|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Forálacha maidir le hÚsáid Talún ) | Ar Aghaidh ( CUID 6 OIBÁC a Dhíscaoileadh agus Fostaithe OIBÁC agus GFI a Aistriú ) |
An tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil 2 Leasuithe ar Acht 1997 agus Acht 2005 | |
Leasú ar alt 3 d’Acht 1997 — mínithe. |
96 .— Leasaítear alt 3(1) d’Acht 1997— | |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “plean forbartha”: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘ Ú IBÁC’ Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath;”, agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “comhlacht reachtúil”: | |
[EN] | “tá le ‘straitéis iompair’ an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008.”. | |
Leasú ar alt 16 d’Acht 1997 (an chomhairle). |
97 .— Déantar alt 16(6) d’Acht 1997 a leasú, ar dhíscaoileadh Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath de réir alt 102, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f): | |
[EN] | “(f) déanfar príomhoifigeach feidhmiúcháin ÚIBÁC nó fostaí de chuid an Údaráis sin a ainmneoidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin a cheapadh amhlaidh,”. | |
Leasú ar alt 24 d’Acht 1997 (máistirphlean). |
98 .— Leasaítear alt 24 d’Acht 1997— | |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(b)(ix): | |
[EN] | “(ix) beidh tograí ann, i gcomhréir le straitéis iompair ÚIBÁC, a bhaineann le hiompar laistigh de Limistéar Dugthailte Bhaile Átha Cliath agus chuig an Limistéar sin agus a phurláin, lena n-áirítear tograí i ndáil le bealaí coisithe,”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)(b): | |
[EN] | “(bb) rachaidh sé i gcomhairle le ÚIBÁC,”. | |
Leasú ar alt 25 d’Acht 1997 (scéimeanna pleanála). |
99 .— Leasaítear alt 25 d’Acht 1997— | |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(d): | |
[EN] | “(d) tograí, i gcomhréir le straitéis iompair ÚIBÁC, maidir le hiompar”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)(c): | |
[EN] | “(cc) rachaidh sé i gcomhairle le hÚIBÁC,”. | |
Leasú ar alt 2 d’Acht 2005 — mínithe. |
100 .— Leasaítear alt 2(1) d’Acht 2005 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sochair aoisliúntais”: | |
[EN] | “tá le ‘straitéis iompair’ an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008.”. | |
Leasú ar alt 12 d’Acht 2005 (plean straitéiseach). |
101 .— Leasaítear alt 12 d’Acht 2005— | |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(c): | |
[EN] | “(c) tograí, i gcomhréir le straitéis iompair ÚIBÁC, maidir le riachtanais iompair,”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (3)(b), ar OIBÁC a dhíscaoileadh de réir alt 102, trí “le hÚdarás Iompair Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “le hOifig Iompair Bhaile Átha Cliath”. |