An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 4 Tiarna Talún agus Tionónta ) Ar Aghaidh (CUID 6 Giúiréithe )

14 2008

TODO

CUID 5

Dearbhuithe Reachtúla

Leasú ar alt 2 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

49 .— (1) Leasaítear alt 2 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an alt seo, ní dhéanfaidh duine (‘an duine céadluaite’) dearbhú reachtúil a thógáil ná a ghlacadh ó dhuine eile (‘ an dearbhóir ’) mura rud é—

(a) go bhfuil aithne phearsanta ag an duine céadluaite ar an dearbhóir nó go ndéanann duine a bhfuil aithne phearsanta ag an duine céadluaite air nó uirthi an dearbhóir a chur in aithne dó nó di, nó

(b) mura bhfuil mír (a) infheidhme, maidir leis an duine céadluaite—

(i) sula dtógann nó sula nglacann sé nó sí an dearbhú, go ndéanann sé nó sí céannacht an dearbhóra a shuíomh faoi threoir doiciméid iomchuí ina bhfuil grianghraf den dearbhóir, agus

(ii) go ndeir sé nó sí san fhianú gur suíodh céannacht an dearbhóra amhlaidh agus go dtugann sé nó sí sonraí an doiciméid iomchuí lena mbaineann.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I bhfo-alt (2) ciallaíonn ‘ doiciméad iomchuí ’—

(a) pas bailí arna eisiúint ag údarás, nó thar ceann údaráis, atá aitheanta ag an Rialtas,

(b) cárta aitheantais náisiúnta arna eisiúint ag na húdaráis seo a leanas—

(i) údarás Ballstáit,

(ii) údarás Chónaidhm na hEilvéise, nó

(iii) údarás Páirtí Chonarthaigh i gComhaontú LEE,

(c) doiciméad atá comhionann le pas, arna eisiúint ag údarás, nó thar ceann údaráis, atá aitheanta ag an Rialtas, agus a shuíonn céannacht agus náisiúntacht an duine lena mbaineann an doiciméad,

(d) doiciméad taistil arna eisiúint ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoi alt 4 d’Acht na nDídeanaithe 1996, nó

(e) doiciméad taistil, seachas doiciméad dá dtagraítear i mír (d), arna eisiúint ag an Stát d'aon toisc chun doiciméad a fhéadfaidh fónamh in ionad pas náisiúnta a chur ar fáil don sealbhóir.

(5) I bhfo-alt (4), ciallaíonn ‘ Comhaontú LEE ’ an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Porto an 2ú lá de Bhealtaine 1992 arna leasú de thuras na huaire.”.

Alt nua 3A a chur isteach san Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

50 .— Leasaítear an tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

“Dearbhuithe reachtúla a dhéanamh lasmuigh den Stát.

3A.— (1) Gan dochar d’alt 6 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006—

(a) maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh in áit lasmuigh den Stát, measfar gur go bailí a rinneadh é más rud go ndéantar é in áit den sórt sin os comhair duine arna údarú nó arna húdarú faoi alt 1 chun an dearbhú a thógáil agus a ghlacadh, nó

(b) maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh in áit lasmuigh den Stát, measfar gur go bailí a rinneadh é más rud go ndéantar é in áit den sórt sin os comhair duine arna údarú nó arna húdarú, faoi dhlí na háite sin, chun daoine a chur faoi mhionn san áit sin agus go gcomhlíontar fo-alt (3), (4) nó (5), de réir mar a bheidh.

(2) Tá fo-alt (1) ann i dteannta, agus ní in ionad, na n-imthosca dá bhforáiltear faoin Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993 nó faoi aon achtachán eile ina meastar dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag duine in áit lasmuigh den Stát a bheith ina dhearbhú reachtúil arna dhéanamh go bailí (cibé acu chun críocha ginearálta nó chun aon chríche sonraí).

(3) I gcás a thagann faoi réim fho-alt (1)(b), agus mura rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (4) nó (5), déanfar síniú an duine ag a bhfuil an dearbhú reachtúil á dhéanamh (an ‘dearbhóir’) agus, a mhéid a cheanglaítear le dlí na háite lena mbaineann dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) go ndéanfar ceachtar den dá rud seo a leanas nó iad araon a fhíordheimhniú:

(a) an cháil inar ghníomhaigh an dearbhóir le linn dó nó di an dearbhú sin a dhéanamh,

(b) séala nó stampa an duine a chuir an dearbhóir faoi mhionn,

a fhíordheimhniú de réir dhlí na háite sin.

(4) Má tá an áit lena mbaineann dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún CE, ansin (ach amháin nach mbaineann an Coinbhinsiún sin leis an áit sin) beidh feidhm ag na forálacha den Choinbhinsiún sin i ndáil le fíordheimhniú maidir leis an dearbhú reachtúil lena mbaineann, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun aon ní a fhíorú in imthosca ina n-eascraíonn amhrais, agus cúis mhaith leo, i leith an ní sin.

(5) Má tá an áit lena mbaineann dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún na Háige ach nach páirtí conarthach i gCoinbhinsiún CE, ansin (ach amháin nach mbaineann Coinbhinsiún na Háige leis an áit sin) beidh feidhm ag forálacha Choinbhinsiún na Háige i ndáil le fíordheimhniú maidir leis an dearbhú reachtúil lena mbaineann, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun aon ní a fhíorú in imthosca ina n-eascraíonn amhrais, agus cúis mhaith leo, i leith an ní sin.

(6) Féadfaidh duine, sula bhfaighidh sé nó sí aon dearbhú reachtúil a airbheartaíonn a bheith arna dhéanamh de bhun, nó chun críocha, forála reachtúla, is dearbhú—

(a) a thagann faoi réim fho-alt (1)(b), agus

(b) nach bhfuil feidhm ag forálacha Choinbhinsiún CE ná Choinbhinsiún na Háige maidir leis ó thaobh é a fhíordheimhniú,

a cheangal go bhfaighidh sé nó sí cibé cruthúnas is cuí leis nó léi ar aon cheanglais áirithe den dlí dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(7) San alt seo—

ciallaíonn ‘ Coinbhinsiún CE ’ an Coinbhinsiún lena gCuirtear Deireadh le Fíorú Doiciméad i mBallstáit na gComhphobal Eorpach an 25 Bealtaine 1987;

ciallaíonn ‘ Coinbhinsiún na Háige ’ an Coinbhinsiún lena gCuirtear Deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad Poiblí Coigríche arna dhéanamh sa Háig an 5 Deireadh Fómhair 1961.”.

Alt nua a chur in ionad alt 6 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

51 .— Leasaítear an tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 6 (arna leasú le halt 26 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001):

“Pionós mar gheall ar dhearbhú bréagach.

6.— (1) Gach duine a dhéanfaidh dearbhú reachtúil atá, go bhfios dó nó di, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) D’ainneoin fhorálacha alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thosú—

(a) aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) aon tráth laistigh de 6 mhí ón dáta a thiocfaidh fianaise ar iúl an duine a thabharfaidh na himeachtaí sin ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine sin, chun gur cóir na himeachtaí a thabhairt,

cibé acu is déanaí, ach ní thionscnófar aon imeachtaí den sórt sin tráth is déanaí ná 3 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.”.

Sceideal nua a chur in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

52 .— Leasaítear an tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil:

“AN SCEIDEAL

FOIRM AN DEARBHAITHE REACHTÚIL

Déanaimse, A.B., a dhearbhú go sollúnta agus go macánta [cuir isteach téacs an ábhair a bheidh le dearbhú anseo] agus déanaimse an dearbhú sollúnta seo á chreidiúint go coinsiasach é a bheith fíor agus de bhua an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

[Sínithe] A.B.

Arna dhearbhú i m’fhianaise ....................................[ainm i gceannlitreacha] [nótaire poiblí] [coimisinéir mionn] [feidhmeannach síochána] [duine arna údarú nó arna húdarú le [cuir isteach an fhoráil reachtúil údarúcháin].......................................................chun dearbhuithe reachtúla a thógáil agus a ghlacadh] ag A.B.

[a bhfuil aithne phearsanta agam air nó uirthi],

[a chuir C.D., a bhfuil aithne phearsanta agam air nó uirthi, in aithne dom]

[ar suíodh a chéannacht nó a céannacht dom roimh an Dearbhú seo a thógáil, trí na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird dom:

pas uimh. [uimhir an phas] arna eisiúint [an dáta eisiúna] ag údaráis [an stát a d’eisigh], is údarás arna aithint ag Rialtas na hÉireann]

cárta aitheantais náisiúnta uimh. [uimhir an chárta aitheantais náisiúnta] arna eisiúint [an dáta eisiúna] ag údaráis [an stát a d’eisigh] [ar Ballstát de chuid AE, Cónaidhm na hEilvéise nó Páirtí Conarthach i gComhaontú LEE é]

[Pas Eachtrannach uimh. (doiciméad atá comhionann le pas) [uimhir an phas] arna eisiúint [an dáta eisiúna] ag údaráis [an stát a d’eisigh] is údarás arna aithint ag Rialtas na hÉireann]

doiciméad taistil dídeanaí uimh. [uimhir an doiciméid] arna eisiúint [an dáta eisiúna] ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí]

doiciméad taistil (seachas doiciméad taistil dídeanaí) [uimh. an doiciméid] arna eisiúint an [an dáta eisiúna] ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

ag.................................................[áit an tsínithe] an...…..lá seo de……………......[dáta]

.....................................................

[síniú an fhinné]”.

Leasú ar alt 22 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.

53 .— Leasaítear alt 22 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí—

(a) i mír (b) d’fho-alt (1), trí “trí mhí” a chur in ionad “aon mhí amháin”, agus

(b) i mír (b) d’fho-alt (2), trí “trí mhí” a chur in ionad “aon mhí amháin”.