An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Faisnéis ) Ar Aghaidh ( CUID 7 Ilghnéitheach )

13 2008

An tAcht Ceimiceán 2008

CUID 6

Cionta agus Pionóis

Cionta.

29 .— (1) Aon onnmhaireoir nó allmhaireoir a sháróidh foráil de Rialachán Rotterdam a bhaineann leis nó léi, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon mhonaróir a sháróidh foráil de Rialachán na nGlantach a bhaineann leis nó léi, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) I gcás ina ndéanfaidh—

(a) dáileoir,

(b) úsáidire is faide anonn,

(c) allmhaireoir,

(d) monaróir,

(e) duine a cheapfar de réir Airteagal 8 de Rialachán REACH, nó

(f) táirgeoir earra,

foráil de Rialachán REACH a bhaineann leis nó léi a shárú, beidh an duine ciontach i gcion.

(4) Aon duine a sháróidh foráil de rialacháin faoin Acht seo a ndearbhaítear sna rialacháin gur foráil phionósach í, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Aon duine a sháróidh ceanglas i bhfógra um shárú nó i bhfógra toirmisc, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6) Aon duine a dhéanfaidh—

(a) clár, taifead, ceadúnas, údarú, ordachán, nó cead faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán nó doiciméad a airbheartaíonn gur sliocht é as an gcéanna, nó

(b) fógra um shárú, fógra toirmisc nó fógra faisnéise,

(dá ngairtear “ doiciméad brionnaithe ” san alt seo) a bhrionnú, nó a rith agus a fhios aige nó aici é a bheith brionnaithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Aon duine a dhéanfaidh, le hintinn calaois a dhéanamh nó le hintinn mheabhlaireachta—

(a) clár, taifead, ceadúnas, údarú, ordachán, nó cead faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán nó doiciméad a airbheartaíonn gur sliocht é as an gcéanna, nó

(b) fógra um shárú, fógra toirmisc nó fógra faisnéise,

(dá ngairtear “ doiciméad athraithe ” san alt seo) a athrú, nó a rith agus a fhios aige nó aici é a bheith athraithe amhlaidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(8) Aon duine a mbeidh, gan údarás dleathach, doiciméad brionnaithe nó doiciméad athraithe ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(9) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar chigire nó ar chomhalta den Gharda Síochána, i gcúrsa cumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó le barántas faoi alt 12 a fheidhmiú, nó a choiscfidh feidhmiú cumhachta den sórt sin ag an gcigire nó ag an gcomhalta, de réir mar a bheidh, nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh iarraidh nó ceanglas ó chigire nó ó chomhalta den sórt sin a chomhlíonadh nó ceist a fhreagairt a chuirfidh cigire nó comhalta den sórt sin de bhun cumhachta a thugtar leis an Acht seo, nó a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe iarrata nó ceanglais den sórt sin nó mar fhreagra ar cheist den sórt sin, faisnéis a thabhairt don chigire nó don chomhalta is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(10) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach custam agus máil i gcúrsa cumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(11) Aon duine a thabharfaidh le fios go bréagach gur cigire é nó í, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(12) Aon duine a dhéanfaidh, aon tráth laistigh den tréimhse 3 mhí díreach tar éis fógra a ghreamú de réir alt 3(1)(d), an fógra a thabhairt chun siúil, a athrú, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(13) Aon duine a déarfaidh le húdarás náisiúnta go bhfuil cion faoin alt seo déanta ag duine eile nó gur mhainnigh duine eile foráil de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a chomhlíonadh agus a fhios aige nó aici go bhfuil an ráiteas bréagach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(14) Aon duine a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais i bhfógra faisnéise, faisnéis a thabhairt d’údarás náisiúnta is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(15) Aon duine a sháróidh alt 28, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(16) Aon duine—

(a) a mhainneoidh ordachán faoi alt 14 a chomhlíonadh, nó

(b) a sháróidh fógra faisnéise faoi alt 27,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Pionóis.

30 .— (1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 29 (seachas fo-alt (16)), dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €3,000,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó iad araon a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 29(16) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi.

(3) I gcás go gciontófar duine i gcion faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán in imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás náisiúnta, ordóidh an chúirt, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, go n-íocfaidh an duine leis an údarás náisiúnta sin na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an t-údarás náisiúnta i ndáil leis an gcion a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear costais agus caiteachais arna dtabhú le linn samplaí a thógáil, tástálacha, scrúduithe agus anailísí a dhéanamh agus i leith luach saothair agus caiteachas eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a bheidh fostaithe ag an údarás náisiúnta.

Fógra um íocaíocht sheasta.

31 .— (1) I gcás go mbeidh forais réasúnacha ag cigire chun a chreidiúint go ndearna duine cion faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán agus go ndlífear é nó í a chiontú go hachomair ina leith, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn (dá ngairtear “fógra um íocaíocht sheasta” san Acht seo) a thabhairt don duine san fhoirm fhorordaithe ina luafar—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion sin,

(b) go bhféadfaidh an duine le linn na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, íocaíocht ina mbeidh cibé méid a fhorordaítear, is méid nach mó ná €2,000, agus a mbeidh an fógra ina teannta, a dhéanamh leis an údarás náisiúnta lena mbaineann ag an seoladh a shonraítear san fhógra,

(c) nach bhfuil d’oibleagáid ar an duine an íocaíocht a shonraítear san fhógra a dhéanamh, agus

(d) nach dtionscnófar ionchúiseamh ar an duine dá dtugtar an fógra i leith an chiona líomhnaithe le linn na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a shonraítear san fhógra le linn na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(2) I gcás go dtabharfar fógra um íocaíocht sheasta faoi fho-alt (1)

(a) féadfaidh duine a bhfuil feidhm ag an bhfógra maidir leis nó léi, le linn na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, an íocaíocht a shonraítear san fhógra, agus an fógra ina teannta, a dhéanamh leis an údarás náisiúnta lena mbaineann ag an seoladh a shonraítear san fhógra,

(b) féadfaidh an t-údarás náisiúnta, ar an íocaíocht a fháil, admháil a eisiúint ina leith agus ní bheidh aon íocaíocht a gheofar amhlaidh inghnóthaithe ag an duine a rinne í, agus

(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe sa tréimhse a shonraítear san fhógra, agus má dhéantar an íocaíocht a shonraítear amhlaidh le linn na tréimhse sin, ní thionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(3) In imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán is cosaint é don chosantóir a chruthú go bhfuil íocaíocht déanta aige nó aici, de réir an ailt seo, de bhun fógra um íocaíocht sheasta arna eisiúint i leith an chiona sin.

(4) Féadfaidh rialacháin lena bhforordaítear méid faoi fho-alt (1)(b) méideanna éagsúla a fhorordú i ndáil le cionta éagsúla.

(5) Aon airgead a gheofar de bhun fógra um íocaíocht sheasta a thabhairt, diúscrófar é ar mhodh a chinnfidh—

(a) an tÚdarás, le toiliú roimh ré ón Aire agus ón Aire Airgeadais,

(b) údarás náisiúnta (seachas an tÚdarás nó Aire den Rialtas), le toiliú roimh ré ón Aire iomchuí agus ón Aire Airgeadais, nó

(c) údarás náisiúnta is Aire den Rialtas, le toiliú roimh ré ón Aire Airgeadais.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

32 .— I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Cionta a ionchúiseamh.

33 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh údarás náisiúnta imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh i leith ciona faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán.

(2) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, agus faoi réir fho-alt (3), féadfar imeachtaí achoimre a thionscnamh i leith ciona faoi alt 29(16) aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó a líomhnaítear go ndearnadh an cion.

(3) I gcás ina gcuirfear tuarascáil speisialta faoi bhráid údaráis náisiúnta faoi alt 18(1), agus gur dealraitheach ón tuarascáil go ndearnadh ceann amháin nó níos mó de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a shárú le linn aon tréimhse lena mbaineann an tuarascáil, féadfar imeachtaí achoimre a thionscnamh i leith ciona arb éard é an sárú lena mbaineann, tráth ar bith laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis an tuarascáil a chur faoi bhráid an údaráis faoi alt 18(1), nó laistigh de thréimhse 12 mhí tar éis dháta an tsáraithe, cibé acu is déanaí a tharlóidh.