|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 5 Dearbhuithe Reachtúla ) | Ar Aghaidh (CUID 7 Féimheacht ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
CUID 6 Giúiréithe | |
[EN] |
Leasú ar alt 6 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
54 .— Leasaítear alt 6 d’Acht na nGiúiréithe 1976 trí “agus faoi bhun seachtó bliain d'aois” a scriosadh. |
[EN] |
Leasú ar alt 11 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
55 .— Leasaítear alt 11 d’Acht na nGiúiréithe 1976 trí “do chúirt nó do chúirteanna laistigh de cheantar giúiré” a chur in ionad “do gach cúirt”. |
[EN] |
Leasú ar alt 12 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
56 .— Leasaítear alt 12 d’Acht na nGiúiréithe 1976 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Cuirfidh gach cláraitheoir contae faoi deara toghairm scríofa, i cibé foirm a fhorordóidh an tAire le rialacháin, a sheirbheáil ar gach duine atá roghnaithe ag an gcláraitheoir mar ghiúróir á cheangal ar an duine— | |
[EN] | (a) freastal mar ghiúróir sa chúirt atá i gceist nó in áit eile atá sonraithe sa toghairm chun na giúróirí a ghlacadh an lá agus an tráth atá sonraithe sa toghairm, agus | |
[EN] | (b) freastal dá éis sin sa chúirt nó san áit sin, de réir mar a bheidh, nó i cibé cúirt nó áit eile a ordóidh an chúirt, na tráthanna a ordóidh— | |
[EN] | (i) an chúirt, nó | |
[EN] | (ii) an cláraitheoir in aon chás go bhfuil an cláraitheoir údaraithe amhlaidh ag an gcúirt chun an céanna a dhéanamh.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 13(3) d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
57 .— Leasaítear alt 13(3) d’Acht na nGiúiréithe 1976 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c): |
[EN] | “(c) maidir le deimhniú— | |
[EN] | (i) ón gcláraitheoir nó ó oifigeach eile atá ag gníomhú mar chláraitheoir cúirte, nó | |
[EN] | (ii) ó chomhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna arna údarú nó arna húdarú chuige sin ag Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, | |
[EN] | a bhí i láthair nuair a mhainnigh duine a toghaireadh chun freastal mar ghiúróir sa chúirt sin freagairt dá ainm nó dá hainm nuair a glaodh amach sa chúirt sin nó san áit a sonraíodh sa toghairm, beidh sé ina fhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, gur mhainnigh an duine sin freastal de réir na toghairme, nó nach raibh sé ar fáil nuair a glaodh air chun fónamh, de réir mar a bheidh.”. | |
[EN] |
Alt nua a chur in ionad alt 25 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
58 .— Leasaítear Acht na nGiúiréithe 1976 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 25: |
[EN] | “Giúiréithe a scaradh ó chéile le linn trialach. | |
[EN] | 25.— (1) In aon triail le giúiré— | |
[EN] | (a) féadfaidh na giúróirí, aon tráth sula bhfágann siad chun machnamh a dhéanamh faoi chomhair a bhfíoraisc, scaradh ó chéile mura dtreoróidh an breitheamh a mhalairt, agus | |
[EN] | (b) ní fhéadfaidh na giúróirí scaradh ó chéile, tar éis dóibh fágáil chun machnamh a dhéanamh faoi chomhair a bhfíoraisc, ach amháin go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí a ordóidh an breitheamh. | |
[EN] | (2) Féadfar ordachán faoi fho-alt (1)(b) a thabhairt i leith giúiré cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an giúiré i láthair nuair a thabharfar an t-ordachán.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 31 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
59 .— Leasaítear alt 31 d’Acht na nGiúiréithe 1976 trí “agus faoi bhun cúig bliana is seasca d'aois” a scriosadh. |
[EN] |
Leasú ar alt 34 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
60 .— Leasaítear alt 34 d’Acht na nGiúiréithe 1976— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “€500” a chur in ionad “£50”, agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2), trí “€500” a chur in ionad “£50”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 35 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
61 .— Leasaítear alt 35 d’Acht na nGiúiréithe 1976— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “€500” a chur in ionad “£50”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2), trí “€500” a chur in ionad “£50”, agus | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (3), trí “€500” a chur in ionad “£50”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 36 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
62 .— Leasaítear alt 36 d’Acht na nGiúiréithe 1976— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “€500” a chur in ionad “£50”, agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2), trí “€2,000” a chur in ionad “£200”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 37 d’Acht na nGiúiréithe 1976. |
63 .— Leasaítear alt 37 d’Acht na nGiúiréithe 1976 trí “€500” a chur in ionad “£50”. |
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht na nGiúiréithe 1976. |
64 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na nGiúiréithe 1976— |
[EN] | (a) i gCuid I, tríd an méid seo a leanas— | |
[EN] | “Daoine eile | |
[EN] | Daoine ar a bhfuil— | |
[EN] | (a) éagumas chun léamh, nó | |
[EN] | (b) mallachar marthanach | |
[EN] | a fhágann nach bhfuil sé indéanta dóibh dualgais giúróra a chomhlíonadh.” | |
[EN] | a chur in ionad— | |
[EN] | “Daoine éagumasacha | |
[EN] | Duine atá neamhfheidhmiúil, toisc nach bhfuil sé sách maith ag léamh, go bhfuil sé bodhar nó faoi bhuan-éiglíocht eile, fónamh ar ghiúiré.”, agus | |
[EN] | (b) i gCuid II, trí “atá faoi bhun seachtó bliain d’aois” a scriosadh. |