|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 12 Rialú na Státseirbhíse ) | Ar Aghaidh (CUID 14 Stádas Comhionann ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
CUID 13 An Dlí Teaghlaigh | |
[EN] |
Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995. |
74 .— Leasaítear an tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1995— |
[EN] | (a) in alt 9, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | |
[EN] | “(4A) I gcás go mbeidh ordú coigeartaithe maoine arna thaisceadh faoi fho-alt (4) agus arna chlárú de bhun alt 69(1)(h) den Acht um Chlárú Teidil 1964 nó i gClárlann na nGníomhas comhlíonta, déanfaidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine, ar a bheith deimhin dó gur comhlíonadh ant-ordú— | |
[EN] | (a) an taifead a rinneadh sa chlár faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 a chealú, nó | |
[EN] | (b) nóta a chur i gClárlann na nGníomhas á rá go bhfuil an t-ordú comhlíonta.”, | |
[EN] | (b) in alt 18, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): | |
[EN] | “(8) I gcás go ndéanfar ordú coigeartaithe maoine arna thaisceadh faoi fho-alt 9(4) agus arna chlárú go cuí de bhun alt 69(1)(h) den Acht um Chlárú Teidil 1964 a athrú, a urscaoileadh, a fhionraí nó a athbheochan le hordú faoi fho-alt (2) agus go mbeidh an dara hordú a luaitear taiscthe go cuí lena chlárú amhlaidh de bhun fho-alt (7), déanfaidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine— | |
[EN] | (a) an taifead a rinneadh sa chlár a leasú nó a chealú, de bhun alt 9(4), faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 dá réir sin, nó | |
[EN] | (b) nóta maidir leis an seasamh a chur i gClárlann na nGníomhas.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) in alt 35, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5): | |
[EN] | “(6) Ní dhéanfar iarratas ar ordú lena gcuirtear diúscairt ar ceal de bhíthin fho-alt (2)(a)(II) nó (b) amháin tar éis 6 bliana a bheith caite ó dháta na diúscartha.”. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996. |
75 .— Leasaítear an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996— |
[EN] | (a) in alt 14, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | |
[EN] | “(4A) I gcás go mbeidh ordú coigeartaithe maoine arna thaisceadh faoi fho-alt (4) agus arna chlárú de bhun alt 69(1)(h) den Acht um Chlárú Teidil 1964 nó i gClárlann na nGníomhas comhlíonta, déanfaidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine, ar a bheith deimhin dó gur comhlíonadh ant-ordú— | |
[EN] | (a) an taifead a rinneadh sa chlár faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 a chealú, nó | |
[EN] | (b) nóta a chur i gClárlann na nGníomhas á rá go bhfuil an t-ordú comhlíonta.”, | |
[EN] | (b) in alt 22, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): | |
[EN] | “(8) I gcás go ndéanfar ordú coigeartaithe maoine arna thaisceadh faoi fho-alt 14(4) agus arna chlárú go cuí de bhun alt 69(1)(h) den Acht um Chlárú Teidil 1964 a athrú, a urscaoileadh, a fhionraí nó a athbheochan le hordú faoi fho-alt (2) agus go mbeidh an dara hordú a luaitear taiscthe go cuí lena chlárú de bhun fho-alt (7), déanfaidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine— | |
[EN] | (a) an taifead a rinneadh sa chlár a leasú nó a chealú, de bhun alt 14(4), faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 dá réir sin, nó | |
[EN] | (b) nóta maidir leis an seasamh a chur i gClárlann na nGníomhas.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) in alt 37, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | |
[EN] | “(5) Ní dhéanfar iarratas ar ordú lena gcuirtear diúscairt ar ceal de bhíthin fho-alt (2)(a)(ii) nó (b) amháin tar éis 6 bliana a bheith caite ó dháta na diúscartha.”. |