An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 7 Nithe a Bhaineann le CIÉ agus le GFI ) Ar Aghaidh ( CUID 9 Oifigigh Iompair )

15 2008

An tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008

CUID 8

Oibreacha iarnróid, etc. ar Fhaiche Stiabhna

Gan feidhm a bheith ag alt 15 den Saint Stephen’s Green (Dublin) Act 1877 maidir le suirbhéanna, iniúchtaí agus oibreacha iarnróid agus oibriú iarnróid, iarnróid éadroim nó meitreo.

116 .— Níl feidhm ag an Saint Stephen’s Green (Dublin) Act 1877 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) aon ní arna dhéanamh chun críocha suirbhéanna agus iniúchtaí faoi alt 36 d’Acht 2001,

(b) aon oibreacha iarnróid (de réir bhrí alt 2 d’Acht 2001) arna ndéanamh ar Fhaiche Stiabhna nó faoi Fhaiche Stiabhna de bhun ordaithe iarnróid faoi alt 43 (a cuireadh isteach le halt 49 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006) d’Acht 2001, ná

(c) chun srian a chur le hoibriú iarnróid, iarnróid éadroim (de réir bhrí alt 2 d’Acht 2001) ar Fhaiche Stiabhna nó faoi Fhaiche Stiabhna.