|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 7 Féimheacht ) | Ar Aghaidh (CUID 9 Fístaifeadtaí ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
CUID 8 Comharbas | |
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht Comharbais 1965. |
67 .— Leasaítear alt 3(1) den Acht Comharbais 1965, sa mhíniú ar “ ceannaitheoir ”, trí “de mheon macánta” a scriosadh. |
[EN] |
Leasú ar alt 5 den Acht Comharbais 1965. |
68 .— Leasaítear alt 5 den Acht Comharbais 1965— |
[EN] | (a) trí fho-alt (1) a thabhairt ar an alt, agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(2) Más rud é, díreach roimh bhás bheirt duine nó níos mó, gur shealbhaigh siad aon mhaoin mar nascthionóntaí agus go bhfuair siad bás nó gur measadh faoi fho-alt (1) iad d'fháil bháis san am céanna, measfar gur shealbhaigh siad an mhaoin díreach roimh bhás dóibh mar thionóntaí i gcoiteannas i scaireanna cothroma. | |
[EN] | (3) Maidir le haon mhaoin a mheasfar faoi fho-alt (2) a bheith ina seilbh ag daoine mar thionóntaí i gcoiteannas, beidh sí ina cuid dá n-eastáit faoi seach.”. |