|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( Caibidil 5 Taighde agus Faisnéis ) | Ar Aghaidh ( CUID 4 Forfheidhmiú ) |
An tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil 6 Caidrimh idir an tÚdarás agus Comhlachtaí Eile | |
Caidreamh idir an tÚdarás agus ÚBN. |
74 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, chun tosaíocht a áirithiú d’iompar poiblí ar bhóithre náisiúnta i MLBÁC, ordachán a thabhairt d’ÚBN— | |
[EN] | (a) talamh a fháil trí ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanamh nó ar shlí eile, | |
[EN] | (b) dearaí le haghaidh oibreacha sonraithe foirgníochta, cothabhála nó feabhsúcháin i dtaca le bonneagar iompair a ullmhú, nó socrú a dhéanamh lena n-ullmhú, | |
[EN] | (c) oibreacha sonraithe foirgníochta, cothabhála nó feabhsúcháin i dtaca le bonneagar iompair a ghabháil de láimh, | |
[EN] | (d) scéim bainistíochta tráchta a ullmhú nó socrú a dhéanamh lena hullmhú, nó | |
[EN] | (e) aon ní a dhéanamh a eascraíonn as forbairt bóthair nó forbairt bóthair bheartaithe a thagann faoi shainchúram ÚBN, nó aon ní a dhéanamh a leanann as an gcéanna nó is gá nó is fóirsteanach ar an gcéanna nó tadhlach leis an gcéanna. | |
[EN] | (2) Más rud é, i dtuairim an Údaráis, go bhfuil a fheidhmeanna á bhfeidhmiú ag ÚBN ar mhodh atá ar neamhréir le straitéis iompair, plean forfheidhmithe comhtháite, plean bainistíochta tráchta, nó bearta bainistíochta éilimh, féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt d’ÚBN á ordú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh ar mhodh atá i gcomhréir leis an straitéis, leis an bplean nó leis na bearta. | |
[EN] | (3) Sula dtabharfaidh sé ordachán faoin alt seo, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le ÚBN agus breithneoidh sé a chuid tuairimí. | |
[EN] | (4) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina ndiúltaíonn nó go mainníonn ÚBN ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás a chinneadh, d’ainneoin aon achtacháin eile agus in aon chás ar dealraitheach dó gur cóir sin sna himthosca, an fheidhm a shonraítear san ordachán a chomhlíonadh faoi réir cibé modhnuithe (más ann) is cuí leis. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire aicme cáis a fhorordú nach bhfuil éifeacht le cinneadh ag an Údarás faoi mhír (a) ann mura rud é go bhfuil sé, agus go dtí go bhfuil sé, ceadaithe aige nó aici. | |
[EN] | (5) Rachaidh ÚBN i gcomhairle leis an Údarás le linn a fheidhmeanna faoi Acht 1993 a chomhlíonadh i MLBÁC agus breithneoidh sé a chuid tuairimí. | |
[EN] | (6) D’ainneoin fho-alt (5), ní ceadmhach d’údarás bóithre nó d’ÚBN, de réir mar a bheidh, le linn feidhm faoi Chuid V d’Acht 1993 a chomhlíonadh i ndáil le dola-scéim atá go hiomlán nó go páirteach i MLBÁC na nithe seo a leanas a dhéanamh— | |
[EN] | (a) dola-scéim a dhéanamh faoi alt 57, | |
[EN] | (b) dola-scéim a ghlacadh faoi alt 58, | |
[EN] | (c) dola-scéim a chúlghairm faoi alt 60, | |
[EN] | (d) fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le hoibriú agus bainistiú dola-bhóthair faoi alt 61, nó | |
[EN] | (e) comhaontú a dhéanamh faoi alt 63, | |
[EN] | den Acht sin ach amháin le toiliú an Údaráis. | |
[EN] | (7) Maidir le tagairt in alt 65 agus alt 66A (arna chur isteach le halt 277 d’Acht 2000) d’Acht 1993 don Aire, i gcás ina mbaineann sí le dola-scéim atá go hiomlán nó go páirteach i MLBÁC, tá sí le léamh mar thagairt don Údarás. | |
ÚBN agus údaráis bhóithre do chinntiú comhsheasmhachta le straitéis iompair le linn a bhfeidhmeanna a fheidhmiú i MLBÁC. |
75 .— (1) Déanfaidh ÚBN, maidir lena ghníomhaíochtaí laistigh de MLBÁC, agus na húdaráis bhóithre, a chinntiú go gcomhlíonann siad a bhfeidhmeanna ar mhodh atá i gcomhréir le straitéis iompair an Údaráis. | |
[EN] | (2) Más rud é, i dtuairim an Údaráis, go bhfuil a fheidhmeanna á bhfeidhmiú ag údarás bóithre ar mhodh atá ar neamhréir le straitéis iompair, plean forfheidhmithe comhtháite, plean bainistíochta tráchta nó bearta bainistíochta éilimh, féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt don údarás bóithre á ordú dó a fheidhmeanna a fheidhmiú ar mhodh atá i gcomhréir leis an straitéis, leis an bplean nó leis na bearta. | |
[EN] | (3) Sula dtabharfaidh sé ordachán faoin alt seo, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an údarás bóithre lena mbaineann agus breithneoidh sé a chuid tuairimí. | |
Caidreamh idir an tÚdarás agus ÚABÁC, forbróirí calafoirt agus comhlachtaí Stáit. |
76 .— (1) D’ainneoin an Achta um Aerfoirt Stáit 2004, déanfaidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath tuairimí an Údaráis i scríbhinn a fháil agus a bhreithniú sula rachaidh sé i mbun aon saoráid aerfoirt nó aon fhorbairt ghaolmhar eile a fhorbairt, ar forbairt nó saoráid í a d’fhéadfadh, ina thuairim, tionchar a imirt ar mhodh suntasach ar ghluaiseacht daoine nó earraí i MLBÁC. | |
[EN] | (2) Sula ngabhfaidh aon duine de láimh aon saoráid chalafoirt, nó aon fhorbairt eile a bhaineann le calafort, a fhorbairt, ar forbairt é a d’fhéadfadh, i dtuairim an duine sin, tionchar suntasach a bheith aige ar ghluaiseacht daoine nó earraí i MLBÁC, déanfaidh an duine sin tuairimí an Údaráis a fháil i scríbhinn agus na tuairimí sin a bhreithniú. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an tÚdarás agus comhlacht comhairleach, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chur i gcrích— | |
[EN] | (a) aird a thabhairt ar bheartais, straitéisí agus pleananna a chéile, agus | |
[EN] | (b) dul i gcomhairle lena chéile agus tuairimí a chéile a bhreithniú maidir le feidhmeanna a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmeanna a chéile nó i gcás gurb é a dtuairim gur chun leasa d’úsáidirí iompair i gcoitinne go ndéanfaidh siad amhlaidh. | |
[EN] | (4) Rachaidh an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe agus an tÚdarás i gcomhairle lena chéile d’fhonn barraineachtaí a shainaithint i ndáil le forfheidhmiú a bhfeidhmeanna faoi seach agus forfheidhmeoidh siad cibé bearta a mheasann siad is cuí chun na barainneachtaí sin a bhaint amach. | |
[EN] | (5) San alt seo, ciallaíonn “ comhlacht comhairleach ” an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ceachtar díobh nó iad araon). |