, a scrúdú agus a iniúchadh—

(i) aon áit dá dtagraítear i mír (a),

(ii) aon ghníomhaíocht, suiteáil, próiseas, nós imeachta nó ní ag an áit sin, agus

(iii) aon cheimiceáin nó taifid a bhaineann léi,

chun a fháil amach an bhfuil na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán arna gcomhlíonadh nó á gcomhlíonadh agus, chun na críche sin, aon trealamh nó ábhair a mheasfaidh sé nó sí is gá a thabhairt chun bealaigh leis nó léi agus a úsáid;

(c) a cheangal go bhfágfar an áit sin agus aon rud atá ann gan cur isteach orthu ar feadh cibé tráth is gá le réasún chun críche aon chuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe, iniúchta nó fiosrúcháin faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(d) a cheangal ar an duine atá i gceannas na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird don chigire—

(i) aon cheimiceán a bhfuil feidhm ag na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán maidir leis agus atá i seilbh nó faoi urláimh an duine sin, agus

(ii) aon taifid agus, i gcás na faisnéise sin atá i bhfoirm neamh-inléite, í a atáirgeadh i bhfoirm inléite agus cibé faisnéis a éileoidh an cigire le réasún i ndáil le haon iontrálacha sna taifid sin a thabhairt don chigire;

(e) aon taifid den sórt sin nó aon chóras faisnéise leictreonach atá san áit sin a iniúchadh, cóipeanna a dhéanamh den chéanna nó sleachta a thógáil as an gcéanna, lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóipeanna den fhaisnéis sin nó sleachta as an bhfaisnéis sin i mbuanfhoirm inléite nó a cheangal go soláthrófar na cóipeanna sin;

(f) a cheangal ar aon duine atá san áit sin agus a úsáideann nó a d’úsáid ríomhaire, nó a n-úsáidtear nó ar úsáideadh ríomhaire thar a cheann nó thar a ceann, chun taifid a tháirgeadh nó a stóráil nó ar aon duine a bhfuil oibriú an ríomhaire faoina urláimh nó faoina hurláimh aige nó aici, nó a bhfuil baint aige nó aici ar shlí eile le hoibriú an ríomhaire, rochtain ar an ríomhaire a thabhairt don chigire agus gach cúnamh réasúnach a éileoidh an cigire a thabhairt dó nó di;

(g) na taifid (lena n-áirítear doiciméid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) agus na cóipeanna a rinneadh a aistriú as an áit sin agus a choimeád agus na taifid a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh an cigire is gá le réasún lena scrúdú tuilleadh nó go dtí go dtabharfar aon imeachtaí dlíthiúla chun críche;

(h) a cheangal go ndéanfar taifid atá san áit sin a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach;

(i) a cheangal ar an duine atá i gceannas cibé faisnéis a éileoidh an cigire le réasún chun críocha aon chuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe, iniúchta nó fiosrúcháin faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a thabhairt don chigire;

(j) a cheangal ar an duine atá i gceannas cibé cúnamh agus saoráidí a thabhairt don chigire atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine agus is gá le réasún chun a chumasú don chigire aon cheann dá chumhachtaí nó dá cumhachtaí faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a fheidhmiú;

(k) a cheangal trí fhógra, ag tráth agus in áit a shonrófar san fhógra, ar aon duine (lena n-áirítear an duine atá i gceannas) aon fhaisnéis a éileoidh an cigire le réasún a thabhairt don chigire i ndáil leis an áit nó i ndáil le haon cheimiceán, gníomhaíocht, suiteáil nó nós imeachta san áit, agus aon taifid atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine sin a thabhairt ar aird don chigire;

(l) aon duine a scrúdú a gcreideann an cigire le réasún ina leith gur féidir leis nó léi faisnéis a thabhairt don chigire atá iomchuí maidir le haon chuardach, scrúdú, imscrúdú, iniúchadh nó fiosrúchán faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán agus a cheangal ar an duine freagra a thabhairt ar cibé ceisteanna a chuirfidh an cigire i ndáil leis an gcuardach, leis an scrúdú, leis an imscrúdú, leis an iniúchadh nó leis an bhfiosrúchán agus dearbhú a shíniú i dtaobh fhírinne na bhfreagraí;

(m) a cheangal go ndéanfar de réir aon nós imeachta áirithe chun críocha aon chuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe, iniúchta nó fiosrúcháin faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(n) aon toisí nó grianghraif a thógáil nó aon téipthaifeadtaí, taifeadtaí leictreacha nó taifeadtaí eile a dhéanamh a mheasann an cigire is gá chun críocha aon chuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe, iniúchta nó fiosrúcháin faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(o) samplaí d’aer, d’ithir, d’uisce nó de dhramhaíl a thógáil san áit sin nó gar don áit sin;

(p) i gcás inar cuí é, uirlisí, córais agus séalaí faireacháin a shuiteáil, a úsáid agus a chothabháil san áit sin chun críocha na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(q) san áit sin, nó in aon áit eile, cibé tástáil, scrúdú nó anailís a mheasfaidh sé nó sí is gá le réasún a sheoladh, nó a chur faoi deara go seolfar é nó í, ar aon cheimiceán a gheofar san áit sin, agus chun na críche sin—

(i) a cheangal ar an duine atá i gceannas aon cheimiceán nó samplaí den chéanna a sholáthar don chigire gan mhuirear, nó

(ii) aon cheimiceán nó samplaí den chéanna a thabhairt chun bealaigh;

(r) a chur faoi deara, maidir le haon cheimiceán a gheofar san áit sin a ndearnadh, nó a ndealraítear don chigire go ndearnadh, sárú ar na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán ina leith, é a chur faoi aon tástáil, scrúdú nó anailís de réir mhír (q) (ach ní ar shlí go ndéanfaí díobháil dó nó go millfí é mura bhfuil sin riachtanach chun críocha na bhforálacha reachtúla ceimiceán iomchuí) agus i gcás go mbeartaíonn cigire an chumhacht a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú i gcás ceimiceáin a gheofar in aon áit, déanfaidh sé nó sí, má iarrann an duine atá i gceannas air nó uirthi é, a chur faoi deara gur i láthair an duine sin a dhéanfar aon ní atá le déanamh de bhua na cumhachta sin;

(s) aon cheimiceán a gheofar san áit sin a aistriú agus a choinneáil ar feadh cibé tréimhse is gá chun na gcríoch seo a leanas go léir nó chun críche ar bith acu:

(i) an ceimiceán a scrúdú, nó a shocrú go ndéanfar é a scrúdú, a thástáil nó a anailísiú;

(ii) a chinntiú nach gcuirfear isteach air sula gcríochnófar an scrúdú air faoi fhomhír (i);

(iii) a chinntiú go mbeidh fáil air lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí;

(t) i gcás gur gá sin—

(i) a cheangal go ndiúscrófar ceimiceán a ndearnadh, nó a ndealraítear don chigire go ndearnadh, sárú ar na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán ina leith ar chostas an duine atá i gceannas, nó an ceimiceán sin a aistriú agus a shocrú go ndiúscrófar é ar chostas an duine atá i gceannas, agus

(ii) a cheangal maidir leis an diúscairt sin—

(I) gur de chineál í a choiscfidh an ceimiceán a úsáid nó a chur ar an margadh, agus

(II) go mbeidh sí de réir ceanglas faoi na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola 1996 go 2003;

(u) a cheangal go ndéanfaidh an duine a chuir ceimiceán ar an margadh an ceimiceán sin a bhaint den mhargadh i gcás inar dealraitheach don chigire go ndearnadh, i ndáil leis an gceimiceán sin, na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a shárú.

(2) I gcás ina bhfaightear ceimiceán in áit, agus ina ndéanann cigire fiosrúchán i gcúrsa cuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe nó iniúchta maidir le céannacht an duine a sholáthair an ceimiceán sin, déanfaidh an duine atá i gceannas ainm agus seoladh an tsoláthróra ónar ceannaíodh an ceimiceán nó óna bhfuarthas é ar shlí eile a thabhairt don chigire.

(3) Sula bhfeidhmeoidh sé nó sí aon cheann de na cumhachtaí a thugtar le míreanna (q) go (t) d’fho-alt (1), rachaidh cigire i gcomhairle, a mhéid is indéanta, le cibé daoine ar dealraitheach dó nó di gur daoine cuí iad chun a fhionnadh cé na contúirtí, más ann, a bhainfeadh leis an méid a dhéanamh a bheartaíonn sé nó sí a dhéanamh faoi na míreanna sin.

(4) Más rud é, faoi na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1)(s), go ndéanfaidh cigire aon cheimiceán a fhaightear in áit a thabhairt chun siúil agus a choimeád, déanfaidh sé nó sí, a mhéid is indéanta, sampla de a thógáil agus a thabhairt don duine atá i gceannas, ar sampla é a bheidh marcáilte ag an gcigire ar mhodh a bheidh leordhóthanach chun é a aithint.

(5) Ní rachaidh cigire isteach i dteaghais seachas—

(a) le toiliú an áititheora, nó

(b) de réir barántais ón gCúirt Dúiche a eiseofar faoi fho-alt (8) á údarú dul isteach amhlaidh.

(6) Féadfaidh údarás náisiúnta aon duine eile is cuí leis a údarú chun bheith i dteannta cigire i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

(7) I gcás go gcoiscfear ar chigire, ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí dó nó di faoin alt seo, dul isteach in aon áit, féadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar bharántas faoi fho-alt (8) a údaróidh dul isteach amhlaidh.

(8) Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar do chigire le haon fhoráil eile nó faoi aon fhoráil eile den alt seo, más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche trí fhaisnéis faoi mhionn ó chigire go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint—

(a) go bhfuil aon cheimiceáin in aon áit nó aon taifid (lena n-áirítear doiciméid arna stóráil i bhfoirm neamh-inléite) nó faisnéis, a bhaineann le háit, a theastaíonn ón gcigire a iniúchadh chun críocha na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, arna sealbhú in aon áit, nó

(b) go bhfuil fianaise ann, nó gur dócha go nochtfaidh iniúchadh den sórt sin fianaise, ar shárú ar na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán,

féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú do chigire, agus cibé cigirí eile nó cibé daoine inniúla eile is cuí, nó comhaltaí den Gharda Síochána de réir mar is gá, ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna, laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar air nó uirthi, dul isteach san áit, trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá, agus na feidhmeanna a thugtar do chigire leis na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, nó fúthu, a chomhlíonadh.

(9) I gcás go bhfuil forais réasúnacha ag cigire chun bheith imníoch go gcuirfear mórbhac ar chomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna nó gur dóigh leis nó léi thairis sin gur gá é, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile a bheidh údaraithe ag údarás náisiúnta a bheith ina theannta nó ina teannta le linn dó nó di aon fheidhmeanna a thugtar dó nó di leis na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, nó fúthu, a chomhlíonadh.

(10) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó dhuine de bhun ceanglais faoi fho-alt (1)(i), (k)(l) inghlactha in imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne an duine sin i leith ciona (seachas cion faoi alt 29(9)).

(11) I gcás ina gcreidfidh cigire, ar fhorais réasúnacha, go bhfuil cion déanta ag duine faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine sin a ainm nó a hainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a sholáthar dó nó di.

(12) San alt seo, ciallaíonn “duine atá i gceannas”, i ndáil le háit—

(a) an duine ar faoina stiúradh agus faoina rialú atá na gníomhaíochtaí san áit sin á seoladh, nó

(b) an duine a bhfuil forais réasúnacha ag an gcigire chun a chreidiúint go bhfuil rialú aige nó aici ar an áit sin.

Díolúine agus slánú.

13 .— (1) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas, is é sin le rá, údarás náisiúnta, cigire, nó comhalta nó comhalta foirne d’údarás náisiúnta, faoi dhliteanas maidir le damáistí i leith aon ghnímh a rinne an t-údarás nó an duine nó a mhainnigh an t-údarás nó an duine a dhéanamh i gcomhlíonadh, nó i gcomhlíonadh airbheartaithe, fheidhmeanna an duine sin, mura de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh lena mbaineann.

(2) Déanfaidh údarás náisiúnta, faoi réir forálacha aon achtacháin nó rialach dlí, cigire arna cheapadh nó arna ceapadh ag an údarás náisiúnta sin, nó comhalta nó comhalta foirne den údarás náisiúnta sin, a shlánú, i leith aon ghnímh a rinne sé nó sí nó a mhainnigh sé nó sí a dhéanamh i gcomhlíonadh, nó i gcomhlíonadh airbheartaithe, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar chigire, mar chomhalta nó mar chomhalta foirne den sórt sin, mura de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh lena mbaineann.

Ordacháin le haghaidh plean feabhsúcháin.

14 .— (1) I gcás ina mbeidh cigire den tuairim go bhfuil aon ghníomhaíocht ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh aon ghníomhaíocht lena ngabhann, nó ar dócha go ngabhfaidh léi, baol do shláinte an duine nó don chomhshaol, féadfaidh sé nó sí ordachán a thabhairt do dhuine a mheasfaidh an cigire a bheith ag rialú na gníomhaíochta lena mbaineann dualgas faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán lena gceanglaítear plean feabhsúcháin a chur faoina bhráid nó faoina bráid.

(2) Déanfar, in ordachán arna thabhairt faoi fho-alt (1)

(a) an ghníomhaíocht ar baol í, nó ar dóigh di a bheith ina baol, a shainaithint,

(b) a cheangal go gcuirfear plean feabhsúcháin, ina sonrófar an gníomh leigheasta a bheartaítear a dhéanamh, faoi bhráid an chigire tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis na hordacháin a thabhairt,

(c) a cheangal ar an duine a bhfuil an ghníomhaíocht faoina rialú an plean a chur i ngníomh, agus

(d) aon cheanglais eile a chur san áireamh a mheasfaidh an cigire a bheith riachtanach.

(3) Laistigh de mhí amháin ón dáta a gheobhaidh cigire plean feabhsúcháin a bheidh curtha faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (2), trí fhógra chuig an duine a chuir an plean faoina bhráid nó faoina bráid—

(a) daingneoidh an cigire cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí sásta gur plean leordhóthanach é, nó

(b) féadfaidh an cigire a ordú go ndéanfar an plean a athmheas de réir mar a shonrófar san fhógra agus é a athchur faoi bhráid an chigire laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra.

Fógra um shárú.

15 .— (1) Aon chigire arb é a thuairim nó a tuairim—

(a) go bhfuil aon cheann de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán á sárú nó sáraithe ag duine, nó

(b) gur mhainnigh duine déanamh de réir ordacháin faoi alt 14(1) plean feabhsúcháin nó, i gcás fógra faoi alt 14(3)(b), plean feabhsúcháin athmheasta, a chur faoi bhráid an chigire, nó gur mhainnigh duine an plean feabhsúcháin nó an plean feabhsúcháin athmheasta a chur i ngníomh,

féadfaidh sé nó sí fógra (dá ngairtear “ fógra um shárú ” san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine a bhfuil, nó a bhféadfaí le réasún a thoimhdean go bhfuil, an ghníomhaíocht lena mbaineann faoina rialú aige nó aici.

(2) Maidir le fógra um shárú—

(a) luafar ann go bhfuil an cigire den tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

(b) luafar ann an chúis atá leis an tuairim sin,

(c) sainaithneofar ann an fhoráil reachtúil iomchuí ceimiceán ar ina leith atá an tuairim sin ann,

(d) ordófar leis don duine—

(i) an sárú nó na nithe is cionsiocair leis an bhfógra sin a leigheas, nó

(ii) ceimiceán a bhaint den mhargadh, mar a fhoráiltear in alt 12(1)(u),

faoi dháta a bheidh sonraithe san fhógra is dáta nach luaithe ná deireadh na tréimhse ar laistigh di a fhéadfar achomharc a dhéanamh faoi fho-alt (6),

(e) áireofar ann faisnéis maidir le hachomharc a dhéanamh faoi fho-ailt (6) agus (7),

(f) áireofar ann aon cheanglas eile is cuí leis an gcigire, agus

(g) beidh sé sínithe agus dátaithe ag an gcigire.

(3) Féadfaidh ordacháin a bheith i bhfógra um shárú—

(a) faoi na bearta a bheidh le déanamh chun aon sárú nó ní lena mbaineann an fógra a leigheas, nó chun an fógra a chomhlíonadh thairis sin, agus

(b) chun aird aon duine a bhféadfadh an fógra difear a dhéanamh dó nó di, nó aird an phobail i gcoitinne, a tharraingt ar an bhfógra.

(4) Aon duine ar ar seirbheáladh fógra um shárú agus a bheidh den tuairim gur comhlíonadh an fógra um shárú, deimhneoidh sé nó sí i scríbhinn don chigire gur leigheasadh amhlaidh na nithe dá dtagraítear san fhógra.

(5) I gcás ina ndéanfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra um shárú a dheimhniú i scríbhinn don chigire de réir fho-alt (4) go bhfuil na nithe dá dtagraítear san fhógra um shárú leigheasta, déanfaidh an cigire, ar a bheith deimhin dó nó di go bhfuil na nithe leigheasta amhlaidh, laistigh d’aon mhí amháin ón deimhniú sin a fháil, fógra a thabhairt don duine lena mbaineann maidir le comhlíonadh an fhógra um shárú.

(6) Aon duine arb éagóir leis nó léi fógra um shárú, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 14 lá dar tosach an lá ar a seirbheálfar an fógra air nó uirthi, achomharc a dhéanamh i gcoinne an fhógra chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra agus, le linn an t-achomharc a chinneadh, féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis nó léi go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, an fógra a dhaingniú, a athrú nó a chealú.

(7) Aon duine a dhéanfaidh achomharc faoi fho-alt (6), déanfaidh sé nó sí an tráth céanna an t-achomharc agus na forais atá leis an achomharc a chur in iúl don údarás náisiúnta iomchuí agus beidh an t-údarás náisiúnta sin i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.

(8) I gcás ina ndéanfar achomharc faoi fho-alt (6), agus nach gcealófar an fógra um shárú, beidh éifeacht leis an bhfógra ar cibé lá acu seo a leanas is déanaí—

(a) an lá díreach tar éis an lae a dhaingnítear an fógra ar achomharc nó a tharraingítear siar an t-achomharc, nó

(b) an lá a shonraítear san fhógra.

(9) I gcás nach bhfuil aon achomharc ann faoi fho-alt (6), beidh éifeacht leis an bhfógra um shárú ar cibé lá acu seo a leanas is déanaí—

(a) deireadh na tréimhse chun achomharc a dhéanamh, nó

(b) an lá a shonraítear san fhógra.

(10) Féadfaidh cigire—

(a) fógra um shárú a tharraingt siar aon tráth, nó

(b) i gcás nach ndéanfar achomharc nó nach mbeidh achomharc ar feitheamh faoi fho-alt (6), an tréimhse a shonraítear faoi fho-alt (2)(d) a fhadú.

Fógra toirmisc.

16 .— (1) I gcás go mbeidh cigire den tuairim go bhfuil aon ghníomhaíocht ag tarlú, nó gur dóigh go dtarlóidh aon ghníomhaíocht, in aon áit is gníomhaíocht a bhaineann le ceimiceán agus lena ngabhann, nó ar dócha go ngabhfaidh léi, baol tromaí don tsláinte nó don chomhshaol, féadfaidh an cigire fógra (dá ngairtear “fógra toirmisc” san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine a bhfuil, nó a bhféadfaí le réasún a thoimhdean go bhfuil, an ghníomhaíocht lena mbaineann faoina rialú.

(2) Maidir le fógra toirmisc—

(a) luafar ann go bhfuil an cigire den tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

(b) luafar ann an chúis atá leis an tuairim sin,

(c) sonrófar ann an ghníomhaíocht ar ina leith atá an tuairim sin ann,

(d) i gcás go mbeidh an cigire den tuairim maidir leis an ngníomhaíocht go ngabhann léi, nó gur dócha go ngabhfaidh léi, sárú ar aon fhoráil de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, sonrófar an fhoráil ann,

(e) toirmiscfear leis an ghníomhaíocht lena mbaineann a sheoladh go dtí go leigheasfar na nithe is cúis, nó ar dóigh dóibh a bheith ina gcúis, leis an mbaol, agus

(f) beidh sé sínithe agus dátaithe ag an gcigire.

(3) Féadfaidh ordacháin a bheith i bhfógra toirmisc—

(a) faoi na bearta a bheidh le déanamh chun aon sárú nó ní lena mbaineann an fógra a leigheas, nó chun an fógra a chomhlíonadh thairis sin, agus

(b) chun aird aon duine a bhféadfadh an fógra difear a dhéanamh dó nó di, nó aird an phobail i gcoitinne, a tharraingt ar an bhfógra.

(4) Beidh éifeacht le fógra toirmisc—

(a) an tráth a gheobhaidh an duine ar a seirbheálfar é an fógra, nó

(b) i gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne an fhógra toirmisc—

(i) an lá díreach tar éis an lae a dhaingnítear an fógra ar achomharc nó a tharraingítear siar an t-achomharc, nó

(ii) an lá díreach tar éis an lae a shonraítear san fhógra,

cibé acu is déanaí a tharlóidh.

(5) Maidir le hachomharc a dhéanamh i gcoinne fógra toirmisc, ní bheidh d’éifeacht leis sin oibriú an fhógra a fhionraí ach féadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt chun oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh agus, ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, a ordú go bhfionrófar oibriú an fhógra go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh.

(6) Aon duine ar a seirbheálfar fógra toirmisc, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 7 lá dar tosach an lá ar a seirbheálfar an fógra air nó uirthi, achomharc a dhéanamh i gcoinne an fhógra chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra agus, le linn an t-achomharc a chinneadh, féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis nó léi go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, an fógra a dhaingniú, a athrú nó a chealú.

(7) Más rud é, ar achomharc a éisteacht faoin alt seo, go ndaingneofar fógra toirmisc, d’ainneoin fho-alt (4), féadfaidh an breitheamh a éistfidh an t-achomharc, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an fhógra toirmisc a fhionraí go ceann cibé tréimhse is cuí leis an mbreitheamh in imthosca an cháis.

(8) Aon duine—

(a) a dhéanann achomharc a thionscnamh faoi fho-alt (6), nó

(b) a dhéanann iarratas ar oibriú fógra toirmisc a fhionraí faoi fho-alt (7),

déanfaidh sé nó sí an tráth céanna an t-achomharc nó an t-iarratas, agus na forais atá leis an achomharc nó leis an iarratas, a chur in iúl don údarás náisiúnta iomchuí.

(9) Aon duine ar a mbeidh fógra toirmisc seirbheáilte agus arb é a thuairim nó a tuairim go bhfuil na nithe dá dtagraítear san fhógra toirmisc leigheasta faoin dáta a shonraítear san fhógra, daingneoidh sé nó sí i scríbhinn don chigire go bhfuil na nithe sin leigheasta amhlaidh.

(10) I gcás ina ndéanann duine ar a mbeidh fógra toirmisc seirbheáilte a dhaingniú i scríbhinn don chigire de réir fho-alt (9) go bhfuil na nithe dá dtagraítear san fhógra toirmisc leigheasta, déanfaidh an cigire, ar a bheith deimhin dó nó di go bhfuil na nithe leigheasta amhlaidh, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an daingniú sin a fháil, fógra i dtaobh an fógra toirmisc a bheith comhlíonta amhlaidh a thabhairt don duine lena mbaineann.

(11) Féadfaidh cigire fógra toirmisc a tharraingt siar tráth ar bith más rud é—

(a) gur deimhin leis an gcigire nach ngabhann baol tromaí don tsláinte nó don chomhshaol a thuilleadh leis an ngníomhaíocht lena mbaineann an fógra, nó

(b) gur deimhin leis an gcigire gur trí dhearmad a eisíodh an fógra nó go bhfuil sé mícheart i bponc ábhartha éigin.

Sárú ar fhógra toirmisc — iarratas chun na hArd-Chúirte.

17 .— (1) I gcás ina sáróidh duine fógra toirmisc, féadfaidh cigire iarratas a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte ar ordú lena dtoirmisctear leanúint de shárú a dhéanamh ar an bhfógra.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas faoin alt seo, a ordú don duine ar ar seirbheáladh an fógra toirmisc lena mbaineann scor de cibé gníomhartha a dhéanamh a ordóidh an Ard-Chúirt.

Imscrúduithe agus tuarascálacha speisialta.

18 .— (1) Féadfaidh údarás náisiúnta aon tráth a ordú d’aon duine dá fhoireann nó d’aon duine eile—

(a) imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna agus na himthosca a bhaineann le haon díobháil don tsláinte nó damáiste don chomhshaol nó le haon ghníomhaíocht eile lena mbaineann na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, agus

(b) tuarascáil (dá ngairtear “tuarascáil speisialta” san Acht seo) ar an imscrúdú a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta sin.

(2) Maidir le duine, nach cigire, a dhéanann imscrúdú faoin alt seo, beidh aige nó aici, chun críocha an imscrúdaithe, na cumhachtaí uile atá ag cigire faoin Acht seo.

(3) I gcás duine dá n-ordófar imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil speisialta a thabhairt (seachas comhalta d’fhoireann an údaráis náisiúnta lena mbaineann), féadfaidh an t-údarás náisiúnta sin cibé táillí agus caiteachais a chinnfidh an tAire nó aon Aire iomchuí, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc leis an duine.

(4) Féadfaidh an t-údarás náisiúnta, a mhéid a chinnfidh an tAire nó aon Aire iomchuí, na costais, seachas na costais lena mbaineann fo-alt (3), más ann, a thabhófar ag ullmhú tuarascáil speisialta a ghlanadh.

(5) Déanfar cóip de thuarascáil speisialta a chur faoi bhráid an Aire agus aon Aire iomchuí a luaithe is indéanta tar éis imscrúdú a chur i gcrích.

(6) Féadfaidh an t-údarás náisiúnta tuarascáil speisialta a fhoilsiú, agus, má ordaíonn an tAire é, ar dhul i gcomhairle le hAire iomchuí, foilseoidh sé an tuarascáil speisialta.

Iarratas chun na hArd-Chúirte maidir le gníomhaíocht lena ngabhann baol tromaí.

19 .— (1) I gcás go measfaidh údarás náisiúnta go ngabhann, nó gur dócha go ngabhfaidh, sárú ar na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán le haon ghníomhaíocht agus go bhfuil an baol ón gcéanna don tsláinte nó don chomhshaol chomh tromaí sin gur cóir an ghníomhaíocht sin a shrianadh, nó a thoirmeasc láithreach, go dtí go nglacfar bearta sonraithe chun an baol a laghdú go dtí leibhéal réasúnach, féadfaidh an t-údarás náisiúnta iarratas a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte ar ordú chun an ghníomhaíocht sin a shrianadh nó a thoirmeasc.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas faoi fho-alt (1), cibé ordú a dhéanamh is cuí léi.

(3) Beidh éifeacht le hordú faoin alt seo d’ainneoin téarmaí aon cheada a bheidh tugtha faoi aon achtachán eile i leith na gníomhaíochta lena mbaineann an t-iarratas faoin alt seo.

(4) Ar iarratas ó aon duine chun ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm nó a athrú, beidh an t-údarás náisiúnta i dteideal éisteacht a fháil.

Aistriú ceimiceán a thoirmeasc agus a shrianadh.

20 .— Maidir le ceimiceáin—

(a) a dtoirmisctear iad a onnmhairiú nó a allmhairiú, nó

(b) atá faoi réir aon srianta ar onnmhairiú nó ar allmhairiú,

faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán measfar gur toirmisceadh nó gur srianadh amhlaidh iad chun críocha an Customs Consolidation Act 1876, an Achta Custam 1956 agus an Achta Custam agus Máil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1988.

Fianaise in imeachtaí.

21 .— (1) In imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, aon doiciméad a airbheartóidh go ndearnadh é a ullmhú agus a choimeád—

(a) de bhun ceanglais sna Rialacháin Eorpacha, nó

(b) i ngnáthchúrsa gnó ag duine, a raibh, nó ar féidir a mheas le réasún go raibh, eolas pearsanta aige nó aici ar na nithe a shonraítear sa doiciméad,

beidh sé inghlactha mar fhianaise ar na nithe a shonraítear sa doiciméad.

(2) In imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, aon doiciméad a airbheartóidh gur atáirgeadh é i bhfoirm inléite ar dhoiciméad lena mbaineann fo-alt (1) arna stóráil i bhfoirm neamh-inléite, beidh sé inghlactha mar fhianaise ar an nithe a shonraítear ann, más deimhin leis an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh na himeachtaí go ndearnadh é a atáirgeadh i gcúrsa ghnáthoibriú an chórais atáirgthe lena mbaineann.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le doiciméad ina bhfuil faisnéis atá faoi phribhléid ó thaobh nochtadh in imeachtaí i leith ciona,

(b) maidir le doiciméad arna ullmhú ag duine nach mbeadh inordaithe fianaise a thabhairt ar thionscnamh an pháirtí atá ag iarraidh go nglacfar an doiciméad mar fhianaise ar na nithe a shonraítear sa doiciméad,

(c) maidir le doiciméad (seachas doiciméad teicniúil) arna ullmhú chun críocha, nó in oirchill, aon cheann díobh seo a leanas—

(i) imscrúdú aon chiona,

(ii) imscrúdú nó fiosrúchán arna dhéanamh de bhun aon achtacháin nó faoi aon achtachán,

(iii) aon imeachtaí cibé acu imeachtaí sibhialta nó coiriúla, nó

(iv) imeachtaí de chineál araíonachta,

(d) maidir le doiciméad (seachas doiciméad teicniúil) arna ullmhú tar éis an trátha a líomhnaítear a rinneadh an cion lena mbaineann.

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon doiciméad a dhéanamh neamh-inghlactha mar fhianaise ar aon ní a shonraítear ann in aon imeachtaí faoin Acht seo, is doiciméad atá inghlactha amhlaidh de bhua aon rialach dlí nó achtacháin seachas an tAcht seo.

(5) San alt seo—

folaíonn “ gnó ” aon trádáil, gairm nó slí bheatha eile a sheoltar—

(a) le haghaidh luaíochta nó eile, agus

(b) sa Stát nó lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “ doiciméad teicniúil ”—

(a) léarscáil, plean, líníocht nó grianghraf (lena n-áirítear ábhar míniúcháin sa doiciméad nó i dteannta an doiciméid lena mbaineann),

(b) taifead ar ordachán a thug comhalta den Gharda Síochána de bhun aon achtacháin,

(c) taifead ar fháil, láimhseáil, tarchur, scrúdú nó anailísiú ar aon ní ag aon duine ag gníomhú thar ceann aon pháirtí sna himeachtaí i leith an chiona lena mbaineann, nó

(d) taifead ag lia-chleachtóir cláraithe ar scrúdú ar dhuine beo nó marbh.

Cumhachtaí oifigigh custam agus máil ceimiceáin a choinneáil.

22 .— Chun go ndéanfaidh údarás náisiúnta aon fheidhmeanna a thugtar dó faoi aon cheann de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a chomhlíonadh, féadfaidh oifigeach custam agus máil, tar éis iarraidh a fháil chuige sin ón údarás náisiúnta sin, aon cheimiceán atá á onnmhairiú nó á allmhairiú a choinneáil fad is gá le réasún chun go scrúdóidh cigire é chun críocha na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, ar tréimhse an fad sin nach faide in aon chás ná 72 uair an chloig ón tráth a choinnítear an ceimiceán lena mbaineann.